keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 4 Socruithe eisiacha a thoirmeasc
- 2 Airteagal 20 Ceanglais trédhearcachta
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
CAIBIDIL II
Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí
CAIBIDIL III
Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí
CAIBIDIL IV
Altrúchas sonraí
CAIBIDIL V
Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta
CAIBIDIL VI
An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí
CAIBIDIL VII
Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta
CAIBIDIL VIII
Tarmligean agus nós imeachta coiste
CAIBIDIL IX
Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha
- sonraí 23
- agus 14
- altrúchais 7
- ceart 6
- eisiach 6
- aitheanta 6
- dheonú 5
- chun 5
- lena 4
- sórt 4
- dóibh 4
- dtagraítear 4
- tuairisc 4
- atá 4
- faoi 4
- nádúrtha 4
- maidir 3
- infheidhme 3
- dlí 3
- arna 3
- leis 3
- próiseála 3
- phróiseáil 3
- heagraíochta 3
- tugadh 3
- n-áirítear 3
- airteagal 3
- eagraíocht 3
- seilbh 3
- cleachtais 3
- poiblí 3
- eile 3
- eisiacha 3
- gcomhréir 2
- gcrích 2
- ghinearálta 2
- gcás 2
- leasa 2
- trí 2
- ábhartha 2
- chonartha 2
- ghníomhaíochtaí 2
- faisnéis 2
- nach 2
- daoine 2
- trédhearcachta 2
- dlítheanacha 2
- tuarascáil 2
- bhliantúil 2
- aontais 2
Airteagal 4
Socruithe eisiacha a thoirmeasc
1. Toirmeascfar comhaontuithe nó cleachtais eile a bhaineann le hathúsáid sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí ina bhfuil catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), comhaontuithe nó cleachtais eile a dheonaíonn cearta eisiacha nó arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh cearta eisiacha den sórt sin a dheonú nó srian a chur ar na sonraí a bheith ar fáil lena n-athúsáid ag eintitis seachas na páirtithe i gcomhaontuithe nó i gcleachtais den sórt sin.
2. De mhaolú ar mhír 1, féadfar ceart eisiach a dheonú chun na sonraí dá dtagraítear sa mhír sin a athúsáid a mhéid is gá chun seirbhís nó táirge a sholáthar ar mhaithe leis an leas ginearálta nach bhféadfaí a dheonú murach an ceart eisiach sin.
3. Deonófar ceart eisiach dá dtagraítear i mír 2 trí ghníomh riaracháin nó trí shocrú conarthach i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus i gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe.
4. Ní rachaidh an ré a mhairfidh ceart eisiach chun na sonraí a athúsáid níos faide ná 12 mhí. I gcás ina dtugtar conradh i gcrích, beidh ré an chonartha mar an gcéanna le ré an chirt eisiach.
5. Maidir le ceart eisiach a dheonú de bhun mhíreanna 2, 3 agus 4, lena n-áirítear na cúiseanna ar gá ceart den sórt sin a dheonú, beidh sé trédhearcach agus cuirfear ar fáil go poiblí é ar líne, i bhfoirm a chomhlíonann dlí ábhartha an Aontais maidir le soláthar poiblí.
6. Comhaontuithe nó cleachtais eile a thagann faoi raon feidhme an toirmisc dá dtagraítear i mír 1 nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 agus 3 agus a tugadh i gcrích roimh an 23 Meitheamh 2022, déanfar iad a fhoirceannadh ag deireadh an chonartha is infheidhme agus in aon chás faoin 24 Nollaig 2024.
Airteagal 20
Ceanglais trédhearcachta
1. Coinneoidh eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí taifid iomlána agus chruinne maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) | gach duine nádúrtha nó dlítheanach ar tugadh an deis dóibh sonraí atá i seilbh na heagraíochta aitheanta altrúchais sonraí sin a phróiseáil, agus a sonraí teagmhála; |
(b) | dáta nó ré na próiseála ar shonraí pearsanta nó an úsáid a bhaintear as sonraí neamhphearsanta; |
(c) | cuspóir na próiseála arna dhearbhú ag an duine nádúrtha nó dlítheanach ar tugadh an deis dó na sonraí a phróiseáil; |
(d) | na táillí arna n-íoc ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha a phróiseálann na sonraí, más ann dóibh. |
2. Déanfaidh eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a tharraingt suas agus a tharchur chuig an údarás ábhartha atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, ar tuarascáil bhliantúil í ina mbeidh an méid seo a leanas ar a laghad:
(a) | faisnéis faoi ghníomhaíochtaí na heagraíochta aitheanta altrúchais sonraí; |
(b) | tuairisc ar an gcaoi ar cuireadh cuspóirí an leasa ghinearálta chun cinn ar ina leith a bailíodh na sonraí le linn na bliana airgeadais áirithe; |
(c) | liosta de na daoine nádúrtha agus dlítheanacha ar fad ar ceadaíodh dóibh na sonraí atá ina seilbh a phróiseáil, lena n-áirítear tuairisc achomair ar chuspóirí an leasa ghinearálta a shaothraítear le próiseáil sonraí den sórt sin agus tuairisc ar na modhanna teicniúla arna n-úsáid chuige sin, lena n-áirítear tuairisc ar na teicnící a úsáidtear chun príobháideachas agus cosaint sonraí a chaomhnú; |
(d) | achoimre ar thorthaí na próiseála sonraí a cheadaigh an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí, i gcás inarb infheidhme; |
(e) | faisnéis faoi fhoinsí ioncaim na heagraíochta aitheanta altrúchais sonraí, go háirithe an t-ioncam uile ó rochtain a cheadú ar na sonraí, agus faoi chaiteachas. |
whereas