search


keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/0868 GA cercato: 'eorpacha' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index eorpacha:

    CAIBIDIL I
    Forálacha ginearálta

    CAIBIDIL II
    Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí

    CAIBIDIL III
    Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí

    CAIBIDIL IV
    Altrúchas sonraí

    CAIBIDIL V
    Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta

    CAIBIDIL VI
    An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí

    CAIBIDIL VII
    Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

    CAIBIDIL VIII
    Tarmligean agus nós imeachta coiste

    CAIBIDIL IX
    Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha


whereas eorpacha:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 504

 

Airteagal 12

Coinníollacha maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar

Beidh soláthar seirbhísí idirghabhála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

ní úsáidfidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí na sonraí a úsáid ar ina leith a sholáthraíonn sé seirbhísí idirghabhála sonraí chun críoch eile seachas chun na sonraí sin a chur ar fáil d’úsáideoirí sonraí agus soláthróidh sé seirbhísí idirghabhála sonraí trí dhuine dlítheanach ar leithligh;

(b)

na téarmaí tráchtála, lena n-áirítear praghsáil, maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar do shealbhóir sonraí nó d’úsáideoir sonraí, ní bheidh siad ag brath ar cibé an úsáideann an sealbhóir sonraí nó úsáideoir sonraí seirbhísí eile arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí céanna nó ag eintiteas gaolmhar, agus má úsáideann, ní bheidh siad ag brath ar an méid a úsáideann an sealbhóir sonraí nó an t-úsáideoir sonraí seirbhísí eile den sórt sin;

(c)

na sonraí a bhailítear i ndáil le gníomhaíocht ar bith de chuid duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh chun seirbhís idirghabhála sonraí a sholáthar, lena n-áirítear na sonraí maidir le dáta, am agus geoshuíomh, ré na gníomhaíochta agus naisc le daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile atá bunaithe ag an duine a úsáideann an tseirbhís idirghabhála sonraí, ní úsáidfear iad ach amháin chun an tseirbhís idirghabhála sonraí sin a fhorbairt, rud a bhféadfadh úsáid sonraí a bheith i gceist leis chun calaois a bhrath nó le haghaidh na cibearshlándála, agus cuirfear ar fáil do na sealbhóirí sonraí iad arna iarraidh sin dóibh;

(d)

éascóidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí malartú na sonraí san fhormáid ina bhfaigheann sé iad ó ábhar sonraí nó ó shealbhóir sonraí, tiontóidh sé na sonraí i bhformáidí sonracha chun idir-inoibritheacht a fheabhsú laistigh d’earnálacha agus thar earnálacha, agus sin amháin, nó arna iarraidh sin don úsáideoir sonraí nó i gcás ina sainordófar sin i ndlí an Aontais nó chun comhchuibhiú le caighdeáin sonraí idirnáisiúnta nó eorpacha a áirithiú agus tairgfidh sé rogha gan a bheith páirteach do na hábhair sonraí nó do shealbhóirí sonraí maidir leis na tiontuithe sin, ach amháin i gcás ina bhfuil an tiontú sainordaithe le dlí an Aontais;

(e)

féadfar a áireamh ar na seirbhísí idirghabhála sonraí uirlisí agus seirbhísí sonracha breise a thairiscint do shealbhóirí sonraí nó d’ábhair sonraí chun críche malartú sonraí a éascú, amhail stóráil shealadach, comhiomlánú, tiontú, anaithnidiú agus bréagainmniú; ní úsáidfear na huirlisí sin ach amháin arna n-iarraidh nó arna bhformheas go sainráite ag sealbhóir sonraí nó ag ábhar sonraí agus ní dhéanfar uirlisí tríú páirtí arna dtairiscint sa chomhthéacs sin a úsáid chun críoch eile;

(f)

áiritheoidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí go bhfuil an nós imeachta um rochtain a fháil ar a sheirbhís cothrom, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach d’ábhair sonraí agus do shealbhóirí sonraí araon, mar aon le húsáideoirí sonraí, lena n-áirítear maidir le praghsanna agus téarmaí seirbhíse;

(g)

beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí chun cleachtais chalaoiseacha nó drochúsáide a chosc i ndáil le páirtithe atá ag lorg rochtain trína chuid seirbhísí idirghabhála sonraí;

(h)

áiritheoidh an soláthraí seirbhíse idirghabhála sonraí, i gcás dócmhainneachta, go mbeidh leanúnachas réasúnta ann maidir le soláthar a sheirbhísí idirghabhála sonraí a áirithiú agus, i gcás ina ndéanann seirbhísí idirghabhála sonraí stóráil sonraí a áirithiú, beidh sásraí i bhfeidhm acu lena gceadófar do shealbhóirí sonraí agus d’úsáideoirí sonraí rochtain a fháil ar a gcuid sonraí, a gcuid sonraí a tharchur nó a aisghabháil agus, i gcás ina soláthraítear seirbhísí idirghabhála sonraí den sórt sin idir ábhair sonraí agus úsáideoirí sonraí, chun a chur ar chumas na n-ábhar sonraí a gcearta a fheidhmiú;

(i)

déanfaidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí bearta réasúnta chun idir-inoibritheacht le seirbhísí eile idirghabhála sonraí a áirithiú, inter alia, trí bhíthin caighdeáin oscailte a úsáidtear go coitianta san earnáil ina n-oibríonn an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí;

(j)

déanfaidh an soláthraí seirbhíse idirghabhála sonraí bearta teicniúla, dlíthiúla agus eagraíochtúla leormhaithe a chur i bhfeidhm chun aistriú sonraí neamhphearsanta atá neamhdhleathach faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, nó rochtain orthu, a chosc;

(k)

déanfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí sealbhóirí sonraí a chur ar an eolas gan moill mhíchuí i gcás aistriú neamhúdaraithe, rochtain neamhúdaraithe nó úsáid neamhúdaraithe na sonraí neamhphearsanta a chomhroinn sé;

(l)

déanfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí bearta chun leibhéal iomchuí slándála a áirithiú do stóráil, próiseáil agus tarchur sonraí neamhphearsanta, agus déanfaidh an soláthraí a áirithiú a thuilleadh go mbeidh an leibhéal slándála is airde ann do stóráil agus do tharchur faisnéise atá íogair ó thaobh iomaíochta de;

(m)

gníomhóidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a thairgeann seirbhísí do na hábhair sonraí chun leas na n-ábhar sonraí nuair a bheidh feidhmiú a gceart á éascú aige, go háirithe trí na hábhair sonraí a chur ar an eolas agus, i gcás inarb iomchuí, trí chomhairle a chur orthu i mbealach atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus inrochtana go héasca i ndáil le húsáid sonraí atá beartaithe ag úsáideoirí sonraí agus maidir le téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha a ghabhann leis na húsáidí sin, sula dtoileoidh ábhair sonraí leis na sonraí sin;

(n)

i gcás ina soláthróidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí uirlisí chun toiliú a fháil ó ábhair sonraí nó ceadanna chun sonraí a phróiseáil arna gcur ar fáil ag sealbhóirí sonraí, sonróidh sé, i gcás inarb ábhartha, an dlínse thríú tír ina bhfuil an úsáid sonraí beartaithe agus soláthróidh sé uirlisí do na hábhair sonraí chun toiliú a thabhairt agus a tharraingt siar araon agus do shealbhóirí sonraí maidir le ceadanna a thabhairt agus a tharraingt siar araon chun sonraí a phróiseáil;

(o)

coinneoidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí taifead loga den ghníomhaíocht idirghabhála sonraí.

Airteagal 29

An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí

1.   Bunóidh an Coimisiún Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí i bhfoirm sainghrúpa, ar a mbeidh ionadaithe ó údaráis inniúla na mBallstát uile le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus ó húdaráis na mBallstát uile atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ó ENISA, ón gCoimisiún, ó Thoscaire AE na FBManna nó ionadaí arna cheapadh ag líonra toscairí FBM, agus ionadaithe eile ó chomhlachtaí ábhartha in earnálacha sonracha chomh maith le comhlachtaí a bhfuil saineolas sonrach acu. Agus saineolaithe aonair á gceapadh aige, beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún cothromaíocht inscne agus gheografach a bhaint amach i measc chomhaltaí an tsainghrúpa.

2.   Beidh an Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí comhdhéanta de na trí fhoghrúpa seo a leanas ar a laghad::

(a)

foghrúpa ina mbeidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, d’fhonn na cúraimí a dhéanamh de bhun Airteagal 30, pointí (a), (c), (j) agus (k);

(b)

foghrúpa le haghaidh plé teicniúil maidir le caighdeánú, iniomparthacht agus idir-inoibritheacht de bhun phointí (f) agus (g) d’Airteagal 30;

(c)

foghrúpa maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí atá comhdhéanta d’ionadaithe ábhartha ón tionscal, ón taighde, ón saol acadúil, ón tsochaí shibhialta, ó eagraíochtaí caighdeánaithe, ó spásanna coiteanna eorpacha sonraí ábhartha agus ó gheallsealbhóirí ábhartha eile agus ó thríú páirtithe a thugann comhairle don Bhord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí maidir le cúraimí de bhun Airteagal 30, pointí (d), (e), (f), (g) agus (h).

3.   Is é an Coimisiún a bheidh ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Eorpaigh um Nuálaíocht Sonraí.

4.   Déanfaidh rúnaíocht arna soláthar ag an gCoimisiún cúnamh a thabhairt don Bhord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí.

Airteagal 30

Cúraimí an Bhoird Eorpaigh um Nuálaíocht Sonraí

Beidh na cúraimí seo a leanas ar an mBord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí:

(a)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach de chuid comhlachtaí earnála poiblí agus comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a fhorbairt i ndáil le hiarrataí ar athúsáid na gcatagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a láimhseáil;

(b)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach a fhorbairt don altrúchas sonraí de ar fud an Aontais;

(c)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach de chuid na n-údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus de chuid na n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a fhorbairt agus na ceanglais is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse idirghabhála sonraí agus le heagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí á gcur i bhfeidhm;

(d)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le treoirlínte comhsheasmhacha a fhorbairt maidir leis an mbealach is fearr, i gcomhthéacs an Rialacháin seo, chun cosaint a thabhairt do shonraí neamhphearsanta atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus de chineál neamhphearsanta, go háirithe rúin cheirde, ach freisin do shonraí neamhphearsanta ar inneachar iad atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla ar rochtain neamhdhleathach lena mbaineann an baol go ngoidfí maoin intleachtúil nó go ndéanfaí spiaireacht thionsclaíoch;

(e)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le treoirlínte comhsheasmhacha a fhorbairt i ndáil le ceanglais chibearshlándála a ghabhann le malartú agus stóráil sonraí;

(f)

comhairle a thabhairt don Choimisiún, agus ionchur na n-eagraíochtaí um chaighdeánú á chur san áireamh go háirithe, maidir le tosaíocht a thabhairt do chaighdeáin trasearnála a bheidh le húsáid agus le forbairt le haghaidh úsáid sonraí agus comhroinnt trasearnála sonraí idir spásanna coiteanna eorpacha sonraí atá ag teacht chun cinn, le haghaidh comparáid trasearnála agus malartú dea-chleachtas i ndáil le ceanglais earnálacha le haghaidh nósanna imeachta slándála agus rochtana, agus gníomhaíochtaí caighdeánaithe earnáilsonracha á gcur san áireamh, go háirithe maidir le soiléiriú agus idirdhealú a dhéanamh ar na caighdeáin atá trasearnálach agus iad siúd atá earnálach;

(g)

cúnamh a thabhairt don Choimisiún, agus ionchur na n-eagraíochtaí um chaighdeánú á chur san áireamh, agus aghaidh á tabhairt ar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus ar an ngeilleagar sonraí sa mhargadh inmheánach trí idir-inoibritheacht trasteorann agus trasearnála sonraí a fheabhsú chomh maith le seirbhísí comhroinnte sonraí idir earnálacha agus fearainn éagsúla, ag cur leis na caighdeáin eorpacha, idirnáisiúnta nó náisiúnta atá ann cheana, inter alia agus é mar aidhm leis spreagadh a thabhairt do spásanna coiteanna eorpacha sonraí a chruthú;

(h)

treoirlínte a mholadh do spásanna coiteanna eorpacha sonraí, eadhon creataí idir-inoibritheacha cuspóir-shonracha nó earnáilsonracha nó trasearnála de chomhchaighdeáin agus de chleachtais chomhchoiteanna chun sonraí a chomhroinnt nó a phróiseáil go comhpháirteach chun, inter alia, táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt, taighde eolaíoch nó tionscnaimh na sochaí sibhialta a dhéanamh; cuirfear san áireamh sna caighdeáin choiteanna agus sna cleachtais choiteanna sin na caighdeáin atá ann cheana, comhlíonfaidh siad na rialacha iomaíochta agus áiritheofar leo rochtain neamh-idirdhealaitheach do na rannpháirtithe uile, chun comhroinnt sonraí san Aontas a éascú agus chun leas a bhaint as acmhainneacht spásanna sonraí atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, agus aghaidh á tabhairt, inter alia, ar an méid seo a leanas:

(i)

caighdeáin trasearnálacha a bheidh le húsáid agus le forbairt d’úsáid sonraí agus do chomhroinnt trasearnála sonraí, do chomparáid trasearnálach agus do mhalartú dea-chleachtas i ndáil le ceanglais earnálacha maidir le nósanna imeachta slándála agus rochtana, agus gníomhaíochtaí caighdeánaithe earnáilsonracha á gcur san áireamh, go háirithe maidir le soiléiriú agus idirdhealú a dhéanamh ar na caighdeáin agus na cleachtais atá trasearnálach agus iad siúd atá earnálach;

(ii)

ceanglais chun cur i gcoinne bacainní ar dhul isteach sa mhargadh agus éifeachtaí glasála a sheachaint, chun iomaíocht chóir agus idir-inoibritheacht a áirithiú;

(iii)

cosaint leormhaith d’aistrithe sonraí dleathacha chuig tríú tíortha, lena n-áirítear coimircí i gcoinne aon aistrithe a thoirmisctear le dlí an Aontais;

(iv)

ionadaíocht leormhaith agus neamh-idirdhealaitheach na ngeallsealbhóirí ábhartha i rialachas spásanna coiteanna eorpacha sonraí;

(v)

ceanglais chibearshlándála a chomhlíonadh i gcomhréir le dlí an Aontais;

(i)

comhar idir na Ballstáit a éascú i ndáil leis coinníollacha comhchuibhithe a leagan síos lena bhféadfar athúsáid a bhaint as na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus atá ina seilbh ag comhlachtaí earnála poiblí ar fud an mhargaidh inmheánaigh;

(j)

an comhar a éascú idir na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus údaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí trí fhothú acmhainneachta agus malartú faisnéise, go háirithe trí mhodhanna a bhunú le haghaidh malartú éifeachtúil faisnéise a bhaineann leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí agus le haghaidh eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí a chlárú agus faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear comhordú maidir le táillí nó pionóis a shocrú, chomh maith le comhar a éascú idir údaráis inniúla maidir le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú sonraí, lena n-áirítear comhordú maidir le táillí nó pionóis a shocrú, chomh maith le comhar a éascú idir údaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus údaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i ndáil le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú sonraí;

(k)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le meastóireacht a dhéanamh an nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5(11) agus (12);

(l)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir leis an bhfoirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 25(1);

(m)

comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le feabhas a chur ar an timpeallacht rialála idirnáisiúnta le haghaidh sonraí neamhphearsanta, caighdeánú san áireamh.

CAIBIDIL VII

Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta


whereas









keyboard_arrow_down