search


keyboard_tab Cyber Resilience Act 2023/2841 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2841 GA cercato: 'eorpaigh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index eorpaigh:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    BEARTA LE HAGHAIDH ARDLEIBHÉAL COMHCHOITEANN CIBEARSHLÁNDÁLA

    CAIBIDIL III
    AN BORD IDIRINSTITIÚIDEACH UM CHIBEARSHLÁNDÁIL

    CAIBIDIL IV
    CERT-EU

    CAIBIDIL V
    OIBLEAGAIDI MAIDIR LE COMHAR AGUS TUAIRISCIU

    CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas eorpaigh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 652

 

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘eintitis an Aontais’ institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais arna gcur ar bun leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais eorpaigh (CFAE) nó leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, nó dá mbun;

(2)

ciallaíonn ‘córas gréasán agus faisnéise’ córas gréasán agus faisnéise mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (1), de Threoir (AE) 2022/2555;

(3)

ciallaíonn ‘slándáil córas gréasán agus faisnéise’ slándáil córas gréasán agus faisnéise mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (2), de Threoir (AE) 2022/2555;

(4)

ciallaíonn ‘cibearshlándáil’ cibearshlándáil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2019/881;

(5)

ciallaíonn ‘an leibhéal bainistíochta is airde’ bainisteoir, comhlacht bainistíochta nó comhlacht comhordúcháin agus formhaoirseachta atá freagrach as feidhmiú eintitis de chuid an Aontais, ag an leibhéal riaracháin is sinsearaí, ag a bhfuil sainordú cinntí a ghlacadh nó a údarú i gcomhréir le socruithe rialachais ardleibhéil eintiteas sin an Aontais, gan dochar d’fhreagrachtaí foirmiúla na leibhéal eile bainistíochta as comhlíontacht agus bainistíocht riosca cibearshlándála ina réimsí freagrachta faoi seach;

(6)

ciallaíonn ‘neasteagmhas’ neasteagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (5), de Threoir (AE) 2022/2555;

(7)

ciallaíonn ‘teagmhas’ teagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (6), de Threoir (AE) 2022/2555;

(8)

ciallaíonn ‘mórtheagmhas’ teagmhas is cúis le leibhéal suaite lena sáraítear cumas eintitis de chuid an Aontais agus cumas CERT-EU freagairt air nó aon teagmhas a bhfuil tionchar suntasach aige ar dhá eintiteas de chuid an Aontais ar a laghad;

(9)

ciallaíonn ‘teagmhas mórscála cibearshlándála’ teagmhas mórscála cibearshlándála mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (7), de Threoir (AE) 2022/2555.

(10)

ciallaíonn ‘láimhseáil teagmhais’ láimhseáil teagmhais mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (8), de Threoir (AE) 2022/2555;

(11)

ciallaíonn ‘cibearbhagairt’ cibearbhagairt mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) 2019/881;

(12)

ciallaíonn ‘cibearbhagairt shuntasach’ cibearbhagairt shuntasach mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (11), de Threoir (AE) 2022/2555;

(13)

ciallaíonn ‘leochaileacht’ leochaileacht mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (15), de Threoir (AE) 2022/2555;

(14)

ciallaíonn ‘riosca cibearshlándála’ riosca mar a shainmhínítear é in Airteagal 6, pointe (9), de Threoir (AE) 2022/2555;

(15)

ciallaíonn ‘seirbhís néalríomhaireachta’ seirbhís néalríomhaireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (30), de Threoir (AE) 2022/2555.

Airteagal 5

Bearta a chur chun feidhme

1.   Faoin 8 Meán Fómhair 2024, déanfaidh an Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil arna bhunú de bhun Airteagal 10, tar éis dó dul i gcomhairle le Gníomhaireacht an Aontais eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus tar éis treoir a fháil ó CERT-EU, treoirlínte a eisiúint d’eintitis an Aontais chun críche athbhreithnithe tosaigh cibearshlándála a dhéanamh agus creat inmheánach bainistíochta riosca, rialachais agus rialaithe cibearshlándála a bhunú de bhun Airteagal 6, measúnuithe aibíochta cibearshlándála a dhéanamh de bhun Airteagal 7, bearta bainistíochta riosca cibearshlándála a dhéanamh de bhun Airteagal 8, agus an plean cibearshlándála a ghlacadh de bhun Airteagal 9.

2.   Agus Airteagail 6 go 9 á gcur chun feidhme acu, cuirfidh eintitis an Aontais san áireamh na treoirlínte dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, chomh maith le treoirlínte agus moltaí ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagail 11 agus 14.

Airteagal 10

An Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil

1.   Leis seo, bunaítear Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil (IICB).

2.   Beidh IICB freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ag eintitis an Aontais agus tacaíocht a thabhairt ina leith sin;

(b)

maoirseacht a dhéanamh ar na tosaíochtaí agus cuspóirí ginearálta arna gcur chun feidhme ag CERT-EU agus treoir straitéiseach a chur ar fáil do CERT-EU.

3.   Is éard a bheidh in IICB:

(a)

ionadaí amháin ainmnithe ag gach ceann díobh seo a leanas:

(i)

Parlaimint na hEorpa;

(ii)

an Chomhairle Eorpach;

(iii)

Comhairle an Aontais eorpaigh;

(iv)

an Coimisiún;

(v)

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais eorpaigh;

(vi)

an Banc Ceannais Eorpach;

(vii)

an Chúirt Iniúchóirí;

(viii)

an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí;

(ix)

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa;

(x)

Coiste Eorpach na Réigiún;

(xi)

an Banc Eorpach Infheistíochta;

(xii)

an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála;

(xiii)

ENISA;

(xiv)

an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS);

(xv)

Gníomhaireacht an Aontais eorpaigh um an gClár Spáis.

(b)

triúr ionadaithe arna n-ainmniú ag Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais (EUAN), ar bhonn moladh óna Choiste Comhairleach TFC, chun ionadaíocht a dhéanamh do leasanna na gcomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a reáchtálann a dtimpeallacht TFC féin, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i bpointe (a).

Beidh sé d’aidhm ag eintitis an Aontais a bhfuil ionadaíocht acu ar IICB cothromaíocht inscne a bhaint amach i measc na n-ionadaithe ainmnithe.

4.   Féadfaidh comhaltaí IICB cúnamh a fháil ó chomhalta malartach. Féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar ionadaithe eile ó eintitis an Aontais dá dtagraítear i mír 3 nó ó eintitis eile an Aontais freastal ar chruinnithe IICB, gan cearta vótála a bheith acu.

5.   Féadfaidh Ceann CERT-AE agus Cathaoirligh an Ghrúpa Comhair, líonra CSIRT agus EU-CyCLONe arna mbunú faoi seach, de bhun Airteagail 14, 15 agus 16 de Threoir (AE) 2022/2555, nó a gcomhaltaí malartacha, a bheith rannpháirteach i gcruinnithe IICB mar bhreathnóirí. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh IICB a mhalairt a chinneadh, i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB.

6.   Glacfaidh IICB a rialacha nós imeachta inmheánacha.

7.   Ainmneoidh IICB Cathaoirleach, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta inmheánacha, as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse 3 bliana. Beidh comhalta malartach an Chathaoirligh ina lánchomhalta de IICB ar feadh na tréimhse céanna.

8.   Tiocfaidh IICB le chéile ar a laghad trí huaire sa bhliain ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin do CERT-EU nó arna iarraidh sin d’aon cheann dá chomhaltaí.

9.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta de IICB. Glacfar cinntí IICB le tromlach simplí ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. Ní bheidh vóta ag Cathaoirleach IICB ach amháin i gcás comhionannas vótaí, féadfaidh an Cathaoirleach vóta réitigh a chaitheamh sa chás sin.

10.   Féadfaidh IICB gníomhú trí bhíthin nós imeachta simplithe i scríbhinn arna thionscnamh i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB. Faoin nós imeachta sin, measfar an cinneadh ábhartha a bheith formheasta laistigh den tréimhse ama arna socrú ag an gCathaoirleach, seachas i gcás ina gcuireann comhalta ina choinne.

11.   Is é an Coimisiún a chuirfidh an rúnaíocht ar fáil do IICB agus beidh sí cuntasach do Chathaoirleach IICB.

12.   Déanfaidh na hionadaithe arna n-ainmniú ag EUAN cinntí IICB a chur ar aghaidh chuig comhaltaí EUAN. Beidh aon chomhalta de EUAN i dteideal aon ábhar a tharraingt anuas leis na hionadaithe sin nó le Cathaoirleach IICB a measfaidh an comhalta ina leith gur cheart é a chur faoi bhráid IICB.

13.   Féadfaidh IICB coiste feidhmiúcháin a bhunú chun cúnamh a thabhairt dó ina chuid oibre agus féadfaidh sé roinnt dá chúraimí agus dá chumhachtaí a tharmligean chuige. Déanfaidh IICB rialacha nós imeachta an choiste feidhmiúcháin, lena n-áirítear a chúraimí agus a chumhachtaí agus téarmaí oifige a chomhaltaí a leagan síos.

14.   Faoin 8 Eanáir 2025 agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh IICB tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina sonrófar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus ina sonrófar go háirithe méid chomhar CERT-EU le contrapháirtithe ó na Ballstáit i ngach ceann de na Ballstáit. Beidh an tuarascáil sin ina hionchur sa tuarascáil dhébhliantúil ar staid na cibearshlándála san Aontas arna glacadh de bhun Airteagal 18 de Threoir (AE) 2022/2555.

Airteagal 13

Misean agus cúraimí CERT-EU

1.   Is é a bheidh i misean CERT-EU rannchuidiú le slándáil thimpeallacht TFC neamh-rúnaicmithe de chuid eintitis an Aontais trí chomhairle a thabhairt dóibh maidir leis an gcibearshlándáil, trí chúnamh a thabhairt chun teagmhais a chosc, a bhrath, a láimhseáil, a mhaolú, freagairt orthu agus téarnamh uathu agus trí fheidhmiú mar a malartán faisnéise cibearshlándála agus mar a mol comhordúcháin chun freagairt ar theagmhais.

2.   Déanfaidh CERT-EU faisnéis maidir le cibearbhagairtí, leochaileachtaí agus teagmhais a bhaineann le bonneagar TFC neamh-rúnaicmithe a bhailiú, a bhainistiú, a anailísiú agus a chomhroinnt le heintitis an Aontais. Déanfaidh sé freagairtí ar theagmhais ar leibhéal idirinstitiúideach agus ar leibhéal eintitis an Aontais a chomhordú, lena n-áirítear trí chúnamh oibríochtúil speisialaithe a sholáthar nó a chomhordú.

3.   Déanfaidh CERT-EU na cúraimí seo a leanas chun cabhrú le heintitis an Aontais:

(a)

tabharfaidh sé tacaíocht dóibh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus rannchuideoidh sé leis an gcomhordú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo trí bhíthin na mbeart a liostaítear in Airteagal 14(1) nó trí thuarascálacha ad hoc arna n-iarraidh ag IICB;

(b)

déanfaidh sé seirbhísí CSIRT caighdeánacha a thairiscint d’eintiteas an Aontais trí bhíthin pacáiste seirbhísí cibearshlándála a dtugtar tuairisc orthu ina chatalóg seirbhísí (seirbhísí bunlíne);

(c)

coinneoidh sé líonra piaraí agus comhpháirtithe ar bun chun tacú leis na seirbhísí mar a leagtar amach in Airteagail 17 agus 18;

(d)

tarraingeoidh sé aird IICB ar aon fhadhb a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus le cur chun feidhme na dtreoirlínte, na moltaí agus na nglaonna ar ghníomhaíocht;

(e)

ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 2, rannchuideoidh sé le feasacht staide cibearshlándála an Aontais i ndlúthchomhar le ENISA;

(f)

déanfaidh sé an bainistiú ar mhórtheagmhais a chomhordú;

(g)

gníomhóidh sé thar ceann eintitis an Aontais mar chomhionann an chomhordaitheora ainmnithe chun críocha nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí de bhun Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555;

(h)

soláthróidh sé scanadh réamhghníomhach neamhchunórach, arna iarraidh sin d’eintiteas an Aontais, ar chórais gréasán agus faisnéise eintiteas sin an Aontais a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu.

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e), a chomhroinnt le IICB, le líonra CSIRT agus le Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais eorpaigh (EU INTCEN), i gcás inarb infheidhme agus inarb iomchuí, agus faoi réir coinníollacha rúndachta iomchuí.

4.   Féadfaidh CERT-EU, i gcomhréir le hAirteagal 17 nó le hAirteagal 18 de réir mar is iomchuí, oibriú i gcomhar leis na pobail ábhartha chibearshlándála laistigh den Aontas agus dá Bhallstáit, lena n-áirítear sna réimsí seo a leanas:

(a)

ullmhacht, comhordú teagmhas, malartú faisnéise agus freagairt ar ghéarchéimeanna ar an leibhéal teicniúil maidir le cásanna a bhaineann le heintitis an Aontais;

(b)

comhar oibríochtúil maidir le líonra CSIRT, lena n-áirítear maidir le cúnamh frithpháirteach;

(c)

faisnéis faoi chibearbhagairtí, lena n-áirítear feasacht staide;

(d)

aon ábhar lena dteastaíonn saineolas cibearshlándála teicniúil CERT-EU.

5.   Laistigh dá inniúlacht, rachaidh CERT-EU i mbun comhar struchtúrtha le ENISA maidir le fothú acmhainneachta, comhar oibríochtúil agus anailísí straitéiseacha fadtéarmacha ar chibearbhagairtí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/881. Féadfaidh CERT-EU oibriú i gcomhar le hIonad Cibearchoireachta na hEorpa de chuid Europol agus faisnéis a mhalartú leis.

6.   Féadfaidh CERT-EU na seirbhísí seo a leanas, nach dtugtar tuairisc orthu ina chatalóg seirbhísí (seirbhísí inmhuirearaithe), a sholáthar:

(a)

seirbhísí lena dtacaítear le cibearshlándáil thimpeallacht TFC eintitis an Aontais, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i mír 3, ar bhonn comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse agus faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil, go háirithe faireachán speictrim leathain ar an ngréasán, lena n-áirítear faireachán 24/7 ar an gcéad líne i gcás cibearbhagairtí ard-déine;

(b)

seirbhísí lena dtacaítear le hoibríochtaí nó tionscadail chibearshlándála eintitis an Aontais, cé is moite díobh siúd lena dtugtar cosaint dá dtimpeallachtaí TFC, ar bhonn comhaontuithe i scríbhinn agus le formheas roimh ré ó IICB;

(c)

arna iarraidh sin, scanadh réamhghníomhach ar chórais gréasán agus faisnéise eintiteas an Aontais lena mbaineann chun leochaileachtaí a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu a bhrath;

(d)

seirbhísí lena dtacaítear le slándáil a dtimpeallachta TFC d’eagraíochtaí seachas na heintitis de chuid an Aontais a oibríonn i ndlúthchomhar le heintitis an Aontais, mar shampla trí chúraimí nó freagrachtaí a thabhairt faoi dhlí an Aontais, ar bhonn comhaontuithe i scríbhinn agus le formheas roimh ré ó IICB.

Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (d), féadfaidh CERT-EU, ar bhonn eisceachtúil, comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a dhéanamh le heintitis seachas na heintitis de chuid an Aontais le formheas roimh ré ó IICB.

7.   Déanfaidh CERT-EU cleachtaí cibearshlándála a eagrú agus féadfaidh sé a bheith rannpháirteach iontu nó féadfaidh sé rannpháirtíocht i gcleachtaí atá ann cheana a mholadh, i gcás inarb infheidhme i ndlúthchomhar le ENISA, chun leibhéal cibearshlándála eintitis an Aontais a thástáil.

8.   Féadfaidh CERT-EU cúnamh a chur ar fáil d’eintitis an Aontais maidir le teagmhais i gcórais gréasán agus faisnéise a láimhseálann FRAE, i gcás ina n-iarrann eintitis an Aontais lena mbaineann go sainráite air é sin a dhéanamh i gcomhréir lena nósanna imeachta faoi seach. Beidh an cúnamh a chuireann CERT-EU ar fáil faoin mír seo gan dochar do rialacha infheidhme a bhaineann le cosaint faisnéise rúnaicmithe.

9.   Cuirfidh CERT-EU eintitis an Aontais ar an eolas faoina nósanna imeachta agus a phróisis láimhseála teagmhais.

10.   Rannchuideoidh CERT-EU, le hardleibhéal rúndachta agus iontaofachta, trí na sásraí comhair agus na línte tuairiscithe iomchuí, trí fhaisnéis ábhartha agus anaithnidithe faoi mhórtheagmhais agus faoin mbealach inar láimhseáladh iad. Áireofar an fhaisnéis sin sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 10(14).

11.   Déanfaidh CERT-EU, i gcomhar le MECS, tacaíocht a thabhairt d'eintitis an Aontais lena mbaineann agus aghaidh á tabhairt ar theagmhais as a dtagann sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta, gan dochar d’inniúlacht agus do chúraimí MECS mar údarás maoirseachta de bhun Rialachán (AE) 2018/1725.

12.   Féadfaidh CERT-EU, má iarrann ranna beartais eintitis an Aontais air go sainráite déanamh amhlaidh, comhairle theicniúil nó ionchur teicniúil a thabhairt maidir le hábhair bheartais ábhartha.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Nollaig 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2023.

(2)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).

(3)  Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).

(4)  Socrú idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta maidir le foireann phráinnfhreagartha ríomhaire d'institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) a eagrú agus a oibriú (IO C 12, 13.1.2018, lch. 1).

(5)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(6)  Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)   IO C 258, 5.7.2022, lch. 10.

(9)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2841/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)



whereas









keyboard_arrow_down