keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 2 Airteagal 2 Sainmhínithe
- 1 Airteagal 15 Eisceachtaí
- 4 Airteagal 16 Socruithe eagraíochtúla le haghaidh altrúchas sonraí
- 1 Airteagal 18 Ceanglais ghinearálta maidir le clárúchán
- 1 Airteagal 21 Ceanglais shonracha maidir le cearta agus leasanna na n-ábhar sonraí agus na sealbhóirí sonraí a choimirciú i ndáil lena sonraí
- 1 Airteagal 22 Leabhar rialacha
- 5 Airteagal 25 Foirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí
- 2 Airteagal 30 Cúraimí an Bhoird Eorpaigh um Nuálaíocht Sonraí
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
CAIBIDIL II
Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí
CAIBIDIL III
Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí
CAIBIDIL IV
altrúchas sonraí
CAIBIDIL V
Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta
CAIBIDIL VI
An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí
CAIBIDIL VII
Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta
CAIBIDIL VIII
Tarmligean agus nós imeachta coiste
CAIBIDIL IX
Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha
- sonraí 185
- agus 115
- chun 46
- maidir 40
- atá 29
- leis 28
- lena 26
- altrúchais 23
- ciallaíonn 21
- airteagal 20
- thabhairt 19
- comhlachtaí 17
- ndáil 16
- dlí 15
- aitheanta 14
- poiblí 14
- haghaidh 14
- bhfuil 13
- altrúchas 13
- úsáid 13
- seirbhísí 13
- phróiseáil 13
- neamhphearsanta 12
- idirghabhála 12
- n-áirítear 12
- ceanglais 12
- pearsanta 12
- fáil 11
- earnála 11
- idir 11
- gcás 11
- faoi 11
- náisiúnta 11
- choimisiún 10
- eagraíocht 10
- toiliú 10
- eile 10
- comhairle 10
- amháin 10
- trí 10
- sealbhóirí 10
- cúnamh 9
- dtagraítear 9
- rialachán 9
- siad 9
- chur 9
- háirithe 9
- tráchtála 9
- bhunú 9
- duine 8
Airteagal 15
Eisceachtaí
Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le h-eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí nó eintitis neamhbhrabúis eile a mhéid gurb é atá i gceist lena ngníomhaíochtaí féachaint le sonraí a bhailiú ar mhaithe leis an leas ginearálta, arna gcur ar fáil ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar bhonn altrúchas sonraí, ach amháin má tá sé d’aidhm ag na heagraíochtaí agus ag na heintitis sin caidreamh tráchtála a bhunú idir líon neamhchinntithe ábhar sonraí agus sealbhóirí sonraí, ar thaobh amháin agus úsáideoirí sonraí ar an taobh eile.
CAIBIDIL IV
altrúchas sonraí
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) | ciallaíonn “sonraí” aon léiriú digiteach ar ghníomhartha, ar fhíricí nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, fíricí nó faisnéis den sórt sin, lena n-áirítear i bhfoirm taifead fuaime, físe nó closamhairc; |
(2) | ciallaíonn “athúsáid” an úsáid a bhaineann daoine nádúrtha nó dlítheanacha as sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí, chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála seachas an cuspóir tosaigh a bhí ann laistigh den chúram phoiblí ar táirgeadh na sonraí chuige, diomaite den mhalartú sonraí idir comhlachtaí earnála poiblí chun a gcúraimí poiblí a shaothrú agus chuige sin amháin; |
(3) | ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679; |
(4) | ciallaíonn “sonraí neamhphearsanta” sonraí seachas sonraí pearsanta; |
(5) | ciallaíonn “toiliú” toiliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Rialachán (AE) 2016/679; |
(6) | ciallaíonn “cead” an ceart a thabhairt d’úsáideoirí sonraí chun sonraí neamhphearsanta a phróiseáil; |
(7) | ciallaíonn “ábhar sonraí” ábhar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679; |
(8) | ciallaíonn “sealbhóir sonraí” duine dlítheanach, lena n-áirítear comhlachtaí earnála poiblí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, nó duine nádúrtha nach ábhar sonraí i ndáil leis na sonraí sonracha atá i gceist, a bhfuil sé de cheart ag an duine sin, i gcomhréir le dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, rochtain a thabhairt ar shonraí pearsanta áirithe nó sonraí neamhphearsanta áirithe nó iad a chomhroinnt; |
(9) | ciallaíonn “úsáideoir sonraí” duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil rochtain dhleathach ar shonraí áirithe pearsanta nó neamhphearsanta agus ag a bhfuil sé de cheart, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) 2016/679 i gcás sonraí pearsanta, na sonraí sin a úsáid chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála; |
(10) | ciallaíonn “comhroinnt sonraí” sonraí a bheith á soláthar ag ábhar sonraí nó sealbhóir sonraí d’úsáideoir sonraí chun úsáid chomhpháirteach nó úsáid indibhidiúil a bhaint as na sonraí sin, bunaithe ar chomhaontuithe deonacha nó ar dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, go díreach nó trí idirghabhálaí, mar shampla faoi cheadúnais oscailte nó tráchtála atá faoi réir táille nó atá saor in aisce; |
(11) | ciallaíonn “seirbhís idirghabhála sonraí” seirbhís arb é is aidhm di caidrimh thráchtála a bhunú chun críoch comhroinnte sonraí idir líon neamhchinntithe ábhar sonraí agus sealbhóirí sonraí ar thaobh amháin agus úsáideoirí sonraí ar an taobh eile, trí mhodhanna teicniúla, dlíthiúla nó eile, lena n-áirítear chun cearta ábhar sonraí a fheidhmiú i ndáil le sonraí pearsanta, seachas an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(12) | ciallaíonn “próiseáil” próiseáil mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le sonraí pearsanta nó mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Rialachán (AE) 2018/1807 maidir le sonraí neamhphearsanta; |
(13) | ciallaíonn “rochtain” úsáid sonraí, i gcomhréir le ceanglais shonracha theicniúla, dhlíthiúla nó eagraíochtúla, agus ní gá go dtuigfí as sin tarchur ná íoslódáil na sonraí; |
(14) | ciallaíonn “príomhbhunaíocht” duine dlítheanaigh áit a riaracháin lárnaigh san Aontas; |
(15) | ciallaíonn “seirbhísí comharchumann sonraí” seirbhísí idirghabhála sonraí a thairgeann struchtúr eagraíochtúil atá comhdhéanta d’ábhair sonraí, gnóthais aon duine amháin nó FBManna ar comhaltaí den struchtúr sin iad, a bhfuil sé ina phríomhchuspóirí aige tacú lena chomhaltaí agus a gcearta á bhfeidhmiú acu maidir le sonraí áirithe, lena n-áirítear i ndáil le roghanna eolasacha a dhéanamh sula dtoilíonn siad do phróiseáil sonraí, tuairimí a mhalartú maidir le cuspóirí agus coinníollacha próiseála sonraí is fearr a dhéanfadh ionadaíocht do leas a chomhaltaí maidir lena sonraí, agus téarmaí agus coinníollacha a chaibidliú maidir le próiseáil sonraí thar ceann a chomhaltaí sula dtabharfaidh siad cead sonraí neamhphearsanta a phróiseáil nó sula dtoileoidh siad do phróiseáil a gcuid sonraí pearsanta; |
(16) | ciallaíonn “altrúchas sonraí” comhroinnt dheonach sonraí ar bhonn thoiliú na n-ábhar sonraí sonraí pearsanta a bhaineann leo a phróiseáil, nó ceadanna ó shealbhóirí sonraí a sonraí neamhphearsanta a úsáid gan luaíocht a lorg nó a fháil, luaíocht a théann thar chúiteamh a bhaineann leis na costais a thabhaíonn siad i gcás ina gcuireann siad a gcuid sonraí ar fáil le haghaidh cuspóirí leasa ghinearálta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, amhail cúram sláinte, an t-athrú aeráide a chomhrac, an tsoghluaisteacht a fheabhsú, forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh oifigiúil a éascú, soláthar seirbhísí poiblí a fheabhsú, ceapadh beartas poiblí nó chun críoch taighde eolaíoch ar mhaithe leis an leas ginearálta; |
(17) | ciallaíonn “comhlacht earnála poiblí” an Stát, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachais arna bhfoirmiú ag údarás amháin nó níos mó den sórt sin, nó comhlacht amháin nó níos mó den sórt sin faoi rialú an dlí phoiblí; |
(18) | ciallaíonn “comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí” comhlachtaí ag a bhfuil na tréithe seo a leanas:
|
(19) | ciallaíonn “gnóthas poiblí” aon ghnóthas a bhféadfaidh na comhlachtaí earnála poiblí tionchar ceannasach a imirt go díreach nó go hindíreach air de bhua a n-úinéireachta air, a rannpháirteachais airgeadais ann, nó na rialacha lena rialaítear é; chun críocha an tsainmhínithe seo, measfar go bhfuil tionchar ceannasach á imirt ag na comhlachtaí earnála poiblí in aon cheann de na cásanna inar fíor an méid seo a leanas maidir leis na comhlachtaí sin, go díreach nó go hindíreach:
|
(20) | ciallaíonn “timpeallacht shlán phróiseála” an timpeallacht fhisiceach nó fhíorúil agus na modhanna eagraíochtúla chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais, amhail Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe maidir le cearta ábhar sonraí, cearta maoine intleachtúla agus rúndacht tráchtála agus staidrimh, sláine agus inrochtaineacht, agus go gcomhlíonfar an dlí náisiúnta is infheidhme, agus chun a cheadú don eintiteas a sholáthraíonn an timpeallacht shlán phróiseála na gníomhaíochtaí próiseála sonraí uile a chinneadh agus a mhaoirsiú, lena n-áirítear sonraí a thaispeáint, a stóráil, a íoslódáil agus a onnmhairiú agus sonraí díorthacha a ríomh trí algartaim ríomhaireachtúla; |
(21) | ciallaíonn “ionadaí dlíthiúil” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a ainmnítear go sainráite chun gníomhú thar ceann soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó eintiteas nach bhfuil bunaithe san Aontas a bhailíonn sonraí chun cuspóirí leasa ghinearálta a chuireann daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar fáil ar bhonn altrúchas sonraí, ar duine nádúrtha nó dlítheanach é nó í a bhféadfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí dul i dteagmháil leis nó léi i dteannta leis an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó leis an eintiteas, nó in ionad an tsoláthraí seirbhíse idirghabhála sonraí nó an eintitis, maidir le hoibleagáidí faoin Rialachán seo, lena n-áirítear maidir le himeachtaí forfheidhmiúcháin a thionscnamh i gcoinne soláthraí neamhchomhlíontach seirbhísí idirghabhála sonraí nó eintiteas neamhchomhlíontach nach bhfuil bunaithe san Aontas. |
CAIBIDIL II
Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí
Airteagal 15
Eisceachtaí
Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le h-eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí nó eintitis neamhbhrabúis eile a mhéid gurb é atá i gceist lena ngníomhaíochtaí féachaint le sonraí a bhailiú ar mhaithe leis an leas ginearálta, arna gcur ar fáil ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar bhonn altrúchas sonraí, ach amháin má tá sé d’aidhm ag na heagraíochtaí agus ag na heintitis sin caidreamh tráchtála a bhunú idir líon neamhchinntithe ábhar sonraí agus sealbhóirí sonraí, ar thaobh amháin agus úsáideoirí sonraí ar an taobh eile.
CAIBIDIL IV
altrúchas sonraí
Airteagal 16
Socruithe eagraíochtúla le haghaidh altrúchas sonraí
Féadfaidh na Ballstáit socruithe eagraíochtúla nó teicniúla, nó an dá rud, a bheith i bhfeidhm chun altrúchas sonraí a éascú. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit beartais náisiúnta a bhunú le haghaidh altrúchas sonraí. Féadfar leis na beartais náisiúnta sin, go háirithe, cúnamh a thabhairt d’ábhair sonraí chun sonraí pearsanta a bhaineann leo atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí a chur ar fáil go deonach i ndáil leis an altrúchas sonraí, agus féadfar an fhaisnéis is gá a leagan amach iontu a cheanglaítear a chur ar fáil do na hábhair sonraí a bhaineann le hathúsáid a gcuid sonraí ar mhaithe leis an leas ginearálta.
Má fhorbraíonn Ballstát beartais náisiúnta den sórt sin, tabharfaidh sé fógra ina leith sin don Choimisiún.
Airteagal 18
Ceanglais ghinearálta maidir le clárúchán
Chun cáiliú do chlárúchán i gclár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchas sonraí, beidh an méid seo a leanas fíor i leith eintitis:
(a) | déanfaidh sé gníomhaíochtaí altrúchais sonraí; |
(b) | beidh sé ina dhuine dlítheanach arna bhunú de bhun an dlí náisiúnta chun cuspóirí leasa ghinearálta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta a bhaint amach, i gcás inarb infheidhme; |
(c) | oibreoidh sé ar bhonn neamhbhrabúsach agus beidh sé neamhspleách go dlíthiúil ar aon eintiteas a oibríonn ar bhonn neamhbhrabúsach; |
(d) | déanfaidh sé a chuid gníomhaíochtaí altrúchais sonraí trí struchtúr atá scartha ó thaobh feidhme de óna chuid gníomhaíochtaí eile; |
(e) | comhlíonfaidh sé an leabhar rialacha dá dtagraítear in Airteagal 22(1), ar a dhéanaí 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír sin. |
Airteagal 21
Ceanglais shonracha maidir le cearta agus leasanna na n-ábhar sonraí agus na sealbhóirí sonraí a choimirciú i ndáil lena sonraí
1. Déanfaidh eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí ábhair sonraí nó sealbhóirí sonraí a chur ar an eolas ar bhealach soiléir sothuigthe, sula ndéanfar aon phróiseáil ar a gcuid sonraí, faoin méid seo a leanas:
(a) | na cuspóirí leasa ghinearálta agus, más infheidhme, an chríoch shonraithe, shainráite agus dhlisteanach dá bhfuil sonraí pearsanta le próiseáil, agus dá gceadaíonn sí d’úsáideoir sonraí a sonraí a phróiseáil; |
(b) | suíomh agus cuspóirí an leasa ghinearálta dá gceadaíonn sí aon phróiseáil a dhéantar i dtríú tír, áit arb í an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí a dhéanann an phróiseáil. |
2. Ní úsáidfidh an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí na sonraí le haghaidh cuspóirí eile seachas cuspóirí leasa ghinearálta a gceadaíonn an t-ábhar sonraí nó sealbhóir sonraí an phróiseáil ina leith. Ní bhainfidh an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí úsáid as cleachtais mhargaíochta mhíthreoracha chun soláthar sonraí a iarraidh.
3. Soláthróidh an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí uirlisí chun toiliú a fháil ó ábhair sonraí nó ceadanna chun sonraí a chuireann sealbhóirí sonraí ar fáil a phróiseáil. Soláthróidh an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí freisin uirlisí chun an toiliú nó an cead sin a tharraingt siar go héasca.
4. Déanfaidh an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí bearta chun leibhéal iomchuí slándála a áirithiú do stóráil agus próiseáil sonraí neamhphearsanta a bhailigh sé bunaithe ar altrúchas sonraí.
5. Déanfaidh an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí sealbhóirí sonraí a chur ar an eolas gan mhoill i gcás aon aistriú neamhúdaraithe a dhéantar ar na sonraí neamhphearsanta a roinn sé, i gcás aon úsáid neamhúdaraithe a bhaintear astu nó i gcás aon rochtain neamhúdaraithe orthu.
6. I gcás ina n-éascóidh an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí próiseáil sonraí ag tríú páirtithe, lena n-áirítear trí uirlisí a sholáthar chun toiliú a fháil ó ábhair sonraí nó ceadanna chun sonraí a chuireann sealbhóirí sonraí ar fáil a phróiseáil, sonróidh sé, i gcás inarb ábhartha, an dlínse tríú tír ina bhfuil sé beartaithe úsáid a bhaint as na sonraí.
Airteagal 22
Leabhar rialacha
1. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí leabhar rialacha a bhunú lena leagfar síos an méid seo a leanas:
(a) | ceanglais faisnéise iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear ar fáil do na hábhair sonraí agus do shealbhóirí sonraí, sula dtugtar toiliú nó cead altrúchais sonraí, faisnéis atá mionsonraithe, soiléir agus trédhearcach go leor maidir le húsáid na sonraí, na huirlisí chun toiliú nó cead a thabhairt agus a tharraingt siar, agus na bearta a glacadh chun mí-úsáid na sonraí a chomhroinntear leis an eagraíocht altrúchais sonraí a sheachaint; |
(b) | ceanglais theicniúla agus slándála iomchuí chun an leibhéal iomchuí slándála a áirithiú do stóráil agus próiseáil sonraí, chomh maith leis na huirlisí chun toiliú nó cead a thabhairt agus a tharraingt siar; |
(c) | treochláir chumarsáide lena ngabhann cur chuige ildisciplíneach chun feasacht a ardú maidir le haltrúchas sonraí, maidir leis an ainmniú mar “eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas” agus maidir leis an leabhar rialacha i measc geallsealbhóirí ábhartha, go háirithe sealbhóirí sonraí agus ábhair sonraí a d’fhéadfadh a gcuid sonraí a chomhroinnt; |
(d) | moltaí maidir le caighdeáin idir-inoibritheachta ábhartha. |
2. Déanfar an leabhar rialacha dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú i ndlúthchomhar le heagraíochtaí altrúchais sonraí agus le geallsealbhóirí ábhartha.
Airteagal 25
Foirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí
1. Chun bailiú sonraí bunaithe ar an altrúchas sonraí a éascú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar agus lena bhforbrófar foirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, agus comhairle ón mBord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí á cur san áireamh agus ina mbeidh geallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach go cuí. Fágfaidh an fhoirm go mbeifear in ann toiliú nó cead a bhailiú ar fud na mBallstát i bhformáid aonfhoirmeach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).
2. San fhoirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí, bainfear úsáid as cur chuige modúlach lena gceadófar oiriúnú d’earnálacha ar leith agus chun críoch éagsúil.
3. I gcás ina gcuirfear sonraí pearsanta ar fáil, áiritheofar leis an bhfoirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí go bhfuil na hábhair sonraí in ann toiliú a thabhairt d’oibríocht próiseála sonraí ar leith agus toiliú a tharraingt siar ón oibríocht sin i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2016/679.
4. Beidh an fhoirm ar fáil ar bhealach is féidir a phriontáil ar pháipéar agus sothuigthe agus i bhfoirm leictreonach, mheaisín-inléite.
CAIBIDIL V
Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta
Airteagal 30
Cúraimí an Bhoird Eorpaigh um Nuálaíocht Sonraí
Beidh na cúraimí seo a leanas ar an mBord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí:
(a) | comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach de chuid comhlachtaí earnála poiblí agus comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a fhorbairt i ndáil le hiarrataí ar athúsáid na gcatagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a láimhseáil; |
(b) | comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach a fhorbairt don altrúchas sonraí de ar fud an Aontais; |
(c) | comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach de chuid na n-údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus de chuid na n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a fhorbairt agus na ceanglais is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse idirghabhála sonraí agus le heagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí á gcur i bhfeidhm; |
(d) | comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le treoirlínte comhsheasmhacha a fhorbairt maidir leis an mbealach is fearr, i gcomhthéacs an Rialacháin seo, chun cosaint a thabhairt do shonraí neamhphearsanta atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus de chineál neamhphearsanta, go háirithe rúin cheirde, ach freisin do shonraí neamhphearsanta ar inneachar iad atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla ar rochtain neamhdhleathach lena mbaineann an baol go ngoidfí maoin intleachtúil nó go ndéanfaí spiaireacht thionsclaíoch; |
(e) | comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le treoirlínte comhsheasmhacha a fhorbairt i ndáil le ceanglais chibearshlándála a ghabhann le malartú agus stóráil sonraí; |
(f) | comhairle a thabhairt don Choimisiún, agus ionchur na n-eagraíochtaí um chaighdeánú á chur san áireamh go háirithe, maidir le tosaíocht a thabhairt do chaighdeáin trasearnála a bheidh le húsáid agus le forbairt le haghaidh úsáid sonraí agus comhroinnt trasearnála sonraí idir spásanna coiteanna Eorpacha sonraí atá ag teacht chun cinn, le haghaidh comparáid trasearnála agus malartú dea-chleachtas i ndáil le ceanglais earnálacha le haghaidh nósanna imeachta slándála agus rochtana, agus gníomhaíochtaí caighdeánaithe earnáilsonracha á gcur san áireamh, go háirithe maidir le soiléiriú agus idirdhealú a dhéanamh ar na caighdeáin atá trasearnálach agus iad siúd atá earnálach; |
(g) | cúnamh a thabhairt don Choimisiún, agus ionchur na n-eagraíochtaí um chaighdeánú á chur san áireamh, agus aghaidh á tabhairt ar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus ar an ngeilleagar sonraí sa mhargadh inmheánach trí idir-inoibritheacht trasteorann agus trasearnála sonraí a fheabhsú chomh maith le seirbhísí comhroinnte sonraí idir earnálacha agus fearainn éagsúla, ag cur leis na caighdeáin Eorpacha, idirnáisiúnta nó náisiúnta atá ann cheana, inter alia agus é mar aidhm leis spreagadh a thabhairt do spásanna coiteanna Eorpacha sonraí a chruthú; |
(h) | treoirlínte a mholadh do spásanna coiteanna Eorpacha sonraí, eadhon creataí idir-inoibritheacha cuspóir-shonracha nó earnáilsonracha nó trasearnála de chomhchaighdeáin agus de chleachtais chomhchoiteanna chun sonraí a chomhroinnt nó a phróiseáil go comhpháirteach chun, inter alia, táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt, taighde eolaíoch nó tionscnaimh na sochaí sibhialta a dhéanamh; cuirfear san áireamh sna caighdeáin choiteanna agus sna cleachtais choiteanna sin na caighdeáin atá ann cheana, comhlíonfaidh siad na rialacha iomaíochta agus áiritheofar leo rochtain neamh-idirdhealaitheach do na rannpháirtithe uile, chun comhroinnt sonraí san Aontas a éascú agus chun leas a bhaint as acmhainneacht spásanna sonraí atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, agus aghaidh á tabhairt, inter alia, ar an méid seo a leanas:
|
(i) | comhar idir na Ballstáit a éascú i ndáil leis coinníollacha comhchuibhithe a leagan síos lena bhféadfar athúsáid a bhaint as na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus atá ina seilbh ag comhlachtaí earnála poiblí ar fud an mhargaidh inmheánaigh; |
(j) | an comhar a éascú idir na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus údaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí trí fhothú acmhainneachta agus malartú faisnéise, go háirithe trí mhodhanna a bhunú le haghaidh malartú éifeachtúil faisnéise a bhaineann leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí agus le haghaidh eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí a chlárú agus faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear comhordú maidir le táillí nó pionóis a shocrú, chomh maith le comhar a éascú idir údaráis inniúla maidir le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú sonraí, lena n-áirítear comhordú maidir le táillí nó pionóis a shocrú, chomh maith le comhar a éascú idir údaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus údaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i ndáil le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú sonraí; |
(k) | comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le meastóireacht a dhéanamh an nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5(11) agus (12); |
(l) | comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir leis an bhfoirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 25(1); |
(m) | comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le feabhas a chur ar an timpeallacht rialála idirnáisiúnta le haghaidh sonraí neamhphearsanta, caighdeánú san áireamh. |
CAIBIDIL VII
Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta
whereas