search


keyboard_tab Cyber Resilience Act 2023/2841 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2841 GA cercato: 'pharlaimint' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index pharlaimint:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    BEARTA LE HAGHAIDH ARDLEIBHÉAL COMHCHOITEANN CIBEARSHLÁNDÁLA

    CAIBIDIL III
    AN BORD IDIRINSTITIÚIDEACH UM CHIBEARSHLÁNDÁIL

    CAIBIDIL IV
    CERT-EU

    CAIBIDIL V
    OIBLEAGAIDI MAIDIR LE COMHAR AGUS TUAIRISCIU

    CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas pharlaimint:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 505

 

Airteagal 10

An Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil

1.   Leis seo, bunaítear Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil (IICB).

2.   Beidh IICB freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ag eintitis an Aontais agus tacaíocht a thabhairt ina leith sin;

(b)

maoirseacht a dhéanamh ar na tosaíochtaí agus cuspóirí ginearálta arna gcur chun feidhme ag CERT-EU agus treoir straitéiseach a chur ar fáil do CERT-EU.

3.   Is éard a bheidh in IICB:

(a)

ionadaí amháin ainmnithe ag gach ceann díobh seo a leanas:

(i)

Parlaimint na hEorpa;

(ii)

an Chomhairle Eorpach;

(iii)

Comhairle an Aontais Eorpaigh;

(iv)

an Coimisiún;

(v)

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

(vi)

an Banc Ceannais Eorpach;

(vii)

an Chúirt Iniúchóirí;

(viii)

an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí;

(ix)

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa;

(x)

Coiste Eorpach na Réigiún;

(xi)

an Banc Eorpach Infheistíochta;

(xii)

an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála;

(xiii)

ENISA;

(xiv)

an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS);

(xv)

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

(b)

triúr ionadaithe arna n-ainmniú ag Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais (EUAN), ar bhonn moladh óna Choiste Comhairleach TFC, chun ionadaíocht a dhéanamh do leasanna na gcomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a reáchtálann a dtimpeallacht TFC féin, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i bpointe (a).

Beidh sé d’aidhm ag eintitis an Aontais a bhfuil ionadaíocht acu ar IICB cothromaíocht inscne a bhaint amach i measc na n-ionadaithe ainmnithe.

4.   Féadfaidh comhaltaí IICB cúnamh a fháil ó chomhalta malartach. Féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar ionadaithe eile ó eintitis an Aontais dá dtagraítear i mír 3 nó ó eintitis eile an Aontais freastal ar chruinnithe IICB, gan cearta vótála a bheith acu.

5.   Féadfaidh Ceann CERT-AE agus Cathaoirligh an Ghrúpa Comhair, líonra CSIRT agus EU-CyCLONe arna mbunú faoi seach, de bhun Airteagail 14, 15 agus 16 de Threoir (AE) 2022/2555, nó a gcomhaltaí malartacha, a bheith rannpháirteach i gcruinnithe IICB mar bhreathnóirí. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh IICB a mhalairt a chinneadh, i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB.

6.   Glacfaidh IICB a rialacha nós imeachta inmheánacha.

7.   Ainmneoidh IICB Cathaoirleach, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta inmheánacha, as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse 3 bliana. Beidh comhalta malartach an Chathaoirligh ina lánchomhalta de IICB ar feadh na tréimhse céanna.

8.   Tiocfaidh IICB le chéile ar a laghad trí huaire sa bhliain ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin do CERT-EU nó arna iarraidh sin d’aon cheann dá chomhaltaí.

9.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta de IICB. Glacfar cinntí IICB le tromlach simplí ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. Ní bheidh vóta ag Cathaoirleach IICB ach amháin i gcás comhionannas vótaí, féadfaidh an Cathaoirleach vóta réitigh a chaitheamh sa chás sin.

10.   Féadfaidh IICB gníomhú trí bhíthin nós imeachta simplithe i scríbhinn arna thionscnamh i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB. Faoin nós imeachta sin, measfar an cinneadh ábhartha a bheith formheasta laistigh den tréimhse ama arna socrú ag an gCathaoirleach, seachas i gcás ina gcuireann comhalta ina choinne.

11.   Is é an Coimisiún a chuirfidh an rúnaíocht ar fáil do IICB agus beidh sí cuntasach do Chathaoirleach IICB.

12.   Déanfaidh na hionadaithe arna n-ainmniú ag EUAN cinntí IICB a chur ar aghaidh chuig comhaltaí EUAN. Beidh aon chomhalta de EUAN i dteideal aon ábhar a tharraingt anuas leis na hionadaithe sin nó le Cathaoirleach IICB a measfaidh an comhalta ina leith gur cheart é a chur faoi bhráid IICB.

13.   Féadfaidh IICB coiste feidhmiúcháin a bhunú chun cúnamh a thabhairt dó ina chuid oibre agus féadfaidh sé roinnt dá chúraimí agus dá chumhachtaí a tharmligean chuige. Déanfaidh IICB rialacha nós imeachta an choiste feidhmiúcháin, lena n-áirítear a chúraimí agus a chumhachtaí agus téarmaí oifige a chomhaltaí a leagan síos.

14.   Faoin 8 Eanáir 2025 agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh IICB tuarascáil faoi bhráid pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina sonrófar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus ina sonrófar go háirithe méid chomhar CERT-EU le contrapháirtithe ó na Ballstáit i ngach ceann de na Ballstáit. Beidh an tuarascáil sin ina hionchur sa tuarascáil dhébhliantúil ar staid na cibearshlándála san Aontas arna glacadh de bhun Airteagal 18 de Threoir (AE) 2022/2555.

Airteagal 15

Ceann CERT-EU

1.   Tar éis formheas a fháil ó thromlach dhá thrian de chomhaltaí IICB, déanfaidh an Coimisiún Ceann CERT-EU a cheapadh. Rachfar i gcomhairle le IICB ag gach céim den nós imeachta ceapacháin, go háirithe maidir le fógraí folúntais a dhréachtú, iarratais a scrúdú, agus baill a cheapadh ar bhoird roghnúcháin i ndáil leis an bpost. Maidir leis an nós imeachta roghnúcháin, lena n-áirítear gearrliosta deiridh na n-iarrthóirí óna bhfuil Ceann CERT-EU le ceapadh, áiritheofar ionadaíocht chothrom ar gach inscne, agus na hiarratais a chuirtear isteach á gcur san áireamh.

2.   Beidh Ceann CERT-EU freagrach as feidhmiú cuí CERT-EU, agus gníomhóidh sé nó sí laistigh de shainchúram an róil a bheidh aige nó aici agus faoi stiúir IICB. Tuairisceoidh Ceann CERT-EU go rialta do Chathaoirleach IICB agus cuirfidh sé tuarascálacha ad hoc faoi bhráid IICB arna iarraidh sin dó.

3.   Cuideoidh Ceann CERT-EU leis an oifigeach freagrach údarúcháin trí tharmligean maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a dhréachtú ina mbeidh faisnéis airgeadais agus bainistíochta, lena n-áirítear torthaí na rialuithe, arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 74(9) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus tuairisceoidh Ceann CERT-EU go rialta don oifigeach údarúcháin trí tharmligean maidir le cur chun feidhme na mbeart i leith cé acu cumhachtaí atá fo-tharmligthe chuig Ceann CERT-EU.

4.   Tarraingeoidh Ceann CERT-EU suas, ar bhonn bliantúil, pleanáil airgeadais maidir le hioncam agus caiteachas riaracháin maidir lena ghníomhaíochtaí, clár oibre bliantúil atá beartaithe, catalóg seirbhíse atá beartaithe le haghaidh CERT-EU, athbhreithnithe atá beartaithe a dhéanamh ar an gcatalóg seirbhíse, socruithe atá beartaithe le haghaidh comhaontuithe ar leibhéil seirbhíse agus KPInna atá beartaithe le haghaidh CERT-EU, a bheidh le formheas ag IICB i gcomhréir le hAirteagal 11. Agus athbhreithniú á dhéanamh ar liosta na seirbhísí i gcatalóg seirbhíse CERT-EU, cuirfidh Ceann CERT-EU san áireamh na hacmhainní a leithdháiltear ar CERT-EU.

5.   Déanfaidh Ceann CERT-EU tuarascálacha a chur faoi bhráid IICB agus Chathaoirleach IICB uair sa bhliain ar a laghad maidir le gníomhaíochtaí agus feidhmíocht CERT-EU le linn na tréimhse tagartha, lena n-áirítear maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, comhaontuithe ar leibhéil seirbhíse agus comhaontuithe i scríbhinn atá déanta, comhar le contrapháirtithe agus comhpháirtithe, agus misin arna ndéanamh ag an bhfoireann, lena n-áirítear na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 11. Áireofar ar na tuarascálacha sin clár oibre don tréimhse ina dhiaidh sin, pleanáil airgeadais maidir le hioncam agus caiteachas, lena n-áirítear soláthar foirne, nuashonruithe atá pleanáilte a dhéanamh ar chatalóg seirbhíse CERT-EU agus measúnú ar an tionchar a mheastar a bheith ag na nuashonruithe sin maidir le hacmhainní airgeadais agus daonna.

Airteagal 19

Láimhseáil faisnéise

1.   Déanfaidh CERT-EU agus eintitis an Aontais an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil a urramú i gcomhréir le hAirteagal 339 CFAE nó le creataí coibhéiseacha is infheidhme.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid atá i seilbh CERT-EU, lena n-áirítear an oibleagáid faoin Rialachán sin dul i gcomhairle le heintitis eile an Aontais, nó, i gcás inarb ábhartha, leis na Ballstáit, aon uair a bhaineann an iarraidh lena ndoiciméid.

3.   Beidh an láimhseáil faisnéise ag eintitis an Aontais agus ag CERT-EU i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le slándáil faisnéise.

Airteagal 25

Athbhreithniú

1.   Faoin 8 Eanáir 2025, agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, tuairisceoidh IICB, le cúnamh ó CERT-EU, don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo Féadfaidh IICB moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin i dtaobh athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo.

2.   Faoin 8 Eanáir 2027 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar an taithí a fuarthas ar leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil agus déanfaidh sé an méid sin a thuairisciú do pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún.

Sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, áireofar an mheastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 16(1) maidir leis an bhféidearthacht CERT-EU a bhunú mar oifig de chuid an Aontais.

3.   Faoin 8 Eanáir 2029, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht freisin ar a iomchuí atá sé córais gréasán agus faisnéise lena láimhseáiltear FRAE a áireamh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, agus gníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais is infheidhme i leith na gcóras sin á gcur san áireamh. I gcás inar gá, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Nollaig 2023.

Thar ceann pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Seasamh ó pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2023.

(2)  Treoir (AE) 2022/2555 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).

(3)  Rialachán (AE) 2019/881 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).

(4)  Socrú idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta maidir le foireann phráinnfhreagartha ríomhaire d'institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) a eagrú agus a oibriú (IO C 12, 13.1.2018, lch. 1).

(5)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(6)  Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)   IO C 258, 5.7.2022, lch. 10.

(9)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2841/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)



whereas









keyboard_arrow_down