search


keyboard_tab Cyber Resilience Act 2023/2841 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2841 GA cercato: 'gcomhairle' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index gcomhairle:


whereas gcomhairle:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 564

 

Airteagal 5

Bearta a chur chun feidhme

1.   Faoin 8 Meán Fómhair 2024, déanfaidh an Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil arna bhunú de bhun Airteagal 10, tar éis dó dul i gcomhairle le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus tar éis treoir a fháil ó CERT-EU, treoirlínte a eisiúint d’eintitis an Aontais chun críche athbhreithnithe tosaigh cibearshlándála a dhéanamh agus creat inmheánach bainistíochta riosca, rialachais agus rialaithe cibearshlándála a bhunú de bhun Airteagal 6, measúnuithe aibíochta cibearshlándála a dhéanamh de bhun Airteagal 7, bearta bainistíochta riosca cibearshlándála a dhéanamh de bhun Airteagal 8, agus an plean cibearshlándála a ghlacadh de bhun Airteagal 9.

2.   Agus Airteagail 6 go 9 á gcur chun feidhme acu, cuirfidh eintitis an Aontais san áireamh na treoirlínte dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, chomh maith le treoirlínte agus moltaí ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagail 11 agus 14.

Airteagal 12

Comhlíonadh

1.   Déanfaidh IICB, de bhun Airteagail 10(2) agus 11, faireachán éifeachtach ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus na dtreoirlínte, na moltaí agus na nglaonna ar ghníomhaíocht arna nglacadh ag eintitis an Aontais. Féadfaidh IICB an fhaisnéis nó an doiciméadacht is gá chun na críche sin a iarraidh ar eintitis an Aontais. Chun críche bearta comhlíontachta a ghlacadh faoin Airteagal seo, i gcás ina bhfuil ionadaíocht dhíreach ag eintiteas an Aontais lena mbaineann ar IICB, ní bheidh cearta vótála ag eintiteas sin an Aontais.

2.   I gcás ina bhfionnann IICB nach bhfuil an Rialachán seo, ná na treoirlínte, na moltaí ná na glaonna ar ghníomhaíocht arna n-eisiúint dá bhun curtha chun feidhme go héifeachtach ag eintiteas de chuid an Aontais, féadfaidh sé, gan dochar do nósanna imeachta inmheánacha eintiteas an Aontais lena mbaineann, agus tar éis dó an deis a thabhairt d'eintiteas an Aontais lena mbaineann a thuairimí a chur i láthair, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tuairim réasúnaithe a chur in iúl d'eintiteas an Aontais lena mbaineann atá bainteach le bearnaí atá breathnaithe i gcur chun feidhme an Rialacháin seo;

(b)

tar éis dul i gcomhairle le CERT-EU, treoirlínte a thabhairt d'eintiteas an Aontais lena mbaineann de chuid an Aontais chun a áirithiú go ndéanann a Chreat, a bhearta bainistíochta riosca cibearshlándála, a phleananna cibearshlándála agus a thuairisciú maidir leis an gcibearshlándáil an Rialachán seo a chomhlíonadh laistigh de thréimhse shonraithe;

(c)

rabhadh a eisiúint chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh shainaitheanta laistigh de thréimhse ama shonraithe, lena n-áirítear moltaí chun bearta arna nglacadh ag eintiteas an Aontais lena mbaineann de bhun an Rialacháin seo a leasú;

(d)

fógra réasúnaithe a eisiúint chuig eintiteas an Aontais lena mbaineann, i gcás nár tugadh aghaidh go leordhóthanach ar easnaimh shainaitheanta i rabhadh arna eisiúint de bhun pointe (c) laistigh den tréimhse shonraithe;

(e)

moladh a eisiúint:

(i)

go ndéanfaí iniúchadh a chur i gcrích; nó

(ii)

iarraidh a eisiúint go ndéanfadh seirbhís iniúchóireachta tríú páirtí iniúchadh;

(f)

más infheidhme, an Chúirt Iniúchóirí a chur ar an eolas, laistigh de réimse freagrachta a sainordaithe, faoin neamhchomhlíonadh líomhnaithe;

(g)

moladh a eisiúint go ndéanfadh na Ballstáit agus eintitis uile an Aontais fionraí sealadach a chur i bhfeidhm ar shreabha sonraí chuig eintiteas an Aontais lena mbaineann.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), déanfar spriocphobal an rabhaidh a shrianadh go hiomchuí, i gcás inar gá i bhfianaise an riosca chibearshlándála.

Déanfar rabhaidh agus moltaí a eisítear de bhun na chéad fhomhíre a dhíriú chuig an leibhéal bainistíochta is airde in eintiteas an Aontais lena mbaineann.

3.   I gcás ina bhfuil bearta faoi mhír 2, an chéad fhomhír, pointí (a) go (g), glactha ag IICB, déanfaidh eintiteas an Aontais lena mbaineann mionsonraí na mbeart agus na ngníomhaíochtaí atá déanta a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh líomhnaithe arna sainaithint ag IICB. Déanfaidh an t-eintiteas de chuid an Aontais na mionsonraí sin a thíolacadh laistigh de thréimhse réasúnta a bheidh le comhaontú le IICB.

4.   I gcás ina measann IICB go bhfuil sárú leanúnach á dhéanamh ag eintiteas an Aontais ar an Rialachán seo a eascraíonn go díreach as gníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí oifigigh nó seirbhísigh eile an Aontais, lena n-áirítear ar an leibhéal bainistíochta is airde, iarrfaidh IICB go ndéanfaidh eintiteas an Aontais lena mbaineann gníomh iomchuí, lena n-áirítear a iarraidh air breithniú a dhéanamh i dtaobh gníomh de chineál araíonachta a dhéanamh, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sna Rialacháin Foirne agus le haon rialacha agus nósanna imeachta eile is infheidhme. Chuige sin, aistreoidh IICB an fhaisnéis is gá chuig eintiteas an Aontais lena mbaineann.

5.   I gcás ina dtugann eintitis an Aontais fógra nach bhfuil ar a gcumas na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagail 6(1) agus in Airteagal 8(1) a chomhlíonadh, féadfaidh IICB, i gcásanna a bhfuil bunús cuí leo, síneadh ama ar na sprioc-amanna sin a údarú agus méid eintiteas an Aontais á chur san áireamh.

CAIBIDIL IV

CERT-EU

Airteagal 15

Ceann CERT-EU

1.   Tar éis formheas a fháil ó thromlach dhá thrian de chomhaltaí IICB, déanfaidh an Coimisiún Ceann CERT-EU a cheapadh. Rachfar i gcomhairle le IICB ag gach céim den nós imeachta ceapacháin, go háirithe maidir le fógraí folúntais a dhréachtú, iarratais a scrúdú, agus baill a cheapadh ar bhoird roghnúcháin i ndáil leis an bpost. Maidir leis an nós imeachta roghnúcháin, lena n-áirítear gearrliosta deiridh na n-iarrthóirí óna bhfuil Ceann CERT-EU le ceapadh, áiritheofar ionadaíocht chothrom ar gach inscne, agus na hiarratais a chuirtear isteach á gcur san áireamh.

2.   Beidh Ceann CERT-EU freagrach as feidhmiú cuí CERT-EU, agus gníomhóidh sé nó sí laistigh de shainchúram an róil a bheidh aige nó aici agus faoi stiúir IICB. Tuairisceoidh Ceann CERT-EU go rialta do Chathaoirleach IICB agus cuirfidh sé tuarascálacha ad hoc faoi bhráid IICB arna iarraidh sin dó.

3.   Cuideoidh Ceann CERT-EU leis an oifigeach freagrach údarúcháin trí tharmligean maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a dhréachtú ina mbeidh faisnéis airgeadais agus bainistíochta, lena n-áirítear torthaí na rialuithe, arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 74(9) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle (9), agus tuairisceoidh Ceann CERT-EU go rialta don oifigeach údarúcháin trí tharmligean maidir le cur chun feidhme na mbeart i leith cé acu cumhachtaí atá fo-tharmligthe chuig Ceann CERT-EU.

4.   Tarraingeoidh Ceann CERT-EU suas, ar bhonn bliantúil, pleanáil airgeadais maidir le hioncam agus caiteachas riaracháin maidir lena ghníomhaíochtaí, clár oibre bliantúil atá beartaithe, catalóg seirbhíse atá beartaithe le haghaidh CERT-EU, athbhreithnithe atá beartaithe a dhéanamh ar an gcatalóg seirbhíse, socruithe atá beartaithe le haghaidh comhaontuithe ar leibhéil seirbhíse agus KPInna atá beartaithe le haghaidh CERT-EU, a bheidh le formheas ag IICB i gcomhréir le hAirteagal 11. Agus athbhreithniú á dhéanamh ar liosta na seirbhísí i gcatalóg seirbhíse CERT-EU, cuirfidh Ceann CERT-EU san áireamh na hacmhainní a leithdháiltear ar CERT-EU.

5.   Déanfaidh Ceann CERT-EU tuarascálacha a chur faoi bhráid IICB agus Chathaoirleach IICB uair sa bhliain ar a laghad maidir le gníomhaíochtaí agus feidhmíocht CERT-EU le linn na tréimhse tagartha, lena n-áirítear maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, comhaontuithe ar leibhéil seirbhíse agus comhaontuithe i scríbhinn atá déanta, comhar le contrapháirtithe agus comhpháirtithe, agus misin arna ndéanamh ag an bhfoireann, lena n-áirítear na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 11. Áireofar ar na tuarascálacha sin clár oibre don tréimhse ina dhiaidh sin, pleanáil airgeadais maidir le hioncam agus caiteachas, lena n-áirítear soláthar foirne, nuashonruithe atá pleanáilte a dhéanamh ar chatalóg seirbhíse CERT-EU agus measúnú ar an tionchar a mheastar a bheith ag na nuashonruithe sin maidir le hacmhainní airgeadais agus daonna.

Airteagal 19

Láimhseáil faisnéise

1.   Déanfaidh CERT-EU agus eintitis an Aontais an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil a urramú i gcomhréir le hAirteagal 339 CFAE nó le creataí coibhéiseacha is infheidhme.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle (10) maidir le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid atá i seilbh CERT-EU, lena n-áirítear an oibleagáid faoin Rialachán sin dul i gcomhairle le heintitis eile an Aontais, nó, i gcás inarb ábhartha, leis na Ballstáit, aon uair a bhaineann an iarraidh lena ndoiciméid.

3.   Beidh an láimhseáil faisnéise ag eintitis an Aontais agus ag CERT-EU i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le slándáil faisnéise.

Airteagal 20

Socruithe um chomhroinnt faisnéise maidir leis an gcibearshlándáil

1.   Féadfaidh eintitis an Aontais, ar bhonn deonach, fógra a thabhairt do CERT-EU faoi theagmhais, cibearbhagairtí, neasteagmhais agus leochaileachtaí lena ndéantar difear dóibh, agus faisnéis a sholáthar dó ina leith sin. Áiritheoidh CERT-EU go mbeidh modhanna éifeachtúla cumarsáide, ag a mbeidh ardleibhéal inrianaitheachta, rúndachta agus iontaofachta, ar fáil chun comhroinnt faisnéise le heintitis an Aontais a éascú. Agus fógraí á bpróiseáil, féadfaidh CERT-EU tosaíocht a thabhairt d’fhógraí sainordaitheacha a phróiseáil thar fhógraí deonacha. Gan dochar d’Airteagal 12, ní fhorchuirfear le fógra deonach aon oibleagáid bhreise ar eintiteas tuairiscithe sin an Aontais nach mbeadh sé faoina réir mura mbeadh an fógra tíolactha aige.

2.   Chun a mhisean agus a chúraimí a thugtar de bhun Airteagal 13 a chomhlíonadh, féadfaidh CERT-EU a iarraidh ar eintitis an Aontais faisnéis a sholáthar dó óna bhfardail córas TFC faoi seach, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le cibearbhagairtí, neasteagmhais, leochaileachtaí, táscairí comhréitigh, foláirimh chibearshlándála agus moltaí maidir le cumraíocht uirlisí cibearshlándála chun teagmhais a bhrath. Déanfaidh eintiteas iarrtha an Aontais an fhaisnéis a iarrtar a tharchur, agus aon nuashonruithe uirthi ina dhiaidh sin, gan moill mhíchuí.

3.   Maidir le faisnéis teagmhas-sonrach a mhalartú le heintitis an Aontais lena nochtar céannacht eintiteas an Aontais dá ndéantar difear leis an teagmhas, féadfaidh CERT-EU an fhaisnéis sin a mhalartú ar choinníoll go dtugann eintiteas an Aontais dá ndéantar difear dó a thoiliú. I gcás ina ndéanann eintiteas an Aontais a thoiliú a choinneáil siar, tabharfaidh sé cúiseanna do CERT-EU a thugann bunús leis an gcinneadh sin.

4.   Déanfaidh eintitis an Aontais, arna iarraidh sin dóibh, faisnéis a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa agus leis an gcomhairle maidir le tabhairt chun críche na bpleananna cibearshlándála.

5.   Déanfaidh IICB nó CERT-EU, de réir mar is infheidhme, arna iarraidh sin dóibh, treoirlínte, moltaí agus glaonna ar ghníomhaíocht a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa agus leis an gcomhairle.

6.   Ní áireofar an méid seo a leanas ar na hoibleagáidí comhroinnte faisnéise a leagtar síos san Airteagal:

(a)

FRAE;

(b)

faisnéis a bhfuil a dáileadh breise eisiata trí bhíthin marcáil infheicthe, mura bhfuil comhroinnt na faisnéise sin le CERT-EU ceadaithe go sainráite.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Nollaig 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gcomhairle an 8 Nollaig 2023.

(2)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).

(3)  Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).

(4)  Socrú idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta maidir le foireann phráinnfhreagartha ríomhaire d'institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) a eagrú agus a oibriú (IO C 12, 13.1.2018, lch. 1).

(5)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gcomhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(6)  Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)   IO C 258, 5.7.2022, lch. 10.

(9)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gcomhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2841/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)



whereas









keyboard_arrow_down