search


keyboard_tab Cyber Resilience Act 2023/2841 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2841 GA cercato: 'beidh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl




whereas beidh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 1159

 

Airteagal 6

Creat bainistíochta riosca, rialachais agus rialaithe cibearshlándála

1.   Faoin 8 Aibreán 2025, déanfaidh eintitis uile an Aontais, tar éis dó athbhreithniú tosaigh cibearshlándála a dhéanamh, amhail iniúchadh, creat inmheánach bainistíochta riosca, rialachais agus rialaithe cibearshlándála (‘an Creat’) a bhunú. Is é an leibhéal bainistíochta is airde atá ag gach eintiteas de chuid an Aontais a dhéanfaidh maoirseacht ar bhunú an Chreata agus is faoi fhreagracht an eintitis sin a dhéanfar é.

2.   Sa Chreat, cumhdófar timpeallacht TFC neamh-rúnaicmithe eintiteas an Aontais lena mbaineann ina hiomláine, lena n-áirítear aon timpeallacht TFC san áitreabh, líonra teicneolaíochta oibríochtúla san áitreamh, sócmhainní seachfhoinsithe agus seirbhísí i dtimpeallachtaí néalríomhaireachta nó atá á n-óstáil ag tríú páirtithe, gairis mhóibíleacha, líonraí corparáideacha, líonraí gnó nach bhfuil nasctha leis an idirlíon agus aon ghaireas atá nasctha leis na timpeallachtaí sin (‘timpeallacht TFC’). beidh an Creat bunaithe ar chur chuige uile-ghuaise.

3.   Leis an gCreat, áiritheofar ardleibhéal cibearshlándála. Leis an gCreat, bunófar beartais inmheánacha chibearshlándála, lena n-áirítear cuspóirí agus tosaíochtaí, maidir le slándáil córas gréasán agus faisnéise, agus róil agus freagrachtaí fhoireann eintiteas an Aontais a mbeidh sé de chúram orthu cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú. Áireofar sa Chreat freisin sásraí chun éifeachtacht an chur chun feidhme a thomhas.

4.   Déanfar an creat a athbhreithniú ar bhonn rialta, i bhfianaise na n-athruithe atá ag teacht ar rioscaí cibearshlándála, agus gach 4 bliana ar a laghad. I gcás inarb iomchuí agus tar éis iarraidh ón mBord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil arna bhunú de bhun Airteagal 10, féadfar Creat eintitis de chuid an Aontais a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn treoir a fháil ó CERT-EU maidir le teagmhais arna sainaithint nó maidir le bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcur chun feidhme an Rialacháin seo.

5.   beidh an leibhéal bainistíochta is airde i ngach eintiteas de chuid an Aontais freagrach as an Rialachán seo a chur chun feidhme agus déanfaidh sé maoirseacht ar chomhlíonadh a eagraíochta leis na hoibleagáidí a bhaineann leis an gCreat.

6.   I gcás inarb iomchuí agus gan dochar dá fhreagracht as cur chun feidhme an Rialacháin seo, féadfaidh an leibhéal bainistíochta is airde i ngach eintiteas de chuid an Aontais oibleagáidí sonracha faoin Rialachán seo a tharmligean chuig oifigigh shinsearacha de réir bhrí Airteagal 29(2) de na Rialacháin Foirne nó chuig oifigigh eile ar leibhéal coibhéiseach, laistigh d’eintiteas an Aontais lena mbaineann. Gan beann ar aon tarmligean den sórt sin, féadfaidh eintiteas an Aontais lena mbaineann an leibhéal bainistíochta is airde a chur faoi dhliteanas i leith sáruithe ar an Rialachán seo.

7.   beidh sásraí éifeachtacha i bhfeidhm ag gach eintiteas de chuid an Aontais chun a áirithiú go gcaithfear céatadán leordhóthanach dá mbuiséad TFC ar chibearshlándáil. Tabharfar aird chuí ar an gCreat agus an céatadán sin á dheimhniú.

8.   Ceapfaidh gach eintiteas de chuid an Aontais oifigeach cibearshlándála áitiúil, nó feidhm choibhéiseach, a ghníomhóidh mar phointe aonair teagmhála maidir le gach gné den chibearshlándáil. Éascóidh an t-oifigeach cibearshlándála áitiúil cur chun feidhme an Rialacháin seo agus tuairisceoidh an t-oifigeach go díreach don leibhéal bainistíochta is airde ar bhonn rialta maidir le staid an chur chun feidhme. Gan dochar don oifigeach cibearshlándála áitiúil a bheith mar an bpointe teagmhála aonair in eintitis uile an Aontais, féadfaidh eintiteas de chuid an Aontais cúraimí áirithe den oifigeach cibearshlándála áitiúil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a tharmligean chuig CERT-EU ar bhonn comhaontú ar leibhéal seirbhíse arna thabhairt i gcrích idir an t-eintiteas sin de chuid an Aontais agus CERT-EU, nó féadfaidh roinnt eintiteas de chuid an Aontais na cúraimí sin a chomhroinnt. I gcás ina ndéanfar na cúraimí sin a tharmligean chuig CERT-EU, cinnfidh an Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil arna bhunú de bhun Airteagal 10 an mbeidh nó nach mbeidh soláthar na seirbhíse sin mar chuid de sheirbhísí bonnlíne CERT-EU, agus acmhainní daonna agus airgeadais eintiteas an Aontais lena mbaineann á gcur san áireamh. Tabharfaidh gach eintiteas de chuid an Aontais, gan moill mhíchuí, fógra do CERT-EU maidir le hoifigigh chibearshlándála áitiúla arna gceapadh, agus aon athrú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

Bunóidh CERT-EU liosta d’oifigigh chibearshlándála áitiúla arna gceapadh agus coinneoidh sé cothrom le dáta é.

9.   Na hoifigigh shinsearacha de réir bhrí Airteagal 29(2) de na Rialacháin Foirne nó oifigigh eile ar leibhéal coibhéiseach le gach eintiteas de chuid an Aontais, mar aon leis na baill foirne ábhartha uile a bhfuil sé de chúram orthu na bearta a leagtar síos sa Rialachán seo a chur chun feidhme agus na hoibleagáidí bainistíochta riosca cibearshlándála a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, leanfaidh siad cúrsa oiliúna sonrach, ar bhonn tráthrialta, d’fhonn eolas agus scileanna leordhóthanacha a fháil chun cleachtais bhainistíochta agus riosca cibearshlándála, chomh maith lena dtionchar ar oibríochtaí eintiteas an Aontais, a thabhairt chun grinnis agus measúnú a dhéanamh orthu.

Airteagal 7

Measúnuithe aibíochta cibearshlándála

1.   Faoin 8 Iúil 2025 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin ar a laghad, déanfaidh gach eintiteas de chuid an Aontais measúnú aibíochta cibearshlándála ina mbeidh gnéithe uile a dtimpeallachta TFC.

2.   Déanfar na measúnuithe aibíochta cibearshlándála, i gcás inarb iomchuí, le cúnamh ó thríú páirtí speisialaithe.

3.   Féadfaidh eintitis an Aontais a bhfuil struchtúir chomhchosúla acu oibriú i gcomhar le chéile chun measúnuithe aibíochta cibearshlándála a dhéanamh dá n-eintitis faoi seach.

4.   Ar bhonn iarraidh ón mBord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil arna bhunú de bhun Airteagal 10 agus le toiliú sainráite eintiteas an Aontais lena mbaineann, féadfar torthaí measúnaithe aibíochta cibearshlándála a phlé laistigh den Bhord sin nó laistigh den ghrúpa neamhfhoirmiúil d’oifigigh chibearshlándála áitiúla d’fhonn foghlaim ón taithí a fuarthas agus dea-chleachtais a chomhroinnt.

Airteagal 9

Pleananna cibearshlándála

1.   Tar éis an mheasúnaithe aibíochta cibearshlándála arna dhéanamh de bhun Airteagal 7 a thabhairt i gcrích agus ag cur san áireamh na sócmhainní agus na rioscaí cibearshlándála a shainaithnítear sa Chreat mar aon leis na bearta bainistíochta riosca cibearshlándála arna ndéanamh de bhun Airteagal 8, déanfaidh an leibhéal bainistíochta is airde maidir le gach eintiteas an Aontais plean cibearshlándála a fhormheas gan moill mhíchuí agus in aon chás faoin 8 Eanáir 2026. beidh sé d’aidhm ag an bplean cibearshlándála, cibearshlándáil fhoriomlán an eintitis de chuid an Aontais a mhéadú agus rannchuideofar, dá bhrí sin, le hardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a fheabhsú laistigh de na heintitis de chuid an Aontais. Áireofar sa phlean cibearshlándála ar a laghad na bearta bainistíochta riosca cibearshlándála arna ndéanamh de bhun Airteagal 8. Déanfar an plean cibearshlándála a athbhreithniú gach 2 bhliain, nó níos minice ná sin i gcás inar gá, tar éis na measúnuithe aibíochta cibearshlándála arna ndéanamh de bhun Airteagal 7 nó tar éis aon athbhreithniú substaintiúil ar an gCreat.

2.   Áiritheofar sa phlean cibearshlándála plean bainistithe cibirghéarcheime an eintitis de chuid an Aontais i gcás mórtheagmhas.

3.   Cuirfidh an t-eintiteas de chuid an Aontais an plean cibearshlándála críochnaithe faoi bhráid an Bhoird Idirinstitiúidigh um Chibearshlándáil arna bhunú de bhun Airteagal 10.

CAIBIDIL III

AN BORD IDIRINSTITIÚIDEACH UM CHIBEARSHLÁNDÁIL

Airteagal 10

An Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil

1.   Leis seo, bunaítear Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil (IICB).

2.   beidh IICB freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ag eintitis an Aontais agus tacaíocht a thabhairt ina leith sin;

(b)

maoirseacht a dhéanamh ar na tosaíochtaí agus cuspóirí ginearálta arna gcur chun feidhme ag CERT-EU agus treoir straitéiseach a chur ar fáil do CERT-EU.

3.   Is éard a bheidh in IICB:

(a)

ionadaí amháin ainmnithe ag gach ceann díobh seo a leanas:

(i)

Parlaimint na hEorpa;

(ii)

an Chomhairle Eorpach;

(iii)

Comhairle an Aontais Eorpaigh;

(iv)

an Coimisiún;

(v)

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

(vi)

an Banc Ceannais Eorpach;

(vii)

an Chúirt Iniúchóirí;

(viii)

an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí;

(ix)

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa;

(x)

Coiste Eorpach na Réigiún;

(xi)

an Banc Eorpach Infheistíochta;

(xii)

an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála;

(xiii)

ENISA;

(xiv)

an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS);

(xv)

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

(b)

triúr ionadaithe arna n-ainmniú ag Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais (EUAN), ar bhonn moladh óna Choiste Comhairleach TFC, chun ionadaíocht a dhéanamh do leasanna na gcomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a reáchtálann a dtimpeallacht TFC féin, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i bpointe (a).

beidh sé d’aidhm ag eintitis an Aontais a bhfuil ionadaíocht acu ar IICB cothromaíocht inscne a bhaint amach i measc na n-ionadaithe ainmnithe.

4.   Féadfaidh comhaltaí IICB cúnamh a fháil ó chomhalta malartach. Féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar ionadaithe eile ó eintitis an Aontais dá dtagraítear i mír 3 nó ó eintitis eile an Aontais freastal ar chruinnithe IICB, gan cearta vótála a bheith acu.

5.   Féadfaidh Ceann CERT-AE agus Cathaoirligh an Ghrúpa Comhair, líonra CSIRT agus EU-CyCLONe arna mbunú faoi seach, de bhun Airteagail 14, 15 agus 16 de Threoir (AE) 2022/2555, nó a gcomhaltaí malartacha, a bheith rannpháirteach i gcruinnithe IICB mar bhreathnóirí. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh IICB a mhalairt a chinneadh, i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB.

6.   Glacfaidh IICB a rialacha nós imeachta inmheánacha.

7.   Ainmneoidh IICB Cathaoirleach, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta inmheánacha, as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse 3 bliana. beidh comhalta malartach an Chathaoirligh ina lánchomhalta de IICB ar feadh na tréimhse céanna.

8.   Tiocfaidh IICB le chéile ar a laghad trí huaire sa bhliain ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin do CERT-EU nó arna iarraidh sin d’aon cheann dá chomhaltaí.

9.   beidh aon vóta amháin ag gach comhalta de IICB. Glacfar cinntí IICB le tromlach simplí ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. Ní bheidh vóta ag Cathaoirleach IICB ach amháin i gcás comhionannas vótaí, féadfaidh an Cathaoirleach vóta réitigh a chaitheamh sa chás sin.

10.   Féadfaidh IICB gníomhú trí bhíthin nós imeachta simplithe i scríbhinn arna thionscnamh i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB. Faoin nós imeachta sin, measfar an cinneadh ábhartha a bheith formheasta laistigh den tréimhse ama arna socrú ag an gCathaoirleach, seachas i gcás ina gcuireann comhalta ina choinne.

11.   Is é an Coimisiún a chuirfidh an rúnaíocht ar fáil do IICB agus beidh sí cuntasach do Chathaoirleach IICB.

12.   Déanfaidh na hionadaithe arna n-ainmniú ag EUAN cinntí IICB a chur ar aghaidh chuig comhaltaí EUAN. beidh aon chomhalta de EUAN i dteideal aon ábhar a tharraingt anuas leis na hionadaithe sin nó le Cathaoirleach IICB a measfaidh an comhalta ina leith gur cheart é a chur faoi bhráid IICB.

13.   Féadfaidh IICB coiste feidhmiúcháin a bhunú chun cúnamh a thabhairt dó ina chuid oibre agus féadfaidh sé roinnt dá chúraimí agus dá chumhachtaí a tharmligean chuige. Déanfaidh IICB rialacha nós imeachta an choiste feidhmiúcháin, lena n-áirítear a chúraimí agus a chumhachtaí agus téarmaí oifige a chomhaltaí a leagan síos.

14.   Faoin 8 Eanáir 2025 agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh IICB tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina sonrófar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus ina sonrófar go háirithe méid chomhar CERT-EU le contrapháirtithe ó na Ballstáit i ngach ceann de na Ballstáit. beidh an tuarascáil sin ina hionchur sa tuarascáil dhébhliantúil ar staid na cibearshlándála san Aontas arna glacadh de bhun Airteagal 18 de Threoir (AE) 2022/2555.

Airteagal 11

Cúraimí IICB

Agus a fhreagrachtaí á bhfeidhmiú aige, déanfaidh IICB an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

treoir a chur ar fáil do Cheann CERT-EU;

(b)

faireachán agus maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus tacú le heintitis an Aontais a gcibearshlándáil a neartú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tuarascálacha ad hoc a iarraidh ar eintitis an Aontais agus ar CERT-EU;

(c)

tar éis plé straitéiseach, straitéis ilbhliantúil a ghlacadh maidir le leibhéal na cibearshlándála a ardú in eintitis an Aontais agus an straitéis sin a mheas ar bhonn tráthrialta agus, in aon chás, gach 5 bliana agus, i gcás inar gá, an straitéis sin a leasú;

(d)

an mhodheolaíocht agus na gnéithe eagraíochtúla a leagan síos chun athbhreithnithe deonacha piaraí arna ndéanamh ag eintitis an Aontais a chur i gcrích, d’fhonn foghlaim ó thaithí chomhroinnte, lena neartaítear muinín fhrithpháirteach, lena ndéantar ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a bhaint amach, mar aon le cumais chibearshlándála eintitis an Aontais a fheabhsú, lena n-áirithítear gur saineolaithe cibearshlándála arna n-ainmniú ag eintiteas an Aontais atá éagsúil leis an eintiteas de chuid an Aontais atá faoi athbhreithniú a dhéanfaidh na hathbhreithnithe piaraí sin agus go bhfuil an mhodheolaíocht bunaithe ar Airteagal 19 de Threoir (AE) 2022/2555 agus go bhfuil sí, i gcás inarb iomchuí, oiriúnaithe d'eintitis an Aontais;

(e)

clár oibre bliantúil CERT-EU, ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, a fhormheas agus faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme;

(f)

catalóg seirbhísí CERT-EU, agus aon nuashonrú ina dhiaidh sin air, a fhormheas, ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU;

(g)

ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, an phleanáil airgeadais bhliantúil maidir le hioncam agus caiteachas a bhaineann le gníomhaíochtaí CERT-EU, lena n-áirítear soláthar foirne, a fhormheas;

(h)

ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, na socruithe le haghaidh comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a fhormheas;

(i)

an tuarascáil bhliantúil arna dréachtú ag Ceann CERT-EU, lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí maidir le cistí agus an bhainistíocht a dhéanann CERT-EU orthu, a scrúdú agus a fhormheas;

(j)

eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) le haghaidh CERT-EU a leagtar síos ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, a fhormheas agus faireachán a dhéanamh orthu;

(k)

socruithe comhair, comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse nó conarthaí idir CERT-EU agus eintitis eile a fhormheas de bhun Airteagal 18;

(l)

treoirlínte agus moltaí a ghlacadh ar bhonn togra ó CERT-EU i gcomhréir le hAirteagal 14 agus treoir a thabhairt do CERT-EU togra le haghaidh treoirlínte nó moltaí, nó glao ar ghníomhaíocht, a eisiúint, a tharraingt siar nó a mhodhnú;

(m)

grúpaí comhairleacha teicniúla a bhunú ag a mbeidh cúraimí sonracha chun cuidiú le hobair IICB, a dtéarmaí tagartha a fhormheas agus a gCathaoirligh faoi seach a ainmniú;

(n)

doiciméid agus tuarascálacha arna dtíolacadh ag eintitis an Aontais faoin Rialachán seo a fháil agus a mheasúnú, amhail measúnuithe aibíochta cibearshlándála;

(o)

éascú a dhéanamh ar ghrúpa neamhfhoirmiúil d’oifigigh áitiúla chibearshlándála eintitis an Aontais a bhunú, arb é is aidhm dó dea-chleachtas agus faisnéis a mhalartú i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

(p)

agus an fhaisnéis maidir leis na rioscaí cibearshlándála sainaitheanta agus na ceachtanna atá foghlamtha ó CERT-EU á gcur san áireamh, faireachán a dhéanamh ar leormhaitheas na socruithe idirnascthachta i measc thimpeallachtaí TFC eintitis an Aontais agus comhairle a thabhairt maidir le feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh;

(q)

plean bainistithe cibirghéarcheime a bhunú d’fhonn tacú, ar an leibhéal oibríochtúil, le bainistiú comhordaithe a dhéanamh ar mhórtheagmhais lena ndéantar difear d’eintitis an Aontais agus d’fhonn rannchuidiú le malartú rialta faisnéise ábhartha, go háirithe maidir le tionchair agus déine mórtheagmhas agus maidir leis na bealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun éifeachtaí mórtheagmhas a mhaolú;

(r)

comhordú a dhéanamh ar ghlacadh phleananna bainistithe cibirghéarchéime eintitis aonair an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 9(2);

(s)

moltaí dá dtagraítear in Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointe (m) a ghlacadh, ar moltaí iad a bhaineann le slándáil an tslabhra soláthair, lena gcuirtear san áireamh na measúnuithe riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais a dhéantar ar shlabhraí soláthair criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 22 de Threoir (AE) 2022/2555 chun tacú le heintitis an Aontais bearta bainistíochta riosca cibearshlándála atá éifeachtach agus comhréireach a ghlacadh.

Airteagal 13

Misean agus cúraimí CERT-EU

1.   Is é a bheidh i misean CERT-EU rannchuidiú le slándáil thimpeallacht TFC neamh-rúnaicmithe de chuid eintitis an Aontais trí chomhairle a thabhairt dóibh maidir leis an gcibearshlándáil, trí chúnamh a thabhairt chun teagmhais a chosc, a bhrath, a láimhseáil, a mhaolú, freagairt orthu agus téarnamh uathu agus trí fheidhmiú mar a malartán faisnéise cibearshlándála agus mar a mol comhordúcháin chun freagairt ar theagmhais.

2.   Déanfaidh CERT-EU faisnéis maidir le cibearbhagairtí, leochaileachtaí agus teagmhais a bhaineann le bonneagar TFC neamh-rúnaicmithe a bhailiú, a bhainistiú, a anailísiú agus a chomhroinnt le heintitis an Aontais. Déanfaidh sé freagairtí ar theagmhais ar leibhéal idirinstitiúideach agus ar leibhéal eintitis an Aontais a chomhordú, lena n-áirítear trí chúnamh oibríochtúil speisialaithe a sholáthar nó a chomhordú.

3.   Déanfaidh CERT-EU na cúraimí seo a leanas chun cabhrú le heintitis an Aontais:

(a)

tabharfaidh sé tacaíocht dóibh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus rannchuideoidh sé leis an gcomhordú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo trí bhíthin na mbeart a liostaítear in Airteagal 14(1) nó trí thuarascálacha ad hoc arna n-iarraidh ag IICB;

(b)

déanfaidh sé seirbhísí CSIRT caighdeánacha a thairiscint d’eintiteas an Aontais trí bhíthin pacáiste seirbhísí cibearshlándála a dtugtar tuairisc orthu ina chatalóg seirbhísí (seirbhísí bunlíne);

(c)

coinneoidh sé líonra piaraí agus comhpháirtithe ar bun chun tacú leis na seirbhísí mar a leagtar amach in Airteagail 17 agus 18;

(d)

tarraingeoidh sé aird IICB ar aon fhadhb a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus le cur chun feidhme na dtreoirlínte, na moltaí agus na nglaonna ar ghníomhaíocht;

(e)

ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 2, rannchuideoidh sé le feasacht staide cibearshlándála an Aontais i ndlúthchomhar le ENISA;

(f)

déanfaidh sé an bainistiú ar mhórtheagmhais a chomhordú;

(g)

gníomhóidh sé thar ceann eintitis an Aontais mar chomhionann an chomhordaitheora ainmnithe chun críocha nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí de bhun Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555;

(h)

soláthróidh sé scanadh réamhghníomhach neamhchunórach, arna iarraidh sin d’eintiteas an Aontais, ar chórais gréasán agus faisnéise eintiteas sin an Aontais a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu.

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e), a chomhroinnt le IICB, le líonra CSIRT agus le Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (EU INTCEN), i gcás inarb infheidhme agus inarb iomchuí, agus faoi réir coinníollacha rúndachta iomchuí.

4.   Féadfaidh CERT-EU, i gcomhréir le hAirteagal 17 nó le hAirteagal 18 de réir mar is iomchuí, oibriú i gcomhar leis na pobail ábhartha chibearshlándála laistigh den Aontas agus dá Bhallstáit, lena n-áirítear sna réimsí seo a leanas:

(a)

ullmhacht, comhordú teagmhas, malartú faisnéise agus freagairt ar ghéarchéimeanna ar an leibhéal teicniúil maidir le cásanna a bhaineann le heintitis an Aontais;

(b)

comhar oibríochtúil maidir le líonra CSIRT, lena n-áirítear maidir le cúnamh frithpháirteach;

(c)

faisnéis faoi chibearbhagairtí, lena n-áirítear feasacht staide;

(d)

aon ábhar lena dteastaíonn saineolas cibearshlándála teicniúil CERT-EU.

5.   Laistigh dá inniúlacht, rachaidh CERT-EU i mbun comhar struchtúrtha le ENISA maidir le fothú acmhainneachta, comhar oibríochtúil agus anailísí straitéiseacha fadtéarmacha ar chibearbhagairtí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/881. Féadfaidh CERT-EU oibriú i gcomhar le hIonad Cibearchoireachta na hEorpa de chuid Europol agus faisnéis a mhalartú leis.

6.   Féadfaidh CERT-EU na seirbhísí seo a leanas, nach dtugtar tuairisc orthu ina chatalóg seirbhísí (seirbhísí inmhuirearaithe), a sholáthar:

(a)

seirbhísí lena dtacaítear le cibearshlándáil thimpeallacht TFC eintitis an Aontais, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i mír 3, ar bhonn comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse agus faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil, go háirithe faireachán speictrim leathain ar an ngréasán, lena n-áirítear faireachán 24/7 ar an gcéad líne i gcás cibearbhagairtí ard-déine;

(b)

seirbhísí lena dtacaítear le hoibríochtaí nó tionscadail chibearshlándála eintitis an Aontais, cé is moite díobh siúd lena dtugtar cosaint dá dtimpeallachtaí TFC, ar bhonn comhaontuithe i scríbhinn agus le formheas roimh ré ó IICB;

(c)

arna iarraidh sin, scanadh réamhghníomhach ar chórais gréasán agus faisnéise eintiteas an Aontais lena mbaineann chun leochaileachtaí a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu a bhrath;

(d)

seirbhísí lena dtacaítear le slándáil a dtimpeallachta TFC d’eagraíochtaí seachas na heintitis de chuid an Aontais a oibríonn i ndlúthchomhar le heintitis an Aontais, mar shampla trí chúraimí nó freagrachtaí a thabhairt faoi dhlí an Aontais, ar bhonn comhaontuithe i scríbhinn agus le formheas roimh ré ó IICB.

Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (d), féadfaidh CERT-EU, ar bhonn eisceachtúil, comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a dhéanamh le heintitis seachas na heintitis de chuid an Aontais le formheas roimh ré ó IICB.

7.   Déanfaidh CERT-EU cleachtaí cibearshlándála a eagrú agus féadfaidh sé a bheith rannpháirteach iontu nó féadfaidh sé rannpháirtíocht i gcleachtaí atá ann cheana a mholadh, i gcás inarb infheidhme i ndlúthchomhar le ENISA, chun leibhéal cibearshlándála eintitis an Aontais a thástáil.

8.   Féadfaidh CERT-EU cúnamh a chur ar fáil d’eintitis an Aontais maidir le teagmhais i gcórais gréasán agus faisnéise a láimhseálann FRAE, i gcás ina n-iarrann eintitis an Aontais lena mbaineann go sainráite air é sin a dhéanamh i gcomhréir lena nósanna imeachta faoi seach. beidh an cúnamh a chuireann CERT-EU ar fáil faoin mír seo gan dochar do rialacha infheidhme a bhaineann le cosaint faisnéise rúnaicmithe.

9.   Cuirfidh CERT-EU eintitis an Aontais ar an eolas faoina nósanna imeachta agus a phróisis láimhseála teagmhais.

10.   Rannchuideoidh CERT-EU, le hardleibhéal rúndachta agus iontaofachta, trí na sásraí comhair agus na línte tuairiscithe iomchuí, trí fhaisnéis ábhartha agus anaithnidithe faoi mhórtheagmhais agus faoin mbealach inar láimhseáladh iad. Áireofar an fhaisnéis sin sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 10(14).

11.   Déanfaidh CERT-EU, i gcomhar le MECS, tacaíocht a thabhairt d'eintitis an Aontais lena mbaineann agus aghaidh á tabhairt ar theagmhais as a dtagann sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta, gan dochar d’inniúlacht agus do chúraimí MECS mar údarás maoirseachta de bhun Rialachán (AE) 2018/1725.

12.   Féadfaidh CERT-EU, má iarrann ranna beartais eintitis an Aontais air go sainráite déanamh amhlaidh, comhairle theicniúil nó ionchur teicniúil a thabhairt maidir le hábhair bheartais ábhartha.

Airteagal 15

Ceann CERT-EU

1.   Tar éis formheas a fháil ó thromlach dhá thrian de chomhaltaí IICB, déanfaidh an Coimisiún Ceann CERT-EU a cheapadh. Rachfar i gcomhairle le IICB ag gach céim den nós imeachta ceapacháin, go háirithe maidir le fógraí folúntais a dhréachtú, iarratais a scrúdú, agus baill a cheapadh ar bhoird roghnúcháin i ndáil leis an bpost. Maidir leis an nós imeachta roghnúcháin, lena n-áirítear gearrliosta deiridh na n-iarrthóirí óna bhfuil Ceann CERT-EU le ceapadh, áiritheofar ionadaíocht chothrom ar gach inscne, agus na hiarratais a chuirtear isteach á gcur san áireamh.

2.   beidh Ceann CERT-EU freagrach as feidhmiú cuí CERT-EU, agus gníomhóidh sé nó sí laistigh de shainchúram an róil a bheidh aige nó aici agus faoi stiúir IICB. Tuairisceoidh Ceann CERT-EU go rialta do Chathaoirleach IICB agus cuirfidh sé tuarascálacha ad hoc faoi bhráid IICB arna iarraidh sin dó.

3.   Cuideoidh Ceann CERT-EU leis an oifigeach freagrach údarúcháin trí tharmligean maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a dhréachtú ina mbeidh faisnéis airgeadais agus bainistíochta, lena n-áirítear torthaí na rialuithe, arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 74(9) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus tuairisceoidh Ceann CERT-EU go rialta don oifigeach údarúcháin trí tharmligean maidir le cur chun feidhme na mbeart i leith cé acu cumhachtaí atá fo-tharmligthe chuig Ceann CERT-EU.

4.   Tarraingeoidh Ceann CERT-EU suas, ar bhonn bliantúil, pleanáil airgeadais maidir le hioncam agus caiteachas riaracháin maidir lena ghníomhaíochtaí, clár oibre bliantúil atá beartaithe, catalóg seirbhíse atá beartaithe le haghaidh CERT-EU, athbhreithnithe atá beartaithe a dhéanamh ar an gcatalóg seirbhíse, socruithe atá beartaithe le haghaidh comhaontuithe ar leibhéil seirbhíse agus KPInna atá beartaithe le haghaidh CERT-EU, a bheidh le formheas ag IICB i gcomhréir le hAirteagal 11. Agus athbhreithniú á dhéanamh ar liosta na seirbhísí i gcatalóg seirbhíse CERT-EU, cuirfidh Ceann CERT-EU san áireamh na hacmhainní a leithdháiltear ar CERT-EU.

5.   Déanfaidh Ceann CERT-EU tuarascálacha a chur faoi bhráid IICB agus Chathaoirleach IICB uair sa bhliain ar a laghad maidir le gníomhaíochtaí agus feidhmíocht CERT-EU le linn na tréimhse tagartha, lena n-áirítear maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, comhaontuithe ar leibhéil seirbhíse agus comhaontuithe i scríbhinn atá déanta, comhar le contrapháirtithe agus comhpháirtithe, agus misin arna ndéanamh ag an bhfoireann, lena n-áirítear na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 11. Áireofar ar na tuarascálacha sin clár oibre don tréimhse ina dhiaidh sin, pleanáil airgeadais maidir le hioncam agus caiteachas, lena n-áirítear soláthar foirne, nuashonruithe atá pleanáilte a dhéanamh ar chatalóg seirbhíse CERT-EU agus measúnú ar an tionchar a mheastar a bheith ag na nuashonruithe sin maidir le hacmhainní airgeadais agus daonna.

Airteagal 16

Cúrsaí airgeadais agus foirne

1.   Déanfar CERT-EU a chomhtháthú i struchtúr riaracháin ard-stiúrthóireacht an Choimisiúin chun tairbhe a bhaint as struchtúir tacaíochta riaracháin, bainistíochta airgeadais agus cuntasaíochta an Choimisiúin, agus a stádas mar sholáthraí seirbhíse idirinstitiúideach uathrialaitheach á choimeád i gcás eintitis uile an Aontais. Cuirfidh an Coimisiún IICB ar an eolas faoi shuíomh riaracháin CERT-EU agus faoi aon athruithe a dhéanfar ina leith. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na socruithe riaracháin a bhaineann le CERT-EU ar bhonn rialta agus in aon chás sula mbunófar aon chreat airgeadais ilbhliantúil de bhun Airteagal 312 CFAE, chun go bhféadfar beart iomchuí a dhéanamh. Áireofar san athbhreithniú sin an fhéidearthacht CERT-EU a bhunú mar oifig de chuid an Aontais.

2.   Chun nósanna imeachta riaracháin agus airgeadais a chur i bhfeidhm, gníomhóidh Ceann CERT-EU faoi údarás an Choimisiúin agus faoi mhaoirseacht IICB.

3.   Maidir le cúraimí agus gníomhaíochtaí CERT-EU, lena n-áirítear na seirbhísí arna soláthar ag CERT-EU de bhun Airteagal 13(3), (4), (5) agus (7) agus Airteagal 14(1) d’eintitis an Aontais arna maoiniú ón gceannteideal den chreat airgeadais ilbhliantúil atá tiomnaithe don riarachán poiblí Eorpach, déanfar iad a chistiú trí bhíthin sainlíne buiséid de bhuiséad an Choimisiúin. Tabharfar mionsonraí ar phoist atá curtha in áirithe do CERT-EU i bhfonóta a ghabhann le plean bunaíochta an Choimisiúin.

4.   Déanfaidh eintitis an Aontais, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ranníocaíochtaí bliantúla le CERT-EU chun na seirbhísí arna soláthar ag CERT-EU de bhun na míre sin a chumhdach. beidh na ranníocaíochtaí bunaithe ar threoracha a thabharfaidh IICB agus a chomhaontófar le gach eintiteas de chuid an Aontais agus le CERT-EU i gcomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse. Cion cothrom agus comhréireach de chostais iomlán na seirbhísí a sholáthraítear a bheidh sna ranníocaíochtaí. Déanfar iad a iontráil mar ioncam sannta inmheánach sa tsainlíne bhuiséid dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 21(3), pointe (c) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

5.   Déanfar costais na gcúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 13(6) a aisghabháil ó eintitis an Aontais a fhaigheann seirbhísí CERT-EU. Sannfar an t-ioncam do na línte buiséid faoina gcumhdaítear na costais.

Airteagal 19

Láimhseáil faisnéise

1.   Déanfaidh CERT-EU agus eintitis an Aontais an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil a urramú i gcomhréir le hAirteagal 339 CFAE nó le creataí coibhéiseacha is infheidhme.

2.   beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid atá i seilbh CERT-EU, lena n-áirítear an oibleagáid faoin Rialachán sin dul i gcomhairle le heintitis eile an Aontais, nó, i gcás inarb ábhartha, leis na Ballstáit, aon uair a bhaineann an iarraidh lena ndoiciméid.

3.   beidh an láimhseáil faisnéise ag eintitis an Aontais agus ag CERT-EU i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le slándáil faisnéise.

Airteagal 20

Socruithe um chomhroinnt faisnéise maidir leis an gcibearshlándáil

1.   Féadfaidh eintitis an Aontais, ar bhonn deonach, fógra a thabhairt do CERT-EU faoi theagmhais, cibearbhagairtí, neasteagmhais agus leochaileachtaí lena ndéantar difear dóibh, agus faisnéis a sholáthar dó ina leith sin. Áiritheoidh CERT-EU go mbeidh modhanna éifeachtúla cumarsáide, ag a mbeidh ardleibhéal inrianaitheachta, rúndachta agus iontaofachta, ar fáil chun comhroinnt faisnéise le heintitis an Aontais a éascú. Agus fógraí á bpróiseáil, féadfaidh CERT-EU tosaíocht a thabhairt d’fhógraí sainordaitheacha a phróiseáil thar fhógraí deonacha. Gan dochar d’Airteagal 12, ní fhorchuirfear le fógra deonach aon oibleagáid bhreise ar eintiteas tuairiscithe sin an Aontais nach mbeadh sé faoina réir mura mbeadh an fógra tíolactha aige.

2.   Chun a mhisean agus a chúraimí a thugtar de bhun Airteagal 13 a chomhlíonadh, féadfaidh CERT-EU a iarraidh ar eintitis an Aontais faisnéis a sholáthar dó óna bhfardail córas TFC faoi seach, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le cibearbhagairtí, neasteagmhais, leochaileachtaí, táscairí comhréitigh, foláirimh chibearshlándála agus moltaí maidir le cumraíocht uirlisí cibearshlándála chun teagmhais a bhrath. Déanfaidh eintiteas iarrtha an Aontais an fhaisnéis a iarrtar a tharchur, agus aon nuashonruithe uirthi ina dhiaidh sin, gan moill mhíchuí.

3.   Maidir le faisnéis teagmhas-sonrach a mhalartú le heintitis an Aontais lena nochtar céannacht eintiteas an Aontais dá ndéantar difear leis an teagmhas, féadfaidh CERT-EU an fhaisnéis sin a mhalartú ar choinníoll go dtugann eintiteas an Aontais dá ndéantar difear dó a thoiliú. I gcás ina ndéanann eintiteas an Aontais a thoiliú a choinneáil siar, tabharfaidh sé cúiseanna do CERT-EU a thugann bunús leis an gcinneadh sin.

4.   Déanfaidh eintitis an Aontais, arna iarraidh sin dóibh, faisnéis a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle maidir le tabhairt chun críche na bpleananna cibearshlándála.

5.   Déanfaidh IICB nó CERT-EU, de réir mar is infheidhme, arna iarraidh sin dóibh, treoirlínte, moltaí agus glaonna ar ghníomhaíocht a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

6.   Ní áireofar an méid seo a leanas ar na hoibleagáidí comhroinnte faisnéise a leagtar síos san Airteagal:

(a)

FRAE;

(b)

faisnéis a bhfuil a dáileadh breise eisiata trí bhíthin marcáil infheicthe, mura bhfuil comhroinnt na faisnéise sin le CERT-EU ceadaithe go sainráite.

Airteagal 21

Oibleagáidí tuairiscithe

1.   Measfar teagmhas a bheith suntasach más rud é gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

go bhfuil sé ina chúis nó gur féidir leis a bheith ina chúis le mórshuaitheadh oibríochtúil ar fheidhmiú an eintitis sin an Aontais lena mbaineann nó ina chúis le caillteanas airgeadais don eintiteas sin;

(b)

go bhfuil difear déanta aige do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile nó gur féidir leis difear a dhéanamh dóibh trí dhamáiste suntasach ábhartha nó neamhábhartha a dhéanamh.

2.   Cuirfidh eintitis an Aontais an méid seo a leanas faoi bhráid CERT-EU:

(a)

gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis dóibh teacht ar an eolas faoin teagmhas suntasach, luathrabhadh, ina léireofar, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil amhras ann gur tharla an teagmhas suntasach mar gheall ar ghníomhartha neamhdhleathacha nó mailíseacha nó an bhféadfadh tionchar tras-eintitis nó trasteorann a bheith aige;

(b)

gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis dóibh teacht ar an eolas faoin teagmhas suntasach, fógra teagmhais, lena ndéanfar, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a nuashonrú agus measúnú tosaigh ar an teagmhas suntasach, lena n-áirítear a dhéine agus a thionchar, agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, táscairí an chomhréitigh a léiriú;

(c)

arna iarraidh sin do CERT-EU, tuarascáil idirmheánach maidir le nuashonruithe ábhartha ar stádas;

(d)

tuarascáil chríochnaitheach tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an fógra teagmhais a thíolacadh faoi phointe (b), lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

tuairisc mhionsonraithe ar an teagmhas, lena n-áirítear a dhéine agus a thionchar;

(ii)

an cineál bagartha nó an bhunchúis ar dócha gur spreag sé an teagmhas;

(iii)

bearta maolaithe atá curtha i bhfeidhm agus bearta maolaithe leanúnacha;

(iv)

i gcás inarb infheidhme, tionchar trasteorann nó tras-eintitis an teagmhais;

(e)

i gcás teagmhas leanúnach tráth thíolacadh na tuarascála críochnaithí dá dtagraítear i bpointe (d), tuarascáil ar dhul chun cinn an tráth sin agus tuarascáil chríochnaitheach laistigh d’aon mhí amháin tar éis dóibh an teagmhas a láimhseáil.

3.   Déanfaidh eintiteas an Aontais, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis dó teacht ar an eolas faoi theagmhas suntasach, aon chontrapháirtí ábhartha ó na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 17(1) sa Bhallstát ina bhfuil sé lonnaithe a chur ar an eolas gur tharla teagmhas suntasach.

4.   Tabharfaidh eintitis sin an Aontais fógra, inter alia, faoi aon fhaisnéis lena gcuirfear ar a chumas do CERT-EU aon tionchar tras-eintitis, aon tionchar ar an mBallstát óstach nó aon tionchar trasteorann a chinneadh tar éis teagmhas suntasach. Gan dochar d’Airteagal 12, trí fhógra a thabhairt ní fhágfar go mbeidh eintiteas an Aontais faoi réir dliteanas méadaithe.

5.   I gcás inarb infheidhme, cuirfidh eintitis an Aontais in iúl, gan moill mhíchuí, d’úsáideoirí na gcóras gréasán agus faisnéise dá ndéantar difear, nó na gcomhpháirteanna eile den timpeallacht TFC, a bhféadfadh teagmhas suntasach nó cibearbhagairt shuntasach difear a dhéanamh dóibh, agus, i gcás inarb iomchuí, go bhfuil gá le bearta maolaithe a chur i gcrích, aon bhearta nó leigheasanna is féidir leo a dhéanamh mar fhreagairt ar an teagmhas nó ar an mbagairt sin. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh eintitis an Aontais na húsáideoirí sin ar an eolas faoin gcibearbhagairt shuntasach féin.

6.   I gcás ina ndéanann teagmhas suntasach nó cibearbhagairt shuntasach difear do chóras gréasán agus faisnéise, nó do chomhpháirt de thimpeallacht TFC eintiteas an Aontais atá nasctha go feasach le timpeallacht TFC eintitis eile an Aontais, deanfaidh CERT-EU foláireamh ábhartha cibearshlándála a eisiúint.

7.   Déanfaidh eintitis an Aontais, arna iarraidh sin do CERT-EU, faisnéis dhigiteach a sholáthar do CERT-EU gan moill mhíchuí, ar faisnéis í a chruthaítear trí úsáid a bhaint as gairis leictreonacha a bhfuil baint acu lena dteagmhais faoi seach. Féadfaidh CERT-EU tuilleadh mionsonraí a chur ar fáil maidir le cineálacha na faisnéise a éilíonn sé le haghaidh feasacht staide agus freagairt ar theagmhais.

8.   Gach 3 mhí, cuirfidh CERT-EU tuarascáil achomair faoi bhráid IICB, ENISA, EU INTCEN agus líonra CSIRT, lena n-áirítear sonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe maidir le teagmhais shuntasacha, teagmhais, cibearbhagairtí, neasteagmhais agus leochaileachtaí de bhun Airteagal 20 agus teagmhais shuntasacha ar tugadh fógra fúthu de bhun mhír 2 den Airteagal seo. beidh an tuarascáil sin ina hionchur sa tuarascáil dhébhliantúil ar staid na cibearshlándála san Aontas arna glacadh de bhun Airteagal 18 de Threoir (AE) 2022/2555.

9.   Faoin 8 Iúil 2024, eiseoidh IICB treoirlínte nó moltaí ina sonrófar tuilleadh na socruithe le haghaidh an tuairiscithe agus formáid agus ábhar an tuairiscithe de bhun an Airteagail seo. Agus treoirlínte nó moltaí den sórt sin á n-ullmhú, cuirfidh IICB san áireamh aon ghníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 23(11) de Threoir (AE) 2022/2555 lena sonraítear an cineál faisnéise, an fhormáid agus an nós imeachta um fhógraí a thabhairt. Scaipfidh CERT-EU na mionsonraí ábhartha teicniúla chun a chur ar a gcumas d’eintitis an Aontais bearta braite réamhghníomhaí, bearta freagartha ar theagmhais nó bearta maolaitheacha a dhéanamh.

10.   Ní áireofar an méid seo a leanas ar na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos san Airteagal:

(a)

FRAE;

(b)

faisnéis a bhfuil a dáileadh breise eisiata trí bhíthin marcáil infheicthe, mura bhfuil comhroinnt na faisnéise sin le CERT-EU ceadaithe go sainráite.

Airteagal 24

Ath-leithdháileadh an bhuiséid tosaigh

Chun feidhmiú cuí agus cobhsaí CERT-EU a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndéanfar baill foirne agus acmhainní airgeadais a ath-leithdháileadh ar bhuiséad an Choimisiúin lena n-úsáid in oibríochtaí CERT-EU. beidh éifeacht ag an ath-leithdháileadh an tráth céanna a ghlacfar an chéad bhuiséad de chuid an Aontais tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 25

Athbhreithniú

1.   Faoin 8 Eanáir 2025, agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, tuairisceoidh IICB, le cúnamh ó CERT-EU, don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo Féadfaidh IICB moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin i dtaobh athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo.

2.   Faoin 8 Eanáir 2027 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar an taithí a fuarthas ar leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil agus déanfaidh sé an méid sin a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún.

Sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, áireofar an mheastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 16(1) maidir leis an bhféidearthacht CERT-EU a bhunú mar oifig de chuid an Aontais.

3.   Faoin 8 Eanáir 2029, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht freisin ar a iomchuí atá sé córais gréasán agus faisnéise lena láimhseáiltear FRAE a áireamh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, agus gníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais is infheidhme i leith na gcóras sin á gcur san áireamh. I gcás inar gá, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Nollaig 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2023.

(2)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).

(3)  Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).

(4)  Socrú idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta maidir le foireann phráinnfhreagartha ríomhaire d'institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) a eagrú agus a oibriú (IO C 12, 13.1.2018, lch. 1).

(5)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(6)  Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)   IO C 258, 5.7.2022, lch. 10.

(9)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2841/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)



whereas









keyboard_arrow_down