search


keyboard_tab Cyber Resilience Act 2023/2841 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2841 GA cercato: 'choimisiúin' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index choimisiúin:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    BEARTA LE HAGHAIDH ARDLEIBHÉAL COMHCHOITEANN CIBEARSHLÁNDÁLA

    CAIBIDIL III
    AN BORD IDIRINSTITIÚIDEACH UM CHIBEARSHLÁNDÁIL

    CAIBIDIL IV
    CERT-EU

    CAIBIDIL V
    OIBLEAGAIDI MAIDIR LE COMHAR AGUS TUAIRISCIU

    CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas choimisiúin:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 428

 

Airteagal 16

Cúrsaí airgeadais agus foirne

1.   Déanfar CERT-EU a chomhtháthú i struchtúr riaracháin ard-stiúrthóireacht an choimisiúin chun tairbhe a bhaint as struchtúir tacaíochta riaracháin, bainistíochta airgeadais agus cuntasaíochta an choimisiúin, agus a stádas mar sholáthraí seirbhíse idirinstitiúideach uathrialaitheach á choimeád i gcás eintitis uile an Aontais. Cuirfidh an Coimisiún IICB ar an eolas faoi shuíomh riaracháin CERT-EU agus faoi aon athruithe a dhéanfar ina leith. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na socruithe riaracháin a bhaineann le CERT-EU ar bhonn rialta agus in aon chás sula mbunófar aon chreat airgeadais ilbhliantúil de bhun Airteagal 312 CFAE, chun go bhféadfar beart iomchuí a dhéanamh. Áireofar san athbhreithniú sin an fhéidearthacht CERT-EU a bhunú mar oifig de chuid an Aontais.

2.   Chun nósanna imeachta riaracháin agus airgeadais a chur i bhfeidhm, gníomhóidh Ceann CERT-EU faoi údarás an choimisiúin agus faoi mhaoirseacht IICB.

3.   Maidir le cúraimí agus gníomhaíochtaí CERT-EU, lena n-áirítear na seirbhísí arna soláthar ag CERT-EU de bhun Airteagal 13(3), (4), (5) agus (7) agus Airteagal 14(1) d’eintitis an Aontais arna maoiniú ón gceannteideal den chreat airgeadais ilbhliantúil atá tiomnaithe don riarachán poiblí Eorpach, déanfar iad a chistiú trí bhíthin sainlíne buiséid de bhuiséad an choimisiúin. Tabharfar mionsonraí ar phoist atá curtha in áirithe do CERT-EU i bhfonóta a ghabhann le plean bunaíochta an choimisiúin.

4.   Déanfaidh eintitis an Aontais, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ranníocaíochtaí bliantúla le CERT-EU chun na seirbhísí arna soláthar ag CERT-EU de bhun na míre sin a chumhdach. Beidh na ranníocaíochtaí bunaithe ar threoracha a thabharfaidh IICB agus a chomhaontófar le gach eintiteas de chuid an Aontais agus le CERT-EU i gcomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse. Cion cothrom agus comhréireach de chostais iomlán na seirbhísí a sholáthraítear a bheidh sna ranníocaíochtaí. Déanfar iad a iontráil mar ioncam sannta inmheánach sa tsainlíne bhuiséid dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 21(3), pointe (c) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

5.   Déanfar costais na gcúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 13(6) a aisghabháil ó eintitis an Aontais a fhaigheann seirbhísí CERT-EU. Sannfar an t-ioncam do na línte buiséid faoina gcumhdaítear na costais.

Airteagal 23

Bainistiú ar mhórtheagmhais

1.   Chun tacú le bainistiú comhordaithe ar mhórtheagmhais ar an leibhéal oibríochtúil lena ndéantar difear d’eintitis an Aontais agus chun rannchuidiú le faisnéis ábhartha a mhalartú go rialta idir eintitis an Aontais agus leis na Ballstáit, déanfaidh IICB, de bhun Airteagal 11, pointe (q), plean bainistithe cibirghéarchéime a bhunú a bheidh bunaithe ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 22(2), i ndlúthchomhar le CERT-EU agus ENISA. Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa phlean bainistithe cibirghéarchéime:

(a)

socruithe a bhaineann le comhordúchán agus sreabhadh faisnéise idir eintitis an Aontais chun mórtheagmhais a bhainistiú ar an leibhéal oibríochtúil;

(b)

nósanna imeachta oibríochta comhchaighdeánacha (SOPanna);

(c)

tacsanomaíocht chomhchoiteann maidir le déine mórtheagmhais agus pointí tionscanta géarchéime;

(d)

cleachtaí rialta;

(e)

bealaí cumarsáide slána atá le húsáid.

2.   Is é ionadaí an choimisiúin in IICB, faoi réir an phlean bainistithe cibirghéarchéime a bhunaítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus gan dochar don chéad fhomhír d’Airteagal 16(2), de Threoir (AE) 2022/2555, a bheidh ina phointe teagmhála chun faisnéis ábhartha maidir le mórtheagmhais a chomhroinnt le EU-CyCLONe.

3.   Déanfaidh CERT-EU comhordú idir eintitis an Aontais ar bhainistiú na mórtheagmhas. Déanfaidh sé fardal a choinneáil den saineolas teicniúil atá ar fáil agus a bheadh ag teastáil chun freagairt ar theagmhais i gcás mórtheagmhas agus cuideoidh sé le IICB comhordú a dhéanamh ar phleananna bainistithe cibirghéarchéime eintiteas an Aontais i gcás mórtheagmhas dá dtagraítear in Airteagal 9(2a).

4.   Rannchuideoidh eintitis an Aontais leis an bhfardal saineolais theicniúil trí bhíthin liosta a nuashonraítear go bliantúil a sholáthar de na saineolaithe atá ar fáil ina n-eagraíochtaí faoi seach lena mionsonraítear a scileanna sonracha teicniúla.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 24

Ath-leithdháileadh an bhuiséid tosaigh

Chun feidhmiú cuí agus cobhsaí CERT-EU a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndéanfar baill foirne agus acmhainní airgeadais a ath-leithdháileadh ar bhuiséad an choimisiúin lena n-úsáid in oibríochtaí CERT-EU. Beidh éifeacht ag an ath-leithdháileadh an tráth céanna a ghlacfar an chéad bhuiséad de chuid an Aontais tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 25

Athbhreithniú

1.   Faoin 8 Eanáir 2025, agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, tuairisceoidh IICB, le cúnamh ó CERT-EU, don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo Féadfaidh IICB moltaí a chur faoi bhráid an choimisiúin i dtaobh athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo.

2.   Faoin 8 Eanáir 2027 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar an taithí a fuarthas ar leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil agus déanfaidh sé an méid sin a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún.

Sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, áireofar an mheastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 16(1) maidir leis an bhféidearthacht CERT-EU a bhunú mar oifig de chuid an Aontais.

3.   Faoin 8 Eanáir 2029, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht freisin ar a iomchuí atá sé córais gréasán agus faisnéise lena láimhseáiltear FRAE a áireamh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, agus gníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais is infheidhme i leith na gcóras sin á gcur san áireamh. I gcás inar gá, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Nollaig 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2023.

(2)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).

(3)  Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).

(4)  Socrú idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta maidir le foireann phráinnfhreagartha ríomhaire d'institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) a eagrú agus a oibriú (IO C 12, 13.1.2018, lch. 1).

(5)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(6)  Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)   IO C 258, 5.7.2022, lch. 10.

(9)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2841/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)



whereas









keyboard_arrow_down