search


keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/0868 GA cercato: 'bhallstát' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index bhallstát:

    CAIBIDIL I
    Forálacha ginearálta

    CAIBIDIL II
    Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí

    CAIBIDIL III
    Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí

    CAIBIDIL IV
    Altrúchas sonraí

    CAIBIDIL V
    Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta

    CAIBIDIL VI
    An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí

    CAIBIDIL VII
    Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

    CAIBIDIL VIII
    Tarmligean agus nós imeachta coiste

    CAIBIDIL IX
    Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha


whereas bhallstát:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 443

 

Airteagal 3

Catagóirí sonraí

1.   Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí agus atá cosanta ar na forais seo a leanas:

(a)

rúndacht tráchtála, lena n-áirítear rúin ghnó, ghairmiúla nó chuideachta;

(b)

rúndacht staidrimh;

(c)

cearta maoine intleachtúla tríú páirtithe a chosaint; nó

(d)

sonraí pearsanta a chosaint, a mhéid is go bhfuil na sonraí sin lasmuigh de raon feidhme Threoir (AE) 2019/1024.

2.   Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

sonraí atá i seilbh gnóthais phoiblí;

(b)

sonraí atá i seilbh craoltóirí seirbhíse poiblí agus a bhfochomhlachtaí, ná i seilbh comhlachtaí eile agus a bhfochomhlachtaí chun sainchúram craolacháin seirbhíse poiblí a chomhlíonadh;

(c)

sonraí atá i seilbh bunaíochtaí cultúrtha agus bunaíochtaí oideachais;

(d)

sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí atá faoi chosaint ar chúiseanna slándála poiblí, cosanta nó slándála náisiúnta; nó

(e)

sonraí a bhfuil a soláthar ina ghníomhaíocht atá lasmuigh de raon feidhme chúraimí poiblí na gcomhlachtaí earnála poiblí lena mbaineann mar a shainítear sa dlí nó i rialacha ceangailteacha eile sa bhallstát lena mbaineann, nó d’uireasa rialacha den sórt sin, mar a shainítear i gcomhréir leis an gcleachtas riaracháin coiteann sa bhallstát sin, ar choinníoll go bhfuil raon feidhme na gcúraimí poiblí trédhearcach agus faoi réir a athbhreithnithe.

3.   Ní dochar an Chaibidil seo don mhéid seo a leanas:

(a)

dlí an Aontais ná an dlí náisiúnta ná comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtithe iontu iad an tAontas nó Ballstáit maidir le cosaint catagóirí sonraí dá dtagraítear i mír 1; agus

(b)

dlí an Aontais ná an dlí náisiúnta maidir le rochtain ar dhoiciméid.

Airteagal 9

Nós imeachta maidir le hiarrataí ar athúsáid

1.   Murar bunaíodh teorainneacha ama níos giorra i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, glacfaidh comhlachtaí inniúla earnála poiblí nó na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1) cinneadh maidir leis an iarraidh ar athúsáid na gcatagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaightear an iarraidh.

I gcás iarrataí ar athúsáid atá thar a bheith fairsing agus casta, féadfar síneadh suas le 30 lá a chur leis an tréimhse dhá mhí sin. I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh na comhlachtaí inniúla earnála poiblí nó na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1) fógra don iarratasóir a luaithe is féidir go bhfuil níos mó ama ag teastáil chun an nós imeachta a sheoladh, mar aon leis na cúiseanna atá leis an moill.

2.   Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a ndéanann cinneadh dá dtagraítear i mír 1 difear go díreach dó, beidh éileamh éifeachtach ar shásamh aige sa bhallstát ina bhfuil an comhlacht ábhartha lonnaithe. Leagfar síos éileamh ar shásamh den sórt sin sa dlí náisiúnta agus áireofar ann an deis ag comhlacht neamhchlaonta athbhreithniú a dhéanamh, ar comhlacht é a bhfuil an saineolas iomchuí aige, amhail an t-údarás iomaíochta náisiúnta, an t-údarás ábhartha um rochtain ar dhoiciméid, an t-údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, nó údarás breithiúnach náisiúnta, agus a bhfuil a chuid cinntí ina gceangal ar an gcomhlacht earnála poiblí nó ar an gcomhlacht inniúil lena mbaineann.

CAIBIDIL III

Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí

Airteagal 19

Clár d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí

1.   Féadfaidh eintiteas a chomhlíonann ceanglais Airteagal 18 iarratas ar chlárú a dhéanamh sa chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí sa bhallstát ina bhfuil sé bunaithe.

2.   Féadfaidh eintiteas a chomhlíonann ceanglais Airteagal 18 agus a bhfuil bunaíochtaí aige i níos mó ná Ballstát amháin, iarratas ar chlárú a dhéanamh sa chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí sa bhallstát ina bhfuil a phríomhbhunaíocht aige.

3.   Déanfaidh eintiteas a chomhlíonann ceanglais Airteagal 18 ach nach bhfuil bunaithe san Aontas ionadaí dlíthiúil a ainmniú i gceann de na Ballstáit ina dtairgtear na seirbhísí altrúchais sonraí.

Chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, tabharfaidh an t-eintiteas sainordú don ionadaí dlíthiúil ionas gur féidir leis na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí nó na hábhair sonraí agus sealbhóirí sonraí teagmháil a dhéanamh leis an ionadaí dlíthiúil, de bhreis ar an eintiteas sin nó ina ionad, maidir leis na saincheisteanna ar fad a bhaineann leis an eintiteas sin. Comhoibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil leis na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí agus léireoidh an t-ionadaí dlíthiúil dóibh go cuimsitheach, arna iarraidh sin dóibh, na gníomhaíochtaí a rinne an t-eintiteas agus na forálacha a chuir sé i bhfeidhm chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

Measfar an t-eintiteas a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Féadfaidh eintiteas den sórt sin iarratas ar chlárú a chur isteach sa chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí sa bhallstát sin. Ní dochar ainmniú ionadaí dhlíthiúil ag an eintiteas d’aon chaingean dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne an eintitis.

4.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sna hiarratais ar chlárúchán dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3:

(a)

ainm an eintitis;

(b)

stádas dlíthiúil agus foirm dhlíthiúil an eintitis agus, i gcás ina bhfuil an t-eintiteas cláraithe ar chlár poiblí náisiúnta, uimhir chláraithe an eintitis;

(c)

reachtanna an eintitis, i gcás inarb iomchuí;

(d)

foinsí ioncaim an eintitis;

(e)

seoladh phríomhbhunaíocht an eintitis san Aontas, i gcás inarb infheidhme, agus seoladh aon bhrainse thánaistigh i mBallstát eile nó seoladh an ionadaí dhlíthiúil;

(f)

suíomh gréasáin poiblí ar a bhféadfar teacht ar fhaisnéis atá iomlán agus atá cothrom le dáta faoin eintiteas agus faoi na gníomhaíochtaí, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (d), (e) agus (h);

(g)

daoine teagmhála agus sonraí teagmhála an eintitis;

(h)

cuspóirí leasa ghinearálta a bhfuil sé ar intinn aige iad a chur chun cinn agus sonraí á mbailiú aige;

(i)

cineál na sonraí a bhfuil sé beartaithe ag an eintiteas a rialú nó a phróiseáil, agus, i gcás sonraí pearsanta, léiriú ar na catagóirí sonraí pearsanta;

(j)

aon doiciméad eile a léiríonn go bhfuil ceanglais Airteagal 18 á gcomhlíonadh.

5.   I gcás inar chuir an t-eintiteas an fhaisnéis uile is gá isteach de bhun mhír 4 tar éis don údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí meastóireacht a dhéanamh ar iarratas ar chlárú agus a mheas go gcomhlíonann an t-eintiteas ceanglais Airteagal 18, cláróidh sé an t-eintiteas sa chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí laistigh de 12 sheachtain ó dháta tar éis an t-iarratas ar chlárú a fháil. Beidh an clárúchán bailí sna Ballstáit uile.

Tabharfaidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí fógra don Choimisiún faoi aon chlárú. Áireoidh an Coimisiún an clárú sin i gclár poiblí an Aontais d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí.

6.   Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, pointí (a), (b), (f), (g) agus (h), sa chlár poiblí náisiúnta ábhartha d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí.

7.   Tabharfaidh eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí fógra don údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis arna soláthar de bhun mhír 4 laistigh de 14 lá ó dháta an athraithe.

Tabharfaidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí fógra don Choimisiún faoi gach fógra den sórt sin trí mheán leictreonach gan mhoill. Bunaithe ar fhógra den sórt sin, tabharfaidh an Coimisiún clár poiblí an Aontais d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí cothrom le dáta, gan mhoill.

Airteagal 24

Faireachán ar chomhlíonadh

1.   Déanfaidh na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Chaibidil seo ag eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí i gcomhréir leis. Féadfaidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sin ag eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí den sórt sin, ar bhonn iarraidh ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach.

2.   Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faisnéis a iarraidh ar eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí is gá chun comhlíonadh cheanglais na Caibidle seo a fhíorú. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an chúraim agus beidh sé réasúnaithe.

3.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí nach gcomhlíonann eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí ceann amháin nó níos mó de cheanglais na Caibidle seo, tabharfaidh sé fógra don eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí faoi na cinntí sin agus tabharfaidh sé deis di a tuairimí a chur in iúl, laistigh de 30 lá tar éis dóibh an fógra a fháil.

4.   Beidh de chumhacht ag an údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a éileamh go scoirfear den sárú dá dtagraítear i mír 3 láithreach nó laistigh de theorainn ama réasúnta agus glacfaidh an t-údarás ábhartha sin bearta iomchuí agus comhréireacha arb iad is aidhm dóibh comhlíonadh a áirithiú.

5.   Mura gcomhlíonann eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí ceann amháin nó níos mó de cheanglais na Caibidle seo fiú tar éis don údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí fógra a thabhairt di i gcomhréir le mír 3, bainfidh an méid seo a leanas leis an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí sin:

(a)

caillfidh sí an ceart atá aice an lipéad “eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas” a úsáid in aon chumarsáid i scríbhinn ná ó bhéal;

(b)

bainfear den chlár poiblí náisiúnta ábhartha d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí agus de chlár poiblí an Aontais d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí í.

Aon chinneadh lena gcúlghairtear an ceart chun an lipéad “eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas” a úsáid faoin gcéad fhomhír, pointe (a), cuirfidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí ar fáil go poiblí é.

6.   Más rud é go bhfuil a príomhbhunaíocht nó a hionadaí dlíthiúil i mBallstát ag eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí ach go bhfuil sí gníomhach i mBallstáit eile, comhoibreoidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mBallstát na príomhbhunaíochta nó sa bhallstát ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil lonnaithe i gcomhar le húdaráis na mBallstát eile sin atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí agus cuideoidh siad le chéile. Féadfar malartuithe faisnéise idir na húdaráis lena mbaineann atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí chun críocha a gcúraimí faoin Rialachán seo agus iarrataí réasúnaithe ar na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh a chumhdach le cúnamh agus comhar den sórt sin.

I gcás ina n-iarrann údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mBallstát amháin cúnamh ó údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mBallstát eile, déanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh. Tabharfaidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, arna iarraidh sin dó, freagra gan moill mhíchuí agus laistigh de thréimhse ama atá comhréireach le práinn na hiarrata.

Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs an chúnaimh a iarradh agus a chuirtear ar fáil faoin mír seo ach amháin i ndáil leis an ábhar ar iarradh í ina leith.

Airteagal 28

Ceart chun leigheas éifeachtach breithiúnach

1.   D’ainneoin aon leigheasanna riaracháin nó aon leigheasanna neamhbhreithiúnacha eile, beidh an ceart chun leighis bhreithiúnaigh éifeachtaigh ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a ndéantar difear dóibh i ndáil le cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí dá dtagraítear in Airteagal 14 arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí i mbainistiú, i rialú agus i bhforfheidhmiú an chórais fógartha le haghaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí agus cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí dá dtagraítear in Airteagail 19 agus 24 agus arna ndéanamh ag na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí agus faireachán a dhéanamh ar eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí.

2.   Déanfar imeachtaí de bhun an Airteagail seo a thabhairt os comhair chúirteanna nó bhinsí bhallstát an údaráis inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí nó an údaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí ina bhfuil an t-údarás a n-iarrtar an leigheas breithiúnach ina choinne, ar bhonn aonair nó, i gcás inarb ábhartha, trí ionadaithe duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó i dteannta a chéile.

3.   I gcás ina dteipeann ar údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí nó údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí gníomhú i ndáil le gearán, beidh an ceart ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil nó rochtain a fháil ar athbhreithniú ag comhlacht neamhchlaonta a bhfuil an saineolas iomchuí aige.

CAIBIDIL VI

An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí


whereas









keyboard_arrow_down