search


keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/0868 GA cercato: 'd’athúsáid' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index d’athúsáid:

    CAIBIDIL I
    Forálacha ginearálta

    CAIBIDIL II
    Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí
  • 3 Airteagal 5 Coinníollacha maidir le hathúsáid
  • 3 Airteagal 6 Táillí
  • 1 Airteagal 7 Comhlachtaí inniúla

  • CAIBIDIL III
    Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí

    CAIBIDIL IV
    Altrúchas sonraí

    CAIBIDIL V
    Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta

    CAIBIDIL VI
    An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí

    CAIBIDIL VII
    Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

    CAIBIDIL VIII
    Tarmligean agus nós imeachta coiste

    CAIBIDIL IX
    Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha


whereas d’athúsáid:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 558

 

Airteagal 5

Coinníollacha maidir le hathúsáid

1.   Comhlachtaí earnála poiblí atá inniúil faoin dlí náisiúnta chun rochtain a dheonú nó a dhiúltú chun ceann amháin nó níos mó de na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a athúsáid, cuirfidh siad ar fáil go poiblí na coinníollacha maidir le hathúsáid den sórt sin a cheadú agus an nós imeachta chun an athúsáid a iarraidh tríd an bpointe faisnéise aonair dá dtagraítear in Airteagal 8. I gcás ina ndéanfaidh siad rochtain chun críoch athúsáide a dheonú nó a dhiúltú, féadfaidh na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1) cúnamh a thabhairt dóibh.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní is gá ag comhlachtaí earnála poiblí chun an tAirteagal seo a chomhlíonadh.

2.   Beidh na coinníollacha maidir le hathúsáid neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach, comhréireach agus beidh údar oibiachtúil leo maidir leis na catagóirí sonraí agus cuspóirí na hathúsáide agus cineál na sonraí a gceadaítear athúsáid ina leith. Ní bhainfear úsáid as na coinníollacha sin chun srian a chur leis an iomaíocht.

3.   Áiritheoidh comhlachtaí earnála poiblí, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, go gcaomhnófar cineál cosanta na sonraí. Féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir leis na ceanglais seo a leanas:

(a)

gan rochtain a thabhairt chun sonraí a athúsáid ach amháin i gcás ina bhfuil sé áirithithe ag an gcomhlacht earnála poiblí nó ag an gcomhlacht inniúil, tar éis iarraidh ar athúsáid:

(i)

go ndearnadh sonraí a anaithnidiú, i gcás sonraí pearsanta; agus

(ii)

go ndearnadh na sonraí sin a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh i gcás faisnéis tráchtála rúnda, lena n-áirítear rúin trádála nó inneachar atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla;

(b)

rochtain a fháil ar na sonraí agus iad a athúsáid go cianda laistigh de thimpeallacht shlán phróiseála atá á soláthar nó á rialú ag an gcomhlacht earnála poiblí;

(c)

rochtain a fháil ar na sonraí agus iad a athúsáid laistigh den áitreabh fisiciúil ina bhfuil an timpeallacht shlán phróiseála suite i gcomhréir le hardchaighdeáin slándála, ar choinníoll nach féidir cianrochtain a cheadú gan cearta agus leasanna tríú páirtithe a chur i mbaol.

4.   I gcás inar ceadaíodh athúsáid i gcomhréir le mír 3, pointí (b) agus (c), forchuirfidh na comhlachtaí earnála poiblí coinníollacha a chaomhnóidh sláine fheidhmiú na gcóras teicniúil arna n-úsáid sa timpeallacht shlán phróiseála. Forchoimeádfaidh an comhlacht earnála poiblí an ceart an próiseas, na modhanna agus aon torthaí ó phróiseáil sonraí a rinne an t-athúsáideoir a fhíorú chun sláine chosaint na sonraí a chaomhnú, agus forchoimeádfaidh sé an ceart cosc a chur ar úsáid torthaí ina bhfuil faisnéis lena gcuirtear cearta agus leasanna tríú páirtithe i mbaol. Beidh an cinneadh úsáid na dtorthaí a thoirmeasc intuigthe agus trédhearcach don athúsáideoir.

5.   Ach amháin sa chás go ndéantar foráil leis an dlí náisiúnta do choimircí sonracha maidir le hoibleagáidí rúndachta is infheidhme i ndáil le hathúsáid na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), déanfaidh an comhlacht earnála poiblí an athúsáid a bhaintear as na sonraí a sholáthraítear i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo coinníollach ar chloí an athúsáideora le hoibleagáid rúndachta lena dtoirmeasctar nochtadh aon fhaisnéise a chuirfeadh cearta agus leasanna tríú páirtithe i mbaol a d’fhéadfadh a bheith faighte ag an athúsáideoir d’ainneoin na gcoimircí a cuireadh i bhfeidhm. Toirmeascfar ar ath-úsáideoirí aon ábhar sonraí lena mbaineann na sonraí a ath-shainaithint agus déanfaidh siad bearta teicniúla agus oibríochtúla chun ath-shainaithint a chosc agus chun fógra a thabhairt don chomhlacht earnála poiblí faoi aon sárú i ndáil le sonraí ar dá dheasca a bhféadfaí na hábhair sonraí lena mbaineann a ath-shainaithint. I gcás athúsáid neamhúdaraithe sonraí neamhphearsanta, déanfaidh an t-athúsáideoir, gan mhoill, le cúnamh ón gcomhlacht earnála poiblí i gcás inarb iomchuí, na daoine dlítheanacha a bhféadfaí difear a dhéanamh dá gcearta agus dá leasanna a chur ar an eolas.

6.   I gcás nach féidir athúsáid na sonraí a cheadú i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo agus nach bhfuil aon bhunús dlí ann chun na sonraí a tharchur faoi Rialachán (AE) 2016/679, déanfaidh an comhlacht earnála poiblí a sheacht ndícheall, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, cúnamh a thabhairt d’athúsáideoirí ionchasacha toiliú den sórt sin a lorg ó ábhair sonraí nó cead a lorg ó shealbhóirí sonraí a bhféadfadh an athúsáid sin difear a dhéanamh dá gcearta agus dá leasanna, i gcás inarb indéanta sin gan ualach díréireach a chur ar an gcomhlacht earnála poiblí. I gcás ina dtugann sé cúnamh den sórt sin, féadfaidh an comhlacht earnála poiblí cúnamh a fháil ó na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1).

7.   Ní cheadófar athúsáid sonraí ach amháin i gcomhréir le cearta maoine intleachtúla. An ceart atá ag déantóir bunachair sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, ní fheidhmeoidh comhlachtaí earnála poiblí é chun cosc a chur ar athúsáid sonraí nó srian a chur ar athúsáid sonraí thar na teorainneacha a leagtar síos leis an Rialachán seo.

8.   I gcás ina meastar go bhfuil na sonraí a iarradh rúnda, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta faoi rúndacht tráchtála nó staidrimh, áiritheoidh na comhlachtaí earnála poiblí nach nochtfar na sonraí rúnda de dheasca an athúsáid den sórt sin a cheadú, mura gceadaítear athúsáid den sórt sin i gcomhréir le mír 6.

9.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag athúsáideoir sonraí neamhphearsanta atá cosanta ar na forais a leagtar amach in Airteagal 3(1) a aistriú chuig tríú tír, cuirfidh sé an comhlacht earnála poiblí ar an eolas faoina bhfuil beartaithe aige na sonraí sin a aistriú agus faoin gcuspóir a bhaineann leis an aistriú sin tráth a iarrtar athúsáid sonraí den sórt sin. I gcás athúsáid i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo, déanfaidh an t-athúsáideoir, i gcás inarb iomchuí le cúnamh ón gcomhlacht earnála poiblí, an duine dlítheanach a bhféadfaí difear a dhéanamh dá chearta agus dá leasanna a chur ar an eolas faoina bhfuil beartaithe, faoin gcuspóir agus faoi na coimircí iomchuí. Ní cheadóidh an comhlacht earnála poiblí an athúsáid mura dtabharfaidh an duine dlítheanach cead an t-aistriú a dhéanamh.

10.   Ní tharchuirfidh comhlachtaí earnála poiblí sonraí rúnda neamhphearsanta nó sonraí arna gcosaint le cearta maoine intleachtúla chuig athúsáideoir a bhfuil sé ar intinn aige na sonraí sin a aistriú go tríú tír seachas tír arna hainmniú i gcomhréir le mír 12 ach amháin sa chás go dtugann an t-athúsáideoir gealltanas conarthach go ndéanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir le mír 7 agus 8 a chomhlíonadh, fiú tar éis na sonraí a aistriú chuig an tríú tír; agus

(b)

glacadh le dlínse chúirteanna nó bhinsí an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht earnála poiblí tarchuir maidir le haon díospóid a bhaineann le comhlíonadh míreanna 7 agus 8.

11.   Déanfaidh comhlachtaí earnála poiblí, i gcás inarb ábhartha agus de réir mhéid a gcumas, treoir agus cúnamh a chur ar fáil d’athúsáideoirí agus iad ag comhlíonadh na n-oibleagáidí dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo.

Chun cúnamh a thabhairt do chomhlachtaí earnála poiblí agus d’athúsáideoirí, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear samhail de chlásail chonarthacha chun na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo a chomhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

12.   I gcás ina bhfuil údar leis mar gheall ar an líon suntasach iarrataí ar fud an Aontais a bhaineann le hathúsáid sonraí neamhphearsanta i dtríú tíortha sonracha, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndearbhaítear gur fíor an méid seo a leanas maidir le socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidhmithe tríú tír:

(a)

áirithítear cosaint maoine intleachtúla agus rúin trádála ar bhealach atá coibhéiseach go bunúsach leis an gcosaint a áirithítear faoi dhlí an Aontais;

(b)

tá siad á gcur i bhfeidhm agus á bhforfheidhmiú go héifeachtach; agus

(c)

tugtar leigheas breithiúnach éifeachtach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

13.   Féadfar a mheas le gníomhartha reachtaíochta sonracha de chuid an Aontais catagóirí áirithe sonraí neamhphearsanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí a bheith an-íogair chun críocha an Airteagail seo, i gcás ina bhféadfadh a n-aistriú go tríú tíortha cuspóirí beartais phoiblí an Aontais, amhail an tsábháilteacht agus an tsláinte phoiblí, a chur i mbaol, nó go bhféadfadh sé go mbeadh an riosca ann go n-ath-shainaithneofaí sonraí neamhphearsanta, anaithnidithe. I gcás ina nglactar ionstraim den sórt sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 32 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí choinníollacha speisialta a leagan síos is infheidhme maidir le sonraí den sórt sin a aistriú chuig tríú tíortha.

Beidh na coinníollacha speisialta sin bunaithe ar chineál na gcatagóirí sonraí neamhphearsanta arna sainaithint i ngníomh reachtach shonrach de chuid an Aontais agus ar na forais go measann siad go bhfuil na catagóirí sin an-íogair, agus cuirfear san áireamh na rioscaí a bhaineann le sonraí neamhphearsanta, anaithnidithe a ath-shainaithint. Beidh siad neamh-idirdhealaitheach agus teoranta don mhéid is gá chun cuspóirí beartais phoiblí an Aontais arna sainaithint sa ghníomh sin a bhaint amach, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.

Má cheanglaítear amhlaidh le gníomhartha reachtacha sonracha de chuid an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfar a áireamh sna coinníollacha speisialta sin téarmaí is infheidhme maidir le haistriú nó socruithe teicniúla i ndáil leis sin, teorainneacha maidir le sonraí a athúsáid i dtríú tíortha nó i gcatagóirí daoine atá i dteideal na sonraí sin a aistriú chuig tríú tíortha nó, i gcásanna eisceachtúla, srianta maidir le haistrithe chuig tríú tíortha.

14.   Ní fhéadfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach dár deonaíodh an ceart sonraí neamhphearsanta a athúsáid na sonraí a aistriú ach chuig na tríú tíortha sin ar ina leith a bhfuil na ceanglais i míreanna 10, 12 agus 13 á gcomhlíonadh.

Airteagal 6

Táillí

1.   Féadfaidh comhlachtaí earnála poiblí a cheadaíonn athúsáid na gcatagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) táillí a ghearradh as athúsáid sonraí den sórt sin a cheadú.

2.   Beidh aon táillí a ghearrtar de bhun mhír 1 trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, comhréireach agus beidh údar oibiachtúil leo agus ní chuirfidh siad srian le hiomaíocht.

3.   Áiritheoidh comhlachtaí earnála poiblí gur féidir aon táille a íoc ar líne chomh maith trí sheirbhísí íocaíochta trasteorann a bheidh ar fáil go forleathan, gan idirdhealú bunaithe ar áit bhunaíochta an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta trasteorann, ar áit eisiúna na hionstraime íocaíochta nó ar shuíomh an chuntais íocaíochta laistigh den Aontas.

4.   I gcás ina ngearrann comhlachtaí earnála poiblí táillí, déanfaidh siad bearta chun dreasachtaí a chur ar fáil d’athúsáid na gcatagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) chun críoch neamhthráchtála, amhail chun críoch taighde eolaíochta, agus d’athúsáid na gcatagóirí sonraí sin ag micrifhiontair, ag FBManna agus ag gnólachtaí nuathionscanta i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an Státchabhair. I dtaca leis sin, féadfaidh comhlachtaí earnála poiblí na sonraí a chur ar fáil freisin ar tháille lascainithe nó saor in aisce, go háirithe do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, don tsochaí shibhialta agus do bhunaíochtaí. Chuige sin, féadfaidh comhlachtaí earnála poiblí liosta a bhunú de chatagóirí athúsáideoirí dá gcuirtear sonraí ar fáil lena n-athúsáid ar tháille lascainithe nó saor in aisce. Poibleofar an liosta sin, mar aon leis na critéir a úsáidfear chun é a bhunú.

5.   Déanfar aon táillí a dhíorthú ó na costais a bhaineann leis an nós imeachta le haghaidh iarrataí ar athúsáid na gcatagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a sheoladh agus beidh siad teoranta do na costais is gá a thabhaítear i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

atáirgeadh, soláthar agus scaipeadh sonraí;

(b)

imréiteach ceart;

(c)

anaithnidiú sonraí pearsanta agus sonraí rúnda tráchtála, nó foirmeacha eile chun iad a ullmhú, dá bhforáiltear in Airteagal 5(3);

(d)

an timpeallacht shlán phróiseála a chothabháil;

(e)

an ceart a fháil athúsáid a cheadú i gcomhréir leis an gCaibidil seo ag tríú páirtithe lasmuigh den earnáil phoiblí; agus

(f)

cúnamh a thabhairt d’athúsáideoirí agus toiliú na n-ábhar sonraí agus cead na sealbhóirí sonraí á lorg acu a bhféadfadh athúsáid den sórt sin difear a dhéanamh dá gcearta agus dá leasanna.

6.   Na critéir agus an mhodheolaíocht chun táillí a ríomh, leagfaidh na Ballstáit síos iad agus foilseofar iad. Foilseoidh an comhlacht earnála poiblí tuairisc ar na príomhchatagóirí costas agus ar na rialacha a úsáidtear chun na costais a leithdháileadh.

Airteagal 7

Comhlachtaí inniúla

1.   Chun na cúraimí dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh, ainmneoidh gach Ballstát comhlacht inniúil amháin nó níos mó, a fhéadfaidh a bheith ina chomhlacht inniúil d’earnálacha ar leith, chun cúnamh a thabhairt do na comhlachtaí earnála poiblí a dheonaíonn nó a dhiúltaíonn rochtain chun na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a athúsáid. Féadfaidh na Ballstáit comhlacht inniúil nua amháin nó níos mó a bhunú nó brath ar chomhlachtaí earnála poiblí atá ann cheana nó ar sheirbhísí inmheánacha comhlachtaí earnála poiblí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.   Féadfar cumhacht a thabhairt do na comhlachtaí inniúla rochtain a dheonú chun na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a athúsáid de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta lena bhforáiltear an rochtain sin a dheonú. I gcás ina ndéanfaidh siad rochtain chun críoch athúsáide a dheonú nó a dhiúltú, beidh feidhm ag Airteagail 4, 5, 6 agus 9 maidir leis na comhlachtaí inniúla sin.

3.   Beidh acmhainní dlíthiúla, airgeadais agus teicniúla leormhaithe agus acmhainní daonna leormhaithe ag na comhlachtaí inniúla chun na cúraimí a shanntar orthu a chomhlíonadh, lena n-áirítear an t-eolas teicniúil riachtanach ionas go mbeidh siad in ann dlí ábhartha an Aontais nó an dlí náisiúnta ábhartha a bhaineann leis na córais rochtana le haghaidh na gcatagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chomhlíonadh.

4.   Áireofar an méid seo a leanas sa chúnamh dá bhforáiltear i mír 1, i gcás inar gá:

(a)

tacaíocht theicniúil a sholáthar trí thimpeallacht shlán phróiseála a chur ar fáil chun rochtain a sholáthar chun sonraí a athúsáid;

(b)

treoir agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil faoin mbealach is fearr chun sonraí a struchtúrú agus a stóráil chun rochtain éasca ar na sonraí sin a sholáthar;

(c)

tacaíocht theicniúil a thabhairt do bhréagainmniú agus a áirithiú go ndéantar sonraí a phróiseáil ar bhealach lena gcaomhnaítear go héifeachtúil príobháideachas, rúndacht, sláine agus inrochtaineacht na faisnéise atá sna sonraí a bhfuil athúsáid ceadaithe ina leith, lena n-áirítear teicnící chun sonraí pearsanta a anaithnidiú, a ghinearálú, a cheilt agus a dhéanamh randamach nó modhanna úrscothacha eile um chaomhnú príobháideachais, agus scriosadh faisnéise rúnda tráchtála, lena n-áirítear rúin cheirde nó inneachar atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla;

(d)

cúnamh a thabhairt do chomhlachtaí earnála poiblí, i gcás inarb ábhartha, tacaíocht a chur ar fáil d’athúsáideoirí chun toiliú a iarraidh le haghaidh athúsáid ó na hábhair sonraí nó cead a lorg ó shealbhóirí sonraí i gcomhréir lena gcinntí sonracha, lena n-áirítear maidir leis an dlínse ina bhfuil sé beartaithe na sonraí a phróiseáil agus cúnamh a thabhairt do na comhlachtaí earnála poiblí sásraí teicniúla a bhunú a cheadóidh iarrataí ar thoiliú nó cead ó athúsáideoirí a tharchur, i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go praiticiúil;

(e)

cúnamh a thabhairt do comhlachtaí earnála poiblí maidir le measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht na ngealltanas conarthach arna ndéanamh ag athúsáideoir de bhun Airteagal 5(10).

5.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi chéannacht na gcomhlachtaí inniúla arna n-ainmniú de bhun mhír 1 faoin 24 Meán Fómhair 2023. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún freisin faoi aon mhodhnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar chéannacht na gcomhlachtaí inniúla sin.


whereas









keyboard_arrow_down