search


keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/0868 GA cercato: 'leagfar' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index leagfar:

    CAIBIDIL I
    Forálacha ginearálta

    CAIBIDIL II
    Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí

    CAIBIDIL III
    Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí

    CAIBIDIL IV
    Altrúchas sonraí
  • 1 Airteagal 22 Leabhar rialacha

  • CAIBIDIL V
    Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta

    CAIBIDIL VI
    An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí

    CAIBIDIL VII
    Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

    CAIBIDIL VIII
    Tarmligean agus nós imeachta coiste
  • 1 Airteagal 31 Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

  • CAIBIDIL IX
    Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha


whereas leagfar:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 314

 

Airteagal 9

Nós imeachta maidir le hiarrataí ar athúsáid

1.   Murar bunaíodh teorainneacha ama níos giorra i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, glacfaidh comhlachtaí inniúla earnála poiblí nó na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1) cinneadh maidir leis an iarraidh ar athúsáid na gcatagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaightear an iarraidh.

I gcás iarrataí ar athúsáid atá thar a bheith fairsing agus casta, féadfar síneadh suas le 30 lá a chur leis an tréimhse dhá mhí sin. I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh na comhlachtaí inniúla earnála poiblí nó na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1) fógra don iarratasóir a luaithe is féidir go bhfuil níos mó ama ag teastáil chun an nós imeachta a sheoladh, mar aon leis na cúiseanna atá leis an moill.

2.   Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a ndéanann cinneadh dá dtagraítear i mír 1 difear go díreach dó, beidh éileamh éifeachtach ar shásamh aige sa Bhallstát ina bhfuil an comhlacht ábhartha lonnaithe. leagfar síos éileamh ar shásamh den sórt sin sa dlí náisiúnta agus áireofar ann an deis ag comhlacht neamhchlaonta athbhreithniú a dhéanamh, ar comhlacht é a bhfuil an saineolas iomchuí aige, amhail an t-údarás iomaíochta náisiúnta, an t-údarás ábhartha um rochtain ar dhoiciméid, an t-údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, nó údarás breithiúnach náisiúnta, agus a bhfuil a chuid cinntí ina gceangal ar an gcomhlacht earnála poiblí nó ar an gcomhlacht inniúil lena mbaineann.

CAIBIDIL III

Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí

Airteagal 22

Leabhar rialacha

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí leabhar rialacha a bhunú lena leagfar síos an méid seo a leanas:

(a)

ceanglais faisnéise iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear ar fáil do na hábhair sonraí agus do shealbhóirí sonraí, sula dtugtar toiliú nó cead altrúchais sonraí, faisnéis atá mionsonraithe, soiléir agus trédhearcach go leor maidir le húsáid na sonraí, na huirlisí chun toiliú nó cead a thabhairt agus a tharraingt siar, agus na bearta a glacadh chun mí-úsáid na sonraí a chomhroinntear leis an eagraíocht altrúchais sonraí a sheachaint;

(b)

ceanglais theicniúla agus slándála iomchuí chun an leibhéal iomchuí slándála a áirithiú do stóráil agus próiseáil sonraí, chomh maith leis na huirlisí chun toiliú nó cead a thabhairt agus a tharraingt siar;

(c)

treochláir chumarsáide lena ngabhann cur chuige ildisciplíneach chun feasacht a ardú maidir le haltrúchas sonraí, maidir leis an ainmniú mar “eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas” agus maidir leis an leabhar rialacha i measc geallsealbhóirí ábhartha, go háirithe sealbhóirí sonraí agus ábhair sonraí a d’fhéadfadh a gcuid sonraí a chomhroinnt;

(d)

moltaí maidir le caighdeáin idir-inoibritheachta ábhartha.

2.   Déanfar an leabhar rialacha dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú i ndlúthchomhar le heagraíochtaí altrúchais sonraí agus le geallsealbhóirí ábhartha.

Airteagal 31

Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

1.   Déanfaidh an comhlacht earnála poiblí, an duine nádúrtha nó dlítheanach dár deonaíodh an ceart sonraí a athúsáid faoi Chaibidil II, an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí gach beart réasúnta teicniúil, dlíthiúil agus eagraíochtúil, lena n-áirítear socruithe conarthacha, chun aistriú idirnáisiúnta sonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas nó rochtain rialtais orthu a chosc i gcás ina mbeadh an t-aistriú nó an rochtain sin ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, gan dochar do mhír 2 ná 3.

2.   Aon chinneadh nó breithiúnas ó chúirt nó ó bhinse tríú tír agus aon chinneadh ó údarás riaracháin tríú tír lena gceanglaítear ar chomhlacht earnála poiblí, duine nádúrtha nó dlítheanach dár deonaíodh an ceart chun sonraí a athúsáid faoi Chaibidil II, soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí sonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas a aistriú nó rochtain a thabhairt orthu faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ní dhéanfar iad a aithint ná a fhorfheidhmiú ar chaoi ar bith ach amháin má tá siad bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh um chúnamh dlíthiúil frithpháirteach, atá i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an tAontas nó aon chomhaontú den sórt sin idir an tríú tír iarrthach agus Ballstát.

3.   In éagmais comhaontú idirnáisiúnta amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcás inarb é comhlacht earnála poiblí, duine nádúrtha nó dlítheanach dár deonaíodh an ceart sonraí a athúsáid faoi Chaibidil II, soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó eagraíocht aitheanta altrúchais seolaí cinnidh nó breithiúnais ó chúirt nó binse tríú tír nó cinnidh ó údarás riaracháin tríú tír maidir le sonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas a astriú nó rochtain a thabhairt orthu faoi raon feidhme an Rialacháin agus i gcás ina bhfuil an baol ann go mbeadh an seolaí ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha de bharr chomhlíonadh an chinnidh sin, ní dhéanfar na sonraí sin a aistriú chuig an údarás tríú tír sin ná ní bheidh rochtain ag an údarás tríú tír sin orthu ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

ceanglaítear leis an gcóras tríú tír go leagfar amach cúiseanna agus comhréireacht an chinnidh nó an bhreithiúnais sin, agus go gceanglaítear leis gur de chineál sonrach an cinneadh nó an breithiúnas sin, mar shampla trí nasc leordhóthanach a bhunú le daoine áirithe a bhfuil amhras fúthu nó trí sháruithe áirithe;

(b)

tá agóid réasúnaithe an tseolaí faoi réir athbhreithniú ag cúirt inniúil tríú tír nó ag binse inniúil tríú tír; agus

(c)

tugtar de chumhacht don chúirt inniúil tríú tír nó don bhinse inniúil tríú tír a eisíonn an cinneadh nó an breithiúnas nó a dhéanann athbhreithniú ar chinneadh údaráis riaracháin, faoi dhlí an tríú tír sin, aird chuí a thabhairt ar leasanna ábhartha dlí sholáthraí na sonraí a chosnaítear faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha.

4.   Má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 nó 3, déanfaidh an comhlacht earnála poiblí, an duine nádúrtha nó dlítheanach dár deonaíodh an ceart sonraí a athúsáid faoi Chaibidil II, an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí an t-íosmhéid sonraí is ceadmhach mar fhreagra ar iarraidh a sholáthar, bunaithe ar léirmhíniú réasúnta ar an iarraidh.

5.   An comhlacht earnála poiblí, an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach dár deonaíodh an ceart sonraí a athúsáid faoi Chaibidil II, an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí agus an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí, cuirfidh siad an sealbhóir sonraí ar an eolas faoi iarraidh ó údarás riaracháin tríú tír ar rochtain a fháil ar a chuid sonraí sula gcomhlíonfaidh siad an iarraidh sin, seachas i gcás ina bhfónann an iarraidh sin chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus chomh fada is gá sin chun éifeachtacht ghníomhaíocht fhorfheidhmiú an dlí a chaomhnú.

CAIBIDIL VIII

Tarmligean agus nós imeachta coiste


whereas









keyboard_arrow_down