search


keyboard_tab Cyber Resilience Act 2023/2841 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2841 GA cercato: 'coimisiún' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index coimisiún:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    BEARTA LE HAGHAIDH ARDLEIBHÉAL COMHCHOITEANN CIBEARSHLÁNDÁLA

    CAIBIDIL III
    AN BORD IDIRINSTITIÚIDEACH UM CHIBEARSHLÁNDÁIL

    CAIBIDIL IV
    CERT-EU

    CAIBIDIL V
    OIBLEAGAIDI MAIDIR LE COMHAR AGUS TUAIRISCIU

    CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas coimisiún:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 697

 

Airteagal 10

An Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil

1.   Leis seo, bunaítear Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil (IICB).

2.   Beidh IICB freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ag eintitis an Aontais agus tacaíocht a thabhairt ina leith sin;

(b)

maoirseacht a dhéanamh ar na tosaíochtaí agus cuspóirí ginearálta arna gcur chun feidhme ag CERT-EU agus treoir straitéiseach a chur ar fáil do CERT-EU.

3.   Is éard a bheidh in IICB:

(a)

ionadaí amháin ainmnithe ag gach ceann díobh seo a leanas:

(i)

Parlaimint na hEorpa;

(ii)

an Chomhairle Eorpach;

(iii)

Comhairle an Aontais Eorpaigh;

(iv)

an coimisiún;

(v)

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

(vi)

an Banc Ceannais Eorpach;

(vii)

an Chúirt Iniúchóirí;

(viii)

an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí;

(ix)

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa;

(x)

Coiste Eorpach na Réigiún;

(xi)

an Banc Eorpach Infheistíochta;

(xii)

an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála;

(xiii)

ENISA;

(xiv)

an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS);

(xv)

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

(b)

triúr ionadaithe arna n-ainmniú ag Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais (EUAN), ar bhonn moladh óna Choiste Comhairleach TFC, chun ionadaíocht a dhéanamh do leasanna na gcomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a reáchtálann a dtimpeallacht TFC féin, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i bpointe (a).

Beidh sé d’aidhm ag eintitis an Aontais a bhfuil ionadaíocht acu ar IICB cothromaíocht inscne a bhaint amach i measc na n-ionadaithe ainmnithe.

4.   Féadfaidh comhaltaí IICB cúnamh a fháil ó chomhalta malartach. Féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar ionadaithe eile ó eintitis an Aontais dá dtagraítear i mír 3 nó ó eintitis eile an Aontais freastal ar chruinnithe IICB, gan cearta vótála a bheith acu.

5.   Féadfaidh Ceann CERT-AE agus Cathaoirligh an Ghrúpa Comhair, líonra CSIRT agus EU-CyCLONe arna mbunú faoi seach, de bhun Airteagail 14, 15 agus 16 de Threoir (AE) 2022/2555, nó a gcomhaltaí malartacha, a bheith rannpháirteach i gcruinnithe IICB mar bhreathnóirí. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh IICB a mhalairt a chinneadh, i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB.

6.   Glacfaidh IICB a rialacha nós imeachta inmheánacha.

7.   Ainmneoidh IICB Cathaoirleach, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta inmheánacha, as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse 3 bliana. Beidh comhalta malartach an Chathaoirligh ina lánchomhalta de IICB ar feadh na tréimhse céanna.

8.   Tiocfaidh IICB le chéile ar a laghad trí huaire sa bhliain ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin do CERT-EU nó arna iarraidh sin d’aon cheann dá chomhaltaí.

9.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta de IICB. Glacfar cinntí IICB le tromlach simplí ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. Ní bheidh vóta ag Cathaoirleach IICB ach amháin i gcás comhionannas vótaí, féadfaidh an Cathaoirleach vóta réitigh a chaitheamh sa chás sin.

10.   Féadfaidh IICB gníomhú trí bhíthin nós imeachta simplithe i scríbhinn arna thionscnamh i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB. Faoin nós imeachta sin, measfar an cinneadh ábhartha a bheith formheasta laistigh den tréimhse ama arna socrú ag an gCathaoirleach, seachas i gcás ina gcuireann comhalta ina choinne.

11.   Is é an coimisiún a chuirfidh an rúnaíocht ar fáil do IICB agus beidh sí cuntasach do Chathaoirleach IICB.

12.   Déanfaidh na hionadaithe arna n-ainmniú ag EUAN cinntí IICB a chur ar aghaidh chuig comhaltaí EUAN. Beidh aon chomhalta de EUAN i dteideal aon ábhar a tharraingt anuas leis na hionadaithe sin nó le Cathaoirleach IICB a measfaidh an comhalta ina leith gur cheart é a chur faoi bhráid IICB.

13.   Féadfaidh IICB coiste feidhmiúcháin a bhunú chun cúnamh a thabhairt dó ina chuid oibre agus féadfaidh sé roinnt dá chúraimí agus dá chumhachtaí a tharmligean chuige. Déanfaidh IICB rialacha nós imeachta an choiste feidhmiúcháin, lena n-áirítear a chúraimí agus a chumhachtaí agus téarmaí oifige a chomhaltaí a leagan síos.

14.   Faoin 8 Eanáir 2025 agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh IICB tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina sonrófar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus ina sonrófar go háirithe méid chomhar CERT-EU le contrapháirtithe ó na Ballstáit i ngach ceann de na Ballstáit. Beidh an tuarascáil sin ina hionchur sa tuarascáil dhébhliantúil ar staid na cibearshlándála san Aontas arna glacadh de bhun Airteagal 18 de Threoir (AE) 2022/2555.

Airteagal 15

Ceann CERT-EU

1.   Tar éis formheas a fháil ó thromlach dhá thrian de chomhaltaí IICB, déanfaidh an coimisiún Ceann CERT-EU a cheapadh. Rachfar i gcomhairle le IICB ag gach céim den nós imeachta ceapacháin, go háirithe maidir le fógraí folúntais a dhréachtú, iarratais a scrúdú, agus baill a cheapadh ar bhoird roghnúcháin i ndáil leis an bpost. Maidir leis an nós imeachta roghnúcháin, lena n-áirítear gearrliosta deiridh na n-iarrthóirí óna bhfuil Ceann CERT-EU le ceapadh, áiritheofar ionadaíocht chothrom ar gach inscne, agus na hiarratais a chuirtear isteach á gcur san áireamh.

2.   Beidh Ceann CERT-EU freagrach as feidhmiú cuí CERT-EU, agus gníomhóidh sé nó sí laistigh de shainchúram an róil a bheidh aige nó aici agus faoi stiúir IICB. Tuairisceoidh Ceann CERT-EU go rialta do Chathaoirleach IICB agus cuirfidh sé tuarascálacha ad hoc faoi bhráid IICB arna iarraidh sin dó.

3.   Cuideoidh Ceann CERT-EU leis an oifigeach freagrach údarúcháin trí tharmligean maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a dhréachtú ina mbeidh faisnéis airgeadais agus bainistíochta, lena n-áirítear torthaí na rialuithe, arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 74(9) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus tuairisceoidh Ceann CERT-EU go rialta don oifigeach údarúcháin trí tharmligean maidir le cur chun feidhme na mbeart i leith cé acu cumhachtaí atá fo-tharmligthe chuig Ceann CERT-EU.

4.   Tarraingeoidh Ceann CERT-EU suas, ar bhonn bliantúil, pleanáil airgeadais maidir le hioncam agus caiteachas riaracháin maidir lena ghníomhaíochtaí, clár oibre bliantúil atá beartaithe, catalóg seirbhíse atá beartaithe le haghaidh CERT-EU, athbhreithnithe atá beartaithe a dhéanamh ar an gcatalóg seirbhíse, socruithe atá beartaithe le haghaidh comhaontuithe ar leibhéil seirbhíse agus KPInna atá beartaithe le haghaidh CERT-EU, a bheidh le formheas ag IICB i gcomhréir le hAirteagal 11. Agus athbhreithniú á dhéanamh ar liosta na seirbhísí i gcatalóg seirbhíse CERT-EU, cuirfidh Ceann CERT-EU san áireamh na hacmhainní a leithdháiltear ar CERT-EU.

5.   Déanfaidh Ceann CERT-EU tuarascálacha a chur faoi bhráid IICB agus Chathaoirleach IICB uair sa bhliain ar a laghad maidir le gníomhaíochtaí agus feidhmíocht CERT-EU le linn na tréimhse tagartha, lena n-áirítear maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, comhaontuithe ar leibhéil seirbhíse agus comhaontuithe i scríbhinn atá déanta, comhar le contrapháirtithe agus comhpháirtithe, agus misin arna ndéanamh ag an bhfoireann, lena n-áirítear na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 11. Áireofar ar na tuarascálacha sin clár oibre don tréimhse ina dhiaidh sin, pleanáil airgeadais maidir le hioncam agus caiteachas, lena n-áirítear soláthar foirne, nuashonruithe atá pleanáilte a dhéanamh ar chatalóg seirbhíse CERT-EU agus measúnú ar an tionchar a mheastar a bheith ag na nuashonruithe sin maidir le hacmhainní airgeadais agus daonna.

Airteagal 16

Cúrsaí airgeadais agus foirne

1.   Déanfar CERT-EU a chomhtháthú i struchtúr riaracháin ard-stiúrthóireacht an Choimisiúin chun tairbhe a bhaint as struchtúir tacaíochta riaracháin, bainistíochta airgeadais agus cuntasaíochta an Choimisiúin, agus a stádas mar sholáthraí seirbhíse idirinstitiúideach uathrialaitheach á choimeád i gcás eintitis uile an Aontais. Cuirfidh an coimisiún IICB ar an eolas faoi shuíomh riaracháin CERT-EU agus faoi aon athruithe a dhéanfar ina leith. Déanfaidh an coimisiún athbhreithniú ar na socruithe riaracháin a bhaineann le CERT-EU ar bhonn rialta agus in aon chás sula mbunófar aon chreat airgeadais ilbhliantúil de bhun Airteagal 312 CFAE, chun go bhféadfar beart iomchuí a dhéanamh. Áireofar san athbhreithniú sin an fhéidearthacht CERT-EU a bhunú mar oifig de chuid an Aontais.

2.   Chun nósanna imeachta riaracháin agus airgeadais a chur i bhfeidhm, gníomhóidh Ceann CERT-EU faoi údarás an Choimisiúin agus faoi mhaoirseacht IICB.

3.   Maidir le cúraimí agus gníomhaíochtaí CERT-EU, lena n-áirítear na seirbhísí arna soláthar ag CERT-EU de bhun Airteagal 13(3), (4), (5) agus (7) agus Airteagal 14(1) d’eintitis an Aontais arna maoiniú ón gceannteideal den chreat airgeadais ilbhliantúil atá tiomnaithe don riarachán poiblí Eorpach, déanfar iad a chistiú trí bhíthin sainlíne buiséid de bhuiséad an Choimisiúin. Tabharfar mionsonraí ar phoist atá curtha in áirithe do CERT-EU i bhfonóta a ghabhann le plean bunaíochta an Choimisiúin.

4.   Déanfaidh eintitis an Aontais, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ranníocaíochtaí bliantúla le CERT-EU chun na seirbhísí arna soláthar ag CERT-EU de bhun na míre sin a chumhdach. Beidh na ranníocaíochtaí bunaithe ar threoracha a thabharfaidh IICB agus a chomhaontófar le gach eintiteas de chuid an Aontais agus le CERT-EU i gcomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse. Cion cothrom agus comhréireach de chostais iomlán na seirbhísí a sholáthraítear a bheidh sna ranníocaíochtaí. Déanfar iad a iontráil mar ioncam sannta inmheánach sa tsainlíne bhuiséid dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 21(3), pointe (c) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

5.   Déanfar costais na gcúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 13(6) a aisghabháil ó eintitis an Aontais a fhaigheann seirbhísí CERT-EU. Sannfar an t-ioncam do na línte buiséid faoina gcumhdaítear na costais.

Airteagal 17

Comhar CERT-EU le contrapháirtithe ó na Ballstáit

1.   Oibreoidh CERT-EU, gan moill mhíchuí, i gcomhar le contrapháirtithe náisiúnta ó na Ballstáit agus malartóidh sé faisnéis leo, go háirithe CSIRTanna arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 10 de Threoir (AE) 2022/2555, nó, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis inniúla agus na pointí teagmhála aonair atá ainmnithe nó bunaithe de bhun Airteagal 8 den Treoir sin, maidir le teagmhais, cibearbhagairtí, leochaileachtaí, neasteagmhais, frithbhearta féideartha chomh maith le dea-chleachtais agus maidir le gach ábhar is ábhartha chun feabhas a chur ar chosaint thimpeallachtaí TFC eintitis an Aontais, lena n-áirítear trí bhíthin líonra CSIRT arna bhunú de bhun Airteagal 15 de Threoir (AE) 2022/2555. Tacóidh CERT-AE leis an gcoimisiún in EU-CyCLONe arna bunú de bhun Airteagal 16 de Threoir (AE) 2022/2555 maidir leis an mbainistiú comhordaithe ar theagmhais mórscála chibearshlándála agus ar ghéarchéimeanna.

2.   I gcás ina bhfuil CERT-EU ar an eolas faoi theagmhais shuntasacha a tharlaíonn laistigh de chríoch Ballstáit, déanfaidh CERT-EU, gan mhoill, fógra a thabhairt d’aon chontrapháirtí ábhartha ón mBallstát sin, i gcomhréir le mír 1.

3.   Ar choinníoll go gcosnófar sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme maidir le cosaint sonraí, déanfaidh CERT-EU, gan moill mhíchuí, faisnéis ábhartha a bhaineann go sonrach le teagmhas a mhalartú le contrapháirtithe ó na Ballstáit, chun éascú a dhéanamh ar chibearbhagairtí nó ar chibeartheagmhais chomhchosúla a bhrath, nó chun rannchuidiú leis an anailís ar theagmhas, gan údarú a fháil ón eintiteas de chuid an Aontais dá ndéantar difear. Ní dhéanfaidh CERT-EU faisnéis teagmhas-sonrach a mhalartú lena nochtar céannacht an eintitis ar ar díríodh an teagmhas ach amháin i gcás ceann de na himthosca seo a leanas:

(a)

go dtugann eintiteas an Aontais dá ndéantar difear toiliú ina leith;

(b)

nach dtugann eintiteas an Aontais dá ndéantar difear toiliú ina leith mar a fhoráiltear i bpointe (a) ach le nochtadh chéannacht an eintitis sin an Aontais dá ndéantar difear go méadófaí an dóchúlacht go seachnófaí nó go maolófaí teagmhais in áit eile.

(c)

go bhfuil sé curtha ar fáil go poiblí cheana ag eintiteas an Aontais dá ndéantar difear go ndearnadh difear dó.

Déanfaidh Ceann CERT-EU cinntí maidir le faisnéis teagmhas-sonrach a mhalartú lena nochtar céannacht eintiteas an teagmhais de bhun na chéad fhomhíre, pointe (b), a fhormhuiniú. Sula n-eiseofar an cinneadh sin, rachaidh CERT-EU i dteagmháil i scríbhinn le heintiteas an Aontais dá ndéantar difear, agus míneoidh sé go soiléir conas a chabhródh nochtadh a chéannachta le teagmhais a sheachaint nó a mhaolú in áit eile. Cuirfidh Ceann CERT-EU an míniú ar fáil agus iarrfaidh Ceann CERT-EU go sainráite ar eintiteas an Aontais a chur in iúl cibé acu an dtugann Ceann CERT-EU toiliú ina leith nó nach dtugann laistigh de thréimhse shocraithe ama. Cuirfidh Ceann CERT-EU in iúl freisin d’eintiteas an Aontais, i bhfianaise an mhínithe atá curtha ar fáil, go bhforchoimeádann sé nó sí an ceart an fhaisnéis a nochtadh fiú in éagmais toilithe. Cuirfear eintiteas sin an Aontais dá ndéantar difear ar an eolas sula nochtfar an fhaisnéis.

Airteagal 24

Ath-leithdháileadh an bhuiséid tosaigh

Chun feidhmiú cuí agus cobhsaí CERT-EU a áirithiú, féadfaidh an coimisiún a mholadh go ndéanfar baill foirne agus acmhainní airgeadais a ath-leithdháileadh ar bhuiséad an Choimisiúin lena n-úsáid in oibríochtaí CERT-EU. Beidh éifeacht ag an ath-leithdháileadh an tráth céanna a ghlacfar an chéad bhuiséad de chuid an Aontais tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 25

Athbhreithniú

1.   Faoin 8 Eanáir 2025, agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, tuairisceoidh IICB, le cúnamh ó CERT-EU, don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo Féadfaidh IICB moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin i dtaobh athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo.

2.   Faoin 8 Eanáir 2027 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an coimisiún measúnú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar an taithí a fuarthas ar leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil agus déanfaidh sé an méid sin a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún.

Sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, áireofar an mheastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 16(1) maidir leis an bhféidearthacht CERT-EU a bhunú mar oifig de chuid an Aontais.

3.   Faoin 8 Eanáir 2029, déanfaidh an coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Déanfaidh an coimisiún meastóireacht freisin ar a iomchuí atá sé córais gréasán agus faisnéise lena láimhseáiltear FRAE a áireamh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, agus gníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais is infheidhme i leith na gcóras sin á gcur san áireamh. I gcás inar gá, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Nollaig 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2023.

(2)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).

(3)  Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).

(4)  Socrú idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta maidir le foireann phráinnfhreagartha ríomhaire d'institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) a eagrú agus a oibriú (IO C 12, 13.1.2018, lch. 1).

(5)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(6)  Moladh (AE) 2017/1584 ón gcoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)   IO C 258, 5.7.2022, lch. 10.

(9)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gcoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2841/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)



whereas









keyboard_arrow_down