search


keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/0868 GA cercato: 'mballstát' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index mballstát:

    CAIBIDIL I
    Forálacha ginearálta

    CAIBIDIL II
    Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí

    CAIBIDIL III
    Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí

    CAIBIDIL IV
    Altrúchas sonraí

    CAIBIDIL V
    Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta

    CAIBIDIL VI
    An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí

    CAIBIDIL VII
    Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

    CAIBIDIL VIII
    Tarmligean agus nós imeachta coiste

    CAIBIDIL IX
    Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha


whereas mballstát:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 655

 

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos an méid seo a leanas:

(a)

coinníollacha maidir le catagóirí áirithe sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí a athúsáid laistigh den Aontas;

(b)

creat um fhógra a thabhairt agus um mhaoirseacht a dhéanamh chun seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar;

(c)

creat le haghaidh chlárú deonach na n-eintiteas a bhailíonn agus a phróiseálann sonraí a chuirtear ar fáil chun críoch altrúchais; agus

(d)

creat chun Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí a bhunú.

2.   Leis an Rialachán seo, ní chruthaítear aon oibleagáid ar chomhlachtaí earnála poiblí athúsáid sonraí a cheadú, ná ní scaoiltear comhlachtaí earnála poiblí óna n-oibleagáidí rúndachta faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

Ní dochar an Rialachán seo don mhéid seo a leanas:

(a)

forálacha sonracha i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta maidir leis an rochtain ar chatagóirí áirithe sonraí nó maidir le hathúsáid catagóirí áirithe sonraí, go háirithe maidir le rochtain a dheonú ar dhoiciméid oifigiúla agus maidir lena nochtadh; agus

(b)

oibleagáidí comhlachtaí earnála poiblí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta athúsáid sonraí a cheadú nó do cheanglais a bhaineann le próiseáil sonraí neamhphearsanta.

I gcás ina gceanglaítear le dlí earnáilsonrach de chuid an Aontais nó le dlí náisiúnta earnáilsonrach ar chomhlachtaí earnála poiblí, soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí nó eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí ceanglais shonracha bhreise theicniúla, riaracháin nó eagraíochtúla a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí chóras údaraithe nó deimhniúcháin, beidh feidhm ag na forálacha sin den dlí earnáilsonrach sin de chuid an Aontais nó den dlí náisiúnta earnáilsonrach sin. Aon cheanglais shonracha bhreise den sórt sin, beidh siad neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus beidh údar oibiachtúil leo.

3.   Beidh feidhm ag dlí an Aontais agus ag an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta i leith aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i dtaca leis an Rialachán seo. Go háirithe, ní dochar an Rialachán seo do Rialacháin (AE) 2016/679 ná (AE) 2018/1725 ná do Threoracha 2002/58/CE ná (AE) 2016/680, lena n-áirítear maidir le cumhachtaí agus inniúlachtaí na n-údarás maoirseachta. I gcás ina mbeidh coimhlint ann idir an Rialachán seo agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta nó an dlí náisiúnta arna ghlacadh i gcomhréir le dlí den sórt sin de chuid an Aontais, is ag dlí ábhartha an Aontais nó ag dlí ábhartha náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta a bheidh an forlámhas. Leis an Rialachán seo, ní chruthaítear bunús dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil, ná ní dhéanann sé difear d’aon cheann de na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2016/679 nó (AE) 2018/1725 nó i dTreoracha 2002/58/CE nó (AE) 2016/680.

4.   Ní dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta.

5.   Ní dochar an Rialachán seo d’inniúlachtaí na mballstát i ndáil lena ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, leis an gcosaint agus leis an tslándáil náisiúnta.

Airteagal 11

Fógra ó sholáthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí

1.   Aon soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a bhfuil sé ar intinn aige na seirbhísí idirgabhála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10 a sholáthar, cuirfidh sé fógra faoi bhráid an údaráis inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, measfar soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a bhfuil bunaíochtaí aige i níos mó ná Ballstát amháin a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit sin ina bhfuil a phríomhbhunaíocht, gan dochar do dhlí an Aontais lena rialaítear caingne trasteorann maidir le damáistí agus imeachtaí gaolmhara.

3.   Déanfaidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nach bhfuil bunaithe san Aontas ach a thairgeann na seirbhísí idirghabhála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10 laistigh den Aontas, ionadaí dlíthiúil a ainmniú i gceann de na Ballstáit ina dtairgtear na seirbhísí sin.

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, gheobhaidh an t-ionadaí dlíthiúil sainordú ón soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí ionas go rachaidh údaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí nó ábhair sonraí agus sealbhóirí sonraí i dteagmháil leis mar aon leis an soláthraí nó in ionad an tsoláthraí, maidir leis na saincheisteanna uile a bhaineann leis na seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthraítear. Comhoibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil leis na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí agus léireoidh sé dóibh go cuimsitheach, arna iarraidh sin dóibh, na gníomhaíochtaí a rinneadh agus na forálacha a chuir an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí i bhfeidhm chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

Measfar an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Ní dochar ainmniú ionadaí dhlíthiúil ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí d’aon chaingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí.

4.   Tar éis fógra a chur isteach, i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí tús a chur leis an ngníomhaíocht faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo.

5.   Fágfaidh an fógra sin dá dtagraítear i mír 1 go mbeidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí i dteideal seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar sna Ballstáit uile.

6.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ainm an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí;

(b)

stádas dlíthiúil, foirm dhlíthiúil, struchtúr úinéireachta agus fochuideachtaí ábhartha an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí agus, i gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí cláraithe ar chlár trádála nó ar chlár poiblí náisiúnta comhchosúil eile, uimhir chláraithe an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí;

(c)

seoladh phríomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí san Aontas, más ann dó, agus, i gcás inarb infheidhme, seoladh aon bhrainse thánaistigh i mballstát eile nó seoladh an ionadaí dhlíthiúil;

(d)

suíomh gréasáin poiblí ar a bhféadfar teacht ar fhaisnéis atá iomlán agus cothrom le dáta faoin soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí agus faoi na gníomhaíochtaí, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (f);

(e)

teagmhálaithe agus sonraí teagmhála an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálaí sonraí;

(f)

tuairisc ar an tseirbhís idirghabhála sonraí atá beartaithe ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar, agus léiriú ar na catagóirí a liostaítear in Airteagal 10 faoina dtagann na seirbhísí idirghabhála sonraí sin;

(g)

an dáta a mheastar go gcuirfear tús leis an ngníomhaíocht, murab ionann é agus dáta an fhógra.

7.   Áiritheoidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí go bhfuil an nós imeachta um fhógra a thabhairt neamh-idirdhealaitheach agus nach saobhann sé an iomaíocht.

8.   Arna iarraidh sin don soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí, déanfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, laistigh de sheachtain amháin den fhógra a bheidh comhlánaithe go hiomlán agus go tráthúil, dearbhú caighdeánaithe a eisiúint ina ndeimhneofar go bhfuil an fógra dá dtagraítear i mír 1 tíolactha ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí agus go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6 san fhógra sin.

9.   Arna iarraidh sin ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí, deimhneoidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, go bhfuil an tAirteagal seo agus Airteagal 12 á gcomhlíonadh ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí. Ar dheimhniú den sórt sin a fháil, féadfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí sin an lipéad “soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a aithnítear san Aontas” a úsáid ina chumarsáid i scríbhinn agus ó bhéal, chomh maith le lógó coiteann.

Chun a áirithiú go bhfuil soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí a aithnítear san Aontas in-sainaitheanta go héasca ar fud an Aontais, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, dearadh don lógó coiteann. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí a aithnítear san Aontas an lógó coiteann a thaispeáint go soiléir ar gach foilseachán ar líne agus as líne a bhaineann lena ngníomhaíochtaí idirghabhála sonraí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

10.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí fógra don Choimisiún faoi gach fógra nua trí mheán leictreonach gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún clár poiblí a choinneáil agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta de na soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí uile a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí san Aontas. Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6, pointí (a), (b), (c), (d), (f) agus (g) sa chlár poiblí.

11.   Féadfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí táillí a ghearradh as an bhfógra i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Beidh na táillí sin comhréireach agus oibiachtúil agus beidh siad bunaithe ar na costais riaracháin a bhaineann le faireachán ar chomhlíonadh agus ar ghníomhaíochtaí eile rialaithe margaidh de chuid an údaráis inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí i ndáil le fógra a thabhairt faoi soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí. I gcás FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, féadfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí táille lascainithe a ghearradh nó an táille a tharscaoileadh.

12.   Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí fógra don údaráis inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis arna soláthar de bhun mhír 6 laistigh de 14 lá ó dháta an athraithe.

13.   I gcás ina scoirfidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí dá chuid gníomhaíochtaí, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil ábhartha le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí arna chinneadh de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 laistigh de 15 lá.

14.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí fógra don Choimisiún faoi gach fógra dá dtagraítear i míreanna 12 agus 13 trí mheán leictreonach gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún clár poiblí na soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí san Aontas a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.

Airteagal 14

Faireachán ar chomhlíonadh

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh cheanglais na Caibidle seo ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí. Féadfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar an méid a chomhlíonann soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí, ar bhonn iarraidh ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach.

2.   Beidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí an fhaisnéis ar fad is gá chun comhlíonadh cheanglais na Caibidle seo a iarraidh ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí nó a n-ionadaithe dlíthiúla. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an chúraim agus beidh sé réasúnaithe.

3.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí nach gcomhlíonann soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí ceann amháin nó níos mó de cheanglais na Caibidle seo, cuirfidh sé na torthaí sin in iúl don soláthraí le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí sin agus tabharfaidh sé deis dó a thuairimí a chur in iúl, laistigh de 30 lá ón bhfógra a fháil.

4.   Beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí a éileamh go scoirfear den sárú dá dtagraítear i mír 3 laistigh de theorainn ama réasúnta nó láithreach i gcás sárú tromchúiseach agus déanfaidh an t-údarás ábhartha sin bearta iomchuí agus comhréireacha a mbeidh sé mar aidhm leo comhlíonadh a áirithiú. Chuige sin, beidh an chumhacht ag an údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, i gcás inarb iomchuí, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

pionóis airgeadais athchomhairleacha a fhorchur, trí nósanna imeachta riaracháin, a bhféadfaidh pionóis thréimhsiúla agus pionóis a bhfuil tionchar chúlghabhálach acu a bheith ar áireamh iontu, nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i leith fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud;

(b)

a cheangal go ndéanfar tosú sholáthar na seirbhíse idirghabhála sonraí a chur siar nó go ndéanfar an soláthar sin a chur ar fionraí go dtí go ndéanfar aon athruithe ar na coinníollacha arna n-iarraidh ag an údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí; nó

(c)

a cheangal go scoirfí den tseirbhís idirghabhála sonraí a sholáthar, i gcás nár leigheasadh sáruithe tromchúiseacha nó sáruithe a tharlaíonn arís agus arís eile d’ainneoin an réamhfhógra i gcomhréir le mír 3.

Iarrfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí ar an gCoimisiún an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a bhaint de chlár na soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí, a luaithe a ordóidh sé go scoirfí den tseirbhís idirghabhála sonraí i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe (c).

Má leigheasann soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí sáruithe, tabharfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí sin fógra an athuair don údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí. Tabharfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí fógra don Choimisiún faoi gach athfhógra nua.

5.   I gcás nach n-ainmneoidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nach bhfuil bunaithe san Aontas ionadaí dlíthiúil nó i gcás ina dteipfidh ar an ionadaí dlíthiúil an fhaisnéis is gá a léiríonn go cuimsitheach comhlíonadh an Rialacháin seo a sholáthar, arna iarraidh sin don údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí tosú sholáthar na seirbhíse idirghabhála sonraí a chur siar nó an soláthar sin a chur ar fionraí go dtí go mbeidh an t-ionadaí dlíthiúil ainmnithe nó go dtí go soláthrófar an fhaisnéis is gá.

6.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí fógra gan mhoill don soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí lena mbaineann faoi na bearta arna bhforchur de bhun mhíreanna 4 agus 5 agus na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe, chomh maith leis na céimeanna is gá a dhéanamh chun na heasnaimh ábhartha a cheartú, agus sonróidh siad tréimhse réasúnta, nach faide ná 30 lá, don soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí chun na bearta sin a chomhlíonadh.

7.   Más rud é go bhfuil a phríomhbhunaíocht nó a ionadaí dlíthiúil i mballstát ag soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí ach go soláthraíonn sé seirbhísí i mBallstáit eile, comhoibreoidh údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí i mballstát na príomhbhunaíochta nó sa Ballstát ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil lonnaithe i gcomhar le húdaráis inniúla na mballstát eile sin le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí agus cuideoidh siad le chéile. Féadfar malartuithe faisnéise idir na húdaráis inniúla lena mbaineann le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí chun críocha a gcúraimí faoin Rialachán seo agus iarrataí réasúnaithe ar na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh a chumhdach le cúnamh agus comhar den sórt sin.

I gcás ina n-iarrann údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí i mballstát amháin cúnamh ó údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí i mballstát eile, déanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh. Tabharfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, arna iarraidh sin dó, freagra gan moill agus laistigh de thréimhse ama atá comhréireach le práinn na hiarrata.

Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs an chúnaimh a iarradh agus a chuirtear ar fáil faoin mír seo ach amháin i ndáil leis an ábhar ar iarradh í ina leith.

Airteagal 19

Clár d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí

1.   Féadfaidh eintiteas a chomhlíonann ceanglais Airteagal 18 iarratas ar chlárú a dhéanamh sa chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe.

2.   Féadfaidh eintiteas a chomhlíonann ceanglais Airteagal 18 agus a bhfuil bunaíochtaí aige i níos mó ná Ballstát amháin, iarratas ar chlárú a dhéanamh sa chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí sa Bhallstát ina bhfuil a phríomhbhunaíocht aige.

3.   Déanfaidh eintiteas a chomhlíonann ceanglais Airteagal 18 ach nach bhfuil bunaithe san Aontas ionadaí dlíthiúil a ainmniú i gceann de na Ballstáit ina dtairgtear na seirbhísí altrúchais sonraí.

Chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, tabharfaidh an t-eintiteas sainordú don ionadaí dlíthiúil ionas gur féidir leis na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí nó na hábhair sonraí agus sealbhóirí sonraí teagmháil a dhéanamh leis an ionadaí dlíthiúil, de bhreis ar an eintiteas sin nó ina ionad, maidir leis na saincheisteanna ar fad a bhaineann leis an eintiteas sin. Comhoibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil leis na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí agus léireoidh an t-ionadaí dlíthiúil dóibh go cuimsitheach, arna iarraidh sin dóibh, na gníomhaíochtaí a rinne an t-eintiteas agus na forálacha a chuir sé i bhfeidhm chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

Measfar an t-eintiteas a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Féadfaidh eintiteas den sórt sin iarratas ar chlárú a chur isteach sa chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí sa Bhallstát sin. Ní dochar ainmniú ionadaí dhlíthiúil ag an eintiteas d’aon chaingean dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne an eintitis.

4.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sna hiarratais ar chlárúchán dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3:

(a)

ainm an eintitis;

(b)

stádas dlíthiúil agus foirm dhlíthiúil an eintitis agus, i gcás ina bhfuil an t-eintiteas cláraithe ar chlár poiblí náisiúnta, uimhir chláraithe an eintitis;

(c)

reachtanna an eintitis, i gcás inarb iomchuí;

(d)

foinsí ioncaim an eintitis;

(e)

seoladh phríomhbhunaíocht an eintitis san Aontas, i gcás inarb infheidhme, agus seoladh aon bhrainse thánaistigh i mballstát eile nó seoladh an ionadaí dhlíthiúil;

(f)

suíomh gréasáin poiblí ar a bhféadfar teacht ar fhaisnéis atá iomlán agus atá cothrom le dáta faoin eintiteas agus faoi na gníomhaíochtaí, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (d), (e) agus (h);

(g)

daoine teagmhála agus sonraí teagmhála an eintitis;

(h)

cuspóirí leasa ghinearálta a bhfuil sé ar intinn aige iad a chur chun cinn agus sonraí á mbailiú aige;

(i)

cineál na sonraí a bhfuil sé beartaithe ag an eintiteas a rialú nó a phróiseáil, agus, i gcás sonraí pearsanta, léiriú ar na catagóirí sonraí pearsanta;

(j)

aon doiciméad eile a léiríonn go bhfuil ceanglais Airteagal 18 á gcomhlíonadh.

5.   I gcás inar chuir an t-eintiteas an fhaisnéis uile is gá isteach de bhun mhír 4 tar éis don údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí meastóireacht a dhéanamh ar iarratas ar chlárú agus a mheas go gcomhlíonann an t-eintiteas ceanglais Airteagal 18, cláróidh sé an t-eintiteas sa chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí laistigh de 12 sheachtain ó dháta tar éis an t-iarratas ar chlárú a fháil. Beidh an clárúchán bailí sna Ballstáit uile.

Tabharfaidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí fógra don Choimisiún faoi aon chlárú. Áireoidh an Coimisiún an clárú sin i gclár poiblí an Aontais d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí.

6.   Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, pointí (a), (b), (f), (g) agus (h), sa chlár poiblí náisiúnta ábhartha d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí.

7.   Tabharfaidh eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí fógra don údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis arna soláthar de bhun mhír 4 laistigh de 14 lá ó dháta an athraithe.

Tabharfaidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí fógra don Choimisiún faoi gach fógra den sórt sin trí mheán leictreonach gan mhoill. Bunaithe ar fhógra den sórt sin, tabharfaidh an Coimisiún clár poiblí an Aontais d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí cothrom le dáta, gan mhoill.

Airteagal 24

Faireachán ar chomhlíonadh

1.   Déanfaidh na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Chaibidil seo ag eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí i gcomhréir leis. Féadfaidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sin ag eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí den sórt sin, ar bhonn iarraidh ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach.

2.   Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faisnéis a iarraidh ar eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí is gá chun comhlíonadh cheanglais na Caibidle seo a fhíorú. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an chúraim agus beidh sé réasúnaithe.

3.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí nach gcomhlíonann eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí ceann amháin nó níos mó de cheanglais na Caibidle seo, tabharfaidh sé fógra don eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí faoi na cinntí sin agus tabharfaidh sé deis di a tuairimí a chur in iúl, laistigh de 30 lá tar éis dóibh an fógra a fháil.

4.   Beidh de chumhacht ag an údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a éileamh go scoirfear den sárú dá dtagraítear i mír 3 láithreach nó laistigh de theorainn ama réasúnta agus glacfaidh an t-údarás ábhartha sin bearta iomchuí agus comhréireacha arb iad is aidhm dóibh comhlíonadh a áirithiú.

5.   Mura gcomhlíonann eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí ceann amháin nó níos mó de cheanglais na Caibidle seo fiú tar éis don údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí fógra a thabhairt di i gcomhréir le mír 3, bainfidh an méid seo a leanas leis an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí sin:

(a)

caillfidh sí an ceart atá aice an lipéad “eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas” a úsáid in aon chumarsáid i scríbhinn ná ó bhéal;

(b)

bainfear den chlár poiblí náisiúnta ábhartha d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí agus de chlár poiblí an Aontais d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí í.

Aon chinneadh lena gcúlghairtear an ceart chun an lipéad “eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas” a úsáid faoin gcéad fhomhír, pointe (a), cuirfidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí ar fáil go poiblí é.

6.   Más rud é go bhfuil a príomhbhunaíocht nó a hionadaí dlíthiúil i mballstát ag eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí ach go bhfuil sí gníomhach i mBallstáit eile, comhoibreoidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mballstát na príomhbhunaíochta nó sa Bhallstát ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil lonnaithe i gcomhar le húdaráis na mballstát eile sin atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí agus cuideoidh siad le chéile. Féadfar malartuithe faisnéise idir na húdaráis lena mbaineann atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí chun críocha a gcúraimí faoin Rialachán seo agus iarrataí réasúnaithe ar na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh a chumhdach le cúnamh agus comhar den sórt sin.

I gcás ina n-iarrann údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mballstát amháin cúnamh ó údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mballstát eile, déanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh. Tabharfaidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, arna iarraidh sin dó, freagra gan moill mhíchuí agus laistigh de thréimhse ama atá comhréireach le práinn na hiarrata.

Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs an chúnaimh a iarradh agus a chuirtear ar fáil faoin mír seo ach amháin i ndáil leis an ábhar ar iarradh í ina leith.

Airteagal 25

Foirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí

1.   Chun bailiú sonraí bunaithe ar an altrúchas sonraí a éascú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar agus lena bhforbrófar foirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, agus comhairle ón mBord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí á cur san áireamh agus ina mbeidh geallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach go cuí. Fágfaidh an fhoirm go mbeifear in ann toiliú nó cead a bhailiú ar fud na mballstát i bhformáid aonfhoirmeach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

2.   San fhoirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí, bainfear úsáid as cur chuige modúlach lena gceadófar oiriúnú d’earnálacha ar leith agus chun críoch éagsúil.

3.   I gcás ina gcuirfear sonraí pearsanta ar fáil, áiritheofar leis an bhfoirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí go bhfuil na hábhair sonraí in ann toiliú a thabhairt d’oibríocht próiseála sonraí ar leith agus toiliú a tharraingt siar ón oibríocht sin i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2016/679.

4.   Beidh an fhoirm ar fáil ar bhealach is féidir a phriontáil ar pháipéar agus sothuigthe agus i bhfoirm leictreonach, mheaisín-inléite.

CAIBIDIL V

Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta

Airteagal 29

An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí

1.   Bunóidh an Coimisiún Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí i bhfoirm sainghrúpa, ar a mbeidh ionadaithe ó údaráis inniúla na mballstát uile le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus ó húdaráis na mballstát uile atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ó ENISA, ón gCoimisiún, ó Thoscaire AE na FBManna nó ionadaí arna cheapadh ag líonra toscairí FBM, agus ionadaithe eile ó chomhlachtaí ábhartha in earnálacha sonracha chomh maith le comhlachtaí a bhfuil saineolas sonrach acu. Agus saineolaithe aonair á gceapadh aige, beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún cothromaíocht inscne agus gheografach a bhaint amach i measc chomhaltaí an tsainghrúpa.

2.   Beidh an Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí comhdhéanta de na trí fhoghrúpa seo a leanas ar a laghad::

(a)

foghrúpa ina mbeidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, d’fhonn na cúraimí a dhéanamh de bhun Airteagal 30, pointí (a), (c), (j) agus (k);

(b)

foghrúpa le haghaidh plé teicniúil maidir le caighdeánú, iniomparthacht agus idir-inoibritheacht de bhun phointí (f) agus (g) d’Airteagal 30;

(c)

foghrúpa maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí atá comhdhéanta d’ionadaithe ábhartha ón tionscal, ón taighde, ón saol acadúil, ón tsochaí shibhialta, ó eagraíochtaí caighdeánaithe, ó spásanna coiteanna Eorpacha sonraí ábhartha agus ó gheallsealbhóirí ábhartha eile agus ó thríú páirtithe a thugann comhairle don Bhord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí maidir le cúraimí de bhun Airteagal 30, pointí (d), (e), (f), (g) agus (h).

3.   Is é an Coimisiún a bheidh ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Eorpaigh um Nuálaíocht Sonraí.

4.   Déanfaidh rúnaíocht arna soláthar ag an gCoimisiún cúnamh a thabhairt don Bhord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí.


whereas









keyboard_arrow_down