keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
CAIBIDIL II
Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí
CAIBIDIL III
Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí
CAIBIDIL IV
Altrúchas sonraí
CAIBIDIL V
Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta
CAIBIDIL VI
An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí
CAIBIDIL VII
Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta
CAIBIDIL VIII
Tarmligean agus nós imeachta coiste
CAIBIDIL IX
Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha
- agus 19
- sonraí 18
- dlí 16
- rialachán 10
- náisiúnta 10
- maidir 9
- aontais 8
- leis 8
- deimhniú 7
- faoi 6
- chlárú 5
- pearsanta 5
- chun 5
- poiblí 5
- earnála 5
- imeachta 4
- earnáilsonrach 4
- dochar 4
- ghnó 4
- nósanna 4
- lena 4
- altrúchais 3
- sóisialta 3
- moite 3
- slándála 3
- bhfuarthas 3
- dearbhú 3
- ae / 3
- dhlí 3
- beidh 3
- gnó 3
- ábhartha 3
- fógra 3
- bhaineann 3
- chlárúcháin 3
- chuid 3
- scéimeanna 3
- gcás 3
- cosaint 3
- seirbhísí 3
- athúsáid 3
- creat 3
- comhlachtaí 3
- thabhairt 3
- áirithe 3
- idirghabhála 3
- airteagal 2
- háirithe 2
- éigeantacha 2
- gníomhaíocht 2
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leis an Rialachán seo, leagtar síos an méid seo a leanas:
(a) | coinníollacha maidir le catagóirí áirithe sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí a athúsáid laistigh den Aontas; |
(b) | creat um fhógra a thabhairt agus um mhaoirseacht a dhéanamh chun seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar; |
(c) | creat le haghaidh chlárú deonach na n-eintiteas a bhailíonn agus a phróiseálann sonraí a chuirtear ar fáil chun críoch altrúchais; agus |
(d) | creat chun Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí a bhunú. |
2. Leis an Rialachán seo, ní chruthaítear aon oibleagáid ar chomhlachtaí earnála poiblí athúsáid sonraí a cheadú, ná ní scaoiltear comhlachtaí earnála poiblí óna n-oibleagáidí rúndachta faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
Ní dochar an Rialachán seo don mhéid seo a leanas:
(a) | forálacha sonracha i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta maidir leis an rochtain ar chatagóirí áirithe sonraí nó maidir le hathúsáid catagóirí áirithe sonraí, go háirithe maidir le rochtain a dheonú ar dhoiciméid oifigiúla agus maidir lena nochtadh; agus |
(b) | oibleagáidí comhlachtaí earnála poiblí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta athúsáid sonraí a cheadú nó do cheanglais a bhaineann le próiseáil sonraí neamhphearsanta. |
I gcás ina gceanglaítear le dlí earnáilsonrach de chuid an Aontais nó le dlí náisiúnta earnáilsonrach ar chomhlachtaí earnála poiblí, soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí nó eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí ceanglais shonracha bhreise theicniúla, riaracháin nó eagraíochtúla a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí chóras údaraithe nó deimhniúcháin, beidh feidhm ag na forálacha sin den dlí earnáilsonrach sin de chuid an Aontais nó den dlí náisiúnta earnáilsonrach sin. Aon cheanglais shonracha bhreise den sórt sin, beidh siad neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus beidh údar oibiachtúil leo.
3. Beidh feidhm ag dlí an Aontais agus ag an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta i leith aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i dtaca leis an Rialachán seo. Go háirithe, ní dochar an Rialachán seo do Rialacháin (AE) 2016/679 ná (AE) 2018/1725 ná do Threoracha 2002/58/CE ná (AE) 2016/680, lena n-áirítear maidir le cumhachtaí agus inniúlachtaí na n-údarás maoirseachta. I gcás ina mbeidh coimhlint ann idir an Rialachán seo agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta nó an dlí náisiúnta arna ghlacadh i gcomhréir le dlí den sórt sin de chuid an Aontais, is ag dlí ábhartha an Aontais nó ag dlí ábhartha náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta a bheidh an forlámhas. Leis an Rialachán seo, ní chruthaítear bunús dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil, ná ní dhéanann sé difear d’aon cheann de na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2016/679 nó (AE) 2018/1725 nó i dTreoracha 2002/58/CE nó (AE) 2016/680.
4. Ní dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta.
5. Ní dochar an Rialachán seo d’inniúlachtaí na mBallstát i ndáil lena ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, leis an gcosaint agus leis an tslándáil náisiúnta.
Airteagal 36
Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1724
Sa tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála “Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh”:
Imeachtaí saoil | Nósanna imeachta | Aschur ionchasach faoi réir measúnú ar an iarratas ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás inarb ábhartha |
Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh | Fógra faoi ghníomhaíocht ghnó, cead ar ghníomhaíochta gnó a fheidhmiú, athruithe ar ghníomhaíocht ghnó agus foirceannadh gníomhaíocht ghnó nach mbaineann le nósanna imeachta dócmhainneachta nó leachtaithe, cé is moite den chéad uair a chláraítear gníomhaíocht ghnó leis an gclár gnó agus, cé is moite de na nósanna imeachta a bhaineann le bunú cuideachtaí nó gnólachtaí nó aon chomhdú ina dhiaidh sin ag cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 54 CFAE. | deimhniú ar fháil an fhógra nó an athraithe, nó na hiarrata ar chead gníomhaíochta gnó |
| Fostóir (duine nádúrtha) a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais | deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh |
Fostaithe a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais | deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh | |
Dearbhú cánach corparáide a thíolacadh | deimhniú go bhfuarthas an dearbhú | |
Fógra a thabhairt do na scéimeanna slándála sóisialta faoi dheireadh conartha le fostaí, cé is moite de nósanna imeachta chun conarthaí fostaithe a fhoirceannadh go comhchoiteann | deimhniú go bhfuarthas an dearbhú | |
Ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe a íoc | Admháil nó foirm eile deimhnithe gur íocadh ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe | |
Fógra a thabhairt faoi sholáthraí seirbhísí idirghabhála sonraí | deimhniú go bhfuarthas an t-iarratas | |
Clárú mar eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas | deimhniú an chlárúcháin |
whereas