search


keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/0868 GA cercato: 'nuálaíocht' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index nuálaíocht:

    CAIBIDIL I
    Forálacha ginearálta

    CAIBIDIL II
    Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí

    CAIBIDIL III
    Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí

    CAIBIDIL IV
    Altrúchas sonraí

    CAIBIDIL V
    Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta

    CAIBIDIL VI
    An Bord Eorpach um nuálaíocht Sonraí

    CAIBIDIL VII
    Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

    CAIBIDIL VIII
    Tarmligean agus nós imeachta coiste

    CAIBIDIL IX
    Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha


whereas nuálaíocht:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 561

 

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos an méid seo a leanas:

(a)

coinníollacha maidir le catagóirí áirithe sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí a athúsáid laistigh den Aontas;

(b)

creat um fhógra a thabhairt agus um mhaoirseacht a dhéanamh chun seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar;

(c)

creat le haghaidh chlárú deonach na n-eintiteas a bhailíonn agus a phróiseálann sonraí a chuirtear ar fáil chun críoch altrúchais; agus

(d)

creat chun Bord Eorpach um nuálaíocht Sonraí a bhunú.

2.   Leis an Rialachán seo, ní chruthaítear aon oibleagáid ar chomhlachtaí earnála poiblí athúsáid sonraí a cheadú, ná ní scaoiltear comhlachtaí earnála poiblí óna n-oibleagáidí rúndachta faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

Ní dochar an Rialachán seo don mhéid seo a leanas:

(a)

forálacha sonracha i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta maidir leis an rochtain ar chatagóirí áirithe sonraí nó maidir le hathúsáid catagóirí áirithe sonraí, go háirithe maidir le rochtain a dheonú ar dhoiciméid oifigiúla agus maidir lena nochtadh; agus

(b)

oibleagáidí comhlachtaí earnála poiblí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta athúsáid sonraí a cheadú nó do cheanglais a bhaineann le próiseáil sonraí neamhphearsanta.

I gcás ina gceanglaítear le dlí earnáilsonrach de chuid an Aontais nó le dlí náisiúnta earnáilsonrach ar chomhlachtaí earnála poiblí, soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí nó eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí ceanglais shonracha bhreise theicniúla, riaracháin nó eagraíochtúla a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí chóras údaraithe nó deimhniúcháin, beidh feidhm ag na forálacha sin den dlí earnáilsonrach sin de chuid an Aontais nó den dlí náisiúnta earnáilsonrach sin. Aon cheanglais shonracha bhreise den sórt sin, beidh siad neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus beidh údar oibiachtúil leo.

3.   Beidh feidhm ag dlí an Aontais agus ag an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta i leith aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i dtaca leis an Rialachán seo. Go háirithe, ní dochar an Rialachán seo do Rialacháin (AE) 2016/679 ná (AE) 2018/1725 ná do Threoracha 2002/58/CE ná (AE) 2016/680, lena n-áirítear maidir le cumhachtaí agus inniúlachtaí na n-údarás maoirseachta. I gcás ina mbeidh coimhlint ann idir an Rialachán seo agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta nó an dlí náisiúnta arna ghlacadh i gcomhréir le dlí den sórt sin de chuid an Aontais, is ag dlí ábhartha an Aontais nó ag dlí ábhartha náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta a bheidh an forlámhas. Leis an Rialachán seo, ní chruthaítear bunús dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil, ná ní dhéanann sé difear d’aon cheann de na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2016/679 nó (AE) 2018/1725 nó i dTreoracha 2002/58/CE nó (AE) 2016/680.

4.   Ní dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta.

5.   Ní dochar an Rialachán seo d’inniúlachtaí na mBallstát i ndáil lena ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, leis an gcosaint agus leis an tslándáil náisiúnta.

Airteagal 25

Foirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí

1.   Chun bailiú sonraí bunaithe ar an altrúchas sonraí a éascú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar agus lena bhforbrófar foirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, agus comhairle ón mBord Eorpach um nuálaíocht Sonraí á cur san áireamh agus ina mbeidh geallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach go cuí. Fágfaidh an fhoirm go mbeifear in ann toiliú nó cead a bhailiú ar fud na mBallstát i bhformáid aonfhoirmeach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

2.   San fhoirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí, bainfear úsáid as cur chuige modúlach lena gceadófar oiriúnú d’earnálacha ar leith agus chun críoch éagsúil.

3.   I gcás ina gcuirfear sonraí pearsanta ar fáil, áiritheofar leis an bhfoirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí go bhfuil na hábhair sonraí in ann toiliú a thabhairt d’oibríocht próiseála sonraí ar leith agus toiliú a tharraingt siar ón oibríocht sin i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2016/679.

4.   Beidh an fhoirm ar fáil ar bhealach is féidir a phriontáil ar pháipéar agus sothuigthe agus i bhfoirm leictreonach, mheaisín-inléite.

CAIBIDIL V

Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta

Airteagal 28

Ceart chun leigheas éifeachtach breithiúnach

1.   D’ainneoin aon leigheasanna riaracháin nó aon leigheasanna neamhbhreithiúnacha eile, beidh an ceart chun leighis bhreithiúnaigh éifeachtaigh ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a ndéantar difear dóibh i ndáil le cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí dá dtagraítear in Airteagal 14 arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí i mbainistiú, i rialú agus i bhforfheidhmiú an chórais fógartha le haghaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí agus cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí dá dtagraítear in Airteagail 19 agus 24 agus arna ndéanamh ag na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí agus faireachán a dhéanamh ar eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí.

2.   Déanfar imeachtaí de bhun an Airteagail seo a thabhairt os comhair chúirteanna nó bhinsí Bhallstát an údaráis inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí nó an údaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí ina bhfuil an t-údarás a n-iarrtar an leigheas breithiúnach ina choinne, ar bhonn aonair nó, i gcás inarb ábhartha, trí ionadaithe duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó i dteannta a chéile.

3.   I gcás ina dteipeann ar údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí nó údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí gníomhú i ndáil le gearán, beidh an ceart ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil nó rochtain a fháil ar athbhreithniú ag comhlacht neamhchlaonta a bhfuil an saineolas iomchuí aige.

CAIBIDIL VI

An Bord Eorpach um nuálaíocht Sonraí

Airteagal 29

An Bord Eorpach um nuálaíocht Sonraí

1.   Bunóidh an Coimisiún Bord Eorpach um nuálaíocht Sonraí i bhfoirm sainghrúpa, ar a mbeidh ionadaithe ó údaráis inniúla na mBallstát uile le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus ó húdaráis na mBallstát uile atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ó ENISA, ón gCoimisiún, ó Thoscaire AE na FBManna nó ionadaí arna cheapadh ag líonra toscairí FBM, agus ionadaithe eile ó chomhlachtaí ábhartha in earnálacha sonracha chomh maith le comhlachtaí a bhfuil saineolas sonrach acu. Agus saineolaithe aonair á gceapadh aige, beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún cothromaíocht inscne agus gheografach a bhaint amach i measc chomhaltaí an tsainghrúpa.

2.   Beidh an Bord Eorpach um nuálaíocht Sonraí comhdhéanta de na trí fhoghrúpa seo a leanas ar a laghad::

(a)

foghrúpa ina mbeidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, d’fhonn na cúraimí a dhéanamh de bhun Airteagal 30, pointí (a), (c), (j) agus (k);

(b)

foghrúpa le haghaidh plé teicniúil maidir le caighdeánú, iniomparthacht agus idir-inoibritheacht de bhun phointí (f) agus (g) d’Airteagal 30;

(c)

foghrúpa maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí atá comhdhéanta d’ionadaithe ábhartha ón tionscal, ón taighde, ón saol acadúil, ón tsochaí shibhialta, ó eagraíochtaí caighdeánaithe, ó spásanna coiteanna Eorpacha sonraí ábhartha agus ó gheallsealbhóirí ábhartha eile agus ó thríú páirtithe a thugann comhairle don Bhord Eorpach um nuálaíocht Sonraí maidir le cúraimí de bhun Airteagal 30, pointí (d), (e), (f), (g) agus (h).

3.   Is é an Coimisiún a bheidh ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Eorpaigh um nuálaíocht Sonraí.

4.   Déanfaidh rúnaíocht arna soláthar ag an gCoimisiún cúnamh a thabhairt don Bhord Eorpach um nuálaíocht Sonraí.

Airteagal 30

Cúraimí an Bhoird Eorpaigh um nuálaíocht Sonraí

Beidh na cúraimí seo a leanas ar an mBord Eorpach um nuálaíocht Sonraí:

(a)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach de chuid comhlachtaí earnála poiblí agus comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a fhorbairt i ndáil le hiarrataí ar athúsáid na gcatagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a láimhseáil;

(b)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach a fhorbairt don altrúchas sonraí de ar fud an Aontais;

(c)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach de chuid na n-údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus de chuid na n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a fhorbairt agus na ceanglais is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse idirghabhála sonraí agus le heagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí á gcur i bhfeidhm;

(d)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le treoirlínte comhsheasmhacha a fhorbairt maidir leis an mbealach is fearr, i gcomhthéacs an Rialacháin seo, chun cosaint a thabhairt do shonraí neamhphearsanta atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus de chineál neamhphearsanta, go háirithe rúin cheirde, ach freisin do shonraí neamhphearsanta ar inneachar iad atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla ar rochtain neamhdhleathach lena mbaineann an baol go ngoidfí maoin intleachtúil nó go ndéanfaí spiaireacht thionsclaíoch;

(e)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le treoirlínte comhsheasmhacha a fhorbairt i ndáil le ceanglais chibearshlándála a ghabhann le malartú agus stóráil sonraí;

(f)

comhairle a thabhairt don Choimisiún, agus ionchur na n-eagraíochtaí um chaighdeánú á chur san áireamh go háirithe, maidir le tosaíocht a thabhairt do chaighdeáin trasearnála a bheidh le húsáid agus le forbairt le haghaidh úsáid sonraí agus comhroinnt trasearnála sonraí idir spásanna coiteanna Eorpacha sonraí atá ag teacht chun cinn, le haghaidh comparáid trasearnála agus malartú dea-chleachtas i ndáil le ceanglais earnálacha le haghaidh nósanna imeachta slándála agus rochtana, agus gníomhaíochtaí caighdeánaithe earnáilsonracha á gcur san áireamh, go háirithe maidir le soiléiriú agus idirdhealú a dhéanamh ar na caighdeáin atá trasearnálach agus iad siúd atá earnálach;

(g)

cúnamh a thabhairt don Choimisiún, agus ionchur na n-eagraíochtaí um chaighdeánú á chur san áireamh, agus aghaidh á tabhairt ar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus ar an ngeilleagar sonraí sa mhargadh inmheánach trí idir-inoibritheacht trasteorann agus trasearnála sonraí a fheabhsú chomh maith le seirbhísí comhroinnte sonraí idir earnálacha agus fearainn éagsúla, ag cur leis na caighdeáin Eorpacha, idirnáisiúnta nó náisiúnta atá ann cheana, inter alia agus é mar aidhm leis spreagadh a thabhairt do spásanna coiteanna Eorpacha sonraí a chruthú;

(h)

treoirlínte a mholadh do spásanna coiteanna Eorpacha sonraí, eadhon creataí idir-inoibritheacha cuspóir-shonracha nó earnáilsonracha nó trasearnála de chomhchaighdeáin agus de chleachtais chomhchoiteanna chun sonraí a chomhroinnt nó a phróiseáil go comhpháirteach chun, inter alia, táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt, taighde eolaíoch nó tionscnaimh na sochaí sibhialta a dhéanamh; cuirfear san áireamh sna caighdeáin choiteanna agus sna cleachtais choiteanna sin na caighdeáin atá ann cheana, comhlíonfaidh siad na rialacha iomaíochta agus áiritheofar leo rochtain neamh-idirdhealaitheach do na rannpháirtithe uile, chun comhroinnt sonraí san Aontas a éascú agus chun leas a bhaint as acmhainneacht spásanna sonraí atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, agus aghaidh á tabhairt, inter alia, ar an méid seo a leanas:

(i)

caighdeáin trasearnálacha a bheidh le húsáid agus le forbairt d’úsáid sonraí agus do chomhroinnt trasearnála sonraí, do chomparáid trasearnálach agus do mhalartú dea-chleachtas i ndáil le ceanglais earnálacha maidir le nósanna imeachta slándála agus rochtana, agus gníomhaíochtaí caighdeánaithe earnáilsonracha á gcur san áireamh, go háirithe maidir le soiléiriú agus idirdhealú a dhéanamh ar na caighdeáin agus na cleachtais atá trasearnálach agus iad siúd atá earnálach;

(ii)

ceanglais chun cur i gcoinne bacainní ar dhul isteach sa mhargadh agus éifeachtaí glasála a sheachaint, chun iomaíocht chóir agus idir-inoibritheacht a áirithiú;

(iii)

cosaint leormhaith d’aistrithe sonraí dleathacha chuig tríú tíortha, lena n-áirítear coimircí i gcoinne aon aistrithe a thoirmisctear le dlí an Aontais;

(iv)

ionadaíocht leormhaith agus neamh-idirdhealaitheach na ngeallsealbhóirí ábhartha i rialachas spásanna coiteanna Eorpacha sonraí;

(v)

ceanglais chibearshlándála a chomhlíonadh i gcomhréir le dlí an Aontais;

(i)

comhar idir na Ballstáit a éascú i ndáil leis coinníollacha comhchuibhithe a leagan síos lena bhféadfar athúsáid a bhaint as na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus atá ina seilbh ag comhlachtaí earnála poiblí ar fud an mhargaidh inmheánaigh;

(j)

an comhar a éascú idir na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus údaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí trí fhothú acmhainneachta agus malartú faisnéise, go háirithe trí mhodhanna a bhunú le haghaidh malartú éifeachtúil faisnéise a bhaineann leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí agus le haghaidh eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí a chlárú agus faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear comhordú maidir le táillí nó pionóis a shocrú, chomh maith le comhar a éascú idir údaráis inniúla maidir le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú sonraí, lena n-áirítear comhordú maidir le táillí nó pionóis a shocrú, chomh maith le comhar a éascú idir údaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus údaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i ndáil le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú sonraí;

(k)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le meastóireacht a dhéanamh an nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5(11) agus (12);

(l)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir leis an bhfoirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 25(1);

(m)

comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le feabhas a chur ar an timpeallacht rialála idirnáisiúnta le haghaidh sonraí neamhphearsanta, caighdeánú san áireamh.

CAIBIDIL VII

Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

Airteagal 34

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a bhaineann le haistrithe sonraí neamhphearsanta chuig tríú tíortha de bhun Airteagal 5(14) agus Airteagal 31, an oibleagáid atá ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí fógra a thabhairt de bhun Airteagal 11, na coinníollacha maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar de bhun Airteagal 12, agus na coinníollacha maidir le clárú mar eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí de bhun Airteagail 18, 20, 21 agus 22 agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ina rialacha maidir le pionóis, cuirfidh na Ballstáit san áireamh moltaí an Bhoird Eorpaigh um nuálaíocht Sonraí. Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 24 Meán Fómhair 2023, fógra i dtaobh na rialacha agus na mbeart sin don Choimisiún agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Cuirfidh na Ballstáit san áireamh na critéir neamh-uileghabhálacha agus táscacha seo a leanas maidir le pionóis a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí agus ar eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí as sáruithe ar an Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí:

(a)

cineál, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe;

(b)

aon ghníomhaíocht arna déanamh ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó ag an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí chun an damáiste arb é an sárú ba chúis leis a mhaolú nó a leigheas;

(c)

aon sáruithe a rinne an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí roimhe sin;

(d)

na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó na heagraíochta aitheanta altrúchais sonraí nó na caillteanais a sheachain siad mar gheall ar an sárú, a mhéid is féidir tairbhí nó caillteanais den sórt sin a shuíomh go hiontaofa;

(e)

aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis.


whereas









keyboard_arrow_down