keyboard_tab Cyber Resilience Act 2023/2841 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- Airteagal 1 Ábhar
- Airteagal 2 Raon feidhme
- Airteagal 3 Sainmhínithe
- Airteagal 4 Próiseáil sonraí pearsanta
- Airteagal 5 Bearta a chur chun feidhme
- Airteagal 6 Creat bainistíochta riosca, rialachais agus rialaithe cibearshlándála
- Airteagal 7 Measúnuithe aibíochta cibearshlándála
- Airteagal 8 Bearta bainistíochta riosca cibearshlándála
- Airteagal 9 Pleananna cibearshlándála
- Airteagal 10 An Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil
- Airteagal 11 Cúraimí IICB
- Airteagal 12 Comhlíonadh
- Airteagal 13 Misean agus cúraimí CERT-EU
- Airteagal 14 Treoirlínte, moltaí agus glaonna ar ghníomhaíocht
- Airteagal 15 Ceann CERT-EU
- Airteagal 16 Cúrsaí airgeadais agus foirne
- Airteagal 17 Comhar CERT-EU le contrapháirtithe ó na Ballstáit
- Airteagal 18 Comhar CERT-EU le contrapháirtithe eile
- Airteagal 19 Láimhseáil faisnéise
- Airteagal 20 Socruithe um chomhroinnt faisnéise maidir leis an gcibearshlándáil
- Airteagal 21 Oibleagáidí tuairiscithe
- Airteagal 22 Comhordú agus comhar maidir le freagairt ar theagmhais
- Airteagal 23 Bainistiú ar mhórtheagmhais
- Airteagal 24 Ath-leithdháileadh an bhuiséid tosaigh
- Airteagal 25 Athbhreithniú
- Airteagal 26 Teacht i bhfeidhm
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
BEARTA LE HAGHAIDH ARDLEIBHÉAL COMHCHOITEANN CIBEARSHLÁNDÁLA
CAIBIDIL III
AN BORD IDIRINSTITIÚIDEACH UM CHIBEARSHLÁNDÁIL
CAIBIDIL IV
CERT-EU
CAIBIDIL V
OIBLEAGAIDI MAIDIR LE COMHAR AGUS TUAIRISCIU
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- iicb 25
- agus 17
- arna 9
- aontais 9
- eorpach 7
- imeachta 7
- nós 7
- chun 6
- rialacha 5
- cathaoirleach 5
- beidh 5
- féadfaidh 4
- féadfaidh 4
- inmheánacha 4
- cert-eu 4
- euan 4
- comhalta 4
- amháin 4
- cibearshlándála 4
- chur 4
- eintitis 4
- gcás 3
- coiste 3
- tuarascáil 3
- eorpaigh 3
- iarraidh 3
- vóta 3
- faoi 3
- ceann 3
- gcomhréir 3
- heorpa 3
- dhéanamh 3
- feidhme 3
- tréimhse 3
- bheith 3
- chomhaltaí 3
- cúnamh 2
- n-ainmniú 2
- líonra 2
- gníomhaireachtaí 2
- ballstáit 2
- bhonn 2
- choiste 2
- ionadaíocht 2
- thionscnamh 2
- chuid 2
- dtagraítear 2
- sonrófar 2
- measc 2
- trí 2
Airteagal 10
An Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil
1. Leis seo, bunaítear Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil (IICB).
2. Beidh IICB freagrach as an méid seo a leanas:
(a) | faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ag eintitis an Aontais agus tacaíocht a thabhairt ina leith sin; |
(b) | maoirseacht a dhéanamh ar na tosaíochtaí agus cuspóirí ginearálta arna gcur chun feidhme ag CERT-EU agus treoir straitéiseach a chur ar fáil do CERT-EU. |
3. Is éard a bheidh in IICB:
(a) | ionadaí amháin ainmnithe ag gach ceann díobh seo a leanas:
|
(b) | triúr ionadaithe arna n-ainmniú ag Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais (EUAN), ar bhonn moladh óna Choiste Comhairleach TFC, chun ionadaíocht a dhéanamh do leasanna na gcomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a reáchtálann a dtimpeallacht TFC féin, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i bpointe (a). |
Beidh sé d’aidhm ag eintitis an Aontais a bhfuil ionadaíocht acu ar IICB cothromaíocht inscne a bhaint amach i measc na n-ionadaithe ainmnithe.
4. Féadfaidh comhaltaí IICB cúnamh a fháil ó chomhalta malartach. Féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar ionadaithe eile ó eintitis an Aontais dá dtagraítear i mír 3 nó ó eintitis eile an Aontais freastal ar chruinnithe IICB, gan cearta vótála a bheith acu.
5. Féadfaidh Ceann CERT-AE agus Cathaoirligh an Ghrúpa Comhair, líonra CSIRT agus EU-CyCLONe arna mbunú faoi seach, de bhun Airteagail 14, 15 agus 16 de Threoir (AE) 2022/2555, nó a gcomhaltaí malartacha, a bheith rannpháirteach i gcruinnithe IICB mar bhreathnóirí. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh IICB a mhalairt a chinneadh, i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB.
6. Glacfaidh IICB a rialacha nós imeachta inmheánacha.
7. Ainmneoidh IICB Cathaoirleach, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta inmheánacha, as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse 3 bliana. Beidh comhalta malartach an Chathaoirligh ina lánchomhalta de IICB ar feadh na tréimhse céanna.
8. Tiocfaidh IICB le chéile ar a laghad trí huaire sa bhliain ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin do CERT-EU nó arna iarraidh sin d’aon cheann dá chomhaltaí.
9. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta de IICB. Glacfar cinntí IICB le tromlach simplí ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. Ní bheidh vóta ag Cathaoirleach IICB ach amháin i gcás comhionannas vótaí, féadfaidh an Cathaoirleach vóta réitigh a chaitheamh sa chás sin.
10. Féadfaidh IICB gníomhú trí bhíthin nós imeachta simplithe i scríbhinn arna thionscnamh i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB. Faoin nós imeachta sin, measfar an cinneadh ábhartha a bheith formheasta laistigh den tréimhse ama arna socrú ag an gCathaoirleach, seachas i gcás ina gcuireann comhalta ina choinne.
11. Is é an Coimisiún a chuirfidh an rúnaíocht ar fáil do IICB agus beidh sí cuntasach do Chathaoirleach IICB.
12. Déanfaidh na hionadaithe arna n-ainmniú ag EUAN cinntí IICB a chur ar aghaidh chuig comhaltaí EUAN. Beidh aon chomhalta de EUAN i dteideal aon ábhar a tharraingt anuas leis na hionadaithe sin nó le Cathaoirleach IICB a measfaidh an comhalta ina leith gur cheart é a chur faoi bhráid IICB.
13. Féadfaidh IICB coiste feidhmiúcháin a bhunú chun cúnamh a thabhairt dó ina chuid oibre agus féadfaidh sé roinnt dá chúraimí agus dá chumhachtaí a tharmligean chuige. Déanfaidh IICB rialacha nós imeachta an choiste feidhmiúcháin, lena n-áirítear a chúraimí agus a chumhachtaí agus téarmaí oifige a chomhaltaí a leagan síos.
14. Faoin 8 Eanáir 2025 agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh IICB tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina sonrófar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus ina sonrófar go háirithe méid chomhar CERT-EU le contrapháirtithe ó na Ballstáit i ngach ceann de na Ballstáit. Beidh an tuarascáil sin ina hionchur sa tuarascáil dhébhliantúil ar staid na cibearshlándála san Aontas arna glacadh de bhun Airteagal 18 de Threoir (AE) 2022/2555.
whereas