search


keyboard_tab Cyber Resilience Act 2023/2841 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2841 GA cercato: ' eanáir' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index  eanáir:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    BEARTA LE HAGHAIDH ARDLEIBHÉAL COMHCHOITEANN CIBEARSHLÁNDÁLA

    CAIBIDIL III
    AN BORD IDIRINSTITIÚIDEACH UM CHIBEARSHLÁNDÁIL

    CAIBIDIL IV
    CERT-EU

    CAIBIDIL V
    OIBLEAGAIDI MAIDIR LE COMHAR AGUS TUAIRISCIU

    CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas  eanáir:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 420

 

Airteagal 9

Pleananna cibearshlándála

1.   Tar éis an mheasúnaithe aibíochta cibearshlándála arna dhéanamh de bhun Airteagal 7 a thabhairt i gcrích agus ag cur san áireamh na sócmhainní agus na rioscaí cibearshlándála a shainaithnítear sa Chreat mar aon leis na bearta bainistíochta riosca cibearshlándála arna ndéanamh de bhun Airteagal 8, déanfaidh an leibhéal bainistíochta is airde maidir le gach eintiteas an Aontais plean cibearshlándála a fhormheas gan moill mhíchuí agus in aon chás faoin 8 eanáir 2026. Beidh sé d’aidhm ag an bplean cibearshlándála, cibearshlándáil fhoriomlán an eintitis de chuid an Aontais a mhéadú agus rannchuideofar, dá bhrí sin, le hardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a fheabhsú laistigh de na heintitis de chuid an Aontais. Áireofar sa phlean cibearshlándála ar a laghad na bearta bainistíochta riosca cibearshlándála arna ndéanamh de bhun Airteagal 8. Déanfar an plean cibearshlándála a athbhreithniú gach 2 bhliain, nó níos minice ná sin i gcás inar gá, tar éis na measúnuithe aibíochta cibearshlándála arna ndéanamh de bhun Airteagal 7 nó tar éis aon athbhreithniú substaintiúil ar an gCreat.

2.   Áiritheofar sa phlean cibearshlándála plean bainistithe cibirghéarcheime an eintitis de chuid an Aontais i gcás mórtheagmhas.

3.   Cuirfidh an t-eintiteas de chuid an Aontais an plean cibearshlándála críochnaithe faoi bhráid an Bhoird Idirinstitiúidigh um Chibearshlándáil arna bhunú de bhun Airteagal 10.

CAIBIDIL III

AN BORD IDIRINSTITIÚIDEACH UM CHIBEARSHLÁNDÁIL

Airteagal 10

An Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil

1.   Leis seo, bunaítear Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil (IICB).

2.   Beidh IICB freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ag eintitis an Aontais agus tacaíocht a thabhairt ina leith sin;

(b)

maoirseacht a dhéanamh ar na tosaíochtaí agus cuspóirí ginearálta arna gcur chun feidhme ag CERT-EU agus treoir straitéiseach a chur ar fáil do CERT-EU.

3.   Is éard a bheidh in IICB:

(a)

ionadaí amháin ainmnithe ag gach ceann díobh seo a leanas:

(i)

Parlaimint na hEorpa;

(ii)

an Chomhairle Eorpach;

(iii)

Comhairle an Aontais Eorpaigh;

(iv)

an Coimisiún;

(v)

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

(vi)

an Banc Ceannais Eorpach;

(vii)

an Chúirt Iniúchóirí;

(viii)

an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí;

(ix)

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa;

(x)

Coiste Eorpach na Réigiún;

(xi)

an Banc Eorpach Infheistíochta;

(xii)

an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála;

(xiii)

ENISA;

(xiv)

an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS);

(xv)

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

(b)

triúr ionadaithe arna n-ainmniú ag Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais (EUAN), ar bhonn moladh óna Choiste Comhairleach TFC, chun ionadaíocht a dhéanamh do leasanna na gcomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a reáchtálann a dtimpeallacht TFC féin, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i bpointe (a).

Beidh sé d’aidhm ag eintitis an Aontais a bhfuil ionadaíocht acu ar IICB cothromaíocht inscne a bhaint amach i measc na n-ionadaithe ainmnithe.

4.   Féadfaidh comhaltaí IICB cúnamh a fháil ó chomhalta malartach. Féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar ionadaithe eile ó eintitis an Aontais dá dtagraítear i mír 3 nó ó eintitis eile an Aontais freastal ar chruinnithe IICB, gan cearta vótála a bheith acu.

5.   Féadfaidh Ceann CERT-AE agus Cathaoirligh an Ghrúpa Comhair, líonra CSIRT agus EU-CyCLONe arna mbunú faoi seach, de bhun Airteagail 14, 15 agus 16 de Threoir (AE) 2022/2555, nó a gcomhaltaí malartacha, a bheith rannpháirteach i gcruinnithe IICB mar bhreathnóirí. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh IICB a mhalairt a chinneadh, i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB.

6.   Glacfaidh IICB a rialacha nós imeachta inmheánacha.

7.   Ainmneoidh IICB Cathaoirleach, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta inmheánacha, as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse 3 bliana. Beidh comhalta malartach an Chathaoirligh ina lánchomhalta de IICB ar feadh na tréimhse céanna.

8.   Tiocfaidh IICB le chéile ar a laghad trí huaire sa bhliain ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin do CERT-EU nó arna iarraidh sin d’aon cheann dá chomhaltaí.

9.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta de IICB. Glacfar cinntí IICB le tromlach simplí ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. Ní bheidh vóta ag Cathaoirleach IICB ach amháin i gcás comhionannas vótaí, féadfaidh an Cathaoirleach vóta réitigh a chaitheamh sa chás sin.

10.   Féadfaidh IICB gníomhú trí bhíthin nós imeachta simplithe i scríbhinn arna thionscnamh i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB. Faoin nós imeachta sin, measfar an cinneadh ábhartha a bheith formheasta laistigh den tréimhse ama arna socrú ag an gCathaoirleach, seachas i gcás ina gcuireann comhalta ina choinne.

11.   Is é an Coimisiún a chuirfidh an rúnaíocht ar fáil do IICB agus beidh sí cuntasach do Chathaoirleach IICB.

12.   Déanfaidh na hionadaithe arna n-ainmniú ag EUAN cinntí IICB a chur ar aghaidh chuig comhaltaí EUAN. Beidh aon chomhalta de EUAN i dteideal aon ábhar a tharraingt anuas leis na hionadaithe sin nó le Cathaoirleach IICB a measfaidh an comhalta ina leith gur cheart é a chur faoi bhráid IICB.

13.   Féadfaidh IICB coiste feidhmiúcháin a bhunú chun cúnamh a thabhairt dó ina chuid oibre agus féadfaidh sé roinnt dá chúraimí agus dá chumhachtaí a tharmligean chuige. Déanfaidh IICB rialacha nós imeachta an choiste feidhmiúcháin, lena n-áirítear a chúraimí agus a chumhachtaí agus téarmaí oifige a chomhaltaí a leagan síos.

14.   Faoin 8 eanáir 2025 agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh IICB tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina sonrófar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus ina sonrófar go háirithe méid chomhar CERT-EU le contrapháirtithe ó na Ballstáit i ngach ceann de na Ballstáit. Beidh an tuarascáil sin ina hionchur sa tuarascáil dhébhliantúil ar staid na cibearshlándála san Aontas arna glacadh de bhun Airteagal 18 de Threoir (AE) 2022/2555.

Airteagal 22

Comhordú agus comhar maidir le freagairt ar theagmhais

1.   Agus é ag feidhmiú ina mhol comhordúcháin chun faisnéis chibearshlándála a mhalartú agus chun freagairt ar theagmhais, déanfaidh CERT-EU éascú ar fhaisnéis a mhalartú maidir le teagmhais, cibearbhagairtí, leochaileachtaí agus neasteagmhais i measc an mhéid seo a leanas:

(a)

eintitis an Aontais;

(b)

na gcontrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagail 17 agus 18.

2.   Déanfaidh CERT-EU, i gcás inarb ábhartha i ndlúthchomhar le ENISA, comhordú a éascú idir eintitis an Aontais maidir le freagairt ar theagmhais, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

rannchuidiú le cumarsáid sheachtrach chomhsheasmhach;

(b)

tacaíocht fhrithpháirteach, amhail faisnéis a chomhroinnt atá ábhartha d’eintitis an Aontais, nó cúnamh a chur ar fáil, i gcás inarb ábhartha go díreach ar an láthair;

(c)

an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní oibríochtúla;

(d)

comhordú le sásraí eile freagartha ar ghéarchéimeanna ar leibhéal an Aontais.

3.   Tacóidh CERT-EU, i ndlúthchomhar le ENISA, le heintitis an Aontais maidir le feasacht staide ar theagmhais, cibearbhagairtí, leochaileachtaí agus neasteagmhais mar aon leis na forbairtí is déanaí i réimse na cibearshlándála a chomhroinnt.

4.   Déanfaidh IICB, faoin 8 eanáir 2025, ar bhonn togra ó CERT-EU, treoirlínte nó moltaí a ghlacadh maidir le comhordú agus comhar maidir le freagairt ar theagmhais shuntasacha. I gcás ina bhfuil amhras ann gur de chineál cóiriúil é an teagmhas, tabharfaidh CERT-EU comhairle maidir le conas an teagmhas a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí, gan moill mhíchuí.

5.   Tar éis iarraidh shonrach a fháil ó Bhallstát agus le formheas eintitis an Aontais lena mbaineann, féadfaidh CERT-AE a iarraidh ar shaineolaithe ón liosta dá dtagraítear in Airteagal 23(4), rannchuidiú leis an bhfreagairt ar mhórtheagmhas a bhfuil tionchar aige sa Bhallstát sin, nó ar theagmhas mórscála cibearshlándála i gcomhréir le hAirteagal 15(3), pointe (g), de Threoir (AE) 2022/2555. Formheasfaidh IICB rialacha sonracha maidir le rochtain ar shaineolaithe teicniúla ó eintitis an Aontais agus maidir le húsáid na saineolaithe sin ar bhonn togra ó CERT-AE.

Airteagal 25

Athbhreithniú

1.   Faoin 8 eanáir 2025, agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, tuairisceoidh IICB, le cúnamh ó CERT-EU, don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo Féadfaidh IICB moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin i dtaobh athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo.

2.   Faoin 8 eanáir 2027 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar an taithí a fuarthas ar leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil agus déanfaidh sé an méid sin a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún.

Sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, áireofar an mheastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 16(1) maidir leis an bhféidearthacht CERT-EU a bhunú mar oifig de chuid an Aontais.

3.   Faoin 8 eanáir 2029, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht freisin ar a iomchuí atá sé córais gréasán agus faisnéise lena láimhseáiltear FRAE a áireamh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, agus gníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais is infheidhme i leith na gcóras sin á gcur san áireamh. I gcás inar gá, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil.


whereas









keyboard_arrow_down