search


keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/0868 GA cercato: 'sóisialta' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index sóisialta:

    CAIBIDIL I
    Forálacha ginearálta

    CAIBIDIL II
    Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí

    CAIBIDIL III
    Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí

    CAIBIDIL IV
    Altrúchas sonraí

    CAIBIDIL V
    Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta

    CAIBIDIL VI
    An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí

    CAIBIDIL VII
    Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

    CAIBIDIL VIII
    Tarmligean agus nós imeachta coiste

    CAIBIDIL IX
    Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha
  • 3 Airteagal 36 Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1724


whereas sóisialta:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 191

 

Airteagal 35

Meastóireacht agus athbhreithniú

Faoin 24 Meán Fómhair 2025, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus déanfaidh sé tuarascáil ar phríomhthorthaí na meastóireachta sin a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíochta agus sóisialta na hEorpa. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil nuair is gá.

Sa tuarascáil, déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

cur i bhfeidhm agus feidhmiú na rialacha maidir le pionóis arna leagan síos ag na Ballstáit de bhun Airteagal 34;

(b)

an leibhéal comhlíontachta atá ag ionadaithe dlíthiúla na soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí agus eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí nach bhfuil bunaithe san Aontas leis an Rialachán seo agus leibhéal in-fhorfheidhmitheachta na bpionós arna bhforchur ar na soláthraithe agus ar na heagraíochtaí sin;

(c)

an cineál eagraíochtaí altrúchais sonraí atá cláraithe faoi Chaibidil IV agus forléargas ar na cuspóirí leasanna ginearálta a ndéantar sonraí a chomhroinnt lena n-aghaidh chun critéir shoiléire a bhunú ina leith sin.

Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú.

Airteagal 36

Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1724

Sa tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála “Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh”:

Imeachtaí saoil

Nósanna imeachta

Aschur ionchasach faoi réir measúnú ar an iarratas ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás inarb ábhartha

Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh

Fógra faoi ghníomhaíocht ghnó, cead ar ghníomhaíochta gnó a fheidhmiú, athruithe ar ghníomhaíocht ghnó agus foirceannadh gníomhaíocht ghnó nach mbaineann le nósanna imeachta dócmhainneachta nó leachtaithe, cé is moite den chéad uair a chláraítear gníomhaíocht ghnó leis an gclár gnó agus, cé is moite de na nósanna imeachta a bhaineann le bunú cuideachtaí nó gnólachtaí nó aon chomhdú ina dhiaidh sin ag cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 54 CFAE.

Deimhniú ar fháil an fhógra nó an athraithe, nó na hiarrata ar chead gníomhaíochta gnó

 

Fostóir (duine nádúrtha) a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais

Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh

Fostaithe a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais

Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh

Dearbhú cánach corparáide a thíolacadh

Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú

Fógra a thabhairt do na scéimeanna slándála sóisialta faoi dheireadh conartha le fostaí, cé is moite de nósanna imeachta chun conarthaí fostaithe a fhoirceannadh go comhchoiteann

Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú

Ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe a íoc

Admháil nó foirm eile deimhnithe gur íocadh ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe

Fógra a thabhairt faoi sholáthraí seirbhísí idirghabhála sonraí

Deimhniú go bhfuarthas an t-iarratas

Clárú mar eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas

Deimhniú an chlárúcháin


whereas









keyboard_arrow_down