search


keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/0868 GA cercato: 'éascú' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index éascú:


whereas éascú:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 761

 

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “sonraí” aon léiriú digiteach ar ghníomhartha, ar fhíricí nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, fíricí nó faisnéis den sórt sin, lena n-áirítear i bhfoirm taifead fuaime, físe nó closamhairc;

(2)

ciallaíonn “athúsáid” an úsáid a bhaineann daoine nádúrtha nó dlítheanacha as sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí, chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála seachas an cuspóir tosaigh a bhí ann laistigh den chúram phoiblí ar táirgeadh na sonraí chuige, diomaite den mhalartú sonraí idir comhlachtaí earnála poiblí chun a gcúraimí poiblí a shaothrú agus chuige sin amháin;

(3)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

(4)

ciallaíonn “sonraí neamhphearsanta” sonraí seachas sonraí pearsanta;

(5)

ciallaíonn “toiliú” toiliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Rialachán (AE) 2016/679;

(6)

ciallaíonn “cead” an ceart a thabhairt d’úsáideoirí sonraí chun sonraí neamhphearsanta a phróiseáil;

(7)

ciallaíonn “ábhar sonraí” ábhar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

(8)

ciallaíonn “sealbhóir sonraí” duine dlítheanach, lena n-áirítear comhlachtaí earnála poiblí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, nó duine nádúrtha nach ábhar sonraí i ndáil leis na sonraí sonracha atá i gceist, a bhfuil sé de cheart ag an duine sin, i gcomhréir le dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, rochtain a thabhairt ar shonraí pearsanta áirithe nó sonraí neamhphearsanta áirithe nó iad a chomhroinnt;

(9)

ciallaíonn “úsáideoir sonraí” duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil rochtain dhleathach ar shonraí áirithe pearsanta nó neamhphearsanta agus ag a bhfuil sé de cheart, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) 2016/679 i gcás sonraí pearsanta, na sonraí sin a úsáid chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála;

(10)

ciallaíonn “comhroinnt sonraí” sonraí a bheith á soláthar ag ábhar sonraí nó sealbhóir sonraí d’úsáideoir sonraí chun úsáid chomhpháirteach nó úsáid indibhidiúil a bhaint as na sonraí sin, bunaithe ar chomhaontuithe deonacha nó ar dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, go díreach nó trí idirghabhálaí, mar shampla faoi cheadúnais oscailte nó tráchtála atá faoi réir táille nó atá saor in aisce;

(11)

ciallaíonn “seirbhís idirghabhála sonraí” seirbhís arb é is aidhm di caidrimh thráchtála a bhunú chun críoch comhroinnte sonraí idir líon neamhchinntithe ábhar sonraí agus sealbhóirí sonraí ar thaobh amháin agus úsáideoirí sonraí ar an taobh eile, trí mhodhanna teicniúla, dlíthiúla nó eile, lena n-áirítear chun cearta ábhar sonraí a fheidhmiú i ndáil le sonraí pearsanta, seachas an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

seirbhísí a fhaigheann sonraí ó shealbhóirí sonraí agus a dhéanann na sonraí a chomhiomlánú, a shaibhriú nó a chlaochlú chun críoch breisluach substaintiúil a chur leo agus a dhéanann úsáid na sonraí a eascraíonn as sin a cheadúnú d’úsáideoirí sonraí, gan caidreamh tráchtála a bhunú idir sealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí;

(b)

seirbhísí lena ndírítear ar idirghabháil inneachair faoi chosaint cóipchirt;

(c)

seirbhísí a úsáideann sealbhóir sonraí amháin go heisiach chun úsáid sonraí atá i seilbh na tsealbhóra sonraí sin a chumasú, nó a úsáideann daoine dlítheanacha iomadúla i ngrúpa iata, lena n-áirítear caidrimh soláthraithe nó custaiméirí nó comharaíochtaí arna mbunú trí chonradh, go háirithe iad siúd a bhfuil sé mar phríomhchuspóir acu feidhmiúlachtaí réad agus gléasanna atá nasctha le hIdirlíon na Rudaí Nithiúla a áirithiú;

(d)

seirbhísí comhroinnte sonraí arna dtairiscint ag comhlachtaí earnála poiblí nach é is aidhm dóibh caidrimh thráchtála a bhunú;

(12)

ciallaíonn “próiseáil” próiseáil mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le sonraí pearsanta nó mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Rialachán (AE) 2018/1807 maidir le sonraí neamhphearsanta;

(13)

ciallaíonn “rochtain” úsáid sonraí, i gcomhréir le ceanglais shonracha theicniúla, dhlíthiúla nó eagraíochtúla, agus ní gá go dtuigfí as sin tarchur ná íoslódáil na sonraí;

(14)

ciallaíonn “príomhbhunaíocht” duine dlítheanaigh áit a riaracháin lárnaigh san Aontas;

(15)

ciallaíonn “seirbhísí comharchumann sonraí” seirbhísí idirghabhála sonraí a thairgeann struchtúr eagraíochtúil atá comhdhéanta d’ábhair sonraí, gnóthais aon duine amháin nó FBManna ar comhaltaí den struchtúr sin iad, a bhfuil sé ina phríomhchuspóirí aige tacú lena chomhaltaí agus a gcearta á bhfeidhmiú acu maidir le sonraí áirithe, lena n-áirítear i ndáil le roghanna eolasacha a dhéanamh sula dtoilíonn siad do phróiseáil sonraí, tuairimí a mhalartú maidir le cuspóirí agus coinníollacha próiseála sonraí is fearr a dhéanfadh ionadaíocht do leas a chomhaltaí maidir lena sonraí, agus téarmaí agus coinníollacha a chaibidliú maidir le próiseáil sonraí thar ceann a chomhaltaí sula dtabharfaidh siad cead sonraí neamhphearsanta a phróiseáil nó sula dtoileoidh siad do phróiseáil a gcuid sonraí pearsanta;

(16)

ciallaíonn “altrúchas sonraí” comhroinnt dheonach sonraí ar bhonn thoiliú na n-ábhar sonraí sonraí pearsanta a bhaineann leo a phróiseáil, nó ceadanna ó shealbhóirí sonraí a sonraí neamhphearsanta a úsáid gan luaíocht a lorg nó a fháil, luaíocht a théann thar chúiteamh a bhaineann leis na costais a thabhaíonn siad i gcás ina gcuireann siad a gcuid sonraí ar fáil le haghaidh cuspóirí leasa ghinearálta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, amhail cúram sláinte, an t-athrú aeráide a chomhrac, an tsoghluaisteacht a fheabhsú, forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh oifigiúil a éascú, soláthar seirbhísí poiblí a fheabhsú, ceapadh beartas poiblí nó chun críoch taighde eolaíoch ar mhaithe leis an leas ginearálta;

(17)

ciallaíonn “comhlacht earnála poiblí” an Stát, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachais arna bhfoirmiú ag údarás amháin nó níos mó den sórt sin, nó comhlacht amháin nó níos mó den sórt sin faoi rialú an dlí phoiblí;

(18)

ciallaíonn “comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí” comhlachtaí ag a bhfuil na tréithe seo a leanas:

(a)

bunaítear iad leis an gcuspóir sonrach riachtanais ar mhaithe leis an leas ginearálta a chomhlíonadh, agus níl carachtar tionsclaíoch ná tráchtála acu;

(b)

tá pearsantacht dhlítheanach acu;

(c)

tá siad á maoiniú, den chuid is mó, ag an Stát, ag údaráis réigiúnacha nó áitiúla, nó ag comhlachtaí eile faoi rialú an dlí phoiblí, tá siad faoi réir maoirseacht bainistíochta ag na húdaráis nó comhlachtaí sin, nó tá bord riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta acu, a bhfuil níos mó ná leath dá chomhaltaí ceaptha ag an Stát, ag údaráis réigiúnacha nó áitiúla nó ag comhlachtaí eile faoi rialú an dlí phoiblí;

(19)

ciallaíonn “gnóthas poiblí” aon ghnóthas a bhféadfaidh na comhlachtaí earnála poiblí tionchar ceannasach a imirt go díreach nó go hindíreach air de bhua a n-úinéireachta air, a rannpháirteachais airgeadais ann, nó na rialacha lena rialaítear é; chun críocha an tsainmhínithe seo, measfar go bhfuil tionchar ceannasach á imirt ag na comhlachtaí earnála poiblí in aon cheann de na cásanna inar fíor an méid seo a leanas maidir leis na comhlachtaí sin, go díreach nó go hindíreach:

(a)

tá formhór de chaipiteal suibscríofa an ghnóthais acu;

(b)

rialaíonn siad formhór na vótaí a ghabhann leis na scaireanna arna n-eisiúint ag an ngnóthas;

(c)

is féidir leo níos mó ná leath de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais a cheapadh;

(20)

ciallaíonn “timpeallacht shlán phróiseála” an timpeallacht fhisiceach nó fhíorúil agus na modhanna eagraíochtúla chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais, amhail Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe maidir le cearta ábhar sonraí, cearta maoine intleachtúla agus rúndacht tráchtála agus staidrimh, sláine agus inrochtaineacht, agus go gcomhlíonfar an dlí náisiúnta is infheidhme, agus chun a cheadú don eintiteas a sholáthraíonn an timpeallacht shlán phróiseála na gníomhaíochtaí próiseála sonraí uile a chinneadh agus a mhaoirsiú, lena n-áirítear sonraí a thaispeáint, a stóráil, a íoslódáil agus a onnmhairiú agus sonraí díorthacha a ríomh trí algartaim ríomhaireachtúla;

(21)

ciallaíonn “ionadaí dlíthiúil” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a ainmnítear go sainráite chun gníomhú thar ceann soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó eintiteas nach bhfuil bunaithe san Aontas a bhailíonn sonraí chun cuspóirí leasa ghinearálta a chuireann daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar fáil ar bhonn altrúchas sonraí, ar duine nádúrtha nó dlítheanach é nó í a bhféadfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí dul i dteagmháil leis nó léi i dteannta leis an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó leis an eintiteas, nó in ionad an tsoláthraí seirbhíse idirghabhála sonraí nó an eintitis, maidir le hoibleagáidí faoin Rialachán seo, lena n-áirítear maidir le himeachtaí forfheidhmiúcháin a thionscnamh i gcoinne soláthraí neamhchomhlíontach seirbhísí idirghabhála sonraí nó eintiteas neamhchomhlíontach nach bhfuil bunaithe san Aontas.

CAIBIDIL II

Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí

Airteagal 12

Coinníollacha maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar

Beidh soláthar seirbhísí idirghabhála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

ní úsáidfidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí na sonraí a úsáid ar ina leith a sholáthraíonn sé seirbhísí idirghabhála sonraí chun críoch eile seachas chun na sonraí sin a chur ar fáil d’úsáideoirí sonraí agus soláthróidh sé seirbhísí idirghabhála sonraí trí dhuine dlítheanach ar leithligh;

(b)

na téarmaí tráchtála, lena n-áirítear praghsáil, maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar do shealbhóir sonraí nó d’úsáideoir sonraí, ní bheidh siad ag brath ar cibé an úsáideann an sealbhóir sonraí nó úsáideoir sonraí seirbhísí eile arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí céanna nó ag eintiteas gaolmhar, agus má úsáideann, ní bheidh siad ag brath ar an méid a úsáideann an sealbhóir sonraí nó an t-úsáideoir sonraí seirbhísí eile den sórt sin;

(c)

na sonraí a bhailítear i ndáil le gníomhaíocht ar bith de chuid duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh chun seirbhís idirghabhála sonraí a sholáthar, lena n-áirítear na sonraí maidir le dáta, am agus geoshuíomh, ré na gníomhaíochta agus naisc le daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile atá bunaithe ag an duine a úsáideann an tseirbhís idirghabhála sonraí, ní úsáidfear iad ach amháin chun an tseirbhís idirghabhála sonraí sin a fhorbairt, rud a bhféadfadh úsáid sonraí a bheith i gceist leis chun calaois a bhrath nó le haghaidh na cibearshlándála, agus cuirfear ar fáil do na sealbhóirí sonraí iad arna iarraidh sin dóibh;

(d)

éascóidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí malartú na sonraí san fhormáid ina bhfaigheann sé iad ó ábhar sonraí nó ó shealbhóir sonraí, tiontóidh sé na sonraí i bhformáidí sonracha chun idir-inoibritheacht a fheabhsú laistigh d’earnálacha agus thar earnálacha, agus sin amháin, nó arna iarraidh sin don úsáideoir sonraí nó i gcás ina sainordófar sin i ndlí an Aontais nó chun comhchuibhiú le caighdeáin sonraí idirnáisiúnta nó Eorpacha a áirithiú agus tairgfidh sé rogha gan a bheith páirteach do na hábhair sonraí nó do shealbhóirí sonraí maidir leis na tiontuithe sin, ach amháin i gcás ina bhfuil an tiontú sainordaithe le dlí an Aontais;

(e)

féadfar a áireamh ar na seirbhísí idirghabhála sonraí uirlisí agus seirbhísí sonracha breise a thairiscint do shealbhóirí sonraí nó d’ábhair sonraí chun críche malartú sonraí a éascú, amhail stóráil shealadach, comhiomlánú, tiontú, anaithnidiú agus bréagainmniú; ní úsáidfear na huirlisí sin ach amháin arna n-iarraidh nó arna bhformheas go sainráite ag sealbhóir sonraí nó ag ábhar sonraí agus ní dhéanfar uirlisí tríú páirtí arna dtairiscint sa chomhthéacs sin a úsáid chun críoch eile;

(f)

áiritheoidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí go bhfuil an nós imeachta um rochtain a fháil ar a sheirbhís cothrom, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach d’ábhair sonraí agus do shealbhóirí sonraí araon, mar aon le húsáideoirí sonraí, lena n-áirítear maidir le praghsanna agus téarmaí seirbhíse;

(g)

beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí chun cleachtais chalaoiseacha nó drochúsáide a chosc i ndáil le páirtithe atá ag lorg rochtain trína chuid seirbhísí idirghabhála sonraí;

(h)

áiritheoidh an soláthraí seirbhíse idirghabhála sonraí, i gcás dócmhainneachta, go mbeidh leanúnachas réasúnta ann maidir le soláthar a sheirbhísí idirghabhála sonraí a áirithiú agus, i gcás ina ndéanann seirbhísí idirghabhála sonraí stóráil sonraí a áirithiú, beidh sásraí i bhfeidhm acu lena gceadófar do shealbhóirí sonraí agus d’úsáideoirí sonraí rochtain a fháil ar a gcuid sonraí, a gcuid sonraí a tharchur nó a aisghabháil agus, i gcás ina soláthraítear seirbhísí idirghabhála sonraí den sórt sin idir ábhair sonraí agus úsáideoirí sonraí, chun a chur ar chumas na n-ábhar sonraí a gcearta a fheidhmiú;

(i)

déanfaidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí bearta réasúnta chun idir-inoibritheacht le seirbhísí eile idirghabhála sonraí a áirithiú, inter alia, trí bhíthin caighdeáin oscailte a úsáidtear go coitianta san earnáil ina n-oibríonn an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí;

(j)

déanfaidh an soláthraí seirbhíse idirghabhála sonraí bearta teicniúla, dlíthiúla agus eagraíochtúla leormhaithe a chur i bhfeidhm chun aistriú sonraí neamhphearsanta atá neamhdhleathach faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, nó rochtain orthu, a chosc;

(k)

déanfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí sealbhóirí sonraí a chur ar an eolas gan moill mhíchuí i gcás aistriú neamhúdaraithe, rochtain neamhúdaraithe nó úsáid neamhúdaraithe na sonraí neamhphearsanta a chomhroinn sé;

(l)

déanfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí bearta chun leibhéal iomchuí slándála a áirithiú do stóráil, próiseáil agus tarchur sonraí neamhphearsanta, agus déanfaidh an soláthraí a áirithiú a thuilleadh go mbeidh an leibhéal slándála is airde ann do stóráil agus do tharchur faisnéise atá íogair ó thaobh iomaíochta de;

(m)

gníomhóidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a thairgeann seirbhísí do na hábhair sonraí chun leas na n-ábhar sonraí nuair a bheidh feidhmiú a gceart á éascú aige, go háirithe trí na hábhair sonraí a chur ar an eolas agus, i gcás inarb iomchuí, trí chomhairle a chur orthu i mbealach atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus inrochtana go héasca i ndáil le húsáid sonraí atá beartaithe ag úsáideoirí sonraí agus maidir le téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha a ghabhann leis na húsáidí sin, sula dtoileoidh ábhair sonraí leis na sonraí sin;

(n)

i gcás ina soláthróidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí uirlisí chun toiliú a fháil ó ábhair sonraí nó ceadanna chun sonraí a phróiseáil arna gcur ar fáil ag sealbhóirí sonraí, sonróidh sé, i gcás inarb ábhartha, an dlínse thríú tír ina bhfuil an úsáid sonraí beartaithe agus soláthróidh sé uirlisí do na hábhair sonraí chun toiliú a thabhairt agus a tharraingt siar araon agus do shealbhóirí sonraí maidir le ceadanna a thabhairt agus a tharraingt siar araon chun sonraí a phróiseáil;

(o)

coinneoidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí taifead loga den ghníomhaíocht idirghabhála sonraí.

Airteagal 16

Socruithe eagraíochtúla le haghaidh altrúchas sonraí

Féadfaidh na Ballstáit socruithe eagraíochtúla nó teicniúla, nó an dá rud, a bheith i bhfeidhm chun altrúchas sonraí a éascú. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit beartais náisiúnta a bhunú le haghaidh altrúchas sonraí. Féadfar leis na beartais náisiúnta sin, go háirithe, cúnamh a thabhairt d’ábhair sonraí chun sonraí pearsanta a bhaineann leo atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí a chur ar fáil go deonach i ndáil leis an altrúchas sonraí, agus féadfar an fhaisnéis is gá a leagan amach iontu a cheanglaítear a chur ar fáil do na hábhair sonraí a bhaineann le hathúsáid a gcuid sonraí ar mhaithe leis an leas ginearálta.

Má fhorbraíonn Ballstát beartais náisiúnta den sórt sin, tabharfaidh sé fógra ina leith sin don Choimisiún.

Airteagal 25

Foirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí

1.   Chun bailiú sonraí bunaithe ar an altrúchas sonraí a éascú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar agus lena bhforbrófar foirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, agus comhairle ón mBord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí á cur san áireamh agus ina mbeidh geallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach go cuí. Fágfaidh an fhoirm go mbeifear in ann toiliú nó cead a bhailiú ar fud na mBallstát i bhformáid aonfhoirmeach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

2.   San fhoirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí, bainfear úsáid as cur chuige modúlach lena gceadófar oiriúnú d’earnálacha ar leith agus chun críoch éagsúil.

3.   I gcás ina gcuirfear sonraí pearsanta ar fáil, áiritheofar leis an bhfoirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí go bhfuil na hábhair sonraí in ann toiliú a thabhairt d’oibríocht próiseála sonraí ar leith agus toiliú a tharraingt siar ón oibríocht sin i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2016/679.

4.   Beidh an fhoirm ar fáil ar bhealach is féidir a phriontáil ar pháipéar agus sothuigthe agus i bhfoirm leictreonach, mheaisín-inléite.

CAIBIDIL V

Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta

Airteagal 30

Cúraimí an Bhoird Eorpaigh um Nuálaíocht Sonraí

Beidh na cúraimí seo a leanas ar an mBord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí:

(a)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach de chuid comhlachtaí earnála poiblí agus comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a fhorbairt i ndáil le hiarrataí ar athúsáid na gcatagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a láimhseáil;

(b)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach a fhorbairt don altrúchas sonraí de ar fud an Aontais;

(c)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach de chuid na n-údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus de chuid na n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a fhorbairt agus na ceanglais is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse idirghabhála sonraí agus le heagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí á gcur i bhfeidhm;

(d)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le treoirlínte comhsheasmhacha a fhorbairt maidir leis an mbealach is fearr, i gcomhthéacs an Rialacháin seo, chun cosaint a thabhairt do shonraí neamhphearsanta atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus de chineál neamhphearsanta, go háirithe rúin cheirde, ach freisin do shonraí neamhphearsanta ar inneachar iad atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla ar rochtain neamhdhleathach lena mbaineann an baol go ngoidfí maoin intleachtúil nó go ndéanfaí spiaireacht thionsclaíoch;

(e)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le treoirlínte comhsheasmhacha a fhorbairt i ndáil le ceanglais chibearshlándála a ghabhann le malartú agus stóráil sonraí;

(f)

comhairle a thabhairt don Choimisiún, agus ionchur na n-eagraíochtaí um chaighdeánú á chur san áireamh go háirithe, maidir le tosaíocht a thabhairt do chaighdeáin trasearnála a bheidh le húsáid agus le forbairt le haghaidh úsáid sonraí agus comhroinnt trasearnála sonraí idir spásanna coiteanna Eorpacha sonraí atá ag teacht chun cinn, le haghaidh comparáid trasearnála agus malartú dea-chleachtas i ndáil le ceanglais earnálacha le haghaidh nósanna imeachta slándála agus rochtana, agus gníomhaíochtaí caighdeánaithe earnáilsonracha á gcur san áireamh, go háirithe maidir le soiléiriú agus idirdhealú a dhéanamh ar na caighdeáin atá trasearnálach agus iad siúd atá earnálach;

(g)

cúnamh a thabhairt don Choimisiún, agus ionchur na n-eagraíochtaí um chaighdeánú á chur san áireamh, agus aghaidh á tabhairt ar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus ar an ngeilleagar sonraí sa mhargadh inmheánach trí idir-inoibritheacht trasteorann agus trasearnála sonraí a fheabhsú chomh maith le seirbhísí comhroinnte sonraí idir earnálacha agus fearainn éagsúla, ag cur leis na caighdeáin Eorpacha, idirnáisiúnta nó náisiúnta atá ann cheana, inter alia agus é mar aidhm leis spreagadh a thabhairt do spásanna coiteanna Eorpacha sonraí a chruthú;

(h)

treoirlínte a mholadh do spásanna coiteanna Eorpacha sonraí, eadhon creataí idir-inoibritheacha cuspóir-shonracha nó earnáilsonracha nó trasearnála de chomhchaighdeáin agus de chleachtais chomhchoiteanna chun sonraí a chomhroinnt nó a phróiseáil go comhpháirteach chun, inter alia, táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt, taighde eolaíoch nó tionscnaimh na sochaí sibhialta a dhéanamh; cuirfear san áireamh sna caighdeáin choiteanna agus sna cleachtais choiteanna sin na caighdeáin atá ann cheana, comhlíonfaidh siad na rialacha iomaíochta agus áiritheofar leo rochtain neamh-idirdhealaitheach do na rannpháirtithe uile, chun comhroinnt sonraí san Aontas a éascú agus chun leas a bhaint as acmhainneacht spásanna sonraí atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, agus aghaidh á tabhairt, inter alia, ar an méid seo a leanas:

(i)

caighdeáin trasearnálacha a bheidh le húsáid agus le forbairt d’úsáid sonraí agus do chomhroinnt trasearnála sonraí, do chomparáid trasearnálach agus do mhalartú dea-chleachtas i ndáil le ceanglais earnálacha maidir le nósanna imeachta slándála agus rochtana, agus gníomhaíochtaí caighdeánaithe earnáilsonracha á gcur san áireamh, go háirithe maidir le soiléiriú agus idirdhealú a dhéanamh ar na caighdeáin agus na cleachtais atá trasearnálach agus iad siúd atá earnálach;

(ii)

ceanglais chun cur i gcoinne bacainní ar dhul isteach sa mhargadh agus éifeachtaí glasála a sheachaint, chun iomaíocht chóir agus idir-inoibritheacht a áirithiú;

(iii)

cosaint leormhaith d’aistrithe sonraí dleathacha chuig tríú tíortha, lena n-áirítear coimircí i gcoinne aon aistrithe a thoirmisctear le dlí an Aontais;

(iv)

ionadaíocht leormhaith agus neamh-idirdhealaitheach na ngeallsealbhóirí ábhartha i rialachas spásanna coiteanna Eorpacha sonraí;

(v)

ceanglais chibearshlándála a chomhlíonadh i gcomhréir le dlí an Aontais;

(i)

comhar idir na Ballstáit a éascú i ndáil leis coinníollacha comhchuibhithe a leagan síos lena bhféadfar athúsáid a bhaint as na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus atá ina seilbh ag comhlachtaí earnála poiblí ar fud an mhargaidh inmheánaigh;

(j)

an comhar a éascú idir na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus údaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí trí fhothú acmhainneachta agus malartú faisnéise, go háirithe trí mhodhanna a bhunú le haghaidh malartú éifeachtúil faisnéise a bhaineann leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí agus le haghaidh eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí a chlárú agus faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear comhordú maidir le táillí nó pionóis a shocrú, chomh maith le comhar a éascú idir údaráis inniúla maidir le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú sonraí, lena n-áirítear comhordú maidir le táillí nó pionóis a shocrú, chomh maith le comhar a éascú idir údaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus údaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i ndáil le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú sonraí;

(k)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le meastóireacht a dhéanamh an nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5(11) agus (12);

(l)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir leis an bhfoirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 25(1);

(m)

comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le feabhas a chur ar an timpeallacht rialála idirnáisiúnta le haghaidh sonraí neamhphearsanta, caighdeánú san áireamh.

CAIBIDIL VII

Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta


whereas









keyboard_arrow_down