keyboard_tab Cyber Resilience Act 2023/2841 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 2 Airteagal 11 Cúraimí IICB
- 4 Airteagal 15 Ceann CERT-EU
- 1 Airteagal 18 Comhar CERT-EU le contrapháirtithe eile
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
BEARTA LE HAGHAIDH ARDLEIBHÉAL COMHCHOITEANN CIBEARSHLÁNDÁLA
CAIBIDIL III
AN BORD IDIRINSTITIÚIDEACH UM CHIBEARSHLÁNDÁIL
CAIBIDIL IV
CERT-EU
CAIBIDIL V
OIBLEAGAIDI MAIDIR LE COMHAR AGUS TUAIRISCIU
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 65
- cert-eu 45
- maidir 21
- aontais 19
- lena 19
- leis 18
- iicb 17
- eintitis 15
- atá 14
- chun 14
- ceann 12
- dhéanamh 11
- airteagal 11
- n-áirítear 10
- fhormheas 8
- seirbhíse 8
- bhfuil 8
- bhonn 8
- dtagraítear 7
- tuarascálacha 7
- socruithe 7
- gcás 7
- arna 7
- cibearshlándála 6
- comhar 6
- faoi 6
- chur 6
- haghaidh 6
- cheann 6
- faisnéis 5
- beartaithe 5
- comhaontuithe 5
- leibhéal 5
- ghlacadh 5
- contrapháirtithe 5
- formheas 5
- moladh 5
- airgeadais 5
- feidhme 5
- rialta 4
- comhpháirtithe 4
- bhaineann 4
- chibearshlándála 4
- áireamh 4
- eintiteas 4
- amhail 4
- bhunú 4
- moltaí 4
- gach 4
- eile 4
Airteagal 11
Cúraimí IICB
Agus a fhreagrachtaí á bhfeidhmiú aige, déanfaidh IICB an méid seo a leanas, go háirithe:
(a) | treoir a chur ar fáil do Cheann CERT-EU; |
(b) | faireachán agus maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus tacú le heintitis an Aontais a gcibearshlándáil a neartú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tuarascálacha ad hoc a iarraidh ar eintitis an Aontais agus ar CERT-EU; |
(c) | tar éis plé straitéiseach, straitéis ilbhliantúil a ghlacadh maidir le leibhéal na cibearshlándála a ardú in eintitis an Aontais agus an straitéis sin a mheas ar bhonn tráthrialta agus, in aon chás, gach 5 bliana agus, i gcás inar gá, an straitéis sin a leasú; |
(d) | an mhodheolaíocht agus na gnéithe eagraíochtúla a leagan síos chun athbhreithnithe deonacha piaraí arna ndéanamh ag eintitis an Aontais a chur i gcrích, d’fhonn foghlaim ó thaithí chomhroinnte, lena neartaítear muinín fhrithpháirteach, lena ndéantar ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a bhaint amach, mar aon le cumais chibearshlándála eintitis an Aontais a fheabhsú, lena n-áirithítear gur saineolaithe cibearshlándála arna n-ainmniú ag eintiteas an Aontais atá éagsúil leis an eintiteas de chuid an Aontais atá faoi athbhreithniú a dhéanfaidh na hathbhreithnithe piaraí sin agus go bhfuil an mhodheolaíocht bunaithe ar Airteagal 19 de Threoir (AE) 2022/2555 agus go bhfuil sí, i gcás inarb iomchuí, oiriúnaithe d'eintitis an Aontais; |
(e) | clár oibre bliantúil CERT-EU, ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, a fhormheas agus faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme; |
(f) | catalóg seirbhísí CERT-EU, agus aon nuashonrú ina dhiaidh sin air, a fhormheas, ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU; |
(g) | ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, an phleanáil airgeadais bhliantúil maidir le hioncam agus caiteachas a bhaineann le gníomhaíochtaí CERT-EU, lena n-áirítear soláthar foirne, a fhormheas; |
(h) | ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, na socruithe le haghaidh comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a fhormheas; |
(i) | an tuarascáil bhliantúil arna dréachtú ag Ceann CERT-EU, lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí maidir le cistí agus an bhainistíocht a dhéanann CERT-EU orthu, a scrúdú agus a fhormheas; |
(j) | eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) le haghaidh CERT-EU a leagtar síos ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, a fhormheas agus faireachán a dhéanamh orthu; |
(k) | socruithe comhair, comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse nó conarthaí idir CERT-EU agus eintitis eile a fhormheas de bhun Airteagal 18; |
(l) | treoirlínte agus moltaí a ghlacadh ar bhonn togra ó CERT-EU i gcomhréir le hAirteagal 14 agus treoir a thabhairt do CERT-EU togra le haghaidh treoirlínte nó moltaí, nó glao ar ghníomhaíocht, a eisiúint, a tharraingt siar nó a mhodhnú; |
(m) | grúpaí comhairleacha teicniúla a bhunú ag a mbeidh cúraimí sonracha chun cuidiú le hobair IICB, a dtéarmaí tagartha a fhormheas agus a gCathaoirligh faoi seach a ainmniú; |
(n) | doiciméid agus tuarascálacha arna dtíolacadh ag eintitis an Aontais faoin Rialachán seo a fháil agus a mheasúnú, amhail measúnuithe aibíochta cibearshlándála; |
(o) | éascú a dhéanamh ar ghrúpa neamhfhoirmiúil d’oifigigh áitiúla chibearshlándála eintitis an Aontais a bhunú, arb é is aidhm dó dea-chleachtas agus faisnéis a mhalartú i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo; |
(p) | agus an fhaisnéis maidir leis na rioscaí cibearshlándála sainaitheanta agus na ceachtanna atá foghlamtha ó CERT-EU á gcur san áireamh, faireachán a dhéanamh ar leormhaitheas na socruithe idirnascthachta i measc thimpeallachtaí TFC eintitis an Aontais agus comhairle a thabhairt maidir le feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh; |
(q) | plean bainistithe cibirghéarcheime a bhunú d’fhonn tacú, ar an leibhéal oibríochtúil, le bainistiú comhordaithe a dhéanamh ar mhórtheagmhais lena ndéantar difear d’eintitis an Aontais agus d’fhonn rannchuidiú le malartú rialta faisnéise ábhartha, go háirithe maidir le tionchair agus déine mórtheagmhas agus maidir leis na bealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun éifeachtaí mórtheagmhas a mhaolú; |
(r) | comhordú a dhéanamh ar ghlacadh phleananna bainistithe cibirghéarchéime eintitis aonair an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 9(2); |
(s) | moltaí dá dtagraítear in Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointe (m) a ghlacadh, ar moltaí iad a bhaineann le slándáil an tslabhra soláthair, lena gcuirtear san áireamh na measúnuithe riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais a dhéantar ar shlabhraí soláthair criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 22 de Threoir (AE) 2022/2555 chun tacú le heintitis an Aontais bearta bainistíochta riosca cibearshlándála atá éifeachtach agus comhréireach a ghlacadh. |
Airteagal 15
Ceann CERT-EU
1. Tar éis formheas a fháil ó thromlach dhá thrian de chomhaltaí IICB, déanfaidh an Coimisiún Ceann CERT-EU a cheapadh. Rachfar i gcomhairle le IICB ag gach céim den nós imeachta ceapacháin, go háirithe maidir le fógraí folúntais a dhréachtú, iarratais a scrúdú, agus baill a cheapadh ar bhoird roghnúcháin i ndáil leis an bpost. Maidir leis an nós imeachta roghnúcháin, lena n-áirítear gearrliosta deiridh na n-iarrthóirí óna bhfuil Ceann CERT-EU le ceapadh, áiritheofar ionadaíocht chothrom ar gach inscne, agus na hiarratais a chuirtear isteach á gcur san áireamh.
2. Beidh Ceann CERT-EU freagrach as feidhmiú cuí CERT-EU, agus gníomhóidh sé nó sí laistigh de shainchúram an róil a bheidh aige nó aici agus faoi stiúir IICB. Tuairisceoidh Ceann CERT-EU go rialta do Chathaoirleach IICB agus cuirfidh sé tuarascálacha ad hoc faoi bhráid IICB arna iarraidh sin dó.
3. Cuideoidh Ceann CERT-EU leis an oifigeach freagrach údarúcháin trí tharmligean maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a dhréachtú ina mbeidh faisnéis airgeadais agus bainistíochta, lena n-áirítear torthaí na rialuithe, arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 74(9) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus tuairisceoidh Ceann CERT-EU go rialta don oifigeach údarúcháin trí tharmligean maidir le cur chun feidhme na mbeart i leith cé acu cumhachtaí atá fo-tharmligthe chuig Ceann CERT-EU.
4. Tarraingeoidh Ceann CERT-EU suas, ar bhonn bliantúil, pleanáil airgeadais maidir le hioncam agus caiteachas riaracháin maidir lena ghníomhaíochtaí, clár oibre bliantúil atá beartaithe, catalóg seirbhíse atá beartaithe le haghaidh CERT-EU, athbhreithnithe atá beartaithe a dhéanamh ar an gcatalóg seirbhíse, socruithe atá beartaithe le haghaidh comhaontuithe ar leibhéil seirbhíse agus KPInna atá beartaithe le haghaidh CERT-EU, a bheidh le formheas ag IICB i gcomhréir le hAirteagal 11. Agus athbhreithniú á dhéanamh ar liosta na seirbhísí i gcatalóg seirbhíse CERT-EU, cuirfidh Ceann CERT-EU san áireamh na hacmhainní a leithdháiltear ar CERT-EU.
5. Déanfaidh Ceann CERT-EU tuarascálacha a chur faoi bhráid IICB agus Chathaoirleach IICB uair sa bhliain ar a laghad maidir le gníomhaíochtaí agus feidhmíocht CERT-EU le linn na tréimhse tagartha, lena n-áirítear maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, comhaontuithe ar leibhéil seirbhíse agus comhaontuithe i scríbhinn atá déanta, comhar le contrapháirtithe agus comhpháirtithe, agus misin arna ndéanamh ag an bhfoireann, lena n-áirítear na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 11. Áireofar ar na tuarascálacha sin clár oibre don tréimhse ina dhiaidh sin, pleanáil airgeadais maidir le hioncam agus caiteachas, lena n-áirítear soláthar foirne, nuashonruithe atá pleanáilte a dhéanamh ar chatalóg seirbhíse CERT-EU agus measúnú ar an tionchar a mheastar a bheith ag na nuashonruithe sin maidir le hacmhainní airgeadais agus daonna.
Airteagal 18
Comhar CERT-EU le contrapháirtithe eile
1. Féadfaidh CERT-EU oibriú i gcomhar le contrapháirtithe san Aontas cé is moite díobh siúd dá dtagraítear in Airteagal 17 atá faoi réir cheanglais chibearshlándála an Aontais, lena n-áirítear contrapháirtithe earnáilsonracha maidir le huirlisí agus modhanna, amhail teicnící, taicticí, nósanna imeachta agus dea-chleachtais agus maidir le cibearbhagairtí agus leochaileachtaí. I gcás gach comhair leis na comhpháirtithe sin, lorgóidh CERT-EU formheas roimh ré ó IICB de réir an cháis. I gcás ina ndéanann CERT-EU comhar a bhunú leis na contrapháirtithe sin, déanfaidh sé aon chontrapháirtí ábhartha ó na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 17(1), sa Bhallstát ina bhfuil an contrapháirtí lonnaithe a chur ar an eolas. I gcás inarb infheidhme agus inarb iomchuí, déanfar an comhar sin agus na coinníollacha a ghabhann leis, lena n-áirítear maidir leis an gcibearshlándáil, cosaint sonraí agus láimhseáil faisnéise, a leagan síos i socruithe sonracha rúndachta amhail conarthaí nó socruithe riaracháin. Ní bheidh gá le formheas roimh ré ó IICB i leith na socruithe rúndachta, ach cuirfear Cathaoirleach IICB ar an eolas. I gcás ina bhfuil géarghá agus práinn le faisnéis chibearshlándála a mhalartú ar mhaithe le leas eintitis an Aontais nó páirtí eile, féadfaidh CERT-EU déanamh amhlaidh le heintiteas a bhfuil cúis mhaith leis an ngá atá lena inniúlacht, a chumas agus a shaineolas sonrach chun cuidiú leis an ngéarghá práinneach sin, fiú mura bhfuil socrú rúndachta i bhfeidhm ag CERT-EU leis an eintiteas sin. Sna cásanna sin, cuirfidh CERT-EU Cathaoirleach IICB ar an eolas láithreach bonn, agus tuairisceoidh sé don IICB trí bhíthin tuarascálacha nó cruinnithe rialta.
2. Féadfaidh CERT-EU oibriú i gcomhar le comhpháirtithe eile, amhail eintitis tráchtála, lena n-áirítear eintitis a bhaineann go sonrach le hearnáil an tionscail, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eintitis náisiúnta nach eintitis an Aontais iad nó saineolaithe aonair, chun faisnéis a chruinniú ar chibearbhagairtí ginearálta agus sonracha, ar neasteagmhais, ar leochaileachtaí agus ar fhrithbhearta féideartha. Chun comhar níos leithne leis na comhpháirtithe sin a bheith ann, lorgóidh CERT-EU formheas roimh ré ó IICB de réir an cháis.
3. Féadfaidh CERT-EU, le toiliú eintiteas an Aontais a ndéanann teagmhas difear dó agus ar choinníoll go bhfuil socrú nó conradh neamhnochta i bhfeidhm leis an gcontrapháirtí nó leis an gcomhpháirtí ábhartha, faisnéis a bhaineann leis an teagmhas sonrach a sholáthar do chontrapháirtithe nó do chomhpháirtithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 chun rannchuidiú lena anailís, agus chun na críche sin amháin.
CAIBIDIL V
OIBLEAGAIDI MAIDIR LE COMHAR AGUS TUAIRISCIU
whereas