search


keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/0868 GA cercato: 'aithnítear' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index aithnítear:


whereas aithnítear:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 509

 

Airteagal 11

Fógra ó sholáthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí

1.   Aon soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a bhfuil sé ar intinn aige na seirbhísí idirgabhála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10 a sholáthar, cuirfidh sé fógra faoi bhráid an údaráis inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, measfar soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a bhfuil bunaíochtaí aige i níos mó ná Ballstát amháin a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit sin ina bhfuil a phríomhbhunaíocht, gan dochar do dhlí an Aontais lena rialaítear caingne trasteorann maidir le damáistí agus imeachtaí gaolmhara.

3.   Déanfaidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nach bhfuil bunaithe san Aontas ach a thairgeann na seirbhísí idirghabhála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10 laistigh den Aontas, ionadaí dlíthiúil a ainmniú i gceann de na Ballstáit ina dtairgtear na seirbhísí sin.

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, gheobhaidh an t-ionadaí dlíthiúil sainordú ón soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí ionas go rachaidh údaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí nó ábhair sonraí agus sealbhóirí sonraí i dteagmháil leis mar aon leis an soláthraí nó in ionad an tsoláthraí, maidir leis na saincheisteanna uile a bhaineann leis na seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthraítear. Comhoibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil leis na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí agus léireoidh sé dóibh go cuimsitheach, arna iarraidh sin dóibh, na gníomhaíochtaí a rinneadh agus na forálacha a chuir an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí i bhfeidhm chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

Measfar an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Ní dochar ainmniú ionadaí dhlíthiúil ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí d’aon chaingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí.

4.   Tar éis fógra a chur isteach, i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí tús a chur leis an ngníomhaíocht faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo.

5.   Fágfaidh an fógra sin dá dtagraítear i mír 1 go mbeidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí i dteideal seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar sna Ballstáit uile.

6.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ainm an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí;

(b)

stádas dlíthiúil, foirm dhlíthiúil, struchtúr úinéireachta agus fochuideachtaí ábhartha an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí agus, i gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí cláraithe ar chlár trádála nó ar chlár poiblí náisiúnta comhchosúil eile, uimhir chláraithe an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí;

(c)

seoladh phríomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí san Aontas, más ann dó, agus, i gcás inarb infheidhme, seoladh aon bhrainse thánaistigh i mBallstát eile nó seoladh an ionadaí dhlíthiúil;

(d)

suíomh gréasáin poiblí ar a bhféadfar teacht ar fhaisnéis atá iomlán agus cothrom le dáta faoin soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí agus faoi na gníomhaíochtaí, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (f);

(e)

teagmhálaithe agus sonraí teagmhála an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálaí sonraí;

(f)

tuairisc ar an tseirbhís idirghabhála sonraí atá beartaithe ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar, agus léiriú ar na catagóirí a liostaítear in Airteagal 10 faoina dtagann na seirbhísí idirghabhála sonraí sin;

(g)

an dáta a mheastar go gcuirfear tús leis an ngníomhaíocht, murab ionann é agus dáta an fhógra.

7.   Áiritheoidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí go bhfuil an nós imeachta um fhógra a thabhairt neamh-idirdhealaitheach agus nach saobhann sé an iomaíocht.

8.   Arna iarraidh sin don soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí, déanfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, laistigh de sheachtain amháin den fhógra a bheidh comhlánaithe go hiomlán agus go tráthúil, dearbhú caighdeánaithe a eisiúint ina ndeimhneofar go bhfuil an fógra dá dtagraítear i mír 1 tíolactha ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí agus go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6 san fhógra sin.

9.   Arna iarraidh sin ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí, deimhneoidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí, go bhfuil an tAirteagal seo agus Airteagal 12 á gcomhlíonadh ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí. Ar dheimhniú den sórt sin a fháil, féadfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí sin an lipéad “soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a aithnítear san Aontas” a úsáid ina chumarsáid i scríbhinn agus ó bhéal, chomh maith le lógó coiteann.

Chun a áirithiú go bhfuil soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí a aithnítear san Aontas in-sainaitheanta go héasca ar fud an Aontais, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, dearadh don lógó coiteann. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí a aithnítear san Aontas an lógó coiteann a thaispeáint go soiléir ar gach foilseachán ar líne agus as líne a bhaineann lena ngníomhaíochtaí idirghabhála sonraí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

10.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí fógra don Choimisiún faoi gach fógra nua trí mheán leictreonach gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún clár poiblí a choinneáil agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta de na soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí uile a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí san Aontas. Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6, pointí (a), (b), (c), (d), (f) agus (g) sa chlár poiblí.

11.   Féadfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí táillí a ghearradh as an bhfógra i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Beidh na táillí sin comhréireach agus oibiachtúil agus beidh siad bunaithe ar na costais riaracháin a bhaineann le faireachán ar chomhlíonadh agus ar ghníomhaíochtaí eile rialaithe margaidh de chuid an údaráis inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí i ndáil le fógra a thabhairt faoi soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí. I gcás FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, féadfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí táille lascainithe a ghearradh nó an táille a tharscaoileadh.

12.   Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí fógra don údaráis inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis arna soláthar de bhun mhír 6 laistigh de 14 lá ó dháta an athraithe.

13.   I gcás ina scoirfidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí dá chuid gníomhaíochtaí, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil ábhartha le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí arna chinneadh de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 laistigh de 15 lá.

14.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí fógra don Choimisiún faoi gach fógra dá dtagraítear i míreanna 12 agus 13 trí mheán leictreonach gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún clár poiblí na soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí san Aontas a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.

Airteagal 17

Cláir phoiblí d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí

1.   Coimeádfaidh gach údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí clár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí agus tabharfaidh siad cothrom le dáta go rialta é.

2.   Coimeádfaidh an Coimisiún clár poiblí de chuid an Aontais d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí chun críoch faisnéise. Ar choinníoll go bhfuil eintiteas cláraithe sa chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí i gcomhréir le hAirteagal 18, féadfaidh sé an lipéad “eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas” a úsáid ina chumarsáid i scríbhinn agus ó bhéal, chomh maith le lógó coiteann.

Chun a áirithiú go mbeidh eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí in-sainaitheanta go héasca ar fud an Aontais, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, dearadh don lógó coiteann. Taispeánfaidh eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí an lógó coiteann go soiléir ar gach foilseachán ar líne agus as líne a bhaineann lena ngníomhaíochtaí altrúchais sonraí. Beidh cód QR ag gabháil leis an lógó coiteann le nasc chuig clár poiblí an Aontais d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

Airteagal 22

Leabhar rialacha

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí leabhar rialacha a bhunú lena leagfar síos an méid seo a leanas:

(a)

ceanglais faisnéise iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear ar fáil do na hábhair sonraí agus do shealbhóirí sonraí, sula dtugtar toiliú nó cead altrúchais sonraí, faisnéis atá mionsonraithe, soiléir agus trédhearcach go leor maidir le húsáid na sonraí, na huirlisí chun toiliú nó cead a thabhairt agus a tharraingt siar, agus na bearta a glacadh chun mí-úsáid na sonraí a chomhroinntear leis an eagraíocht altrúchais sonraí a sheachaint;

(b)

ceanglais theicniúla agus slándála iomchuí chun an leibhéal iomchuí slándála a áirithiú do stóráil agus próiseáil sonraí, chomh maith leis na huirlisí chun toiliú nó cead a thabhairt agus a tharraingt siar;

(c)

treochláir chumarsáide lena ngabhann cur chuige ildisciplíneach chun feasacht a ardú maidir le haltrúchas sonraí, maidir leis an ainmniú mar “eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas” agus maidir leis an leabhar rialacha i measc geallsealbhóirí ábhartha, go háirithe sealbhóirí sonraí agus ábhair sonraí a d’fhéadfadh a gcuid sonraí a chomhroinnt;

(d)

moltaí maidir le caighdeáin idir-inoibritheachta ábhartha.

2.   Déanfar an leabhar rialacha dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú i ndlúthchomhar le heagraíochtaí altrúchais sonraí agus le geallsealbhóirí ábhartha.

Airteagal 24

Faireachán ar chomhlíonadh

1.   Déanfaidh na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Chaibidil seo ag eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí i gcomhréir leis. Féadfaidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sin ag eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí den sórt sin, ar bhonn iarraidh ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach.

2.   Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faisnéis a iarraidh ar eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí is gá chun comhlíonadh cheanglais na Caibidle seo a fhíorú. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an chúraim agus beidh sé réasúnaithe.

3.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí nach gcomhlíonann eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí ceann amháin nó níos mó de cheanglais na Caibidle seo, tabharfaidh sé fógra don eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí faoi na cinntí sin agus tabharfaidh sé deis di a tuairimí a chur in iúl, laistigh de 30 lá tar éis dóibh an fógra a fháil.

4.   Beidh de chumhacht ag an údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a éileamh go scoirfear den sárú dá dtagraítear i mír 3 láithreach nó laistigh de theorainn ama réasúnta agus glacfaidh an t-údarás ábhartha sin bearta iomchuí agus comhréireacha arb iad is aidhm dóibh comhlíonadh a áirithiú.

5.   Mura gcomhlíonann eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí ceann amháin nó níos mó de cheanglais na Caibidle seo fiú tar éis don údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí fógra a thabhairt di i gcomhréir le mír 3, bainfidh an méid seo a leanas leis an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí sin:

(a)

caillfidh sí an ceart atá aice an lipéad “eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas” a úsáid in aon chumarsáid i scríbhinn ná ó bhéal;

(b)

bainfear den chlár poiblí náisiúnta ábhartha d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí agus de chlár poiblí an Aontais d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí í.

Aon chinneadh lena gcúlghairtear an ceart chun an lipéad “eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas” a úsáid faoin gcéad fhomhír, pointe (a), cuirfidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí ar fáil go poiblí é.

6.   Más rud é go bhfuil a príomhbhunaíocht nó a hionadaí dlíthiúil i mBallstát ag eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí ach go bhfuil sí gníomhach i mBallstáit eile, comhoibreoidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mBallstát na príomhbhunaíochta nó sa Bhallstát ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil lonnaithe i gcomhar le húdaráis na mBallstát eile sin atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí agus cuideoidh siad le chéile. Féadfar malartuithe faisnéise idir na húdaráis lena mbaineann atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí chun críocha a gcúraimí faoin Rialachán seo agus iarrataí réasúnaithe ar na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh a chumhdach le cúnamh agus comhar den sórt sin.

I gcás ina n-iarrann údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mBallstát amháin cúnamh ó údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mBallstát eile, déanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh. Tabharfaidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, arna iarraidh sin dó, freagra gan moill mhíchuí agus laistigh de thréimhse ama atá comhréireach le práinn na hiarrata.

Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs an chúnaimh a iarradh agus a chuirtear ar fáil faoin mír seo ach amháin i ndáil leis an ábhar ar iarradh í ina leith.

Airteagal 36

Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1724

Sa tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála “Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh”:

Imeachtaí saoil

Nósanna imeachta

Aschur ionchasach faoi réir measúnú ar an iarratas ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás inarb ábhartha

Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh

Fógra faoi ghníomhaíocht ghnó, cead ar ghníomhaíochta gnó a fheidhmiú, athruithe ar ghníomhaíocht ghnó agus foirceannadh gníomhaíocht ghnó nach mbaineann le nósanna imeachta dócmhainneachta nó leachtaithe, cé is moite den chéad uair a chláraítear gníomhaíocht ghnó leis an gclár gnó agus, cé is moite de na nósanna imeachta a bhaineann le bunú cuideachtaí nó gnólachtaí nó aon chomhdú ina dhiaidh sin ag cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 54 CFAE.

Deimhniú ar fháil an fhógra nó an athraithe, nó na hiarrata ar chead gníomhaíochta gnó

 

Fostóir (duine nádúrtha) a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais

Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh

Fostaithe a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais

Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh

Dearbhú cánach corparáide a thíolacadh

Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú

Fógra a thabhairt do na scéimeanna slándála sóisialta faoi dheireadh conartha le fostaí, cé is moite de nósanna imeachta chun conarthaí fostaithe a fhoirceannadh go comhchoiteann

Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú

Ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe a íoc

Admháil nó foirm eile deimhnithe gur íocadh ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe

Fógra a thabhairt faoi sholáthraí seirbhísí idirghabhála sonraí

Deimhniú go bhfuarthas an t-iarratas

Clárú mar eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas

Deimhniú an chlárúcháin


whereas









keyboard_arrow_down