search


keyboard_tab Cyber Resilience Act 2023/2841 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2841 GA cercato: '   féadfaidh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index    féadfaidh:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    BEARTA LE HAGHAIDH ARDLEIBHÉAL COMHCHOITEANN CIBEARSHLÁNDÁLA

    CAIBIDIL III
    AN BORD IDIRINSTITIÚIDEACH UM CHIBEARSHLÁNDÁIL

    CAIBIDIL IV
    CERT-EU

    CAIBIDIL V
    OIBLEAGAIDI MAIDIR LE COMHAR AGUS TUAIRISCIU

    CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas    féadfaidh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 645

 

Airteagal 7

Measúnuithe aibíochta cibearshlándála

1.   Faoin 8 Iúil 2025 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin ar a laghad, déanfaidh gach eintiteas de chuid an Aontais measúnú aibíochta cibearshlándála ina mbeidh gnéithe uile a dtimpeallachta TFC.

2.   Déanfar na measúnuithe aibíochta cibearshlándála, i gcás inarb iomchuí, le cúnamh ó thríú páirtí speisialaithe.

3.   féadfaidh eintitis an Aontais a bhfuil struchtúir chomhchosúla acu oibriú i gcomhar le chéile chun measúnuithe aibíochta cibearshlándála a dhéanamh dá n-eintitis faoi seach.

4.   Ar bhonn iarraidh ón mBord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil arna bhunú de bhun Airteagal 10 agus le toiliú sainráite eintiteas an Aontais lena mbaineann, féadfar torthaí measúnaithe aibíochta cibearshlándála a phlé laistigh den Bhord sin nó laistigh den ghrúpa neamhfhoirmiúil d’oifigigh chibearshlándála áitiúla d’fhonn foghlaim ón taithí a fuarthas agus dea-chleachtais a chomhroinnt.

Airteagal 10

An Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil

1.   Leis seo, bunaítear Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil (IICB).

2.   Beidh IICB freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ag eintitis an Aontais agus tacaíocht a thabhairt ina leith sin;

(b)

maoirseacht a dhéanamh ar na tosaíochtaí agus cuspóirí ginearálta arna gcur chun feidhme ag CERT-EU agus treoir straitéiseach a chur ar fáil do CERT-EU.

3.   Is éard a bheidh in IICB:

(a)

ionadaí amháin ainmnithe ag gach ceann díobh seo a leanas:

(i)

Parlaimint na hEorpa;

(ii)

an Chomhairle Eorpach;

(iii)

Comhairle an Aontais Eorpaigh;

(iv)

an Coimisiún;

(v)

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

(vi)

an Banc Ceannais Eorpach;

(vii)

an Chúirt Iniúchóirí;

(viii)

an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí;

(ix)

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa;

(x)

Coiste Eorpach na Réigiún;

(xi)

an Banc Eorpach Infheistíochta;

(xii)

an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála;

(xiii)

ENISA;

(xiv)

an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS);

(xv)

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

(b)

triúr ionadaithe arna n-ainmniú ag Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais (EUAN), ar bhonn moladh óna Choiste Comhairleach TFC, chun ionadaíocht a dhéanamh do leasanna na gcomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a reáchtálann a dtimpeallacht TFC féin, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i bpointe (a).

Beidh sé d’aidhm ag eintitis an Aontais a bhfuil ionadaíocht acu ar IICB cothromaíocht inscne a bhaint amach i measc na n-ionadaithe ainmnithe.

4.   féadfaidh comhaltaí IICB cúnamh a fháil ó chomhalta malartach. Féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar ionadaithe eile ó eintitis an Aontais dá dtagraítear i mír 3 nó ó eintitis eile an Aontais freastal ar chruinnithe IICB, gan cearta vótála a bheith acu.

5.   féadfaidh Ceann CERT-AE agus Cathaoirligh an Ghrúpa Comhair, líonra CSIRT agus EU-CyCLONe arna mbunú faoi seach, de bhun Airteagail 14, 15 agus 16 de Threoir (AE) 2022/2555, nó a gcomhaltaí malartacha, a bheith rannpháirteach i gcruinnithe IICB mar bhreathnóirí. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh IICB a mhalairt a chinneadh, i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB.

6.   Glacfaidh IICB a rialacha nós imeachta inmheánacha.

7.   Ainmneoidh IICB Cathaoirleach, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta inmheánacha, as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse 3 bliana. Beidh comhalta malartach an Chathaoirligh ina lánchomhalta de IICB ar feadh na tréimhse céanna.

8.   Tiocfaidh IICB le chéile ar a laghad trí huaire sa bhliain ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin do CERT-EU nó arna iarraidh sin d’aon cheann dá chomhaltaí.

9.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta de IICB. Glacfar cinntí IICB le tromlach simplí ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. Ní bheidh vóta ag Cathaoirleach IICB ach amháin i gcás comhionannas vótaí, féadfaidh an Cathaoirleach vóta réitigh a chaitheamh sa chás sin.

10.   féadfaidh IICB gníomhú trí bhíthin nós imeachta simplithe i scríbhinn arna thionscnamh i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB. Faoin nós imeachta sin, measfar an cinneadh ábhartha a bheith formheasta laistigh den tréimhse ama arna socrú ag an gCathaoirleach, seachas i gcás ina gcuireann comhalta ina choinne.

11.   Is é an Coimisiún a chuirfidh an rúnaíocht ar fáil do IICB agus beidh sí cuntasach do Chathaoirleach IICB.

12.   Déanfaidh na hionadaithe arna n-ainmniú ag EUAN cinntí IICB a chur ar aghaidh chuig comhaltaí EUAN. Beidh aon chomhalta de EUAN i dteideal aon ábhar a tharraingt anuas leis na hionadaithe sin nó le Cathaoirleach IICB a measfaidh an comhalta ina leith gur cheart é a chur faoi bhráid IICB.

13.   féadfaidh IICB coiste feidhmiúcháin a bhunú chun cúnamh a thabhairt dó ina chuid oibre agus féadfaidh sé roinnt dá chúraimí agus dá chumhachtaí a tharmligean chuige. Déanfaidh IICB rialacha nós imeachta an choiste feidhmiúcháin, lena n-áirítear a chúraimí agus a chumhachtaí agus téarmaí oifige a chomhaltaí a leagan síos.

14.   Faoin 8 Eanáir 2025 agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh IICB tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina sonrófar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus ina sonrófar go háirithe méid chomhar CERT-EU le contrapháirtithe ó na Ballstáit i ngach ceann de na Ballstáit. Beidh an tuarascáil sin ina hionchur sa tuarascáil dhébhliantúil ar staid na cibearshlándála san Aontas arna glacadh de bhun Airteagal 18 de Threoir (AE) 2022/2555.

Airteagal 13

Misean agus cúraimí CERT-EU

1.   Is é a bheidh i misean CERT-EU rannchuidiú le slándáil thimpeallacht TFC neamh-rúnaicmithe de chuid eintitis an Aontais trí chomhairle a thabhairt dóibh maidir leis an gcibearshlándáil, trí chúnamh a thabhairt chun teagmhais a chosc, a bhrath, a láimhseáil, a mhaolú, freagairt orthu agus téarnamh uathu agus trí fheidhmiú mar a malartán faisnéise cibearshlándála agus mar a mol comhordúcháin chun freagairt ar theagmhais.

2.   Déanfaidh CERT-EU faisnéis maidir le cibearbhagairtí, leochaileachtaí agus teagmhais a bhaineann le bonneagar TFC neamh-rúnaicmithe a bhailiú, a bhainistiú, a anailísiú agus a chomhroinnt le heintitis an Aontais. Déanfaidh sé freagairtí ar theagmhais ar leibhéal idirinstitiúideach agus ar leibhéal eintitis an Aontais a chomhordú, lena n-áirítear trí chúnamh oibríochtúil speisialaithe a sholáthar nó a chomhordú.

3.   Déanfaidh CERT-EU na cúraimí seo a leanas chun cabhrú le heintitis an Aontais:

(a)

tabharfaidh sé tacaíocht dóibh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus rannchuideoidh sé leis an gcomhordú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo trí bhíthin na mbeart a liostaítear in Airteagal 14(1) nó trí thuarascálacha ad hoc arna n-iarraidh ag IICB;

(b)

déanfaidh sé seirbhísí CSIRT caighdeánacha a thairiscint d’eintiteas an Aontais trí bhíthin pacáiste seirbhísí cibearshlándála a dtugtar tuairisc orthu ina chatalóg seirbhísí (seirbhísí bunlíne);

(c)

coinneoidh sé líonra piaraí agus comhpháirtithe ar bun chun tacú leis na seirbhísí mar a leagtar amach in Airteagail 17 agus 18;

(d)

tarraingeoidh sé aird IICB ar aon fhadhb a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus le cur chun feidhme na dtreoirlínte, na moltaí agus na nglaonna ar ghníomhaíocht;

(e)

ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 2, rannchuideoidh sé le feasacht staide cibearshlándála an Aontais i ndlúthchomhar le ENISA;

(f)

déanfaidh sé an bainistiú ar mhórtheagmhais a chomhordú;

(g)

gníomhóidh sé thar ceann eintitis an Aontais mar chomhionann an chomhordaitheora ainmnithe chun críocha nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí de bhun Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555;

(h)

soláthróidh sé scanadh réamhghníomhach neamhchunórach, arna iarraidh sin d’eintiteas an Aontais, ar chórais gréasán agus faisnéise eintiteas sin an Aontais a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu.

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e), a chomhroinnt le IICB, le líonra CSIRT agus le Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (EU INTCEN), i gcás inarb infheidhme agus inarb iomchuí, agus faoi réir coinníollacha rúndachta iomchuí.

4.   féadfaidh CERT-EU, i gcomhréir le hAirteagal 17 nó le hAirteagal 18 de réir mar is iomchuí, oibriú i gcomhar leis na pobail ábhartha chibearshlándála laistigh den Aontas agus dá Bhallstáit, lena n-áirítear sna réimsí seo a leanas:

(a)

ullmhacht, comhordú teagmhas, malartú faisnéise agus freagairt ar ghéarchéimeanna ar an leibhéal teicniúil maidir le cásanna a bhaineann le heintitis an Aontais;

(b)

comhar oibríochtúil maidir le líonra CSIRT, lena n-áirítear maidir le cúnamh frithpháirteach;

(c)

faisnéis faoi chibearbhagairtí, lena n-áirítear feasacht staide;

(d)

aon ábhar lena dteastaíonn saineolas cibearshlándála teicniúil CERT-EU.

5.   Laistigh dá inniúlacht, rachaidh CERT-EU i mbun comhar struchtúrtha le ENISA maidir le fothú acmhainneachta, comhar oibríochtúil agus anailísí straitéiseacha fadtéarmacha ar chibearbhagairtí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/881. Féadfaidh CERT-EU oibriú i gcomhar le hIonad Cibearchoireachta na hEorpa de chuid Europol agus faisnéis a mhalartú leis.

6.   féadfaidh CERT-EU na seirbhísí seo a leanas, nach dtugtar tuairisc orthu ina chatalóg seirbhísí (seirbhísí inmhuirearaithe), a sholáthar:

(a)

seirbhísí lena dtacaítear le cibearshlándáil thimpeallacht TFC eintitis an Aontais, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i mír 3, ar bhonn comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse agus faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil, go háirithe faireachán speictrim leathain ar an ngréasán, lena n-áirítear faireachán 24/7 ar an gcéad líne i gcás cibearbhagairtí ard-déine;

(b)

seirbhísí lena dtacaítear le hoibríochtaí nó tionscadail chibearshlándála eintitis an Aontais, cé is moite díobh siúd lena dtugtar cosaint dá dtimpeallachtaí TFC, ar bhonn comhaontuithe i scríbhinn agus le formheas roimh ré ó IICB;

(c)

arna iarraidh sin, scanadh réamhghníomhach ar chórais gréasán agus faisnéise eintiteas an Aontais lena mbaineann chun leochaileachtaí a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu a bhrath;

(d)

seirbhísí lena dtacaítear le slándáil a dtimpeallachta TFC d’eagraíochtaí seachas na heintitis de chuid an Aontais a oibríonn i ndlúthchomhar le heintitis an Aontais, mar shampla trí chúraimí nó freagrachtaí a thabhairt faoi dhlí an Aontais, ar bhonn comhaontuithe i scríbhinn agus le formheas roimh ré ó IICB.

Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (d), féadfaidh CERT-EU, ar bhonn eisceachtúil, comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a dhéanamh le heintitis seachas na heintitis de chuid an Aontais le formheas roimh ré ó IICB.

7.   Déanfaidh CERT-EU cleachtaí cibearshlándála a eagrú agus féadfaidh sé a bheith rannpháirteach iontu nó féadfaidh sé rannpháirtíocht i gcleachtaí atá ann cheana a mholadh, i gcás inarb infheidhme i ndlúthchomhar le ENISA, chun leibhéal cibearshlándála eintitis an Aontais a thástáil.

8.   féadfaidh CERT-EU cúnamh a chur ar fáil d’eintitis an Aontais maidir le teagmhais i gcórais gréasán agus faisnéise a láimhseálann FRAE, i gcás ina n-iarrann eintitis an Aontais lena mbaineann go sainráite air é sin a dhéanamh i gcomhréir lena nósanna imeachta faoi seach. Beidh an cúnamh a chuireann CERT-EU ar fáil faoin mír seo gan dochar do rialacha infheidhme a bhaineann le cosaint faisnéise rúnaicmithe.

9.   Cuirfidh CERT-EU eintitis an Aontais ar an eolas faoina nósanna imeachta agus a phróisis láimhseála teagmhais.

10.   Rannchuideoidh CERT-EU, le hardleibhéal rúndachta agus iontaofachta, trí na sásraí comhair agus na línte tuairiscithe iomchuí, trí fhaisnéis ábhartha agus anaithnidithe faoi mhórtheagmhais agus faoin mbealach inar láimhseáladh iad. Áireofar an fhaisnéis sin sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 10(14).

11.   Déanfaidh CERT-EU, i gcomhar le MECS, tacaíocht a thabhairt d'eintitis an Aontais lena mbaineann agus aghaidh á tabhairt ar theagmhais as a dtagann sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta, gan dochar d’inniúlacht agus do chúraimí MECS mar údarás maoirseachta de bhun Rialachán (AE) 2018/1725.

12.   féadfaidh CERT-EU, má iarrann ranna beartais eintitis an Aontais air go sainráite déanamh amhlaidh, comhairle theicniúil nó ionchur teicniúil a thabhairt maidir le hábhair bheartais ábhartha.

Airteagal 18

Comhar CERT-EU le contrapháirtithe eile

1.   féadfaidh CERT-EU oibriú i gcomhar le contrapháirtithe san Aontas cé is moite díobh siúd dá dtagraítear in Airteagal 17 atá faoi réir cheanglais chibearshlándála an Aontais, lena n-áirítear contrapháirtithe earnáilsonracha maidir le huirlisí agus modhanna, amhail teicnící, taicticí, nósanna imeachta agus dea-chleachtais agus maidir le cibearbhagairtí agus leochaileachtaí. I gcás gach comhair leis na comhpháirtithe sin, lorgóidh CERT-EU formheas roimh ré ó IICB de réir an cháis. I gcás ina ndéanann CERT-EU comhar a bhunú leis na contrapháirtithe sin, déanfaidh sé aon chontrapháirtí ábhartha ó na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 17(1), sa Bhallstát ina bhfuil an contrapháirtí lonnaithe a chur ar an eolas. I gcás inarb infheidhme agus inarb iomchuí, déanfar an comhar sin agus na coinníollacha a ghabhann leis, lena n-áirítear maidir leis an gcibearshlándáil, cosaint sonraí agus láimhseáil faisnéise, a leagan síos i socruithe sonracha rúndachta amhail conarthaí nó socruithe riaracháin. Ní bheidh gá le formheas roimh ré ó IICB i leith na socruithe rúndachta, ach cuirfear Cathaoirleach IICB ar an eolas. I gcás ina bhfuil géarghá agus práinn le faisnéis chibearshlándála a mhalartú ar mhaithe le leas eintitis an Aontais nó páirtí eile, féadfaidh CERT-EU déanamh amhlaidh le heintiteas a bhfuil cúis mhaith leis an ngá atá lena inniúlacht, a chumas agus a shaineolas sonrach chun cuidiú leis an ngéarghá práinneach sin, fiú mura bhfuil socrú rúndachta i bhfeidhm ag CERT-EU leis an eintiteas sin. Sna cásanna sin, cuirfidh CERT-EU Cathaoirleach IICB ar an eolas láithreach bonn, agus tuairisceoidh sé don IICB trí bhíthin tuarascálacha nó cruinnithe rialta.

2.   féadfaidh CERT-EU oibriú i gcomhar le comhpháirtithe eile, amhail eintitis tráchtála, lena n-áirítear eintitis a bhaineann go sonrach le hearnáil an tionscail, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eintitis náisiúnta nach eintitis an Aontais iad nó saineolaithe aonair, chun faisnéis a chruinniú ar chibearbhagairtí ginearálta agus sonracha, ar neasteagmhais, ar leochaileachtaí agus ar fhrithbhearta féideartha. Chun comhar níos leithne leis na comhpháirtithe sin a bheith ann, lorgóidh CERT-EU formheas roimh ré ó IICB de réir an cháis.

3.   féadfaidh CERT-EU, le toiliú eintiteas an Aontais a ndéanann teagmhas difear dó agus ar choinníoll go bhfuil socrú nó conradh neamhnochta i bhfeidhm leis an gcontrapháirtí nó leis an gcomhpháirtí ábhartha, faisnéis a bhaineann leis an teagmhas sonrach a sholáthar do chontrapháirtithe nó do chomhpháirtithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 chun rannchuidiú lena anailís, agus chun na críche sin amháin.

CAIBIDIL V

OIBLEAGAIDI MAIDIR LE COMHAR AGUS TUAIRISCIU

Airteagal 20

Socruithe um chomhroinnt faisnéise maidir leis an gcibearshlándáil

1.   féadfaidh eintitis an Aontais, ar bhonn deonach, fógra a thabhairt do CERT-EU faoi theagmhais, cibearbhagairtí, neasteagmhais agus leochaileachtaí lena ndéantar difear dóibh, agus faisnéis a sholáthar dó ina leith sin. Áiritheoidh CERT-EU go mbeidh modhanna éifeachtúla cumarsáide, ag a mbeidh ardleibhéal inrianaitheachta, rúndachta agus iontaofachta, ar fáil chun comhroinnt faisnéise le heintitis an Aontais a éascú. Agus fógraí á bpróiseáil, féadfaidh CERT-EU tosaíocht a thabhairt d’fhógraí sainordaitheacha a phróiseáil thar fhógraí deonacha. Gan dochar d’Airteagal 12, ní fhorchuirfear le fógra deonach aon oibleagáid bhreise ar eintiteas tuairiscithe sin an Aontais nach mbeadh sé faoina réir mura mbeadh an fógra tíolactha aige.

2.   Chun a mhisean agus a chúraimí a thugtar de bhun Airteagal 13 a chomhlíonadh, féadfaidh CERT-EU a iarraidh ar eintitis an Aontais faisnéis a sholáthar dó óna bhfardail córas TFC faoi seach, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le cibearbhagairtí, neasteagmhais, leochaileachtaí, táscairí comhréitigh, foláirimh chibearshlándála agus moltaí maidir le cumraíocht uirlisí cibearshlándála chun teagmhais a bhrath. Déanfaidh eintiteas iarrtha an Aontais an fhaisnéis a iarrtar a tharchur, agus aon nuashonruithe uirthi ina dhiaidh sin, gan moill mhíchuí.

3.   Maidir le faisnéis teagmhas-sonrach a mhalartú le heintitis an Aontais lena nochtar céannacht eintiteas an Aontais dá ndéantar difear leis an teagmhas, féadfaidh CERT-EU an fhaisnéis sin a mhalartú ar choinníoll go dtugann eintiteas an Aontais dá ndéantar difear dó a thoiliú. I gcás ina ndéanann eintiteas an Aontais a thoiliú a choinneáil siar, tabharfaidh sé cúiseanna do CERT-EU a thugann bunús leis an gcinneadh sin.

4.   Déanfaidh eintitis an Aontais, arna iarraidh sin dóibh, faisnéis a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle maidir le tabhairt chun críche na bpleananna cibearshlándála.

5.   Déanfaidh IICB nó CERT-EU, de réir mar is infheidhme, arna iarraidh sin dóibh, treoirlínte, moltaí agus glaonna ar ghníomhaíocht a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

6.   Ní áireofar an méid seo a leanas ar na hoibleagáidí comhroinnte faisnéise a leagtar síos san Airteagal:

(a)

FRAE;

(b)

faisnéis a bhfuil a dáileadh breise eisiata trí bhíthin marcáil infheicthe, mura bhfuil comhroinnt na faisnéise sin le CERT-EU ceadaithe go sainráite.


whereas









keyboard_arrow_down