search


keyboard_tab Cyber Resilience Act 2023/2841 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2841 GA cercato: 'ghlacadh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index ghlacadh:


whereas ghlacadh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 675

 

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘eintitis an Aontais’ institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais arna gcur ar bun leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) nó leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, nó dá mbun;

(2)

ciallaíonn ‘córas gréasán agus faisnéise’ córas gréasán agus faisnéise mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (1), de Threoir (AE) 2022/2555;

(3)

ciallaíonn ‘slándáil córas gréasán agus faisnéise’ slándáil córas gréasán agus faisnéise mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (2), de Threoir (AE) 2022/2555;

(4)

ciallaíonn ‘cibearshlándáil’ cibearshlándáil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2019/881;

(5)

ciallaíonn ‘an leibhéal bainistíochta is airde’ bainisteoir, comhlacht bainistíochta nó comhlacht comhordúcháin agus formhaoirseachta atá freagrach as feidhmiú eintitis de chuid an Aontais, ag an leibhéal riaracháin is sinsearaí, ag a bhfuil sainordú cinntí a ghlacadh nó a údarú i gcomhréir le socruithe rialachais ardleibhéil eintiteas sin an Aontais, gan dochar d’fhreagrachtaí foirmiúla na leibhéal eile bainistíochta as comhlíontacht agus bainistíocht riosca cibearshlándála ina réimsí freagrachta faoi seach;

(6)

ciallaíonn ‘neasteagmhas’ neasteagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (5), de Threoir (AE) 2022/2555;

(7)

ciallaíonn ‘teagmhas’ teagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (6), de Threoir (AE) 2022/2555;

(8)

ciallaíonn ‘mórtheagmhas’ teagmhas is cúis le leibhéal suaite lena sáraítear cumas eintitis de chuid an Aontais agus cumas CERT-EU freagairt air nó aon teagmhas a bhfuil tionchar suntasach aige ar dhá eintiteas de chuid an Aontais ar a laghad;

(9)

ciallaíonn ‘teagmhas mórscála cibearshlándála’ teagmhas mórscála cibearshlándála mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (7), de Threoir (AE) 2022/2555.

(10)

ciallaíonn ‘láimhseáil teagmhais’ láimhseáil teagmhais mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (8), de Threoir (AE) 2022/2555;

(11)

ciallaíonn ‘cibearbhagairt’ cibearbhagairt mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) 2019/881;

(12)

ciallaíonn ‘cibearbhagairt shuntasach’ cibearbhagairt shuntasach mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (11), de Threoir (AE) 2022/2555;

(13)

ciallaíonn ‘leochaileacht’ leochaileacht mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (15), de Threoir (AE) 2022/2555;

(14)

ciallaíonn ‘riosca cibearshlándála’ riosca mar a shainmhínítear é in Airteagal 6, pointe (9), de Threoir (AE) 2022/2555;

(15)

ciallaíonn ‘seirbhís néalríomhaireachta’ seirbhís néalríomhaireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (30), de Threoir (AE) 2022/2555.

Airteagal 5

Bearta a chur chun feidhme

1.   Faoin 8 Meán Fómhair 2024, déanfaidh an Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil arna bhunú de bhun Airteagal 10, tar éis dó dul i gcomhairle le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus tar éis treoir a fháil ó CERT-EU, treoirlínte a eisiúint d’eintitis an Aontais chun críche athbhreithnithe tosaigh cibearshlándála a dhéanamh agus creat inmheánach bainistíochta riosca, rialachais agus rialaithe cibearshlándála a bhunú de bhun Airteagal 6, measúnuithe aibíochta cibearshlándála a dhéanamh de bhun Airteagal 7, bearta bainistíochta riosca cibearshlándála a dhéanamh de bhun Airteagal 8, agus an plean cibearshlándála a ghlacadh de bhun Airteagal 9.

2.   Agus Airteagail 6 go 9 á gcur chun feidhme acu, cuirfidh eintitis an Aontais san áireamh na treoirlínte dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, chomh maith le treoirlínte agus moltaí ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagail 11 agus 14.

Airteagal 8

Bearta bainistíochta riosca cibearshlándála

1.   Gan moill mhíchuí agus in aon chás faoin 8 Meán Fómhair 2025, déanfaidh gach eintiteas de chuid an Aontais, faoi fhormhaoirseacht an leibhéil is airde bainistíochta, bearta teicniúla, oibríochtúla agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach chun na rioscaí cibearshlándála arna sainaithint faoin gCreat a bhainistiú, agus chun tionchar teagmhas a chosc nó a íoslaghdú. Agus na caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta úrscothacha agus, i gcás inarb infheidhme, ábhartha á gcur san áireamh, áiritheofar leis na bearta sin leibhéal slándála na gcóras gréasán agus faisnéise ar fud thimpeallacht TFC ina hiomláine i gcomhréir leis na rioscaí cibearshlándála a bhaineann leo. Agus measúnú á dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart sin, tabharfar aird chuí ar a mhéid atá eintiteas an Aontais neamhchosanta ar rioscaí cibearshlándála, ar a mhéid agus ar an dóchúlacht go dtarlóidh teagmhais agus ar a thromchúisí a bheidís, lena n-áirítear a dtionchar sochaíoch, eacnamaíoch agus idirinstitiúideach.

2.   Tabharfaidh eintitis an Aontais aghaidh ar na réimsí seo a leanas ar a laghad i gcur chun feidhme na mbeart bainistíochta riosca cibearshlándála:

(a)

beartas cibearshlándála, lena n-áirítear na bearta is gá chun na cuspóirí agus na tosaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 agus i mír 3 den Airteagal seo a ghnóthú;

(b)

beartais maidir le hanailís riosca cibearshlándála agus slándáil an chórais faisnéise;

(c)

cuspóirí beartais maidir le húsáid seirbhísí néalríomhaireachta;

(d)

iniúchadh cibearshlándála, i gcás inarb iomchuí, a bhféadfadh measúnú ar riosca cibearshlándála, ar leochaileacht agus ar chibearbhagairtí a bheith san áireamh ann, agus tástáil treáite arna déanamh ag soláthraí príobháideach iontaofa ar bhonn rialta;

(e)

cur chun feidhme na moltaí a thagann as iniúchtaí cibearshlándála dá dtagraítear i bpointe (d) trí nuashonruithe cibearshlándála agus beartais;

(f)

an chibearshlándáil a eagrú, lena n-áirítear róil agus freagrachtaí a bhunú;

(g)

bainistíocht sócmhainní, lena n-áirítear fardal sócmhainní TFC agus logaimsiú líonra TFC;

(h)

slándáil acmhainní daonna agus rialú rochtana;

(i)

slándáil oibríochtaí;

(j)

slándáil chumarsáide;

(k)

fáil, forbairt agus cothabháil an chórais, lena n-áirítear beartais maidir le láimhseáil agus nochtadh leochaileachtaí;

(l)

i gcás inar féidir, beartais maidir le trédhearcacht an chóid fhoinsigh;

(m)

slándáil an tslabhra soláthair, lena n-áirítear gnéithe a bhaineann le slándáil maidir leis an gcaidreamh idir gach eintiteas an Aontais agus a sholáthróirí díreacha nó a sholáthraithe seirbhíse díreacha;

(n)

láimhseáil teagmhas agus comhar le CERT-EU, amhail faireachán agus logáil slándála a chothabháil;

(o)

bainistiú leanúnachais gnó, amhail bainistiú cúltaca agus téarnamh ó thubaistí, agus bainistiú géarchéime; agus

(p)

cláir oideachais, scileanna, múscailte feasachta, cleachtais agus oiliúna i réimse na cibearshlándála a chur chun cinn agus a fhorbairt.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (m), cuirfidh eintitis an Aontais san áireamh na leochaileachtaí a bhaineann go sonrach le gach soláthróir díreach agus soláthraí seirbhíse díreach agus cáilíocht fhoriomlán táirgí agus cleachtais chibearshlándála a soláthróirí agus a soláthraithe seirbhíse, lena n-áirítear a nósanna imeachta slána um fhorbairt.

3.   Déanfaidh eintitis an Aontais ar a laghad na bearta sonracha bainistíochta riosca cibearshlándála seo a leanas:

(a)

socruithe teicniúla chun teilea-obair a chumasú agus a choinneáil ar bun;

(b)

céimeanna nithiúla chun dul i dtreo prionsabail iontaoibhe nialasaí;

(c)

fíordheimhniú ilchéime a úsáid mar ghnáthchleachtas i ngach córas gréasán agus faisnéise;

(d)

cripteagrafaíocht agus criptiú a úsáid, agus go háirithe criptiú inn ar inn, mar aon le síniú digiteach slán;

(e)

i gcás inarb iomchuí, cumarsáid ghutha, físe agus téacs shlán, agus córais cumarsáide éigeandála shlána laistigh d’eintiteas an Aontais;

(f)

bearta réamhghníomhacha chun bogearraí mailíseacha agus earraí spiaireachta a bhrath agus a bhaint;

(g)

slándáil an tslabhra soláthair bogearraí a bhunú trí chritéir chun bogearraí a fhorbairt agus a mheas ar bhealach slán;

(h)

cláir oiliúna maidir leis an gcibearshlándáil a bhunú agus a ghlacadh i gcomhréir leis na cúraimí forordaithe agus na cumais a bhfuiltear ag dréim leo don leibhéal is airde bainistíochta agus do bhaill foirne an eintitis sin an Aontais a bhfuil de chúram orthu an Rialachán seo a chur chun feidhme go héifeachtach;

(i)

oiliúint rialta i ndáil leis an gcibearshlándáil do bhaill foirne;

(j)

i gcás inarb ábhartha, rannpháirtíocht in anailísí rioscaí idirnascachta idir eintitis an Aontais, i gcás inarb ábhartha;

(k)

feabhas a chur ar rialacha soláthair chun ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a éascú tríd an méid seo a leanas:

(i)

deireadh a chur le bacainní conarthacha a chuireann srian le faisnéis ó sholáthraithe seirbhísí TFC faoi theagmhais, leochaileachtaí agus cibearbhagairtí a chomhroinnt le CERT-EU;

(ii)

oibleagáidí conarthacha i leith teagmhais, leochaileachtaí agus cibearbhagairtí a thuairisciú mar aon le sásraí iomchuí freagartha agus faireacháin ar theagmhais a bheith i bhfeidhm.

Airteagal 11

Cúraimí IICB

Agus a fhreagrachtaí á bhfeidhmiú aige, déanfaidh IICB an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

treoir a chur ar fáil do Cheann CERT-EU;

(b)

faireachán agus maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus tacú le heintitis an Aontais a gcibearshlándáil a neartú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tuarascálacha ad hoc a iarraidh ar eintitis an Aontais agus ar CERT-EU;

(c)

tar éis plé straitéiseach, straitéis ilbhliantúil a ghlacadh maidir le leibhéal na cibearshlándála a ardú in eintitis an Aontais agus an straitéis sin a mheas ar bhonn tráthrialta agus, in aon chás, gach 5 bliana agus, i gcás inar gá, an straitéis sin a leasú;

(d)

an mhodheolaíocht agus na gnéithe eagraíochtúla a leagan síos chun athbhreithnithe deonacha piaraí arna ndéanamh ag eintitis an Aontais a chur i gcrích, d’fhonn foghlaim ó thaithí chomhroinnte, lena neartaítear muinín fhrithpháirteach, lena ndéantar ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a bhaint amach, mar aon le cumais chibearshlándála eintitis an Aontais a fheabhsú, lena n-áirithítear gur saineolaithe cibearshlándála arna n-ainmniú ag eintiteas an Aontais atá éagsúil leis an eintiteas de chuid an Aontais atá faoi athbhreithniú a dhéanfaidh na hathbhreithnithe piaraí sin agus go bhfuil an mhodheolaíocht bunaithe ar Airteagal 19 de Threoir (AE) 2022/2555 agus go bhfuil sí, i gcás inarb iomchuí, oiriúnaithe d'eintitis an Aontais;

(e)

clár oibre bliantúil CERT-EU, ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, a fhormheas agus faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme;

(f)

catalóg seirbhísí CERT-EU, agus aon nuashonrú ina dhiaidh sin air, a fhormheas, ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU;

(g)

ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, an phleanáil airgeadais bhliantúil maidir le hioncam agus caiteachas a bhaineann le gníomhaíochtaí CERT-EU, lena n-áirítear soláthar foirne, a fhormheas;

(h)

ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, na socruithe le haghaidh comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a fhormheas;

(i)

an tuarascáil bhliantúil arna dréachtú ag Ceann CERT-EU, lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí maidir le cistí agus an bhainistíocht a dhéanann CERT-EU orthu, a scrúdú agus a fhormheas;

(j)

eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) le haghaidh CERT-EU a leagtar síos ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, a fhormheas agus faireachán a dhéanamh orthu;

(k)

socruithe comhair, comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse nó conarthaí idir CERT-EU agus eintitis eile a fhormheas de bhun Airteagal 18;

(l)

treoirlínte agus moltaí a ghlacadh ar bhonn togra ó CERT-EU i gcomhréir le hAirteagal 14 agus treoir a thabhairt do CERT-EU togra le haghaidh treoirlínte nó moltaí, nó glao ar ghníomhaíocht, a eisiúint, a tharraingt siar nó a mhodhnú;

(m)

grúpaí comhairleacha teicniúla a bhunú ag a mbeidh cúraimí sonracha chun cuidiú le hobair IICB, a dtéarmaí tagartha a fhormheas agus a gCathaoirligh faoi seach a ainmniú;

(n)

doiciméid agus tuarascálacha arna dtíolacadh ag eintitis an Aontais faoin Rialachán seo a fháil agus a mheasúnú, amhail measúnuithe aibíochta cibearshlándála;

(o)

éascú a dhéanamh ar ghrúpa neamhfhoirmiúil d’oifigigh áitiúla chibearshlándála eintitis an Aontais a bhunú, arb é is aidhm dó dea-chleachtas agus faisnéis a mhalartú i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

(p)

agus an fhaisnéis maidir leis na rioscaí cibearshlándála sainaitheanta agus na ceachtanna atá foghlamtha ó CERT-EU á gcur san áireamh, faireachán a dhéanamh ar leormhaitheas na socruithe idirnascthachta i measc thimpeallachtaí TFC eintitis an Aontais agus comhairle a thabhairt maidir le feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh;

(q)

plean bainistithe cibirghéarcheime a bhunú d’fhonn tacú, ar an leibhéal oibríochtúil, le bainistiú comhordaithe a dhéanamh ar mhórtheagmhais lena ndéantar difear d’eintitis an Aontais agus d’fhonn rannchuidiú le malartú rialta faisnéise ábhartha, go háirithe maidir le tionchair agus déine mórtheagmhas agus maidir leis na bealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun éifeachtaí mórtheagmhas a mhaolú;

(r)

comhordú a dhéanamh ar ghlacadh phleananna bainistithe cibirghéarchéime eintitis aonair an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 9(2);

(s)

moltaí dá dtagraítear in Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointe (m) a ghlacadh, ar moltaí iad a bhaineann le slándáil an tslabhra soláthair, lena gcuirtear san áireamh na measúnuithe riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais a dhéantar ar shlabhraí soláthair criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 22 de Threoir (AE) 2022/2555 chun tacú le heintitis an Aontais bearta bainistíochta riosca cibearshlándála atá éifeachtach agus comhréireach a ghlacadh.

Airteagal 12

Comhlíonadh

1.   Déanfaidh IICB, de bhun Airteagail 10(2) agus 11, faireachán éifeachtach ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus na dtreoirlínte, na moltaí agus na nglaonna ar ghníomhaíocht arna nglacadh ag eintitis an Aontais. Féadfaidh IICB an fhaisnéis nó an doiciméadacht is gá chun na críche sin a iarraidh ar eintitis an Aontais. Chun críche bearta comhlíontachta a ghlacadh faoin Airteagal seo, i gcás ina bhfuil ionadaíocht dhíreach ag eintiteas an Aontais lena mbaineann ar IICB, ní bheidh cearta vótála ag eintiteas sin an Aontais.

2.   I gcás ina bhfionnann IICB nach bhfuil an Rialachán seo, ná na treoirlínte, na moltaí ná na glaonna ar ghníomhaíocht arna n-eisiúint dá bhun curtha chun feidhme go héifeachtach ag eintiteas de chuid an Aontais, féadfaidh sé, gan dochar do nósanna imeachta inmheánacha eintiteas an Aontais lena mbaineann, agus tar éis dó an deis a thabhairt d'eintiteas an Aontais lena mbaineann a thuairimí a chur i láthair, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tuairim réasúnaithe a chur in iúl d'eintiteas an Aontais lena mbaineann atá bainteach le bearnaí atá breathnaithe i gcur chun feidhme an Rialacháin seo;

(b)

tar éis dul i gcomhairle le CERT-EU, treoirlínte a thabhairt d'eintiteas an Aontais lena mbaineann de chuid an Aontais chun a áirithiú go ndéanann a Chreat, a bhearta bainistíochta riosca cibearshlándála, a phleananna cibearshlándála agus a thuairisciú maidir leis an gcibearshlándáil an Rialachán seo a chomhlíonadh laistigh de thréimhse shonraithe;

(c)

rabhadh a eisiúint chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh shainaitheanta laistigh de thréimhse ama shonraithe, lena n-áirítear moltaí chun bearta arna nglacadh ag eintiteas an Aontais lena mbaineann de bhun an Rialacháin seo a leasú;

(d)

fógra réasúnaithe a eisiúint chuig eintiteas an Aontais lena mbaineann, i gcás nár tugadh aghaidh go leordhóthanach ar easnaimh shainaitheanta i rabhadh arna eisiúint de bhun pointe (c) laistigh den tréimhse shonraithe;

(e)

moladh a eisiúint:

(i)

go ndéanfaí iniúchadh a chur i gcrích; nó

(ii)

iarraidh a eisiúint go ndéanfadh seirbhís iniúchóireachta tríú páirtí iniúchadh;

(f)

más infheidhme, an Chúirt Iniúchóirí a chur ar an eolas, laistigh de réimse freagrachta a sainordaithe, faoin neamhchomhlíonadh líomhnaithe;

(g)

moladh a eisiúint go ndéanfadh na Ballstáit agus eintitis uile an Aontais fionraí sealadach a chur i bhfeidhm ar shreabha sonraí chuig eintiteas an Aontais lena mbaineann.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), déanfar spriocphobal an rabhaidh a shrianadh go hiomchuí, i gcás inar gá i bhfianaise an riosca chibearshlándála.

Déanfar rabhaidh agus moltaí a eisítear de bhun na chéad fhomhíre a dhíriú chuig an leibhéal bainistíochta is airde in eintiteas an Aontais lena mbaineann.

3.   I gcás ina bhfuil bearta faoi mhír 2, an chéad fhomhír, pointí (a) go (g), glactha ag IICB, déanfaidh eintiteas an Aontais lena mbaineann mionsonraí na mbeart agus na ngníomhaíochtaí atá déanta a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh líomhnaithe arna sainaithint ag IICB. Déanfaidh an t-eintiteas de chuid an Aontais na mionsonraí sin a thíolacadh laistigh de thréimhse réasúnta a bheidh le comhaontú le IICB.

4.   I gcás ina measann IICB go bhfuil sárú leanúnach á dhéanamh ag eintiteas an Aontais ar an Rialachán seo a eascraíonn go díreach as gníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí oifigigh nó seirbhísigh eile an Aontais, lena n-áirítear ar an leibhéal bainistíochta is airde, iarrfaidh IICB go ndéanfaidh eintiteas an Aontais lena mbaineann gníomh iomchuí, lena n-áirítear a iarraidh air breithniú a dhéanamh i dtaobh gníomh de chineál araíonachta a dhéanamh, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sna Rialacháin Foirne agus le haon rialacha agus nósanna imeachta eile is infheidhme. Chuige sin, aistreoidh IICB an fhaisnéis is gá chuig eintiteas an Aontais lena mbaineann.

5.   I gcás ina dtugann eintitis an Aontais fógra nach bhfuil ar a gcumas na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagail 6(1) agus in Airteagal 8(1) a chomhlíonadh, féadfaidh IICB, i gcásanna a bhfuil bunús cuí leo, síneadh ama ar na sprioc-amanna sin a údarú agus méid eintiteas an Aontais á chur san áireamh.

CAIBIDIL IV

CERT-EU

Airteagal 22

Comhordú agus comhar maidir le freagairt ar theagmhais

1.   Agus é ag feidhmiú ina mhol comhordúcháin chun faisnéis chibearshlándála a mhalartú agus chun freagairt ar theagmhais, déanfaidh CERT-EU éascú ar fhaisnéis a mhalartú maidir le teagmhais, cibearbhagairtí, leochaileachtaí agus neasteagmhais i measc an mhéid seo a leanas:

(a)

eintitis an Aontais;

(b)

na gcontrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagail 17 agus 18.

2.   Déanfaidh CERT-EU, i gcás inarb ábhartha i ndlúthchomhar le ENISA, comhordú a éascú idir eintitis an Aontais maidir le freagairt ar theagmhais, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

rannchuidiú le cumarsáid sheachtrach chomhsheasmhach;

(b)

tacaíocht fhrithpháirteach, amhail faisnéis a chomhroinnt atá ábhartha d’eintitis an Aontais, nó cúnamh a chur ar fáil, i gcás inarb ábhartha go díreach ar an láthair;

(c)

an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní oibríochtúla;

(d)

comhordú le sásraí eile freagartha ar ghéarchéimeanna ar leibhéal an Aontais.

3.   Tacóidh CERT-EU, i ndlúthchomhar le ENISA, le heintitis an Aontais maidir le feasacht staide ar theagmhais, cibearbhagairtí, leochaileachtaí agus neasteagmhais mar aon leis na forbairtí is déanaí i réimse na cibearshlándála a chomhroinnt.

4.   Déanfaidh IICB, faoin 8 Eanáir 2025, ar bhonn togra ó CERT-EU, treoirlínte nó moltaí a ghlacadh maidir le comhordú agus comhar maidir le freagairt ar theagmhais shuntasacha. I gcás ina bhfuil amhras ann gur de chineál cóiriúil é an teagmhas, tabharfaidh CERT-EU comhairle maidir le conas an teagmhas a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí, gan moill mhíchuí.

5.   Tar éis iarraidh shonrach a fháil ó Bhallstát agus le formheas eintitis an Aontais lena mbaineann, féadfaidh CERT-AE a iarraidh ar shaineolaithe ón liosta dá dtagraítear in Airteagal 23(4), rannchuidiú leis an bhfreagairt ar mhórtheagmhas a bhfuil tionchar aige sa Bhallstát sin, nó ar theagmhas mórscála cibearshlándála i gcomhréir le hAirteagal 15(3), pointe (g), de Threoir (AE) 2022/2555. Formheasfaidh IICB rialacha sonracha maidir le rochtain ar shaineolaithe teicniúla ó eintitis an Aontais agus maidir le húsáid na saineolaithe sin ar bhonn togra ó CERT-AE.


whereas









keyboard_arrow_down