search


keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/0868 GA cercato: 'choimisiún' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index choimisiún:

    CAIBIDIL I
    Forálacha ginearálta

    CAIBIDIL II
    Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí

    CAIBIDIL III
    Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí

    CAIBIDIL IV
    Altrúchas sonraí

    CAIBIDIL V
    Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta

    CAIBIDIL VI
    An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí

    CAIBIDIL VII
    Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

    CAIBIDIL VIII
    Tarmligean agus nós imeachta coiste

    CAIBIDIL IX
    Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha


whereas choimisiún:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 930

 

Airteagal 7

Comhlachtaí inniúla

1.   Chun na cúraimí dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh, ainmneoidh gach Ballstát comhlacht inniúil amháin nó níos mó, a fhéadfaidh a bheith ina chomhlacht inniúil d’earnálacha ar leith, chun cúnamh a thabhairt do na comhlachtaí earnála poiblí a dheonaíonn nó a dhiúltaíonn rochtain chun na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a athúsáid. Féadfaidh na Ballstáit comhlacht inniúil nua amháin nó níos mó a bhunú nó brath ar chomhlachtaí earnála poiblí atá ann cheana nó ar sheirbhísí inmheánacha comhlachtaí earnála poiblí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.   Féadfar cumhacht a thabhairt do na comhlachtaí inniúla rochtain a dheonú chun na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a athúsáid de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta lena bhforáiltear an rochtain sin a dheonú. I gcás ina ndéanfaidh siad rochtain chun críoch athúsáide a dheonú nó a dhiúltú, beidh feidhm ag Airteagail 4, 5, 6 agus 9 maidir leis na comhlachtaí inniúla sin.

3.   Beidh acmhainní dlíthiúla, airgeadais agus teicniúla leormhaithe agus acmhainní daonna leormhaithe ag na comhlachtaí inniúla chun na cúraimí a shanntar orthu a chomhlíonadh, lena n-áirítear an t-eolas teicniúil riachtanach ionas go mbeidh siad in ann dlí ábhartha an Aontais nó an dlí náisiúnta ábhartha a bhaineann leis na córais rochtana le haghaidh na gcatagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chomhlíonadh.

4.   Áireofar an méid seo a leanas sa chúnamh dá bhforáiltear i mír 1, i gcás inar gá:

(a)

tacaíocht theicniúil a sholáthar trí thimpeallacht shlán phróiseála a chur ar fáil chun rochtain a sholáthar chun sonraí a athúsáid;

(b)

treoir agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil faoin mbealach is fearr chun sonraí a struchtúrú agus a stóráil chun rochtain éasca ar na sonraí sin a sholáthar;

(c)

tacaíocht theicniúil a thabhairt do bhréagainmniú agus a áirithiú go ndéantar sonraí a phróiseáil ar bhealach lena gcaomhnaítear go héifeachtúil príobháideachas, rúndacht, sláine agus inrochtaineacht na faisnéise atá sna sonraí a bhfuil athúsáid ceadaithe ina leith, lena n-áirítear teicnící chun sonraí pearsanta a anaithnidiú, a ghinearálú, a cheilt agus a dhéanamh randamach nó modhanna úrscothacha eile um chaomhnú príobháideachais, agus scriosadh faisnéise rúnda tráchtála, lena n-áirítear rúin cheirde nó inneachar atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla;

(d)

cúnamh a thabhairt do chomhlachtaí earnála poiblí, i gcás inarb ábhartha, tacaíocht a chur ar fáil d’athúsáideoirí chun toiliú a iarraidh le haghaidh athúsáid ó na hábhair sonraí nó cead a lorg ó shealbhóirí sonraí i gcomhréir lena gcinntí sonracha, lena n-áirítear maidir leis an dlínse ina bhfuil sé beartaithe na sonraí a phróiseáil agus cúnamh a thabhairt do na comhlachtaí earnála poiblí sásraí teicniúla a bhunú a cheadóidh iarrataí ar thoiliú nó cead ó athúsáideoirí a tharchur, i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go praiticiúil;

(e)

cúnamh a thabhairt do comhlachtaí earnála poiblí maidir le measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht na ngealltanas conarthach arna ndéanamh ag athúsáideoir de bhun Airteagal 5(10).

5.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don choimisiún faoi chéannacht na gcomhlachtaí inniúla arna n-ainmniú de bhun mhír 1 faoin 24 Meán Fómhair 2023. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don choimisiún freisin faoi aon mhodhnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar chéannacht na gcomhlachtaí inniúla sin.

Airteagal 11

Fógra ó sholáthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí

1.   Aon soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a bhfuil sé ar intinn aige na seirbhísí idirgabhála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10 a sholáthar, cuirfidh sé fógra faoi bhráid an údaráis inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, measfar soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a bhfuil bunaíochtaí aige i níos mó ná Ballstát amháin a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit sin ina bhfuil a phríomhbhunaíocht, gan dochar do dhlí an Aontais lena rialaítear caingne trasteorann maidir le damáistí agus imeachtaí gaolmhara.

3.   Déanfaidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nach bhfuil bunaithe san Aontas ach a thairgeann na seirbhísí idirghabhála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10 laistigh den Aontas, ionadaí dlíthiúil a ainmniú i gceann de na Ballstáit ina dtairgtear na seirbhísí sin.

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, gheobhaidh an t-ionadaí dlíthiúil sainordú ón soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí ionas go rachaidh údaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí nó ábhair sonraí agus sealbhóirí sonraí i dteagmháil leis mar aon leis an soláthraí nó in ionad an tsoláthraí, maidir leis na saincheisteanna uile a bhaineann leis na seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthraítear. Comhoibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil leis na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí agus léireoidh sé dóibh go cuimsitheach, arna iarraidh sin dóibh, na gníomhaíochtaí a rinneadh agus na forálacha a chuir an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí i bhfeidhm chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

Measfar an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Ní dochar ainmniú ionadaí dhlíthiúil ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí d’aon chaingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí.

4.   Tar éis fógra a chur isteach, i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí tús a chur leis an ngníomhaíocht faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo.

5.   Fágfaidh an fógra sin dá dtagraítear i mír 1 go mbeidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí i dteideal seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar sna Ballstáit uile.

6.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ainm an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí;

(b)

stádas dlíthiúil, foirm dhlíthiúil, struchtúr úinéireachta agus fochuideachtaí ábhartha an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí agus, i gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí cláraithe ar chlár trádála nó ar chlár poiblí náisiúnta comhchosúil eile, uimhir chláraithe an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí;

(c)

seoladh phríomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí san Aontas, más ann dó, agus, i gcás inarb infheidhme, seoladh aon bhrainse thánaistigh i mBallstát eile nó seoladh an ionadaí dhlíthiúil;

(d)

suíomh gréasáin poiblí ar a bhféadfar teacht ar fhaisnéis atá iomlán agus cothrom le dáta faoin soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí agus faoi na gníomhaíochtaí, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (f);

(e)

teagmhálaithe agus sonraí teagmhála an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálaí sonraí;

(f)

tuairisc ar an tseirbhís idirghabhála sonraí atá beartaithe ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar, agus léiriú ar na catagóirí a liostaítear in Airteagal 10 faoina dtagann na seirbhísí idirghabhála sonraí sin;

(g)

an dáta a mheastar go gcuirfear tús leis an ngníomhaíocht, murab ionann é agus dáta an fhógra.

7.   Áiritheoidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí go bhfuil an nós imeachta um fhógra a thabhairt neamh-idirdhealaitheach agus nach saobhann sé an iomaíocht.

8.   Arna iarraidh sin don soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí, déanfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, laistigh de sheachtain amháin den fhógra a bheidh comhlánaithe go hiomlán agus go tráthúil, dearbhú caighdeánaithe a eisiúint ina ndeimhneofar go bhfuil an fógra dá dtagraítear i mír 1 tíolactha ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí agus go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6 san fhógra sin.

9.   Arna iarraidh sin ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí, deimhneoidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, go bhfuil an tAirteagal seo agus Airteagal 12 á gcomhlíonadh ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí. Ar dheimhniú den sórt sin a fháil, féadfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí sin an lipéad “soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a aithnítear san Aontas” a úsáid ina chumarsáid i scríbhinn agus ó bhéal, chomh maith le lógó coiteann.

Chun a áirithiú go bhfuil soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí a aithnítear san Aontas in-sainaitheanta go héasca ar fud an Aontais, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, dearadh don lógó coiteann. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí a aithnítear san Aontas an lógó coiteann a thaispeáint go soiléir ar gach foilseachán ar líne agus as líne a bhaineann lena ngníomhaíochtaí idirghabhála sonraí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

10.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí fógra don choimisiún faoi gach fógra nua trí mheán leictreonach gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún clár poiblí a choinneáil agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta de na soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí uile a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí san Aontas. Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6, pointí (a), (b), (c), (d), (f) agus (g) sa chlár poiblí.

11.   Féadfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí táillí a ghearradh as an bhfógra i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Beidh na táillí sin comhréireach agus oibiachtúil agus beidh siad bunaithe ar na costais riaracháin a bhaineann le faireachán ar chomhlíonadh agus ar ghníomhaíochtaí eile rialaithe margaidh de chuid an údaráis inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí i ndáil le fógra a thabhairt faoi soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí. I gcás FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, féadfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí táille lascainithe a ghearradh nó an táille a tharscaoileadh.

12.   Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí fógra don údaráis inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis arna soláthar de bhun mhír 6 laistigh de 14 lá ó dháta an athraithe.

13.   I gcás ina scoirfidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí dá chuid gníomhaíochtaí, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil ábhartha le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí arna chinneadh de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 laistigh de 15 lá.

14.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí fógra don choimisiún faoi gach fógra dá dtagraítear i míreanna 12 agus 13 trí mheán leictreonach gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún clár poiblí na soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí san Aontas a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.

Airteagal 13

Údaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun na cúraimí a bhaineann leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a chur i gcrích agus tabharfaidh sé fógra don choimisiún faoi chéannacht na n-údarás inniúil sin faoin 24 Meán Fómhair 2023. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don choimisiún freisin faoi aon mhodhnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar chéannacht na n-údarás inniúil sin.

2.   Comhlíonfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 26.

3.   Ní dochar cumhachtaí na n-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí do chumhachtaí na n-údarás cosanta sonraí, na n-údarás iomaíochta náisiúnta, na n-údarás atá i gceannas ar chibearshlándáil agus na n-údarás earnála ábhartha eile. I gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, bunóidh na húdaráis sin comhar láidir agus malartóidh siad an fhaisnéis de réir mar is gá chun a gcúraimí a fheidhmiú maidir lesoláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí, agus beidh sé mar aidhm acu comhsheasmhacht a bhaint amach sna cinntí arna ndéanamh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm..

Airteagal 14

Faireachán ar chomhlíonadh

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh cheanglais na Caibidle seo ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí. Féadfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar an méid a chomhlíonann soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí, ar bhonn iarraidh ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach.

2.   Beidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí an fhaisnéis ar fad is gá chun comhlíonadh cheanglais na Caibidle seo a iarraidh ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí nó a n-ionadaithe dlíthiúla. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an chúraim agus beidh sé réasúnaithe.

3.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí nach gcomhlíonann soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí ceann amháin nó níos mó de cheanglais na Caibidle seo, cuirfidh sé na torthaí sin in iúl don soláthraí le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí sin agus tabharfaidh sé deis dó a thuairimí a chur in iúl, laistigh de 30 lá ón bhfógra a fháil.

4.   Beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí a éileamh go scoirfear den sárú dá dtagraítear i mír 3 laistigh de theorainn ama réasúnta nó láithreach i gcás sárú tromchúiseach agus déanfaidh an t-údarás ábhartha sin bearta iomchuí agus comhréireacha a mbeidh sé mar aidhm leo comhlíonadh a áirithiú. Chuige sin, beidh an chumhacht ag an údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, i gcás inarb iomchuí, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

pionóis airgeadais athchomhairleacha a fhorchur, trí nósanna imeachta riaracháin, a bhféadfaidh pionóis thréimhsiúla agus pionóis a bhfuil tionchar chúlghabhálach acu a bheith ar áireamh iontu, nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i leith fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud;

(b)

a cheangal go ndéanfar tosú sholáthar na seirbhíse idirghabhála sonraí a chur siar nó go ndéanfar an soláthar sin a chur ar fionraí go dtí go ndéanfar aon athruithe ar na coinníollacha arna n-iarraidh ag an údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí; nó

(c)

a cheangal go scoirfí den tseirbhís idirghabhála sonraí a sholáthar, i gcás nár leigheasadh sáruithe tromchúiseacha nó sáruithe a tharlaíonn arís agus arís eile d’ainneoin an réamhfhógra i gcomhréir le mír 3.

Iarrfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí ar an gCoimisiún an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a bhaint de chlár na soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí, a luaithe a ordóidh sé go scoirfí den tseirbhís idirghabhála sonraí i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe (c).

Má leigheasann soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí sáruithe, tabharfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí sin fógra an athuair don údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí. Tabharfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí fógra don choimisiún faoi gach athfhógra nua.

5.   I gcás nach n-ainmneoidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nach bhfuil bunaithe san Aontas ionadaí dlíthiúil nó i gcás ina dteipfidh ar an ionadaí dlíthiúil an fhaisnéis is gá a léiríonn go cuimsitheach comhlíonadh an Rialacháin seo a sholáthar, arna iarraidh sin don údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí tosú sholáthar na seirbhíse idirghabhála sonraí a chur siar nó an soláthar sin a chur ar fionraí go dtí go mbeidh an t-ionadaí dlíthiúil ainmnithe nó go dtí go soláthrófar an fhaisnéis is gá.

6.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí fógra gan mhoill don soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí lena mbaineann faoi na bearta arna bhforchur de bhun mhíreanna 4 agus 5 agus na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe, chomh maith leis na céimeanna is gá a dhéanamh chun na heasnaimh ábhartha a cheartú, agus sonróidh siad tréimhse réasúnta, nach faide ná 30 lá, don soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí chun na bearta sin a chomhlíonadh.

7.   Más rud é go bhfuil a phríomhbhunaíocht nó a ionadaí dlíthiúil i mBallstát ag soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí ach go soláthraíonn sé seirbhísí i mBallstáit eile, comhoibreoidh údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí i mBallstát na príomhbhunaíochta nó sa Ballstát ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil lonnaithe i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát eile sin le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí agus cuideoidh siad le chéile. Féadfar malartuithe faisnéise idir na húdaráis inniúla lena mbaineann le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí chun críocha a gcúraimí faoin Rialachán seo agus iarrataí réasúnaithe ar na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh a chumhdach le cúnamh agus comhar den sórt sin.

I gcás ina n-iarrann údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí i mBallstát amháin cúnamh ó údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí i mBallstát eile, déanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh. Tabharfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, arna iarraidh sin dó, freagra gan moill agus laistigh de thréimhse ama atá comhréireach le práinn na hiarrata.

Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs an chúnaimh a iarradh agus a chuirtear ar fáil faoin mír seo ach amháin i ndáil leis an ábhar ar iarradh í ina leith.

Airteagal 16

Socruithe eagraíochtúla le haghaidh altrúchas sonraí

Féadfaidh na Ballstáit socruithe eagraíochtúla nó teicniúla, nó an dá rud, a bheith i bhfeidhm chun altrúchas sonraí a éascú. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit beartais náisiúnta a bhunú le haghaidh altrúchas sonraí. Féadfar leis na beartais náisiúnta sin, go háirithe, cúnamh a thabhairt d’ábhair sonraí chun sonraí pearsanta a bhaineann leo atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí a chur ar fáil go deonach i ndáil leis an altrúchas sonraí, agus féadfar an fhaisnéis is gá a leagan amach iontu a cheanglaítear a chur ar fáil do na hábhair sonraí a bhaineann le hathúsáid a gcuid sonraí ar mhaithe leis an leas ginearálta.

Má fhorbraíonn Ballstát beartais náisiúnta den sórt sin, tabharfaidh sé fógra ina leith sin don choimisiún.

Airteagal 19

Clár d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí

1.   Féadfaidh eintiteas a chomhlíonann ceanglais Airteagal 18 iarratas ar chlárú a dhéanamh sa chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe.

2.   Féadfaidh eintiteas a chomhlíonann ceanglais Airteagal 18 agus a bhfuil bunaíochtaí aige i níos mó ná Ballstát amháin, iarratas ar chlárú a dhéanamh sa chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí sa Bhallstát ina bhfuil a phríomhbhunaíocht aige.

3.   Déanfaidh eintiteas a chomhlíonann ceanglais Airteagal 18 ach nach bhfuil bunaithe san Aontas ionadaí dlíthiúil a ainmniú i gceann de na Ballstáit ina dtairgtear na seirbhísí altrúchais sonraí.

Chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, tabharfaidh an t-eintiteas sainordú don ionadaí dlíthiúil ionas gur féidir leis na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí nó na hábhair sonraí agus sealbhóirí sonraí teagmháil a dhéanamh leis an ionadaí dlíthiúil, de bhreis ar an eintiteas sin nó ina ionad, maidir leis na saincheisteanna ar fad a bhaineann leis an eintiteas sin. Comhoibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil leis na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí agus léireoidh an t-ionadaí dlíthiúil dóibh go cuimsitheach, arna iarraidh sin dóibh, na gníomhaíochtaí a rinne an t-eintiteas agus na forálacha a chuir sé i bhfeidhm chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

Measfar an t-eintiteas a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Féadfaidh eintiteas den sórt sin iarratas ar chlárú a chur isteach sa chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí sa Bhallstát sin. Ní dochar ainmniú ionadaí dhlíthiúil ag an eintiteas d’aon chaingean dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne an eintitis.

4.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sna hiarratais ar chlárúchán dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3:

(a)

ainm an eintitis;

(b)

stádas dlíthiúil agus foirm dhlíthiúil an eintitis agus, i gcás ina bhfuil an t-eintiteas cláraithe ar chlár poiblí náisiúnta, uimhir chláraithe an eintitis;

(c)

reachtanna an eintitis, i gcás inarb iomchuí;

(d)

foinsí ioncaim an eintitis;

(e)

seoladh phríomhbhunaíocht an eintitis san Aontas, i gcás inarb infheidhme, agus seoladh aon bhrainse thánaistigh i mBallstát eile nó seoladh an ionadaí dhlíthiúil;

(f)

suíomh gréasáin poiblí ar a bhféadfar teacht ar fhaisnéis atá iomlán agus atá cothrom le dáta faoin eintiteas agus faoi na gníomhaíochtaí, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (d), (e) agus (h);

(g)

daoine teagmhála agus sonraí teagmhála an eintitis;

(h)

cuspóirí leasa ghinearálta a bhfuil sé ar intinn aige iad a chur chun cinn agus sonraí á mbailiú aige;

(i)

cineál na sonraí a bhfuil sé beartaithe ag an eintiteas a rialú nó a phróiseáil, agus, i gcás sonraí pearsanta, léiriú ar na catagóirí sonraí pearsanta;

(j)

aon doiciméad eile a léiríonn go bhfuil ceanglais Airteagal 18 á gcomhlíonadh.

5.   I gcás inar chuir an t-eintiteas an fhaisnéis uile is gá isteach de bhun mhír 4 tar éis don údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí meastóireacht a dhéanamh ar iarratas ar chlárú agus a mheas go gcomhlíonann an t-eintiteas ceanglais Airteagal 18, cláróidh sé an t-eintiteas sa chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí laistigh de 12 sheachtain ó dháta tar éis an t-iarratas ar chlárú a fháil. Beidh an clárúchán bailí sna Ballstáit uile.

Tabharfaidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí fógra don choimisiún faoi aon chlárú. Áireoidh an Coimisiún an clárú sin i gclár poiblí an Aontais d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí.

6.   Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, pointí (a), (b), (f), (g) agus (h), sa chlár poiblí náisiúnta ábhartha d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí.

7.   Tabharfaidh eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí fógra don údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis arna soláthar de bhun mhír 4 laistigh de 14 lá ó dháta an athraithe.

Tabharfaidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí fógra don choimisiún faoi gach fógra den sórt sin trí mheán leictreonach gan mhoill. Bunaithe ar fhógra den sórt sin, tabharfaidh an Coimisiún clár poiblí an Aontais d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí cothrom le dáta, gan mhoill.

Airteagal 23

Údaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as a chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí.

Comhlíonfaidh na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí na ceanglais a leagtar in Airteagal 26.

2.   Faoin 24 Meán Fómhair 2023, tabharfaidh gach Ballstát fógra don choimisiún faoi chéannacht a n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don choimisiún freisin faoi aon athrú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar chéannacht na n-údarás inniúil sin.

3.   Tabharfaidh an t-údarás de chuid Ballstáit atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faoina chúraimí i gcomhar leis an údarás cosanta sonraí ábhartha, i gcás ina mbainfidh na cúraimí sin le próiseáil sonraí pearsanta, agus i gcomhar le húdaráis ábhartha earnála an Bhallstáit sin.

Airteagal 26

Na ceanglais i dtaca leis na húdaráis inniúla

1.   Beidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí leithleach o thaobh an dlí de, agus beidh siad ag feidhmiú go neamhspleách ar aon soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí. Feidhmeanna na n-údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, féadfaidh an t-údarás céanna iad a dhéanamh. Féadfaidh na Ballstáit údarás nua amháin nó níos mó a bhunú chun na gcríoch sin nó dul i dtuilleamaí eintitis atá ann cheana.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a gcuid cúraimí a fheidhmiú ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach, comhsheasmhach, iontaofa agus tráthúil. I gcás ina bhfeidhmeoidh siad a gcúraimí, déanfaidh siad iomaíocht chóir agus neamh-idirdhealú a choimirciú.

3.   Maidir leis an ardbhainistíocht agus an pearsanra atá freagrach as cúraimí ábhartha na n-údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a dhéanamh, ní bheidh siad ina ndearthóir, ina monaróir, ina soláthraí, ina suiteálaí, ina gceannaitheoir, ina n-úinéir, ina n-úsáideoir ná ina gcothabhálaí ar na seirbhísí a ndéanann siad meastóireacht orthu, ná ina n-ionadaí údaraithe thar ceann aon cheann de na páirtithe sin. Ní chuirfidh sé sin cosc ar úsáid a bhaint as seirbhísí a bhfuil meastóireacht déanta orthu, seirbhísí is gá chun oibríochtaí an údaráis inniúil inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí nó úsáid a bhaint as seirbhísí den sórt sin chun críoch pearsanta.

4.   Ní bheidh ardbhainistíocht ná pearsanra na n-údarás inniúil inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mbun aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le neamhspleáchas a mbreithiúnais nó a n-ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí meastóireachta a shanntar dóibh.

5.   Beidh fáil ag na húdaráis inniúla inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí ar na hacmhainní airgeadais agus ar na daon-acmhainní leordhóthanacha chun na cúraimí a shanntar dóibh a chur i gcrích, lena n-áirítear an t-eolas teicniúil agus na hacmhainní is gá.

6.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mBallstáit an fhaisnéis don choimisiún agus do na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí ó Bhallstáit eile, arna hiarraidh sin go réasúnaithe agus gan mhoill, an fhaisnéis is gá chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. I gcás ina measfaidh údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí nó údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí gur faisnéis rúnda an fhaisnéis a iarrtar i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta maidir le rúndacht tráchtála agus ghairmiúil, déanfaidh an Coimisiún agus aon údarás inniúil eile lena mbaineann le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí nó aon údarás eile lena mbaineann atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí an rúndacht sin a áirithiú.

Airteagal 30

Cúraimí an Bhoird Eorpaigh um Nuálaíocht Sonraí

Beidh na cúraimí seo a leanas ar an mBord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí:

(a)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach de chuid comhlachtaí earnála poiblí agus comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a fhorbairt i ndáil le hiarrataí ar athúsáid na gcatagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a láimhseáil;

(b)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach a fhorbairt don altrúchas sonraí de ar fud an Aontais;

(c)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach de chuid na n-údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus de chuid na n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a fhorbairt agus na ceanglais is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse idirghabhála sonraí agus le heagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí á gcur i bhfeidhm;

(d)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don choimisiún maidir le treoirlínte comhsheasmhacha a fhorbairt maidir leis an mbealach is fearr, i gcomhthéacs an Rialacháin seo, chun cosaint a thabhairt do shonraí neamhphearsanta atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus de chineál neamhphearsanta, go háirithe rúin cheirde, ach freisin do shonraí neamhphearsanta ar inneachar iad atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla ar rochtain neamhdhleathach lena mbaineann an baol go ngoidfí maoin intleachtúil nó go ndéanfaí spiaireacht thionsclaíoch;

(e)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don choimisiún maidir le treoirlínte comhsheasmhacha a fhorbairt i ndáil le ceanglais chibearshlándála a ghabhann le malartú agus stóráil sonraí;

(f)

comhairle a thabhairt don choimisiún, agus ionchur na n-eagraíochtaí um chaighdeánú á chur san áireamh go háirithe, maidir le tosaíocht a thabhairt do chaighdeáin trasearnála a bheidh le húsáid agus le forbairt le haghaidh úsáid sonraí agus comhroinnt trasearnála sonraí idir spásanna coiteanna Eorpacha sonraí atá ag teacht chun cinn, le haghaidh comparáid trasearnála agus malartú dea-chleachtas i ndáil le ceanglais earnálacha le haghaidh nósanna imeachta slándála agus rochtana, agus gníomhaíochtaí caighdeánaithe earnáilsonracha á gcur san áireamh, go háirithe maidir le soiléiriú agus idirdhealú a dhéanamh ar na caighdeáin atá trasearnálach agus iad siúd atá earnálach;

(g)

cúnamh a thabhairt don choimisiún, agus ionchur na n-eagraíochtaí um chaighdeánú á chur san áireamh, agus aghaidh á tabhairt ar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus ar an ngeilleagar sonraí sa mhargadh inmheánach trí idir-inoibritheacht trasteorann agus trasearnála sonraí a fheabhsú chomh maith le seirbhísí comhroinnte sonraí idir earnálacha agus fearainn éagsúla, ag cur leis na caighdeáin Eorpacha, idirnáisiúnta nó náisiúnta atá ann cheana, inter alia agus é mar aidhm leis spreagadh a thabhairt do spásanna coiteanna Eorpacha sonraí a chruthú;

(h)

treoirlínte a mholadh do spásanna coiteanna Eorpacha sonraí, eadhon creataí idir-inoibritheacha cuspóir-shonracha nó earnáilsonracha nó trasearnála de chomhchaighdeáin agus de chleachtais chomhchoiteanna chun sonraí a chomhroinnt nó a phróiseáil go comhpháirteach chun, inter alia, táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt, taighde eolaíoch nó tionscnaimh na sochaí sibhialta a dhéanamh; cuirfear san áireamh sna caighdeáin choiteanna agus sna cleachtais choiteanna sin na caighdeáin atá ann cheana, comhlíonfaidh siad na rialacha iomaíochta agus áiritheofar leo rochtain neamh-idirdhealaitheach do na rannpháirtithe uile, chun comhroinnt sonraí san Aontas a éascú agus chun leas a bhaint as acmhainneacht spásanna sonraí atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, agus aghaidh á tabhairt, inter alia, ar an méid seo a leanas:

(i)

caighdeáin trasearnálacha a bheidh le húsáid agus le forbairt d’úsáid sonraí agus do chomhroinnt trasearnála sonraí, do chomparáid trasearnálach agus do mhalartú dea-chleachtas i ndáil le ceanglais earnálacha maidir le nósanna imeachta slándála agus rochtana, agus gníomhaíochtaí caighdeánaithe earnáilsonracha á gcur san áireamh, go háirithe maidir le soiléiriú agus idirdhealú a dhéanamh ar na caighdeáin agus na cleachtais atá trasearnálach agus iad siúd atá earnálach;

(ii)

ceanglais chun cur i gcoinne bacainní ar dhul isteach sa mhargadh agus éifeachtaí glasála a sheachaint, chun iomaíocht chóir agus idir-inoibritheacht a áirithiú;

(iii)

cosaint leormhaith d’aistrithe sonraí dleathacha chuig tríú tíortha, lena n-áirítear coimircí i gcoinne aon aistrithe a thoirmisctear le dlí an Aontais;

(iv)

ionadaíocht leormhaith agus neamh-idirdhealaitheach na ngeallsealbhóirí ábhartha i rialachas spásanna coiteanna Eorpacha sonraí;

(v)

ceanglais chibearshlándála a chomhlíonadh i gcomhréir le dlí an Aontais;

(i)

comhar idir na Ballstáit a éascú i ndáil leis coinníollacha comhchuibhithe a leagan síos lena bhféadfar athúsáid a bhaint as na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus atá ina seilbh ag comhlachtaí earnála poiblí ar fud an mhargaidh inmheánaigh;

(j)

an comhar a éascú idir na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus údaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí trí fhothú acmhainneachta agus malartú faisnéise, go háirithe trí mhodhanna a bhunú le haghaidh malartú éifeachtúil faisnéise a bhaineann leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí agus le haghaidh eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí a chlárú agus faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear comhordú maidir le táillí nó pionóis a shocrú, chomh maith le comhar a éascú idir údaráis inniúla maidir le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú sonraí, lena n-áirítear comhordú maidir le táillí nó pionóis a shocrú, chomh maith le comhar a éascú idir údaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus údaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i ndáil le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú sonraí;

(k)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don choimisiún maidir le meastóireacht a dhéanamh an nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5(11) agus (12);

(l)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don choimisiún maidir leis an bhfoirm thoilithe Eorpach i ndáil le haltrúchas sonraí a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 25(1);

(m)

comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le feabhas a chur ar an timpeallacht rialála idirnáisiúnta le haghaidh sonraí neamhphearsanta, caighdeánú san áireamh.

CAIBIDIL VII

Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

Airteagal 32

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(13) agus Airteagal 22(1) a thabhairt don choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó 23 Meitheamh 2022.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(13) agus in Airteagal 22(1) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(13) nó Airteagal 22(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear trí mhí bhreise leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 33

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL IX

Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha

Airteagal 34

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a bhaineann le haistrithe sonraí neamhphearsanta chuig tríú tíortha de bhun Airteagal 5(14) agus Airteagal 31, an oibleagáid atá ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí fógra a thabhairt de bhun Airteagal 11, na coinníollacha maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar de bhun Airteagal 12, agus na coinníollacha maidir le clárú mar eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí de bhun Airteagail 18, 20, 21 agus 22 agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ina rialacha maidir le pionóis, cuirfidh na Ballstáit san áireamh moltaí an Bhoird Eorpaigh um Nuálaíocht Sonraí. Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 24 Meán Fómhair 2023, fógra i dtaobh na rialacha agus na mbeart sin don choimisiún agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Cuirfidh na Ballstáit san áireamh na critéir neamh-uileghabhálacha agus táscacha seo a leanas maidir le pionóis a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí agus ar eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí as sáruithe ar an Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí:

(a)

cineál, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe;

(b)

aon ghníomhaíocht arna déanamh ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó ag an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí chun an damáiste arb é an sárú ba chúis leis a mhaolú nó a leigheas;

(c)

aon sáruithe a rinne an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí roimhe sin;

(d)

na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó na heagraíochta aitheanta altrúchais sonraí nó na caillteanais a sheachain siad mar gheall ar an sárú, a mhéid is féidir tairbhí nó caillteanais den sórt sin a shuíomh go hiontaofa;

(e)

aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis.

Airteagal 35

Meastóireacht agus athbhreithniú

Faoin 24 Meán Fómhair 2025, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus déanfaidh sé tuarascáil ar phríomhthorthaí na meastóireachta sin a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil nuair is gá.

Sa tuarascáil, déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

cur i bhfeidhm agus feidhmiú na rialacha maidir le pionóis arna leagan síos ag na Ballstáit de bhun Airteagal 34;

(b)

an leibhéal comhlíontachta atá ag ionadaithe dlíthiúla na soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí agus eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí nach bhfuil bunaithe san Aontas leis an Rialachán seo agus leibhéal in-fhorfheidhmitheachta na bpionós arna bhforchur ar na soláthraithe agus ar na heagraíochtaí sin;

(c)

an cineál eagraíochtaí altrúchais sonraí atá cláraithe faoi Chaibidil IV agus forléargas ar na cuspóirí leasanna ginearálta a ndéantar sonraí a chomhroinnt lena n-aghaidh chun critéir shoiléire a bhunú ina leith sin.

Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú.


whereas









keyboard_arrow_down