keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 4 Airteagal 27 Ceart chun gearán a dhéanamh
- 1 Airteagal 28 Ceart chun leigheas éifeachtach breithiúnach
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
CAIBIDIL II
Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí
CAIBIDIL III
Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí
CAIBIDIL IV
Altrúchas sonraí
CAIBIDIL V
Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta
CAIBIDIL VI
An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí
CAIBIDIL VII
Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta
CAIBIDIL VIII
Tarmligean agus nós imeachta coiste
CAIBIDIL IX
Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha
- sonraí 15
- agus 9
- inniúil 9
- altrúchais 7
- atá 7
- idirghabhála 7
- eagraíochtaí 6
- haghaidh 6
- clárú 5
- maidir 5
- seirbhisí 5
- ceart 4
- údarás 4
- leis 4
- ábhartha 4
- airteagal 4
- chun 4
- gearán 4
- nádúrtha 4
- dlítheanach 3
- leigheas 3
- leigheasanna 3
- dlí 3
- duine 3
- ndáil 3
- gcás 3
- breithiúnach 3
- t-údarás 3
- bhonn 3
- cinntí 2
- ceangailteach 2
- thaobh 2
- éifeachtach 2
- dtagraítear 2
- arna 2
- údaráis 2
- bhfuil 2
- ndéanamh 2
- húdaráis 2
- airteagail 2
- beidh 2
- aitheanta 2
- seirbhísí 2
- dhéanamh 2
- aonair 2
- inarb 2
- gcoinne 2
- fháil 2
- chórais 1
- bhun 1
Airteagal 27
Ceart chun gearán a dhéanamh
1. Beidh sé de cheart ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha gearán i ndáil le haon ábhar a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a thaisceadh, ar bhonn aonair, i gcás inarb ábhartha, nó ar bhonn comhchoiteann, leis an údarás inniúil ábhartha le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí i gcoinne soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó leis an údarás ábhartha atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i gcoinne eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí.
2. An t-údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a ndearnadh an gearán leis, cuirfidh sé an gearánach ar an eolas faoin méid seo a leanas
(a) | dul chun cinn na n-imeachtaí agus an cinneadh a rinneadh; agus |
(b) | na leigheasanna breithiúnacha dá bhforáiltear in Airteagal 28. |
Airteagal 28
Ceart chun leigheas éifeachtach breithiúnach
1. D’ainneoin aon leigheasanna riaracháin nó aon leigheasanna neamhbhreithiúnacha eile, beidh an ceart chun leighis bhreithiúnaigh éifeachtaigh ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a ndéantar difear dóibh i ndáil le cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí dá dtagraítear in Airteagal 14 arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí i mbainistiú, i rialú agus i bhforfheidhmiú an chórais fógartha le haghaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí agus cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí dá dtagraítear in Airteagail 19 agus 24 agus arna ndéanamh ag na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí agus faireachán a dhéanamh ar eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí.
2. Déanfar imeachtaí de bhun an Airteagail seo a thabhairt os comhair chúirteanna nó bhinsí Bhallstát an údaráis inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí nó an údaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí ina bhfuil an t-údarás a n-iarrtar an leigheas breithiúnach ina choinne, ar bhonn aonair nó, i gcás inarb ábhartha, trí ionadaithe duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó i dteannta a chéile.
3. I gcás ina dteipeann ar údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí nó údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí gníomhú i ndáil le gearán, beidh an ceart ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil nó rochtain a fháil ar athbhreithniú ag comhlacht neamhchlaonta a bhfuil an saineolas iomchuí aige.
CAIBIDIL VI
An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí
whereas