search


keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/0868 GA cercato: 'comhairle' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index comhairle:


whereas comhairle:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 866

 

Airteagal 11

Fógra ó sholáthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí

1.   Aon soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a bhfuil sé ar intinn aige na seirbhísí idirgabhála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10 a sholáthar, cuirfidh sé fógra faoi bhráid an údaráis inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, measfar soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a bhfuil bunaíochtaí aige i níos mó ná Ballstát amháin a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit sin ina bhfuil a phríomhbhunaíocht, gan dochar do dhlí an Aontais lena rialaítear caingne trasteorann maidir le damáistí agus imeachtaí gaolmhara.

3.   Déanfaidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nach bhfuil bunaithe san Aontas ach a thairgeann na seirbhísí idirghabhála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10 laistigh den Aontas, ionadaí dlíthiúil a ainmniú i gceann de na Ballstáit ina dtairgtear na seirbhísí sin.

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, gheobhaidh an t-ionadaí dlíthiúil sainordú ón soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí ionas go rachaidh údaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí nó ábhair sonraí agus sealbhóirí sonraí i dteagmháil leis mar aon leis an soláthraí nó in ionad an tsoláthraí, maidir leis na saincheisteanna uile a bhaineann leis na seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthraítear. Comhoibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil leis na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí agus léireoidh sé dóibh go cuimsitheach, arna iarraidh sin dóibh, na gníomhaíochtaí a rinneadh agus na forálacha a chuir an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí i bhfeidhm chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

Measfar an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Ní dochar ainmniú ionadaí dhlíthiúil ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí d’aon chaingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí.

4.   Tar éis fógra a chur isteach, i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí tús a chur leis an ngníomhaíocht faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo.

5.   Fágfaidh an fógra sin dá dtagraítear i mír 1 go mbeidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí i dteideal seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar sna Ballstáit uile.

6.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ainm an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí;

(b)

stádas dlíthiúil, foirm dhlíthiúil, struchtúr úinéireachta agus fochuideachtaí ábhartha an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí agus, i gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí cláraithe ar chlár trádála nó ar chlár poiblí náisiúnta comhchosúil eile, uimhir chláraithe an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí;

(c)

seoladh phríomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí san Aontas, más ann dó, agus, i gcás inarb infheidhme, seoladh aon bhrainse thánaistigh i mBallstát eile nó seoladh an ionadaí dhlíthiúil;

(d)

suíomh gréasáin poiblí ar a bhféadfar teacht ar fhaisnéis atá iomlán agus cothrom le dáta faoin soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí agus faoi na gníomhaíochtaí, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (f);

(e)

teagmhálaithe agus sonraí teagmhála an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálaí sonraí;

(f)

tuairisc ar an tseirbhís idirghabhála sonraí atá beartaithe ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar, agus léiriú ar na catagóirí a liostaítear in Airteagal 10 faoina dtagann na seirbhísí idirghabhála sonraí sin;

(g)

an dáta a mheastar go gcuirfear tús leis an ngníomhaíocht, murab ionann é agus dáta an fhógra.

7.   Áiritheoidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí go bhfuil an nós imeachta um fhógra a thabhairt neamh-idirdhealaitheach agus nach saobhann sé an iomaíocht.

8.   Arna iarraidh sin don soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí, déanfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, laistigh de sheachtain amháin den fhógra a bheidh comhlánaithe go hiomlán agus go tráthúil, dearbhú caighdeánaithe a eisiúint ina ndeimhneofar go bhfuil an fógra dá dtagraítear i mír 1 tíolactha ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí agus go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6 san fhógra sin.

9.   Arna iarraidh sin ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí, deimhneoidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, go bhfuil an tAirteagal seo agus Airteagal 12 á gcomhlíonadh ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí. Ar dheimhniú den sórt sin a fháil, féadfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí sin an lipéad “soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a aithnítear san Aontas” a úsáid ina chumarsáid i scríbhinn agus ó bhéal, chomh maith le lógó coiteann.

Chun a áirithiú go bhfuil soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí a aithnítear san Aontas in-sainaitheanta go héasca ar fud an Aontais, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, dearadh don lógó coiteann. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí a aithnítear san Aontas an lógó coiteann a thaispeáint go soiléir ar gach foilseachán ar líne agus as líne a bhaineann lena ngníomhaíochtaí idirghabhála sonraí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

10.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí fógra don Choimisiún faoi gach fógra nua trí mheán leictreonach gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún clár poiblí a choinneáil agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta de na soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí uile a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí san Aontas. Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6, pointí (a), (b), (c), (d), (f) agus (g) sa chlár poiblí.

11.   Féadfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí táillí a ghearradh as an bhfógra i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Beidh na táillí sin comhréireach agus oibiachtúil agus beidh siad bunaithe ar na costais riaracháin a bhaineann le faireachán ar chomhlíonadh agus ar ghníomhaíochtaí eile rialaithe margaidh de chuid an údaráis inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí i ndáil le fógra a thabhairt faoi soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí. I gcás FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, féadfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí táille lascainithe a ghearradh nó an táille a tharscaoileadh.

12.   Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí fógra don údaráis inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis arna soláthar de bhun mhír 6 laistigh de 14 lá ó dháta an athraithe.

13.   I gcás ina scoirfidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí dá chuid gníomhaíochtaí, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil ábhartha le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí arna chinneadh de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 laistigh de 15 lá.

14.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí fógra don Choimisiún faoi gach fógra dá dtagraítear i míreanna 12 agus 13 trí mheán leictreonach gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún clár poiblí na soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí san Aontas a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.

Airteagal 17

Cláir phoiblí d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí

1.   Coimeádfaidh gach údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí clár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí agus tabharfaidh siad cothrom le dáta go rialta é.

2.   Coimeádfaidh an Coimisiún clár poiblí de chuid an Aontais d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí chun críoch faisnéise. Ar choinníoll go bhfuil eintiteas cláraithe sa chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí i gcomhréir le hAirteagal 18, féadfaidh sé an lipéad “eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas” a úsáid ina chumarsáid i scríbhinn agus ó bhéal, chomh maith le lógó coiteann.

Chun a áirithiú go mbeidh eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí in-sainaitheanta go héasca ar fud an Aontais, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, dearadh don lógó coiteann. Taispeánfaidh eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí an lógó coiteann go soiléir ar gach foilseachán ar líne agus as líne a bhaineann lena ngníomhaíochtaí altrúchais sonraí. Beidh cód QR ag gabháil leis an lógó coiteann le nasc chuig clár poiblí an Aontais d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

Airteagal 25

Foirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí

1.   Chun bailiú sonraí bunaithe ar an altrúchas sonraí a éascú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar agus lena bhforbrófar foirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, agus comhairle ón mBord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí á cur san áireamh agus ina mbeidh geallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach go cuí. Fágfaidh an fhoirm go mbeifear in ann toiliú nó cead a bhailiú ar fud na mBallstát i bhformáid aonfhoirmeach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

2.   San fhoirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí, bainfear úsáid as cur chuige modúlach lena gceadófar oiriúnú d’earnálacha ar leith agus chun críoch éagsúil.

3.   I gcás ina gcuirfear sonraí pearsanta ar fáil, áiritheofar leis an bhfoirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí go bhfuil na hábhair sonraí in ann toiliú a thabhairt d’oibríocht próiseála sonraí ar leith agus toiliú a tharraingt siar ón oibríocht sin i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2016/679.

4.   Beidh an fhoirm ar fáil ar bhealach is féidir a phriontáil ar pháipéar agus sothuigthe agus i bhfoirm leictreonach, mheaisín-inléite.

CAIBIDIL V

Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta

Airteagal 29

An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí

1.   Bunóidh an Coimisiún Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí i bhfoirm sainghrúpa, ar a mbeidh ionadaithe ó údaráis inniúla na mBallstát uile le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus ó húdaráis na mBallstát uile atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ó ENISA, ón gCoimisiún, ó Thoscaire AE na FBManna nó ionadaí arna cheapadh ag líonra toscairí FBM, agus ionadaithe eile ó chomhlachtaí ábhartha in earnálacha sonracha chomh maith le comhlachtaí a bhfuil saineolas sonrach acu. Agus saineolaithe aonair á gceapadh aige, beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún cothromaíocht inscne agus gheografach a bhaint amach i measc chomhaltaí an tsainghrúpa.

2.   Beidh an Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí comhdhéanta de na trí fhoghrúpa seo a leanas ar a laghad::

(a)

foghrúpa ina mbeidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, d’fhonn na cúraimí a dhéanamh de bhun Airteagal 30, pointí (a), (c), (j) agus (k);

(b)

foghrúpa le haghaidh plé teicniúil maidir le caighdeánú, iniomparthacht agus idir-inoibritheacht de bhun phointí (f) agus (g) d’Airteagal 30;

(c)

foghrúpa maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí atá comhdhéanta d’ionadaithe ábhartha ón tionscal, ón taighde, ón saol acadúil, ón tsochaí shibhialta, ó eagraíochtaí caighdeánaithe, ó spásanna coiteanna Eorpacha sonraí ábhartha agus ó gheallsealbhóirí ábhartha eile agus ó thríú páirtithe a thugann comhairle don Bhord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí maidir le cúraimí de bhun Airteagal 30, pointí (d), (e), (f), (g) agus (h).

3.   Is é an Coimisiún a bheidh ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Eorpaigh um Nuálaíocht Sonraí.

4.   Déanfaidh rúnaíocht arna soláthar ag an gCoimisiún cúnamh a thabhairt don Bhord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí.

Airteagal 30

Cúraimí an Bhoird Eorpaigh um Nuálaíocht Sonraí

Beidh na cúraimí seo a leanas ar an mBord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí:

(a)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach de chuid comhlachtaí earnála poiblí agus comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a fhorbairt i ndáil le hiarrataí ar athúsáid na gcatagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a láimhseáil;

(b)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach a fhorbairt don altrúchas sonraí de ar fud an Aontais;

(c)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach de chuid na n-údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus de chuid na n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a fhorbairt agus na ceanglais is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse idirghabhála sonraí agus le heagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí á gcur i bhfeidhm;

(d)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le treoirlínte comhsheasmhacha a fhorbairt maidir leis an mbealach is fearr, i gcomhthéacs an Rialacháin seo, chun cosaint a thabhairt do shonraí neamhphearsanta atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus de chineál neamhphearsanta, go háirithe rúin cheirde, ach freisin do shonraí neamhphearsanta ar inneachar iad atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla ar rochtain neamhdhleathach lena mbaineann an baol go ngoidfí maoin intleachtúil nó go ndéanfaí spiaireacht thionsclaíoch;

(e)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le treoirlínte comhsheasmhacha a fhorbairt i ndáil le ceanglais chibearshlándála a ghabhann le malartú agus stóráil sonraí;

(f)

comhairle a thabhairt don Choimisiún, agus ionchur na n-eagraíochtaí um chaighdeánú á chur san áireamh go háirithe, maidir le tosaíocht a thabhairt do chaighdeáin trasearnála a bheidh le húsáid agus le forbairt le haghaidh úsáid sonraí agus comhroinnt trasearnála sonraí idir spásanna coiteanna Eorpacha sonraí atá ag teacht chun cinn, le haghaidh comparáid trasearnála agus malartú dea-chleachtas i ndáil le ceanglais earnálacha le haghaidh nósanna imeachta slándála agus rochtana, agus gníomhaíochtaí caighdeánaithe earnáilsonracha á gcur san áireamh, go háirithe maidir le soiléiriú agus idirdhealú a dhéanamh ar na caighdeáin atá trasearnálach agus iad siúd atá earnálach;

(g)

cúnamh a thabhairt don Choimisiún, agus ionchur na n-eagraíochtaí um chaighdeánú á chur san áireamh, agus aghaidh á tabhairt ar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus ar an ngeilleagar sonraí sa mhargadh inmheánach trí idir-inoibritheacht trasteorann agus trasearnála sonraí a fheabhsú chomh maith le seirbhísí comhroinnte sonraí idir earnálacha agus fearainn éagsúla, ag cur leis na caighdeáin Eorpacha, idirnáisiúnta nó náisiúnta atá ann cheana, inter alia agus é mar aidhm leis spreagadh a thabhairt do spásanna coiteanna Eorpacha sonraí a chruthú;

(h)

treoirlínte a mholadh do spásanna coiteanna Eorpacha sonraí, eadhon creataí idir-inoibritheacha cuspóir-shonracha nó earnáilsonracha nó trasearnála de chomhchaighdeáin agus de chleachtais chomhchoiteanna chun sonraí a chomhroinnt nó a phróiseáil go comhpháirteach chun, inter alia, táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt, taighde eolaíoch nó tionscnaimh na sochaí sibhialta a dhéanamh; cuirfear san áireamh sna caighdeáin choiteanna agus sna cleachtais choiteanna sin na caighdeáin atá ann cheana, comhlíonfaidh siad na rialacha iomaíochta agus áiritheofar leo rochtain neamh-idirdhealaitheach do na rannpháirtithe uile, chun comhroinnt sonraí san Aontas a éascú agus chun leas a bhaint as acmhainneacht spásanna sonraí atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, agus aghaidh á tabhairt, inter alia, ar an méid seo a leanas:

(i)

caighdeáin trasearnálacha a bheidh le húsáid agus le forbairt d’úsáid sonraí agus do chomhroinnt trasearnála sonraí, do chomparáid trasearnálach agus do mhalartú dea-chleachtas i ndáil le ceanglais earnálacha maidir le nósanna imeachta slándála agus rochtana, agus gníomhaíochtaí caighdeánaithe earnáilsonracha á gcur san áireamh, go háirithe maidir le soiléiriú agus idirdhealú a dhéanamh ar na caighdeáin agus na cleachtais atá trasearnálach agus iad siúd atá earnálach;

(ii)

ceanglais chun cur i gcoinne bacainní ar dhul isteach sa mhargadh agus éifeachtaí glasála a sheachaint, chun iomaíocht chóir agus idir-inoibritheacht a áirithiú;

(iii)

cosaint leormhaith d’aistrithe sonraí dleathacha chuig tríú tíortha, lena n-áirítear coimircí i gcoinne aon aistrithe a thoirmisctear le dlí an Aontais;

(iv)

ionadaíocht leormhaith agus neamh-idirdhealaitheach na ngeallsealbhóirí ábhartha i rialachas spásanna coiteanna Eorpacha sonraí;

(v)

ceanglais chibearshlándála a chomhlíonadh i gcomhréir le dlí an Aontais;

(i)

comhar idir na Ballstáit a éascú i ndáil leis coinníollacha comhchuibhithe a leagan síos lena bhféadfar athúsáid a bhaint as na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus atá ina seilbh ag comhlachtaí earnála poiblí ar fud an mhargaidh inmheánaigh;

(j)

an comhar a éascú idir na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus údaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí trí fhothú acmhainneachta agus malartú faisnéise, go háirithe trí mhodhanna a bhunú le haghaidh malartú éifeachtúil faisnéise a bhaineann leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí agus le haghaidh eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí a chlárú agus faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear comhordú maidir le táillí nó pionóis a shocrú, chomh maith le comhar a éascú idir údaráis inniúla maidir le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú sonraí, lena n-áirítear comhordú maidir le táillí nó pionóis a shocrú, chomh maith le comhar a éascú idir údaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus údaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i ndáil le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú sonraí;

(k)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le meastóireacht a dhéanamh an nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5(11) agus (12);

(l)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir leis an bhfoirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 25(1);

(m)

comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le feabhas a chur ar an timpeallacht rialála idirnáisiúnta le haghaidh sonraí neamhphearsanta, caighdeánú san áireamh.

CAIBIDIL VII

Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

Airteagal 32

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(13) agus Airteagal 22(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó 23 Meitheamh 2022.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(13) agus in Airteagal 22(1) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(13) nó Airteagal 22(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gcomhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear trí mhí bhreise leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na comhairle.

Airteagal 35

Meastóireacht agus athbhreithniú

Faoin 24 Meán Fómhair 2025, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus déanfaidh sé tuarascáil ar phríomhthorthaí na meastóireachta sin a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gcomhairle agus chuig Coiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil nuair is gá.

Sa tuarascáil, déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

cur i bhfeidhm agus feidhmiú na rialacha maidir le pionóis arna leagan síos ag na Ballstáit de bhun Airteagal 34;

(b)

an leibhéal comhlíontachta atá ag ionadaithe dlíthiúla na soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí agus eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí nach bhfuil bunaithe san Aontas leis an Rialachán seo agus leibhéal in-fhorfheidhmitheachta na bpionós arna bhforchur ar na soláthraithe agus ar na heagraíochtaí sin;

(c)

an cineál eagraíochtaí altrúchais sonraí atá cláraithe faoi Chaibidil IV agus forléargas ar na cuspóirí leasanna ginearálta a ndéantar sonraí a chomhroinnt lena n-aghaidh chun critéir shoiléire a bhunú ina leith sin.

Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú.

Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 24 Meán Fómhair 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bruiséil, 30 Bealtaine 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 38.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Aibreán 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gcomhairle an 16 Bealtaine 2022.

(3)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(4)  Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

(5)  Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/65/AE (IO L 198, 25.7.2019, lch. 64).

(6)  Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (IO L 249, 31.7.2020, lch. 33).

(7)  Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadain le modhanna eile iompair. (IO L 207, 6.8.2010, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gcomhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gcomhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach. (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(9)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 14 Samhain 2018 maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach. (IO L 303, 28.11.2018, lch. 59).

(11)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir um thrádáil leictreonach’) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(12)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise. (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(13)  Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú. (IO L 157, 30.4.2004, lch. 45).

(14)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d'Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

(15)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(16)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch.1).

(17)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

(18)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch 92).

(19)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).

(20)  Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76).

(21)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(22)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch 39).

(23)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(24)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 27 Aibreán 2016 i maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gcomhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 557/2013 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2013 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle maidir le Staidreamh Eorpach i ndáil le rochtain ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 831/2002 ón gCoimisiún (IO L 164, 18.6.2013, lch. 16).

(26)  Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20).

(27)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84)

(28)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(29)  Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2014/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch 1).

(30)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(31)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(32)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).

(33)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).



whereas









keyboard_arrow_down