search


keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/0868 GA cercato: 'rialachán' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index rialachán:

    CAIBIDIL I
    Forálacha ginearálta

    CAIBIDIL II
    Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí

    CAIBIDIL III
    Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí

    CAIBIDIL IV
    Altrúchas sonraí

    CAIBIDIL V
    Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta

    CAIBIDIL VI
    An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí

    CAIBIDIL VII
    Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

    CAIBIDIL VIII
    Tarmligean agus nós imeachta coiste

    CAIBIDIL IX
    Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha


whereas rialachán:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 1465

 

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an rialachán seo, leagtar síos an méid seo a leanas:

(a)

coinníollacha maidir le catagóirí áirithe sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí a athúsáid laistigh den Aontas;

(b)

creat um fhógra a thabhairt agus um mhaoirseacht a dhéanamh chun seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar;

(c)

creat le haghaidh chlárú deonach na n-eintiteas a bhailíonn agus a phróiseálann sonraí a chuirtear ar fáil chun críoch altrúchais; agus

(d)

creat chun Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí a bhunú.

2.   Leis an rialachán seo, ní chruthaítear aon oibleagáid ar chomhlachtaí earnála poiblí athúsáid sonraí a cheadú, ná ní scaoiltear comhlachtaí earnála poiblí óna n-oibleagáidí rúndachta faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

Ní dochar an rialachán seo don mhéid seo a leanas:

(a)

forálacha sonracha i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta maidir leis an rochtain ar chatagóirí áirithe sonraí nó maidir le hathúsáid catagóirí áirithe sonraí, go háirithe maidir le rochtain a dheonú ar dhoiciméid oifigiúla agus maidir lena nochtadh; agus

(b)

oibleagáidí comhlachtaí earnála poiblí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta athúsáid sonraí a cheadú nó do cheanglais a bhaineann le próiseáil sonraí neamhphearsanta.

I gcás ina gceanglaítear le dlí earnáilsonrach de chuid an Aontais nó le dlí náisiúnta earnáilsonrach ar chomhlachtaí earnála poiblí, soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí nó eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí ceanglais shonracha bhreise theicniúla, riaracháin nó eagraíochtúla a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí chóras údaraithe nó deimhniúcháin, beidh feidhm ag na forálacha sin den dlí earnáilsonrach sin de chuid an Aontais nó den dlí náisiúnta earnáilsonrach sin. Aon cheanglais shonracha bhreise den sórt sin, beidh siad neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus beidh údar oibiachtúil leo.

3.   Beidh feidhm ag dlí an Aontais agus ag an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta i leith aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i dtaca leis an rialachán seo. Go háirithe, ní dochar an rialachán seo do Rialacháin (AE) 2016/679 ná (AE) 2018/1725 ná do Threoracha 2002/58/CE ná (AE) 2016/680, lena n-áirítear maidir le cumhachtaí agus inniúlachtaí na n-údarás maoirseachta. I gcás ina mbeidh coimhlint ann idir an rialachán seo agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta nó an dlí náisiúnta arna ghlacadh i gcomhréir le dlí den sórt sin de chuid an Aontais, is ag dlí ábhartha an Aontais nó ag dlí ábhartha náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta a bheidh an forlámhas. Leis an rialachán seo, ní chruthaítear bunús dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil, ná ní dhéanann sé difear d’aon cheann de na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2016/679 nó (AE) 2018/1725 nó i dTreoracha 2002/58/CE nó (AE) 2016/680.

4.   Ní dochar an rialachán seo do chur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta.

5.   Ní dochar an rialachán seo d’inniúlachtaí na mBallstát i ndáil lena ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, leis an gcosaint agus leis an tslándáil náisiúnta.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “sonraí” aon léiriú digiteach ar ghníomhartha, ar fhíricí nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, fíricí nó faisnéis den sórt sin, lena n-áirítear i bhfoirm taifead fuaime, físe nó closamhairc;

(2)

ciallaíonn “athúsáid” an úsáid a bhaineann daoine nádúrtha nó dlítheanacha as sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí, chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála seachas an cuspóir tosaigh a bhí ann laistigh den chúram phoiblí ar táirgeadh na sonraí chuige, diomaite den mhalartú sonraí idir comhlachtaí earnála poiblí chun a gcúraimí poiblí a shaothrú agus chuige sin amháin;

(3)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de rialachán (AE) 2016/679;

(4)

ciallaíonn “sonraí neamhphearsanta” sonraí seachas sonraí pearsanta;

(5)

ciallaíonn “toiliú” toiliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de rialachán (AE) 2016/679;

(6)

ciallaíonn “cead” an ceart a thabhairt d’úsáideoirí sonraí chun sonraí neamhphearsanta a phróiseáil;

(7)

ciallaíonn “ábhar sonraí” ábhar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (1), de rialachán (AE) 2016/679;

(8)

ciallaíonn “sealbhóir sonraí” duine dlítheanach, lena n-áirítear comhlachtaí earnála poiblí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, nó duine nádúrtha nach ábhar sonraí i ndáil leis na sonraí sonracha atá i gceist, a bhfuil sé de cheart ag an duine sin, i gcomhréir le dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, rochtain a thabhairt ar shonraí pearsanta áirithe nó sonraí neamhphearsanta áirithe nó iad a chomhroinnt;

(9)

ciallaíonn “úsáideoir sonraí” duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil rochtain dhleathach ar shonraí áirithe pearsanta nó neamhphearsanta agus ag a bhfuil sé de cheart, lena n-áirítear faoi rialachán (AE) 2016/679 i gcás sonraí pearsanta, na sonraí sin a úsáid chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála;

(10)

ciallaíonn “comhroinnt sonraí” sonraí a bheith á soláthar ag ábhar sonraí nó sealbhóir sonraí d’úsáideoir sonraí chun úsáid chomhpháirteach nó úsáid indibhidiúil a bhaint as na sonraí sin, bunaithe ar chomhaontuithe deonacha nó ar dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, go díreach nó trí idirghabhálaí, mar shampla faoi cheadúnais oscailte nó tráchtála atá faoi réir táille nó atá saor in aisce;

(11)

ciallaíonn “seirbhís idirghabhála sonraí” seirbhís arb é is aidhm di caidrimh thráchtála a bhunú chun críoch comhroinnte sonraí idir líon neamhchinntithe ábhar sonraí agus sealbhóirí sonraí ar thaobh amháin agus úsáideoirí sonraí ar an taobh eile, trí mhodhanna teicniúla, dlíthiúla nó eile, lena n-áirítear chun cearta ábhar sonraí a fheidhmiú i ndáil le sonraí pearsanta, seachas an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

seirbhísí a fhaigheann sonraí ó shealbhóirí sonraí agus a dhéanann na sonraí a chomhiomlánú, a shaibhriú nó a chlaochlú chun críoch breisluach substaintiúil a chur leo agus a dhéanann úsáid na sonraí a eascraíonn as sin a cheadúnú d’úsáideoirí sonraí, gan caidreamh tráchtála a bhunú idir sealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí;

(b)

seirbhísí lena ndírítear ar idirghabháil inneachair faoi chosaint cóipchirt;

(c)

seirbhísí a úsáideann sealbhóir sonraí amháin go heisiach chun úsáid sonraí atá i seilbh na tsealbhóra sonraí sin a chumasú, nó a úsáideann daoine dlítheanacha iomadúla i ngrúpa iata, lena n-áirítear caidrimh soláthraithe nó custaiméirí nó comharaíochtaí arna mbunú trí chonradh, go háirithe iad siúd a bhfuil sé mar phríomhchuspóir acu feidhmiúlachtaí réad agus gléasanna atá nasctha le hIdirlíon na Rudaí Nithiúla a áirithiú;

(d)

seirbhísí comhroinnte sonraí arna dtairiscint ag comhlachtaí earnála poiblí nach é is aidhm dóibh caidrimh thráchtála a bhunú;

(12)

ciallaíonn “próiseáil” próiseáil mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de rialachán (AE) 2016/679 maidir le sonraí pearsanta nó mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de rialachán (AE) 2018/1807 maidir le sonraí neamhphearsanta;

(13)

ciallaíonn “rochtain” úsáid sonraí, i gcomhréir le ceanglais shonracha theicniúla, dhlíthiúla nó eagraíochtúla, agus ní gá go dtuigfí as sin tarchur ná íoslódáil na sonraí;

(14)

ciallaíonn “príomhbhunaíocht” duine dlítheanaigh áit a riaracháin lárnaigh san Aontas;

(15)

ciallaíonn “seirbhísí comharchumann sonraí” seirbhísí idirghabhála sonraí a thairgeann struchtúr eagraíochtúil atá comhdhéanta d’ábhair sonraí, gnóthais aon duine amháin nó FBManna ar comhaltaí den struchtúr sin iad, a bhfuil sé ina phríomhchuspóirí aige tacú lena chomhaltaí agus a gcearta á bhfeidhmiú acu maidir le sonraí áirithe, lena n-áirítear i ndáil le roghanna eolasacha a dhéanamh sula dtoilíonn siad do phróiseáil sonraí, tuairimí a mhalartú maidir le cuspóirí agus coinníollacha próiseála sonraí is fearr a dhéanfadh ionadaíocht do leas a chomhaltaí maidir lena sonraí, agus téarmaí agus coinníollacha a chaibidliú maidir le próiseáil sonraí thar ceann a chomhaltaí sula dtabharfaidh siad cead sonraí neamhphearsanta a phróiseáil nó sula dtoileoidh siad do phróiseáil a gcuid sonraí pearsanta;

(16)

ciallaíonn “altrúchas sonraí” comhroinnt dheonach sonraí ar bhonn thoiliú na n-ábhar sonraí sonraí pearsanta a bhaineann leo a phróiseáil, nó ceadanna ó shealbhóirí sonraí a sonraí neamhphearsanta a úsáid gan luaíocht a lorg nó a fháil, luaíocht a théann thar chúiteamh a bhaineann leis na costais a thabhaíonn siad i gcás ina gcuireann siad a gcuid sonraí ar fáil le haghaidh cuspóirí leasa ghinearálta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, amhail cúram sláinte, an t-athrú aeráide a chomhrac, an tsoghluaisteacht a fheabhsú, forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh oifigiúil a éascú, soláthar seirbhísí poiblí a fheabhsú, ceapadh beartas poiblí nó chun críoch taighde eolaíoch ar mhaithe leis an leas ginearálta;

(17)

ciallaíonn “comhlacht earnála poiblí” an Stát, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachais arna bhfoirmiú ag údarás amháin nó níos mó den sórt sin, nó comhlacht amháin nó níos mó den sórt sin faoi rialú an dlí phoiblí;

(18)

ciallaíonn “comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí” comhlachtaí ag a bhfuil na tréithe seo a leanas:

(a)

bunaítear iad leis an gcuspóir sonrach riachtanais ar mhaithe leis an leas ginearálta a chomhlíonadh, agus níl carachtar tionsclaíoch ná tráchtála acu;

(b)

tá pearsantacht dhlítheanach acu;

(c)

tá siad á maoiniú, den chuid is mó, ag an Stát, ag údaráis réigiúnacha nó áitiúla, nó ag comhlachtaí eile faoi rialú an dlí phoiblí, tá siad faoi réir maoirseacht bainistíochta ag na húdaráis nó comhlachtaí sin, nó tá bord riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta acu, a bhfuil níos mó ná leath dá chomhaltaí ceaptha ag an Stát, ag údaráis réigiúnacha nó áitiúla nó ag comhlachtaí eile faoi rialú an dlí phoiblí;

(19)

ciallaíonn “gnóthas poiblí” aon ghnóthas a bhféadfaidh na comhlachtaí earnála poiblí tionchar ceannasach a imirt go díreach nó go hindíreach air de bhua a n-úinéireachta air, a rannpháirteachais airgeadais ann, nó na rialacha lena rialaítear é; chun críocha an tsainmhínithe seo, measfar go bhfuil tionchar ceannasach á imirt ag na comhlachtaí earnála poiblí in aon cheann de na cásanna inar fíor an méid seo a leanas maidir leis na comhlachtaí sin, go díreach nó go hindíreach:

(a)

tá formhór de chaipiteal suibscríofa an ghnóthais acu;

(b)

rialaíonn siad formhór na vótaí a ghabhann leis na scaireanna arna n-eisiúint ag an ngnóthas;

(c)

is féidir leo níos mó ná leath de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais a cheapadh;

(20)

ciallaíonn “timpeallacht shlán phróiseála” an timpeallacht fhisiceach nó fhíorúil agus na modhanna eagraíochtúla chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais, amhail rialachán (AE) 2016/679, go háirithe maidir le cearta ábhar sonraí, cearta maoine intleachtúla agus rúndacht tráchtála agus staidrimh, sláine agus inrochtaineacht, agus go gcomhlíonfar an dlí náisiúnta is infheidhme, agus chun a cheadú don eintiteas a sholáthraíonn an timpeallacht shlán phróiseála na gníomhaíochtaí próiseála sonraí uile a chinneadh agus a mhaoirsiú, lena n-áirítear sonraí a thaispeáint, a stóráil, a íoslódáil agus a onnmhairiú agus sonraí díorthacha a ríomh trí algartaim ríomhaireachtúla;

(21)

ciallaíonn “ionadaí dlíthiúil” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a ainmnítear go sainráite chun gníomhú thar ceann soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó eintiteas nach bhfuil bunaithe san Aontas a bhailíonn sonraí chun cuspóirí leasa ghinearálta a chuireann daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar fáil ar bhonn altrúchas sonraí, ar duine nádúrtha nó dlítheanach é nó í a bhféadfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí dul i dteagmháil leis nó léi i dteannta leis an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó leis an eintiteas, nó in ionad an tsoláthraí seirbhíse idirghabhála sonraí nó an eintitis, maidir le hoibleagáidí faoin rialachán seo, lena n-áirítear maidir le himeachtaí forfheidhmiúcháin a thionscnamh i gcoinne soláthraí neamhchomhlíontach seirbhísí idirghabhála sonraí nó eintiteas neamhchomhlíontach nach bhfuil bunaithe san Aontas.

CAIBIDIL II

Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí

Airteagal 5

Coinníollacha maidir le hathúsáid

1.   Comhlachtaí earnála poiblí atá inniúil faoin dlí náisiúnta chun rochtain a dheonú nó a dhiúltú chun ceann amháin nó níos mó de na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a athúsáid, cuirfidh siad ar fáil go poiblí na coinníollacha maidir le hathúsáid den sórt sin a cheadú agus an nós imeachta chun an athúsáid a iarraidh tríd an bpointe faisnéise aonair dá dtagraítear in Airteagal 8. I gcás ina ndéanfaidh siad rochtain chun críoch athúsáide a dheonú nó a dhiúltú, féadfaidh na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1) cúnamh a thabhairt dóibh.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní is gá ag comhlachtaí earnála poiblí chun an tAirteagal seo a chomhlíonadh.

2.   Beidh na coinníollacha maidir le hathúsáid neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach, comhréireach agus beidh údar oibiachtúil leo maidir leis na catagóirí sonraí agus cuspóirí na hathúsáide agus cineál na sonraí a gceadaítear athúsáid ina leith. Ní bhainfear úsáid as na coinníollacha sin chun srian a chur leis an iomaíocht.

3.   Áiritheoidh comhlachtaí earnála poiblí, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, go gcaomhnófar cineál cosanta na sonraí. Féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir leis na ceanglais seo a leanas:

(a)

gan rochtain a thabhairt chun sonraí a athúsáid ach amháin i gcás ina bhfuil sé áirithithe ag an gcomhlacht earnála poiblí nó ag an gcomhlacht inniúil, tar éis iarraidh ar athúsáid:

(i)

go ndearnadh sonraí a anaithnidiú, i gcás sonraí pearsanta; agus

(ii)

go ndearnadh na sonraí sin a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh i gcás faisnéis tráchtála rúnda, lena n-áirítear rúin trádála nó inneachar atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla;

(b)

rochtain a fháil ar na sonraí agus iad a athúsáid go cianda laistigh de thimpeallacht shlán phróiseála atá á soláthar nó á rialú ag an gcomhlacht earnála poiblí;

(c)

rochtain a fháil ar na sonraí agus iad a athúsáid laistigh den áitreabh fisiciúil ina bhfuil an timpeallacht shlán phróiseála suite i gcomhréir le hardchaighdeáin slándála, ar choinníoll nach féidir cianrochtain a cheadú gan cearta agus leasanna tríú páirtithe a chur i mbaol.

4.   I gcás inar ceadaíodh athúsáid i gcomhréir le mír 3, pointí (b) agus (c), forchuirfidh na comhlachtaí earnála poiblí coinníollacha a chaomhnóidh sláine fheidhmiú na gcóras teicniúil arna n-úsáid sa timpeallacht shlán phróiseála. Forchoimeádfaidh an comhlacht earnála poiblí an ceart an próiseas, na modhanna agus aon torthaí ó phróiseáil sonraí a rinne an t-athúsáideoir a fhíorú chun sláine chosaint na sonraí a chaomhnú, agus forchoimeádfaidh sé an ceart cosc a chur ar úsáid torthaí ina bhfuil faisnéis lena gcuirtear cearta agus leasanna tríú páirtithe i mbaol. Beidh an cinneadh úsáid na dtorthaí a thoirmeasc intuigthe agus trédhearcach don athúsáideoir.

5.   Ach amháin sa chás go ndéantar foráil leis an dlí náisiúnta do choimircí sonracha maidir le hoibleagáidí rúndachta is infheidhme i ndáil le hathúsáid na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), déanfaidh an comhlacht earnála poiblí an athúsáid a bhaintear as na sonraí a sholáthraítear i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo coinníollach ar chloí an athúsáideora le hoibleagáid rúndachta lena dtoirmeasctar nochtadh aon fhaisnéise a chuirfeadh cearta agus leasanna tríú páirtithe i mbaol a d’fhéadfadh a bheith faighte ag an athúsáideoir d’ainneoin na gcoimircí a cuireadh i bhfeidhm. Toirmeascfar ar ath-úsáideoirí aon ábhar sonraí lena mbaineann na sonraí a ath-shainaithint agus déanfaidh siad bearta teicniúla agus oibríochtúla chun ath-shainaithint a chosc agus chun fógra a thabhairt don chomhlacht earnála poiblí faoi aon sárú i ndáil le sonraí ar dá dheasca a bhféadfaí na hábhair sonraí lena mbaineann a ath-shainaithint. I gcás athúsáid neamhúdaraithe sonraí neamhphearsanta, déanfaidh an t-athúsáideoir, gan mhoill, le cúnamh ón gcomhlacht earnála poiblí i gcás inarb iomchuí, na daoine dlítheanacha a bhféadfaí difear a dhéanamh dá gcearta agus dá leasanna a chur ar an eolas.

6.   I gcás nach féidir athúsáid na sonraí a cheadú i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo agus nach bhfuil aon bhunús dlí ann chun na sonraí a tharchur faoi rialachán (AE) 2016/679, déanfaidh an comhlacht earnála poiblí a sheacht ndícheall, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, cúnamh a thabhairt d’athúsáideoirí ionchasacha toiliú den sórt sin a lorg ó ábhair sonraí nó cead a lorg ó shealbhóirí sonraí a bhféadfadh an athúsáid sin difear a dhéanamh dá gcearta agus dá leasanna, i gcás inarb indéanta sin gan ualach díréireach a chur ar an gcomhlacht earnála poiblí. I gcás ina dtugann sé cúnamh den sórt sin, féadfaidh an comhlacht earnála poiblí cúnamh a fháil ó na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1).

7.   Ní cheadófar athúsáid sonraí ach amháin i gcomhréir le cearta maoine intleachtúla. An ceart atá ag déantóir bunachair sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, ní fheidhmeoidh comhlachtaí earnála poiblí é chun cosc a chur ar athúsáid sonraí nó srian a chur ar athúsáid sonraí thar na teorainneacha a leagtar síos leis an rialachán seo.

8.   I gcás ina meastar go bhfuil na sonraí a iarradh rúnda, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta faoi rúndacht tráchtála nó staidrimh, áiritheoidh na comhlachtaí earnála poiblí nach nochtfar na sonraí rúnda de dheasca an athúsáid den sórt sin a cheadú, mura gceadaítear athúsáid den sórt sin i gcomhréir le mír 6.

9.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag athúsáideoir sonraí neamhphearsanta atá cosanta ar na forais a leagtar amach in Airteagal 3(1) a aistriú chuig tríú tír, cuirfidh sé an comhlacht earnála poiblí ar an eolas faoina bhfuil beartaithe aige na sonraí sin a aistriú agus faoin gcuspóir a bhaineann leis an aistriú sin tráth a iarrtar athúsáid sonraí den sórt sin. I gcás athúsáid i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo, déanfaidh an t-athúsáideoir, i gcás inarb iomchuí le cúnamh ón gcomhlacht earnála poiblí, an duine dlítheanach a bhféadfaí difear a dhéanamh dá chearta agus dá leasanna a chur ar an eolas faoina bhfuil beartaithe, faoin gcuspóir agus faoi na coimircí iomchuí. Ní cheadóidh an comhlacht earnála poiblí an athúsáid mura dtabharfaidh an duine dlítheanach cead an t-aistriú a dhéanamh.

10.   Ní tharchuirfidh comhlachtaí earnála poiblí sonraí rúnda neamhphearsanta nó sonraí arna gcosaint le cearta maoine intleachtúla chuig athúsáideoir a bhfuil sé ar intinn aige na sonraí sin a aistriú go tríú tír seachas tír arna hainmniú i gcomhréir le mír 12 ach amháin sa chás go dtugann an t-athúsáideoir gealltanas conarthach go ndéanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir le mír 7 agus 8 a chomhlíonadh, fiú tar éis na sonraí a aistriú chuig an tríú tír; agus

(b)

glacadh le dlínse chúirteanna nó bhinsí an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht earnála poiblí tarchuir maidir le haon díospóid a bhaineann le comhlíonadh míreanna 7 agus 8.

11.   Déanfaidh comhlachtaí earnála poiblí, i gcás inarb ábhartha agus de réir mhéid a gcumas, treoir agus cúnamh a chur ar fáil d’athúsáideoirí agus iad ag comhlíonadh na n-oibleagáidí dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo.

Chun cúnamh a thabhairt do chomhlachtaí earnála poiblí agus d’athúsáideoirí, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear samhail de chlásail chonarthacha chun na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo a chomhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

12.   I gcás ina bhfuil údar leis mar gheall ar an líon suntasach iarrataí ar fud an Aontais a bhaineann le hathúsáid sonraí neamhphearsanta i dtríú tíortha sonracha, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndearbhaítear gur fíor an méid seo a leanas maidir le socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidhmithe tríú tír:

(a)

áirithítear cosaint maoine intleachtúla agus rúin trádála ar bhealach atá coibhéiseach go bunúsach leis an gcosaint a áirithítear faoi dhlí an Aontais;

(b)

tá siad á gcur i bhfeidhm agus á bhforfheidhmiú go héifeachtach; agus

(c)

tugtar leigheas breithiúnach éifeachtach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

13.   Féadfar a mheas le gníomhartha reachtaíochta sonracha de chuid an Aontais catagóirí áirithe sonraí neamhphearsanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí a bheith an-íogair chun críocha an Airteagail seo, i gcás ina bhféadfadh a n-aistriú go tríú tíortha cuspóirí beartais phoiblí an Aontais, amhail an tsábháilteacht agus an tsláinte phoiblí, a chur i mbaol, nó go bhféadfadh sé go mbeadh an riosca ann go n-ath-shainaithneofaí sonraí neamhphearsanta, anaithnidithe. I gcás ina nglactar ionstraim den sórt sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 32 lena bhforlíontar an rialachán seo trí choinníollacha speisialta a leagan síos is infheidhme maidir le sonraí den sórt sin a aistriú chuig tríú tíortha.

Beidh na coinníollacha speisialta sin bunaithe ar chineál na gcatagóirí sonraí neamhphearsanta arna sainaithint i ngníomh reachtach shonrach de chuid an Aontais agus ar na forais go measann siad go bhfuil na catagóirí sin an-íogair, agus cuirfear san áireamh na rioscaí a bhaineann le sonraí neamhphearsanta, anaithnidithe a ath-shainaithint. Beidh siad neamh-idirdhealaitheach agus teoranta don mhéid is gá chun cuspóirí beartais phoiblí an Aontais arna sainaithint sa ghníomh sin a bhaint amach, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.

Má cheanglaítear amhlaidh le gníomhartha reachtacha sonracha de chuid an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfar a áireamh sna coinníollacha speisialta sin téarmaí is infheidhme maidir le haistriú nó socruithe teicniúla i ndáil leis sin, teorainneacha maidir le sonraí a athúsáid i dtríú tíortha nó i gcatagóirí daoine atá i dteideal na sonraí sin a aistriú chuig tríú tíortha nó, i gcásanna eisceachtúla, srianta maidir le haistrithe chuig tríú tíortha.

14.   Ní fhéadfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach dár deonaíodh an ceart sonraí neamhphearsanta a athúsáid na sonraí a aistriú ach chuig na tríú tíortha sin ar ina leith a bhfuil na ceanglais i míreanna 10, 12 agus 13 á gcomhlíonadh.

Airteagal 7

Comhlachtaí inniúla

1.   Chun na cúraimí dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh, ainmneoidh gach Ballstát comhlacht inniúil amháin nó níos mó, a fhéadfaidh a bheith ina chomhlacht inniúil d’earnálacha ar leith, chun cúnamh a thabhairt do na comhlachtaí earnála poiblí a dheonaíonn nó a dhiúltaíonn rochtain chun na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a athúsáid. Féadfaidh na Ballstáit comhlacht inniúil nua amháin nó níos mó a bhunú nó brath ar chomhlachtaí earnála poiblí atá ann cheana nó ar sheirbhísí inmheánacha comhlachtaí earnála poiblí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa rialachán seo.

2.   Féadfar cumhacht a thabhairt do na comhlachtaí inniúla rochtain a dheonú chun na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a athúsáid de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta lena bhforáiltear an rochtain sin a dheonú. I gcás ina ndéanfaidh siad rochtain chun críoch athúsáide a dheonú nó a dhiúltú, beidh feidhm ag Airteagail 4, 5, 6 agus 9 maidir leis na comhlachtaí inniúla sin.

3.   Beidh acmhainní dlíthiúla, airgeadais agus teicniúla leormhaithe agus acmhainní daonna leormhaithe ag na comhlachtaí inniúla chun na cúraimí a shanntar orthu a chomhlíonadh, lena n-áirítear an t-eolas teicniúil riachtanach ionas go mbeidh siad in ann dlí ábhartha an Aontais nó an dlí náisiúnta ábhartha a bhaineann leis na córais rochtana le haghaidh na gcatagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chomhlíonadh.

4.   Áireofar an méid seo a leanas sa chúnamh dá bhforáiltear i mír 1, i gcás inar gá:

(a)

tacaíocht theicniúil a sholáthar trí thimpeallacht shlán phróiseála a chur ar fáil chun rochtain a sholáthar chun sonraí a athúsáid;

(b)

treoir agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil faoin mbealach is fearr chun sonraí a struchtúrú agus a stóráil chun rochtain éasca ar na sonraí sin a sholáthar;

(c)

tacaíocht theicniúil a thabhairt do bhréagainmniú agus a áirithiú go ndéantar sonraí a phróiseáil ar bhealach lena gcaomhnaítear go héifeachtúil príobháideachas, rúndacht, sláine agus inrochtaineacht na faisnéise atá sna sonraí a bhfuil athúsáid ceadaithe ina leith, lena n-áirítear teicnící chun sonraí pearsanta a anaithnidiú, a ghinearálú, a cheilt agus a dhéanamh randamach nó modhanna úrscothacha eile um chaomhnú príobháideachais, agus scriosadh faisnéise rúnda tráchtála, lena n-áirítear rúin cheirde nó inneachar atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla;

(d)

cúnamh a thabhairt do chomhlachtaí earnála poiblí, i gcás inarb ábhartha, tacaíocht a chur ar fáil d’athúsáideoirí chun toiliú a iarraidh le haghaidh athúsáid ó na hábhair sonraí nó cead a lorg ó shealbhóirí sonraí i gcomhréir lena gcinntí sonracha, lena n-áirítear maidir leis an dlínse ina bhfuil sé beartaithe na sonraí a phróiseáil agus cúnamh a thabhairt do na comhlachtaí earnála poiblí sásraí teicniúla a bhunú a cheadóidh iarrataí ar thoiliú nó cead ó athúsáideoirí a tharchur, i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go praiticiúil;

(e)

cúnamh a thabhairt do comhlachtaí earnála poiblí maidir le measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht na ngealltanas conarthach arna ndéanamh ag athúsáideoir de bhun Airteagal 5(10).

5.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi chéannacht na gcomhlachtaí inniúla arna n-ainmniú de bhun mhír 1 faoin 24 Meán Fómhair 2023. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún freisin faoi aon mhodhnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar chéannacht na gcomhlachtaí inniúla sin.

Airteagal 9

Nós imeachta maidir le hiarrataí ar athúsáid

1.   Murar bunaíodh teorainneacha ama níos giorra i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, glacfaidh comhlachtaí inniúla earnála poiblí nó na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1) cinneadh maidir leis an iarraidh ar athúsáid na gcatagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaightear an iarraidh.

I gcás iarrataí ar athúsáid atá thar a bheith fairsing agus casta, féadfar síneadh suas le 30 lá a chur leis an tréimhse dhá mhí sin. I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh na comhlachtaí inniúla earnála poiblí nó na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1) fógra don iarratasóir a luaithe is féidir go bhfuil níos mó ama ag teastáil chun an nós imeachta a sheoladh, mar aon leis na cúiseanna atá leis an moill.

2.   Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a ndéanann cinneadh dá dtagraítear i mír 1 difear go díreach dó, beidh éileamh éifeachtach ar shásamh aige sa Bhallstát ina bhfuil an comhlacht ábhartha lonnaithe. Leagfar síos éileamh ar shásamh den sórt sin sa dlí náisiúnta agus áireofar ann an deis ag comhlacht neamhchlaonta athbhreithniú a dhéanamh, ar comhlacht é a bhfuil an saineolas iomchuí aige, amhail an t-údarás iomaíochta náisiúnta, an t-údarás ábhartha um rochtain ar dhoiciméid, an t-údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le rialachán (AE) 2016/679, nó údarás breithiúnach náisiúnta, agus a bhfuil a chuid cinntí ina gceangal ar an gcomhlacht earnála poiblí nó ar an gcomhlacht inniúil lena mbaineann.

CAIBIDIL III

Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí

Airteagal 10

Seirbhísí idirghabhála sonraí

Comhlíonfaidh soláthar na seirbhísí idirghabhála sonraí seo a leanas Airteagal 12 agus beidh siad faoi réir nós imeachta um fhógra a thabhairt:

(a)

seirbhísí idirghabhála idir sealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí ionchasacha, lena n-áirítear modhanna teicniúla nó modhanna eile a chur ar fáil chun gur féidir seirbhísí den sórt sin a thairiscint; féadfar a áireamh ar na seirbhísí sin malartuithe déthaobhacha nó iltaobhacha sonraí nó cruthú ardán nó bunachar sonraí lenar féidir sonraí a mhalartú nó a úsáid go comhpháirteach, mar aon le bonneagar sonrach eile a bhunú chun sealbhóirí sonraí a idirnascadh le húsáideoirí sonraí;

(b)

seirbhísí idirghabhála idir ábhair sonraí a fhéachann lena sonraí pearsanta a chur ar fáil nó daoine nádúrtha a fhéachann le sonraí neamhphearsanta a chur ar fáil, agus úsáideoirí sonraí ionchasacha, lena n-áirítear na modhanna teicniúla nó modhanna eile a chur ar fáil chun gur féidir seirbhísí den sórt sin a thairiscint, agus go háirithe feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí dá bhforáiltear i rialachán (AE) 2016/679 a chumasú;

(c)

seirbhísí comharchumann sonraí.

Airteagal 11

Fógra ó sholáthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí

1.   Aon soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a bhfuil sé ar intinn aige na seirbhísí idirgabhála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10 a sholáthar, cuirfidh sé fógra faoi bhráid an údaráis inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, measfar soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a bhfuil bunaíochtaí aige i níos mó ná Ballstát amháin a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit sin ina bhfuil a phríomhbhunaíocht, gan dochar do dhlí an Aontais lena rialaítear caingne trasteorann maidir le damáistí agus imeachtaí gaolmhara.

3.   Déanfaidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nach bhfuil bunaithe san Aontas ach a thairgeann na seirbhísí idirghabhála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10 laistigh den Aontas, ionadaí dlíthiúil a ainmniú i gceann de na Ballstáit ina dtairgtear na seirbhísí sin.

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an rialachán seo, gheobhaidh an t-ionadaí dlíthiúil sainordú ón soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí ionas go rachaidh údaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí nó ábhair sonraí agus sealbhóirí sonraí i dteagmháil leis mar aon leis an soláthraí nó in ionad an tsoláthraí, maidir leis na saincheisteanna uile a bhaineann leis na seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthraítear. Comhoibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil leis na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí agus léireoidh sé dóibh go cuimsitheach, arna iarraidh sin dóibh, na gníomhaíochtaí a rinneadh agus na forálacha a chuir an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí i bhfeidhm chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

Measfar an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Ní dochar ainmniú ionadaí dhlíthiúil ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí d’aon chaingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí.

4.   Tar éis fógra a chur isteach, i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí tús a chur leis an ngníomhaíocht faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo.

5.   Fágfaidh an fógra sin dá dtagraítear i mír 1 go mbeidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí i dteideal seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar sna Ballstáit uile.

6.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ainm an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí;

(b)

stádas dlíthiúil, foirm dhlíthiúil, struchtúr úinéireachta agus fochuideachtaí ábhartha an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí agus, i gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí cláraithe ar chlár trádála nó ar chlár poiblí náisiúnta comhchosúil eile, uimhir chláraithe an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí;

(c)

seoladh phríomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí san Aontas, más ann dó, agus, i gcás inarb infheidhme, seoladh aon bhrainse thánaistigh i mBallstát eile nó seoladh an ionadaí dhlíthiúil;

(d)

suíomh gréasáin poiblí ar a bhféadfar teacht ar fhaisnéis atá iomlán agus cothrom le dáta faoin soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí agus faoi na gníomhaíochtaí, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (f);

(e)

teagmhálaithe agus sonraí teagmhála an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálaí sonraí;

(f)

tuairisc ar an tseirbhís idirghabhála sonraí atá beartaithe ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar, agus léiriú ar na catagóirí a liostaítear in Airteagal 10 faoina dtagann na seirbhísí idirghabhála sonraí sin;

(g)

an dáta a mheastar go gcuirfear tús leis an ngníomhaíocht, murab ionann é agus dáta an fhógra.

7.   Áiritheoidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí go bhfuil an nós imeachta um fhógra a thabhairt neamh-idirdhealaitheach agus nach saobhann sé an iomaíocht.

8.   Arna iarraidh sin don soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí, déanfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, laistigh de sheachtain amháin den fhógra a bheidh comhlánaithe go hiomlán agus go tráthúil, dearbhú caighdeánaithe a eisiúint ina ndeimhneofar go bhfuil an fógra dá dtagraítear i mír 1 tíolactha ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí agus go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6 san fhógra sin.

9.   Arna iarraidh sin ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí, deimhneoidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, go bhfuil an tAirteagal seo agus Airteagal 12 á gcomhlíonadh ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí. Ar dheimhniú den sórt sin a fháil, féadfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí sin an lipéad “soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a aithnítear san Aontas” a úsáid ina chumarsáid i scríbhinn agus ó bhéal, chomh maith le lógó coiteann.

Chun a áirithiú go bhfuil soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí a aithnítear san Aontas in-sainaitheanta go héasca ar fud an Aontais, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, dearadh don lógó coiteann. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí a aithnítear san Aontas an lógó coiteann a thaispeáint go soiléir ar gach foilseachán ar líne agus as líne a bhaineann lena ngníomhaíochtaí idirghabhála sonraí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

10.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí fógra don Choimisiún faoi gach fógra nua trí mheán leictreonach gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún clár poiblí a choinneáil agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta de na soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí uile a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí san Aontas. Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6, pointí (a), (b), (c), (d), (f) agus (g) sa chlár poiblí.

11.   Féadfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí táillí a ghearradh as an bhfógra i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Beidh na táillí sin comhréireach agus oibiachtúil agus beidh siad bunaithe ar na costais riaracháin a bhaineann le faireachán ar chomhlíonadh agus ar ghníomhaíochtaí eile rialaithe margaidh de chuid an údaráis inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí i ndáil le fógra a thabhairt faoi soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí. I gcás FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, féadfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí táille lascainithe a ghearradh nó an táille a tharscaoileadh.

12.   Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí fógra don údaráis inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis arna soláthar de bhun mhír 6 laistigh de 14 lá ó dháta an athraithe.

13.   I gcás ina scoirfidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí dá chuid gníomhaíochtaí, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil ábhartha le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí arna chinneadh de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 laistigh de 15 lá.

14.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí fógra don Choimisiún faoi gach fógra dá dtagraítear i míreanna 12 agus 13 trí mheán leictreonach gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún clár poiblí na soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí san Aontas a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.

Airteagal 13

Údaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun na cúraimí a bhaineann leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a chur i gcrích agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi chéannacht na n-údarás inniúil sin faoin 24 Meán Fómhair 2023. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún freisin faoi aon mhodhnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar chéannacht na n-údarás inniúil sin.

2.   Comhlíonfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 26.

3.   Ní dochar cumhachtaí na n-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí do chumhachtaí na n-údarás cosanta sonraí, na n-údarás iomaíochta náisiúnta, na n-údarás atá i gceannas ar chibearshlándáil agus na n-údarás earnála ábhartha eile. I gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, bunóidh na húdaráis sin comhar láidir agus malartóidh siad an fhaisnéis de réir mar is gá chun a gcúraimí a fheidhmiú maidir lesoláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí, agus beidh sé mar aidhm acu comhsheasmhacht a bhaint amach sna cinntí arna ndéanamh agus an rialachán seo á chur i bhfeidhm..

Airteagal 14

Faireachán ar chomhlíonadh

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh cheanglais na Caibidle seo ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí. Féadfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar an méid a chomhlíonann soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí, ar bhonn iarraidh ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach.

2.   Beidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí an fhaisnéis ar fad is gá chun comhlíonadh cheanglais na Caibidle seo a iarraidh ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí nó a n-ionadaithe dlíthiúla. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an chúraim agus beidh sé réasúnaithe.

3.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí nach gcomhlíonann soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí ceann amháin nó níos mó de cheanglais na Caibidle seo, cuirfidh sé na torthaí sin in iúl don soláthraí le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí sin agus tabharfaidh sé deis dó a thuairimí a chur in iúl, laistigh de 30 lá ón bhfógra a fháil.

4.   Beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí a éileamh go scoirfear den sárú dá dtagraítear i mír 3 laistigh de theorainn ama réasúnta nó láithreach i gcás sárú tromchúiseach agus déanfaidh an t-údarás ábhartha sin bearta iomchuí agus comhréireacha a mbeidh sé mar aidhm leo comhlíonadh a áirithiú. Chuige sin, beidh an chumhacht ag an údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, i gcás inarb iomchuí, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

pionóis airgeadais athchomhairleacha a fhorchur, trí nósanna imeachta riaracháin, a bhféadfaidh pionóis thréimhsiúla agus pionóis a bhfuil tionchar chúlghabhálach acu a bheith ar áireamh iontu, nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i leith fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud;

(b)

a cheangal go ndéanfar tosú sholáthar na seirbhíse idirghabhála sonraí a chur siar nó go ndéanfar an soláthar sin a chur ar fionraí go dtí go ndéanfar aon athruithe ar na coinníollacha arna n-iarraidh ag an údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí; nó

(c)

a cheangal go scoirfí den tseirbhís idirghabhála sonraí a sholáthar, i gcás nár leigheasadh sáruithe tromchúiseacha nó sáruithe a tharlaíonn arís agus arís eile d’ainneoin an réamhfhógra i gcomhréir le mír 3.

Iarrfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí ar an gCoimisiún an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a bhaint de chlár na soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí, a luaithe a ordóidh sé go scoirfí den tseirbhís idirghabhála sonraí i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe (c).

Má leigheasann soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí sáruithe, tabharfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí sin fógra an athuair don údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí. Tabharfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí fógra don Choimisiún faoi gach athfhógra nua.

5.   I gcás nach n-ainmneoidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nach bhfuil bunaithe san Aontas ionadaí dlíthiúil nó i gcás ina dteipfidh ar an ionadaí dlíthiúil an fhaisnéis is gá a léiríonn go cuimsitheach comhlíonadh an Rialacháin seo a sholáthar, arna iarraidh sin don údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí tosú sholáthar na seirbhíse idirghabhála sonraí a chur siar nó an soláthar sin a chur ar fionraí go dtí go mbeidh an t-ionadaí dlíthiúil ainmnithe nó go dtí go soláthrófar an fhaisnéis is gá.

6.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí fógra gan mhoill don soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí lena mbaineann faoi na bearta arna bhforchur de bhun mhíreanna 4 agus 5 agus na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe, chomh maith leis na céimeanna is gá a dhéanamh chun na heasnaimh ábhartha a cheartú, agus sonróidh siad tréimhse réasúnta, nach faide ná 30 lá, don soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí chun na bearta sin a chomhlíonadh.

7.   Más rud é go bhfuil a phríomhbhunaíocht nó a ionadaí dlíthiúil i mBallstát ag soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí ach go soláthraíonn sé seirbhísí i mBallstáit eile, comhoibreoidh údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí i mBallstát na príomhbhunaíochta nó sa Ballstát ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil lonnaithe i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát eile sin le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí agus cuideoidh siad le chéile. Féadfar malartuithe faisnéise idir na húdaráis inniúla lena mbaineann le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí chun críocha a gcúraimí faoin rialachán seo agus iarrataí réasúnaithe ar na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh a chumhdach le cúnamh agus comhar den sórt sin.

I gcás ina n-iarrann údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí i mBallstát amháin cúnamh ó údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí i mBallstát eile, déanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh. Tabharfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, arna iarraidh sin dó, freagra gan moill agus laistigh de thréimhse ama atá comhréireach le práinn na hiarrata.

Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs an chúnaimh a iarradh agus a chuirtear ar fáil faoin mír seo ach amháin i ndáil leis an ábhar ar iarradh í ina leith.

Airteagal 22

Leabhar rialacha

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an rialachán seo a fhorlíonadh trí leabhar rialacha a bhunú lena leagfar síos an méid seo a leanas:

(a)

ceanglais faisnéise iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear ar fáil do na hábhair sonraí agus do shealbhóirí sonraí, sula dtugtar toiliú nó cead altrúchais sonraí, faisnéis atá mionsonraithe, soiléir agus trédhearcach go leor maidir le húsáid na sonraí, na huirlisí chun toiliú nó cead a thabhairt agus a tharraingt siar, agus na bearta a glacadh chun mí-úsáid na sonraí a chomhroinntear leis an eagraíocht altrúchais sonraí a sheachaint;

(b)

ceanglais theicniúla agus slándála iomchuí chun an leibhéal iomchuí slándála a áirithiú do stóráil agus próiseáil sonraí, chomh maith leis na huirlisí chun toiliú nó cead a thabhairt agus a tharraingt siar;

(c)

treochláir chumarsáide lena ngabhann cur chuige ildisciplíneach chun feasacht a ardú maidir le haltrúchas sonraí, maidir leis an ainmniú mar “eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas” agus maidir leis an leabhar rialacha i measc geallsealbhóirí ábhartha, go háirithe sealbhóirí sonraí agus ábhair sonraí a d’fhéadfadh a gcuid sonraí a chomhroinnt;

(d)

moltaí maidir le caighdeáin idir-inoibritheachta ábhartha.

2.   Déanfar an leabhar rialacha dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú i ndlúthchomhar le heagraíochtaí altrúchais sonraí agus le geallsealbhóirí ábhartha.

Airteagal 24

Faireachán ar chomhlíonadh

1.   Déanfaidh na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Chaibidil seo ag eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí i gcomhréir leis. Féadfaidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sin ag eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí den sórt sin, ar bhonn iarraidh ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach.

2.   Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faisnéis a iarraidh ar eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí is gá chun comhlíonadh cheanglais na Caibidle seo a fhíorú. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an chúraim agus beidh sé réasúnaithe.

3.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí nach gcomhlíonann eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí ceann amháin nó níos mó de cheanglais na Caibidle seo, tabharfaidh sé fógra don eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí faoi na cinntí sin agus tabharfaidh sé deis di a tuairimí a chur in iúl, laistigh de 30 lá tar éis dóibh an fógra a fháil.

4.   Beidh de chumhacht ag an údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a éileamh go scoirfear den sárú dá dtagraítear i mír 3 láithreach nó laistigh de theorainn ama réasúnta agus glacfaidh an t-údarás ábhartha sin bearta iomchuí agus comhréireacha arb iad is aidhm dóibh comhlíonadh a áirithiú.

5.   Mura gcomhlíonann eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí ceann amháin nó níos mó de cheanglais na Caibidle seo fiú tar éis don údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí fógra a thabhairt di i gcomhréir le mír 3, bainfidh an méid seo a leanas leis an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí sin:

(a)

caillfidh sí an ceart atá aice an lipéad “eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas” a úsáid in aon chumarsáid i scríbhinn ná ó bhéal;

(b)

bainfear den chlár poiblí náisiúnta ábhartha d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí agus de chlár poiblí an Aontais d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí í.

Aon chinneadh lena gcúlghairtear an ceart chun an lipéad “eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas” a úsáid faoin gcéad fhomhír, pointe (a), cuirfidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí ar fáil go poiblí é.

6.   Más rud é go bhfuil a príomhbhunaíocht nó a hionadaí dlíthiúil i mBallstát ag eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí ach go bhfuil sí gníomhach i mBallstáit eile, comhoibreoidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mBallstát na príomhbhunaíochta nó sa Bhallstát ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil lonnaithe i gcomhar le húdaráis na mBallstát eile sin atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí agus cuideoidh siad le chéile. Féadfar malartuithe faisnéise idir na húdaráis lena mbaineann atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí chun críocha a gcúraimí faoin rialachán seo agus iarrataí réasúnaithe ar na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh a chumhdach le cúnamh agus comhar den sórt sin.

I gcás ina n-iarrann údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mBallstát amháin cúnamh ó údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mBallstát eile, déanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh. Tabharfaidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, arna iarraidh sin dó, freagra gan moill mhíchuí agus laistigh de thréimhse ama atá comhréireach le práinn na hiarrata.

Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs an chúnaimh a iarradh agus a chuirtear ar fáil faoin mír seo ach amháin i ndáil leis an ábhar ar iarradh í ina leith.

Airteagal 25

Foirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí

1.   Chun bailiú sonraí bunaithe ar an altrúchas sonraí a éascú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar agus lena bhforbrófar foirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, agus comhairle ón mBord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí á cur san áireamh agus ina mbeidh geallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach go cuí. Fágfaidh an fhoirm go mbeifear in ann toiliú nó cead a bhailiú ar fud na mBallstát i bhformáid aonfhoirmeach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

2.   San fhoirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí, bainfear úsáid as cur chuige modúlach lena gceadófar oiriúnú d’earnálacha ar leith agus chun críoch éagsúil.

3.   I gcás ina gcuirfear sonraí pearsanta ar fáil, áiritheofar leis an bhfoirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí go bhfuil na hábhair sonraí in ann toiliú a thabhairt d’oibríocht próiseála sonraí ar leith agus toiliú a tharraingt siar ón oibríocht sin i gcomhréir le ceanglais rialachán (AE) 2016/679.

4.   Beidh an fhoirm ar fáil ar bhealach is féidir a phriontáil ar pháipéar agus sothuigthe agus i bhfoirm leictreonach, mheaisín-inléite.

CAIBIDIL V

Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta

Airteagal 26

Na ceanglais i dtaca leis na húdaráis inniúla

1.   Beidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí leithleach o thaobh an dlí de, agus beidh siad ag feidhmiú go neamhspleách ar aon soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí. Feidhmeanna na n-údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, féadfaidh an t-údarás céanna iad a dhéanamh. Féadfaidh na Ballstáit údarás nua amháin nó níos mó a bhunú chun na gcríoch sin nó dul i dtuilleamaí eintitis atá ann cheana.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a gcuid cúraimí a fheidhmiú ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach, comhsheasmhach, iontaofa agus tráthúil. I gcás ina bhfeidhmeoidh siad a gcúraimí, déanfaidh siad iomaíocht chóir agus neamh-idirdhealú a choimirciú.

3.   Maidir leis an ardbhainistíocht agus an pearsanra atá freagrach as cúraimí ábhartha na n-údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a dhéanamh, ní bheidh siad ina ndearthóir, ina monaróir, ina soláthraí, ina suiteálaí, ina gceannaitheoir, ina n-úinéir, ina n-úsáideoir ná ina gcothabhálaí ar na seirbhísí a ndéanann siad meastóireacht orthu, ná ina n-ionadaí údaraithe thar ceann aon cheann de na páirtithe sin. Ní chuirfidh sé sin cosc ar úsáid a bhaint as seirbhísí a bhfuil meastóireacht déanta orthu, seirbhísí is gá chun oibríochtaí an údaráis inniúil inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí nó úsáid a bhaint as seirbhísí den sórt sin chun críoch pearsanta.

4.   Ní bheidh ardbhainistíocht ná pearsanra na n-údarás inniúil inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mbun aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le neamhspleáchas a mbreithiúnais nó a n-ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí meastóireachta a shanntar dóibh.

5.   Beidh fáil ag na húdaráis inniúla inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí ar na hacmhainní airgeadais agus ar na daon-acmhainní leordhóthanacha chun na cúraimí a shanntar dóibh a chur i gcrích, lena n-áirítear an t-eolas teicniúil agus na hacmhainní is gá.

6.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mBallstáit an fhaisnéis don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí ó Bhallstáit eile, arna hiarraidh sin go réasúnaithe agus gan mhoill, an fhaisnéis is gá chun a gcúraimí faoin rialachán seo a chomhlíonadh. I gcás ina measfaidh údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí nó údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí gur faisnéis rúnda an fhaisnéis a iarrtar i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta maidir le rúndacht tráchtála agus ghairmiúil, déanfaidh an Coimisiún agus aon údarás inniúil eile lena mbaineann le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí nó aon údarás eile lena mbaineann atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí an rúndacht sin a áirithiú.

Airteagal 33

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL IX

Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha

Airteagal 34

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a bhaineann le haistrithe sonraí neamhphearsanta chuig tríú tíortha de bhun Airteagal 5(14) agus Airteagal 31, an oibleagáid atá ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí fógra a thabhairt de bhun Airteagal 11, na coinníollacha maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar de bhun Airteagal 12, agus na coinníollacha maidir le clárú mar eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí de bhun Airteagail 18, 20, 21 agus 22 agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ina rialacha maidir le pionóis, cuirfidh na Ballstáit san áireamh moltaí an Bhoird Eorpaigh um Nuálaíocht Sonraí. Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 24 Meán Fómhair 2023, fógra i dtaobh na rialacha agus na mbeart sin don Choimisiún agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Cuirfidh na Ballstáit san áireamh na critéir neamh-uileghabhálacha agus táscacha seo a leanas maidir le pionóis a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí agus ar eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí as sáruithe ar an rialachán seo, i gcás inarb iomchuí:

(a)

cineál, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe;

(b)

aon ghníomhaíocht arna déanamh ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó ag an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí chun an damáiste arb é an sárú ba chúis leis a mhaolú nó a leigheas;

(c)

aon sáruithe a rinne an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí roimhe sin;

(d)

na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó na heagraíochta aitheanta altrúchais sonraí nó na caillteanais a sheachain siad mar gheall ar an sárú, a mhéid is féidir tairbhí nó caillteanais den sórt sin a shuíomh go hiontaofa;

(e)

aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis.

Airteagal 35

Meastóireacht agus athbhreithniú

Faoin 24 Meán Fómhair 2025, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an rialachán seo agus déanfaidh sé tuarascáil ar phríomhthorthaí na meastóireachta sin a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil nuair is gá.

Sa tuarascáil, déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

cur i bhfeidhm agus feidhmiú na rialacha maidir le pionóis arna leagan síos ag na Ballstáit de bhun Airteagal 34;

(b)

an leibhéal comhlíontachta atá ag ionadaithe dlíthiúla na soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí agus eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí nach bhfuil bunaithe san Aontas leis an rialachán seo agus leibhéal in-fhorfheidhmitheachta na bpionós arna bhforchur ar na soláthraithe agus ar na heagraíochtaí sin;

(c)

an cineál eagraíochtaí altrúchais sonraí atá cláraithe faoi Chaibidil IV agus forléargas ar na cuspóirí leasanna ginearálta a ndéantar sonraí a chomhroinnt lena n-aghaidh chun critéir shoiléire a bhunú ina leith sin.

Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú.

Airteagal 36

Leasú ar rialachán (AE) 2018/1724

Sa tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann le rialachán (AE) 2018/1724, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála “Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh”:

Imeachtaí saoil

Nósanna imeachta

Aschur ionchasach faoi réir measúnú ar an iarratas ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás inarb ábhartha

Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh

Fógra faoi ghníomhaíocht ghnó, cead ar ghníomhaíochta gnó a fheidhmiú, athruithe ar ghníomhaíocht ghnó agus foirceannadh gníomhaíocht ghnó nach mbaineann le nósanna imeachta dócmhainneachta nó leachtaithe, cé is moite den chéad uair a chláraítear gníomhaíocht ghnó leis an gclár gnó agus, cé is moite de na nósanna imeachta a bhaineann le bunú cuideachtaí nó gnólachtaí nó aon chomhdú ina dhiaidh sin ag cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 54 CFAE.

Deimhniú ar fháil an fhógra nó an athraithe, nó na hiarrata ar chead gníomhaíochta gnó

 

Fostóir (duine nádúrtha) a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais

Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh

Fostaithe a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais

Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh

Dearbhú cánach corparáide a thíolacadh

Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú

Fógra a thabhairt do na scéimeanna slándála sóisialta faoi dheireadh conartha le fostaí, cé is moite de nósanna imeachta chun conarthaí fostaithe a fhoirceannadh go comhchoiteann

Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú

Ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe a íoc

Admháil nó foirm eile deimhnithe gur íocadh ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe

Fógra a thabhairt faoi sholáthraí seirbhísí idirghabhála sonraí

Deimhniú go bhfuarthas an t-iarratas

Clárú mar eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas

Deimhniú an chlárúcháin

Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 24 Meán Fómhair 2023.

Beidh an rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bruiséil, 30 Bealtaine 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 38.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Aibreán 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 16 Bealtaine 2022.

(3)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(4)  Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

(5)  rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/65/AE (IO L 198, 25.7.2019, lch. 64).

(6)  rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (IO L 249, 31.7.2020, lch. 33).

(7)  Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadain le modhanna eile iompair. (IO L 207, 6.8.2010, lch. 1).

(8)  rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach. (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(9)  rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

(10)  rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach. (IO L 303, 28.11.2018, lch. 59).

(11)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir um thrádáil leictreonach’) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(12)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise. (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(13)  Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú. (IO L 157, 30.4.2004, lch. 45).

(14)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d'Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

(15)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(16)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch.1).

(17)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

(18)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch 92).

(19)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).

(20)  Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76).

(21)  rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(22)  rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch 39).

(23)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(24)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(25)  rialachán (AE) Uimh. 557/2013 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2013 lena gcuirtear chun feidhme rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Staidreamh Eorpach i ndáil le rochtain ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha agus lena n-aisghairtear rialachán (CE) Uimh. 831/2002 ón gCoimisiún (IO L 164, 18.6.2013, lch. 16).

(26)  Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20).

(27)  rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84)

(28)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(29)  rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear rialachán (AE) 2014/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch 1).

(30)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(31)  rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(32)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).

(33)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).



whereas









keyboard_arrow_down