search


keyboard_tab Cyber Resilience Act 2023/2841 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2841 GA cercato: 'chathaoirleach' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index chathaoirleach:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    BEARTA LE HAGHAIDH ARDLEIBHÉAL COMHCHOITEANN CIBEARSHLÁNDÁLA

    CAIBIDIL III
    AN BORD IDIRINSTITIÚIDEACH UM CHIBEARSHLÁNDÁIL

    CAIBIDIL IV
    CERT-EU

    CAIBIDIL V
    OIBLEAGAIDI MAIDIR LE COMHAR AGUS TUAIRISCIU

    CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas chathaoirleach:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 358

 

Airteagal 10

An Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil

1.   Leis seo, bunaítear Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil (IICB).

2.   Beidh IICB freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ag eintitis an Aontais agus tacaíocht a thabhairt ina leith sin;

(b)

maoirseacht a dhéanamh ar na tosaíochtaí agus cuspóirí ginearálta arna gcur chun feidhme ag CERT-EU agus treoir straitéiseach a chur ar fáil do CERT-EU.

3.   Is éard a bheidh in IICB:

(a)

ionadaí amháin ainmnithe ag gach ceann díobh seo a leanas:

(i)

Parlaimint na hEorpa;

(ii)

an Chomhairle Eorpach;

(iii)

Comhairle an Aontais Eorpaigh;

(iv)

an Coimisiún;

(v)

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

(vi)

an Banc Ceannais Eorpach;

(vii)

an Chúirt Iniúchóirí;

(viii)

an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí;

(ix)

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa;

(x)

Coiste Eorpach na Réigiún;

(xi)

an Banc Eorpach Infheistíochta;

(xii)

an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála;

(xiii)

ENISA;

(xiv)

an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS);

(xv)

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

(b)

triúr ionadaithe arna n-ainmniú ag Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais (EUAN), ar bhonn moladh óna Choiste Comhairleach TFC, chun ionadaíocht a dhéanamh do leasanna na gcomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a reáchtálann a dtimpeallacht TFC féin, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i bpointe (a).

Beidh sé d’aidhm ag eintitis an Aontais a bhfuil ionadaíocht acu ar IICB cothromaíocht inscne a bhaint amach i measc na n-ionadaithe ainmnithe.

4.   Féadfaidh comhaltaí IICB cúnamh a fháil ó chomhalta malartach. Féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar ionadaithe eile ó eintitis an Aontais dá dtagraítear i mír 3 nó ó eintitis eile an Aontais freastal ar chruinnithe IICB, gan cearta vótála a bheith acu.

5.   Féadfaidh Ceann CERT-AE agus Cathaoirligh an Ghrúpa Comhair, líonra CSIRT agus EU-CyCLONe arna mbunú faoi seach, de bhun Airteagail 14, 15 agus 16 de Threoir (AE) 2022/2555, nó a gcomhaltaí malartacha, a bheith rannpháirteach i gcruinnithe IICB mar bhreathnóirí. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh IICB a mhalairt a chinneadh, i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB.

6.   Glacfaidh IICB a rialacha nós imeachta inmheánacha.

7.   Ainmneoidh IICB Cathaoirleach, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta inmheánacha, as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse 3 bliana. Beidh comhalta malartach an Chathaoirligh ina lánchomhalta de IICB ar feadh na tréimhse céanna.

8.   Tiocfaidh IICB le chéile ar a laghad trí huaire sa bhliain ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin do CERT-EU nó arna iarraidh sin d’aon cheann dá chomhaltaí.

9.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta de IICB. Glacfar cinntí IICB le tromlach simplí ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. Ní bheidh vóta ag Cathaoirleach IICB ach amháin i gcás comhionannas vótaí, féadfaidh an Cathaoirleach vóta réitigh a chaitheamh sa chás sin.

10.   Féadfaidh IICB gníomhú trí bhíthin nós imeachta simplithe i scríbhinn arna thionscnamh i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB. Faoin nós imeachta sin, measfar an cinneadh ábhartha a bheith formheasta laistigh den tréimhse ama arna socrú ag an gCathaoirleach, seachas i gcás ina gcuireann comhalta ina choinne.

11.   Is é an Coimisiún a chuirfidh an rúnaíocht ar fáil do IICB agus beidh sí cuntasach do chathaoirleach IICB.

12.   Déanfaidh na hionadaithe arna n-ainmniú ag EUAN cinntí IICB a chur ar aghaidh chuig comhaltaí EUAN. Beidh aon chomhalta de EUAN i dteideal aon ábhar a tharraingt anuas leis na hionadaithe sin nó le Cathaoirleach IICB a measfaidh an comhalta ina leith gur cheart é a chur faoi bhráid IICB.

13.   Féadfaidh IICB coiste feidhmiúcháin a bhunú chun cúnamh a thabhairt dó ina chuid oibre agus féadfaidh sé roinnt dá chúraimí agus dá chumhachtaí a tharmligean chuige. Déanfaidh IICB rialacha nós imeachta an choiste feidhmiúcháin, lena n-áirítear a chúraimí agus a chumhachtaí agus téarmaí oifige a chomhaltaí a leagan síos.

14.   Faoin 8 Eanáir 2025 agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh IICB tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina sonrófar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus ina sonrófar go háirithe méid chomhar CERT-EU le contrapháirtithe ó na Ballstáit i ngach ceann de na Ballstáit. Beidh an tuarascáil sin ina hionchur sa tuarascáil dhébhliantúil ar staid na cibearshlándála san Aontas arna glacadh de bhun Airteagal 18 de Threoir (AE) 2022/2555.

Airteagal 15

Ceann CERT-EU

1.   Tar éis formheas a fháil ó thromlach dhá thrian de chomhaltaí IICB, déanfaidh an Coimisiún Ceann CERT-EU a cheapadh. Rachfar i gcomhairle le IICB ag gach céim den nós imeachta ceapacháin, go háirithe maidir le fógraí folúntais a dhréachtú, iarratais a scrúdú, agus baill a cheapadh ar bhoird roghnúcháin i ndáil leis an bpost. Maidir leis an nós imeachta roghnúcháin, lena n-áirítear gearrliosta deiridh na n-iarrthóirí óna bhfuil Ceann CERT-EU le ceapadh, áiritheofar ionadaíocht chothrom ar gach inscne, agus na hiarratais a chuirtear isteach á gcur san áireamh.

2.   Beidh Ceann CERT-EU freagrach as feidhmiú cuí CERT-EU, agus gníomhóidh sé nó sí laistigh de shainchúram an róil a bheidh aige nó aici agus faoi stiúir IICB. Tuairisceoidh Ceann CERT-EU go rialta do chathaoirleach IICB agus cuirfidh sé tuarascálacha ad hoc faoi bhráid IICB arna iarraidh sin dó.

3.   Cuideoidh Ceann CERT-EU leis an oifigeach freagrach údarúcháin trí tharmligean maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a dhréachtú ina mbeidh faisnéis airgeadais agus bainistíochta, lena n-áirítear torthaí na rialuithe, arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 74(9) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus tuairisceoidh Ceann CERT-EU go rialta don oifigeach údarúcháin trí tharmligean maidir le cur chun feidhme na mbeart i leith cé acu cumhachtaí atá fo-tharmligthe chuig Ceann CERT-EU.

4.   Tarraingeoidh Ceann CERT-EU suas, ar bhonn bliantúil, pleanáil airgeadais maidir le hioncam agus caiteachas riaracháin maidir lena ghníomhaíochtaí, clár oibre bliantúil atá beartaithe, catalóg seirbhíse atá beartaithe le haghaidh CERT-EU, athbhreithnithe atá beartaithe a dhéanamh ar an gcatalóg seirbhíse, socruithe atá beartaithe le haghaidh comhaontuithe ar leibhéil seirbhíse agus KPInna atá beartaithe le haghaidh CERT-EU, a bheidh le formheas ag IICB i gcomhréir le hAirteagal 11. Agus athbhreithniú á dhéanamh ar liosta na seirbhísí i gcatalóg seirbhíse CERT-EU, cuirfidh Ceann CERT-EU san áireamh na hacmhainní a leithdháiltear ar CERT-EU.

5.   Déanfaidh Ceann CERT-EU tuarascálacha a chur faoi bhráid IICB agus chathaoirleach IICB uair sa bhliain ar a laghad maidir le gníomhaíochtaí agus feidhmíocht CERT-EU le linn na tréimhse tagartha, lena n-áirítear maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, comhaontuithe ar leibhéil seirbhíse agus comhaontuithe i scríbhinn atá déanta, comhar le contrapháirtithe agus comhpháirtithe, agus misin arna ndéanamh ag an bhfoireann, lena n-áirítear na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 11. Áireofar ar na tuarascálacha sin clár oibre don tréimhse ina dhiaidh sin, pleanáil airgeadais maidir le hioncam agus caiteachas, lena n-áirítear soláthar foirne, nuashonruithe atá pleanáilte a dhéanamh ar chatalóg seirbhíse CERT-EU agus measúnú ar an tionchar a mheastar a bheith ag na nuashonruithe sin maidir le hacmhainní airgeadais agus daonna.


whereas









keyboard_arrow_down