search


keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/0868 GA cercato: 'chumhacht' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index chumhacht:


whereas chumhacht:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 489

 

Airteagal 13

Údaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun na cúraimí a bhaineann leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a chur i gcrích agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi chéannacht na n-údarás inniúil sin faoin 24 Meán Fómhair 2023. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún freisin faoi aon mhodhnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar chéannacht na n-údarás inniúil sin.

2.   Comhlíonfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 26.

3.   Ní dochar cumhachtaí na n-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí do chumhachtaí na n-údarás cosanta sonraí, na n-údarás iomaíochta náisiúnta, na n-údarás atá i gceannas ar chibearshlándáil agus na n-údarás earnála ábhartha eile. I gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, bunóidh na húdaráis sin comhar láidir agus malartóidh siad an fhaisnéis de réir mar is gá chun a gcúraimí a fheidhmiú maidir lesoláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí, agus beidh sé mar aidhm acu comhsheasmhacht a bhaint amach sna cinntí arna ndéanamh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm..

Airteagal 14

Faireachán ar chomhlíonadh

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh cheanglais na Caibidle seo ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí. Féadfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar an méid a chomhlíonann soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí, ar bhonn iarraidh ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach.

2.   Beidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí an fhaisnéis ar fad is gá chun comhlíonadh cheanglais na Caibidle seo a iarraidh ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí nó a n-ionadaithe dlíthiúla. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an chúraim agus beidh sé réasúnaithe.

3.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí nach gcomhlíonann soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí ceann amháin nó níos mó de cheanglais na Caibidle seo, cuirfidh sé na torthaí sin in iúl don soláthraí le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí sin agus tabharfaidh sé deis dó a thuairimí a chur in iúl, laistigh de 30 lá ón bhfógra a fháil.

4.   Beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí a éileamh go scoirfear den sárú dá dtagraítear i mír 3 laistigh de theorainn ama réasúnta nó láithreach i gcás sárú tromchúiseach agus déanfaidh an t-údarás ábhartha sin bearta iomchuí agus comhréireacha a mbeidh sé mar aidhm leo comhlíonadh a áirithiú. Chuige sin, beidh an chumhacht ag an údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, i gcás inarb iomchuí, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

pionóis airgeadais athchomhairleacha a fhorchur, trí nósanna imeachta riaracháin, a bhféadfaidh pionóis thréimhsiúla agus pionóis a bhfuil tionchar chúlghabhálach acu a bheith ar áireamh iontu, nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i leith fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud;

(b)

a cheangal go ndéanfar tosú sholáthar na seirbhíse idirghabhála sonraí a chur siar nó go ndéanfar an soláthar sin a chur ar fionraí go dtí go ndéanfar aon athruithe ar na coinníollacha arna n-iarraidh ag an údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí; nó

(c)

a cheangal go scoirfí den tseirbhís idirghabhála sonraí a sholáthar, i gcás nár leigheasadh sáruithe tromchúiseacha nó sáruithe a tharlaíonn arís agus arís eile d’ainneoin an réamhfhógra i gcomhréir le mír 3.

Iarrfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí ar an gCoimisiún an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a bhaint de chlár na soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí, a luaithe a ordóidh sé go scoirfí den tseirbhís idirghabhála sonraí i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe (c).

Má leigheasann soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí sáruithe, tabharfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí sin fógra an athuair don údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí. Tabharfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí fógra don Choimisiún faoi gach athfhógra nua.

5.   I gcás nach n-ainmneoidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nach bhfuil bunaithe san Aontas ionadaí dlíthiúil nó i gcás ina dteipfidh ar an ionadaí dlíthiúil an fhaisnéis is gá a léiríonn go cuimsitheach comhlíonadh an Rialacháin seo a sholáthar, arna iarraidh sin don údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí tosú sholáthar na seirbhíse idirghabhála sonraí a chur siar nó an soláthar sin a chur ar fionraí go dtí go mbeidh an t-ionadaí dlíthiúil ainmnithe nó go dtí go soláthrófar an fhaisnéis is gá.

6.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí fógra gan mhoill don soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí lena mbaineann faoi na bearta arna bhforchur de bhun mhíreanna 4 agus 5 agus na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe, chomh maith leis na céimeanna is gá a dhéanamh chun na heasnaimh ábhartha a cheartú, agus sonróidh siad tréimhse réasúnta, nach faide ná 30 lá, don soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí chun na bearta sin a chomhlíonadh.

7.   Más rud é go bhfuil a phríomhbhunaíocht nó a ionadaí dlíthiúil i mBallstát ag soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí ach go soláthraíonn sé seirbhísí i mBallstáit eile, comhoibreoidh údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí i mBallstát na príomhbhunaíochta nó sa Ballstát ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil lonnaithe i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát eile sin le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí agus cuideoidh siad le chéile. Féadfar malartuithe faisnéise idir na húdaráis inniúla lena mbaineann le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí chun críocha a gcúraimí faoin Rialachán seo agus iarrataí réasúnaithe ar na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh a chumhdach le cúnamh agus comhar den sórt sin.

I gcás ina n-iarrann údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí i mBallstát amháin cúnamh ó údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí i mBallstát eile, déanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh. Tabharfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, arna iarraidh sin dó, freagra gan moill agus laistigh de thréimhse ama atá comhréireach le práinn na hiarrata.

Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs an chúnaimh a iarradh agus a chuirtear ar fáil faoin mír seo ach amháin i ndáil leis an ábhar ar iarradh í ina leith.

Airteagal 24

Faireachán ar chomhlíonadh

1.   Déanfaidh na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Chaibidil seo ag eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí i gcomhréir leis. Féadfaidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sin ag eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí den sórt sin, ar bhonn iarraidh ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach.

2.   Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faisnéis a iarraidh ar eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí is gá chun comhlíonadh cheanglais na Caibidle seo a fhíorú. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an chúraim agus beidh sé réasúnaithe.

3.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí nach gcomhlíonann eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí ceann amháin nó níos mó de cheanglais na Caibidle seo, tabharfaidh sé fógra don eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí faoi na cinntí sin agus tabharfaidh sé deis di a tuairimí a chur in iúl, laistigh de 30 lá tar éis dóibh an fógra a fháil.

4.   Beidh de chumhacht ag an údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a éileamh go scoirfear den sárú dá dtagraítear i mír 3 láithreach nó laistigh de theorainn ama réasúnta agus glacfaidh an t-údarás ábhartha sin bearta iomchuí agus comhréireacha arb iad is aidhm dóibh comhlíonadh a áirithiú.

5.   Mura gcomhlíonann eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí ceann amháin nó níos mó de cheanglais na Caibidle seo fiú tar éis don údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí fógra a thabhairt di i gcomhréir le mír 3, bainfidh an méid seo a leanas leis an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí sin:

(a)

caillfidh sí an ceart atá aice an lipéad “eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas” a úsáid in aon chumarsáid i scríbhinn ná ó bhéal;

(b)

bainfear den chlár poiblí náisiúnta ábhartha d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí agus de chlár poiblí an Aontais d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí í.

Aon chinneadh lena gcúlghairtear an ceart chun an lipéad “eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas” a úsáid faoin gcéad fhomhír, pointe (a), cuirfidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí ar fáil go poiblí é.

6.   Más rud é go bhfuil a príomhbhunaíocht nó a hionadaí dlíthiúil i mBallstát ag eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí ach go bhfuil sí gníomhach i mBallstáit eile, comhoibreoidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mBallstát na príomhbhunaíochta nó sa Bhallstát ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil lonnaithe i gcomhar le húdaráis na mBallstát eile sin atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí agus cuideoidh siad le chéile. Féadfar malartuithe faisnéise idir na húdaráis lena mbaineann atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí chun críocha a gcúraimí faoin Rialachán seo agus iarrataí réasúnaithe ar na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh a chumhdach le cúnamh agus comhar den sórt sin.

I gcás ina n-iarrann údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mBallstát amháin cúnamh ó údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mBallstát eile, déanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh. Tabharfaidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, arna iarraidh sin dó, freagra gan moill mhíchuí agus laistigh de thréimhse ama atá comhréireach le práinn na hiarrata.

Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs an chúnaimh a iarradh agus a chuirtear ar fáil faoin mír seo ach amháin i ndáil leis an ábhar ar iarradh í ina leith.

Airteagal 31

Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

1.   Déanfaidh an comhlacht earnála poiblí, an duine nádúrtha nó dlítheanach dár deonaíodh an ceart sonraí a athúsáid faoi Chaibidil II, an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí gach beart réasúnta teicniúil, dlíthiúil agus eagraíochtúil, lena n-áirítear socruithe conarthacha, chun aistriú idirnáisiúnta sonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas nó rochtain rialtais orthu a chosc i gcás ina mbeadh an t-aistriú nó an rochtain sin ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, gan dochar do mhír 2 ná 3.

2.   Aon chinneadh nó breithiúnas ó chúirt nó ó bhinse tríú tír agus aon chinneadh ó údarás riaracháin tríú tír lena gceanglaítear ar chomhlacht earnála poiblí, duine nádúrtha nó dlítheanach dár deonaíodh an ceart chun sonraí a athúsáid faoi Chaibidil II, soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí sonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas a aistriú nó rochtain a thabhairt orthu faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ní dhéanfar iad a aithint ná a fhorfheidhmiú ar chaoi ar bith ach amháin má tá siad bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh um chúnamh dlíthiúil frithpháirteach, atá i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an tAontas nó aon chomhaontú den sórt sin idir an tríú tír iarrthach agus Ballstát.

3.   In éagmais comhaontú idirnáisiúnta amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcás inarb é comhlacht earnála poiblí, duine nádúrtha nó dlítheanach dár deonaíodh an ceart sonraí a athúsáid faoi Chaibidil II, soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó eagraíocht aitheanta altrúchais seolaí cinnidh nó breithiúnais ó chúirt nó binse tríú tír nó cinnidh ó údarás riaracháin tríú tír maidir le sonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas a astriú nó rochtain a thabhairt orthu faoi raon feidhme an Rialacháin agus i gcás ina bhfuil an baol ann go mbeadh an seolaí ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha de bharr chomhlíonadh an chinnidh sin, ní dhéanfar na sonraí sin a aistriú chuig an údarás tríú tír sin ná ní bheidh rochtain ag an údarás tríú tír sin orthu ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

ceanglaítear leis an gcóras tríú tír go leagfar amach cúiseanna agus comhréireacht an chinnidh nó an bhreithiúnais sin, agus go gceanglaítear leis gur de chineál sonrach an cinneadh nó an breithiúnas sin, mar shampla trí nasc leordhóthanach a bhunú le daoine áirithe a bhfuil amhras fúthu nó trí sháruithe áirithe;

(b)

tá agóid réasúnaithe an tseolaí faoi réir athbhreithniú ag cúirt inniúil tríú tír nó ag binse inniúil tríú tír; agus

(c)

tugtar de chumhacht don chúirt inniúil tríú tír nó don bhinse inniúil tríú tír a eisíonn an cinneadh nó an breithiúnas nó a dhéanann athbhreithniú ar chinneadh údaráis riaracháin, faoi dhlí an tríú tír sin, aird chuí a thabhairt ar leasanna ábhartha dlí sholáthraí na sonraí a chosnaítear faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha.

4.   Má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 nó 3, déanfaidh an comhlacht earnála poiblí, an duine nádúrtha nó dlítheanach dár deonaíodh an ceart sonraí a athúsáid faoi Chaibidil II, an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí an t-íosmhéid sonraí is ceadmhach mar fhreagra ar iarraidh a sholáthar, bunaithe ar léirmhíniú réasúnta ar an iarraidh.

5.   An comhlacht earnála poiblí, an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach dár deonaíodh an ceart sonraí a athúsáid faoi Chaibidil II, an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí agus an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí, cuirfidh siad an sealbhóir sonraí ar an eolas faoi iarraidh ó údarás riaracháin tríú tír ar rochtain a fháil ar a chuid sonraí sula gcomhlíonfaidh siad an iarraidh sin, seachas i gcás ina bhfónann an iarraidh sin chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus chomh fada is gá sin chun éifeachtacht ghníomhaíocht fhorfheidhmiú an dlí a chaomhnú.

CAIBIDIL VIII

Tarmligean agus nós imeachta coiste

Airteagal 32

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(13) agus Airteagal 22(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó 23 Meitheamh 2022.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(13) agus in Airteagal 22(1) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(13) nó Airteagal 22(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear trí mhí bhreise leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.


whereas









keyboard_arrow_down