keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 2 Airteagal 2 Sainmhínithe
- 4 Airteagal 12 Coinníollacha maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
CAIBIDIL II
Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí
CAIBIDIL III
Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí
CAIBIDIL IV
Altrúchas sonraí
CAIBIDIL V
Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta
CAIBIDIL VI
An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí
CAIBIDIL VII
Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta
CAIBIDIL VIII
Tarmligean agus nós imeachta coiste
CAIBIDIL IX
Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha
- sonraí 152
- agus 57
- seirbhísí 36
- idirghabhála 36
- chun 35
- ciallaíonn 21
- maidir 19
- soláthraí 18
- atá 16
- lena 16
- leis 14
- comhlachtaí 13
- úsáid 13
- bhfuil 13
- faoi 13
- dlí 12
- gcás 12
- duine 11
- n-áirítear 11
- arna 11
- siad 10
- amháin 10
- poiblí 10
- eile 10
- neamhphearsanta 9
- pearsanta 9
- trí 8
- ábhar 8
- rialachán 8
- earnála 8
- áirithiú 8
- airteagal 8
- nádúrtha 8
- chur 7
- rochtain 7
- phróiseáil 7
- críoch 7
- tráchtála 7
- sonraí” 7
- shealbhóirí 7
- úsáideann 6
- aontais 6
- ndáil 6
- fáil 5
- sórt 5
- sealbhóir 5
- dlítheanach 5
- bunaithe 5
- náisiúnta 5
- soláthar 5
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) | ciallaíonn “sonraí” aon léiriú digiteach ar ghníomhartha, ar fhíricí nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, fíricí nó faisnéis den sórt sin, lena n-áirítear i bhfoirm taifead fuaime, físe nó closamhairc; |
(2) | ciallaíonn “athúsáid” an úsáid a bhaineann daoine nádúrtha nó dlítheanacha as sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí, chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála seachas an cuspóir tosaigh a bhí ann laistigh den chúram phoiblí ar táirgeadh na sonraí chuige, diomaite den mhalartú sonraí idir comhlachtaí earnála poiblí chun a gcúraimí poiblí a shaothrú agus chuige sin amháin; |
(3) | ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679; |
(4) | ciallaíonn “sonraí neamhphearsanta” sonraí seachas sonraí pearsanta; |
(5) | ciallaíonn “toiliú” toiliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Rialachán (AE) 2016/679; |
(6) | ciallaíonn “cead” an ceart a thabhairt d’úsáideoirí sonraí chun sonraí neamhphearsanta a phróiseáil; |
(7) | ciallaíonn “ábhar sonraí” ábhar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679; |
(8) | ciallaíonn “sealbhóir sonraí” duine dlítheanach, lena n-áirítear comhlachtaí earnála poiblí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, nó duine nádúrtha nach ábhar sonraí i ndáil leis na sonraí sonracha atá i gceist, a bhfuil sé de cheart ag an duine sin, i gcomhréir le dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, rochtain a thabhairt ar shonraí pearsanta áirithe nó sonraí neamhphearsanta áirithe nó iad a chomhroinnt; |
(9) | ciallaíonn “úsáideoir sonraí” duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil rochtain dhleathach ar shonraí áirithe pearsanta nó neamhphearsanta agus ag a bhfuil sé de cheart, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) 2016/679 i gcás sonraí pearsanta, na sonraí sin a úsáid chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála; |
(10) | ciallaíonn “comhroinnt sonraí” sonraí a bheith á soláthar ag ábhar sonraí nó sealbhóir sonraí d’úsáideoir sonraí chun úsáid chomhpháirteach nó úsáid indibhidiúil a bhaint as na sonraí sin, bunaithe ar chomhaontuithe deonacha nó ar dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, go díreach nó trí idirghabhálaí, mar shampla faoi cheadúnais oscailte nó tráchtála atá faoi réir táille nó atá saor in aisce; |
(11) | ciallaíonn “seirbhís idirghabhála sonraí” seirbhís arb é is aidhm di caidrimh thráchtála a bhunú chun críoch comhroinnte sonraí idir líon neamhchinntithe ábhar sonraí agus sealbhóirí sonraí ar thaobh amháin agus úsáideoirí sonraí ar an taobh eile, trí mhodhanna teicniúla, dlíthiúla nó eile, lena n-áirítear chun cearta ábhar sonraí a fheidhmiú i ndáil le sonraí pearsanta, seachas an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(12) | ciallaíonn “próiseáil” próiseáil mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le sonraí pearsanta nó mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Rialachán (AE) 2018/1807 maidir le sonraí neamhphearsanta; |
(13) | ciallaíonn “rochtain” úsáid sonraí, i gcomhréir le ceanglais shonracha theicniúla, dhlíthiúla nó eagraíochtúla, agus ní gá go dtuigfí as sin tarchur ná íoslódáil na sonraí; |
(14) | ciallaíonn “príomhbhunaíocht” duine dlítheanaigh áit a riaracháin lárnaigh san Aontas; |
(15) | ciallaíonn “seirbhísí comharchumann sonraí” seirbhísí idirghabhála sonraí a thairgeann struchtúr eagraíochtúil atá comhdhéanta d’ábhair sonraí, gnóthais aon duine amháin nó FBManna ar comhaltaí den struchtúr sin iad, a bhfuil sé ina phríomhchuspóirí aige tacú lena chomhaltaí agus a gcearta á bhfeidhmiú acu maidir le sonraí áirithe, lena n-áirítear i ndáil le roghanna eolasacha a dhéanamh sula dtoilíonn siad do phróiseáil sonraí, tuairimí a mhalartú maidir le cuspóirí agus coinníollacha próiseála sonraí is fearr a dhéanfadh ionadaíocht do leas a chomhaltaí maidir lena sonraí, agus téarmaí agus coinníollacha a chaibidliú maidir le próiseáil sonraí thar ceann a chomhaltaí sula dtabharfaidh siad cead sonraí neamhphearsanta a phróiseáil nó sula dtoileoidh siad do phróiseáil a gcuid sonraí pearsanta; |
(16) | ciallaíonn “altrúchas sonraí” comhroinnt dheonach sonraí ar bhonn thoiliú na n-ábhar sonraí sonraí pearsanta a bhaineann leo a phróiseáil, nó ceadanna ó shealbhóirí sonraí a sonraí neamhphearsanta a úsáid gan luaíocht a lorg nó a fháil, luaíocht a théann thar chúiteamh a bhaineann leis na costais a thabhaíonn siad i gcás ina gcuireann siad a gcuid sonraí ar fáil le haghaidh cuspóirí leasa ghinearálta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, amhail cúram sláinte, an t-athrú aeráide a chomhrac, an tsoghluaisteacht a fheabhsú, forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh oifigiúil a éascú, soláthar seirbhísí poiblí a fheabhsú, ceapadh beartas poiblí nó chun críoch taighde eolaíoch ar mhaithe leis an leas ginearálta; |
(17) | ciallaíonn “comhlacht earnála poiblí” an Stát, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachais arna bhfoirmiú ag údarás amháin nó níos mó den sórt sin, nó comhlacht amháin nó níos mó den sórt sin faoi rialú an dlí phoiblí; |
(18) | ciallaíonn “comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí” comhlachtaí ag a bhfuil na tréithe seo a leanas:
|
(19) | ciallaíonn “gnóthas poiblí” aon ghnóthas a bhféadfaidh na comhlachtaí earnála poiblí tionchar ceannasach a imirt go díreach nó go hindíreach air de bhua a n-úinéireachta air, a rannpháirteachais airgeadais ann, nó na rialacha lena rialaítear é; chun críocha an tsainmhínithe seo, measfar go bhfuil tionchar ceannasach á imirt ag na comhlachtaí earnála poiblí in aon cheann de na cásanna inar fíor an méid seo a leanas maidir leis na comhlachtaí sin, go díreach nó go hindíreach:
|
(20) | ciallaíonn “timpeallacht shlán phróiseála” an timpeallacht fhisiceach nó fhíorúil agus na modhanna eagraíochtúla chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais, amhail Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe maidir le cearta ábhar sonraí, cearta maoine intleachtúla agus rúndacht tráchtála agus staidrimh, sláine agus inrochtaineacht, agus go gcomhlíonfar an dlí náisiúnta is infheidhme, agus chun a cheadú don eintiteas a sholáthraíonn an timpeallacht shlán phróiseála na gníomhaíochtaí próiseála sonraí uile a chinneadh agus a mhaoirsiú, lena n-áirítear sonraí a thaispeáint, a stóráil, a íoslódáil agus a onnmhairiú agus sonraí díorthacha a ríomh trí algartaim ríomhaireachtúla; |
(21) | ciallaíonn “ionadaí dlíthiúil” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a ainmnítear go sainráite chun gníomhú thar ceann soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó eintiteas nach bhfuil bunaithe san Aontas a bhailíonn sonraí chun cuspóirí leasa ghinearálta a chuireann daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar fáil ar bhonn altrúchas sonraí, ar duine nádúrtha nó dlítheanach é nó í a bhféadfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí dul i dteagmháil leis nó léi i dteannta leis an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó leis an eintiteas, nó in ionad an tsoláthraí seirbhíse idirghabhála sonraí nó an eintitis, maidir le hoibleagáidí faoin Rialachán seo, lena n-áirítear maidir le himeachtaí forfheidhmiúcháin a thionscnamh i gcoinne soláthraí neamhchomhlíontach seirbhísí idirghabhála sonraí nó eintiteas neamhchomhlíontach nach bhfuil bunaithe san Aontas. |
CAIBIDIL II
Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí
Airteagal 12
Coinníollacha maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar
Beidh soláthar seirbhísí idirghabhála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a) | ní úsáidfidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí na sonraí a úsáid ar ina leith a sholáthraíonn sé seirbhísí idirghabhála sonraí chun críoch eile seachas chun na sonraí sin a chur ar fáil d’úsáideoirí sonraí agus soláthróidh sé seirbhísí idirghabhála sonraí trí dhuine dlítheanach ar leithligh; |
(b) | na téarmaí tráchtála, lena n-áirítear praghsáil, maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar do shealbhóir sonraí nó d’úsáideoir sonraí, ní bheidh siad ag brath ar cibé an úsáideann an sealbhóir sonraí nó úsáideoir sonraí seirbhísí eile arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí céanna nó ag eintiteas gaolmhar, agus má úsáideann, ní bheidh siad ag brath ar an méid a úsáideann an sealbhóir sonraí nó an t-úsáideoir sonraí seirbhísí eile den sórt sin; |
(c) | na sonraí a bhailítear i ndáil le gníomhaíocht ar bith de chuid duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh chun seirbhís idirghabhála sonraí a sholáthar, lena n-áirítear na sonraí maidir le dáta, am agus geoshuíomh, ré na gníomhaíochta agus naisc le daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile atá bunaithe ag an duine a úsáideann an tseirbhís idirghabhála sonraí, ní úsáidfear iad ach amháin chun an tseirbhís idirghabhála sonraí sin a fhorbairt, rud a bhféadfadh úsáid sonraí a bheith i gceist leis chun calaois a bhrath nó le haghaidh na cibearshlándála, agus cuirfear ar fáil do na sealbhóirí sonraí iad arna iarraidh sin dóibh; |
(d) | éascóidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí malartú na sonraí san fhormáid ina bhfaigheann sé iad ó ábhar sonraí nó ó shealbhóir sonraí, tiontóidh sé na sonraí i bhformáidí sonracha chun idir-inoibritheacht a fheabhsú laistigh d’earnálacha agus thar earnálacha, agus sin amháin, nó arna iarraidh sin don úsáideoir sonraí nó i gcás ina sainordófar sin i ndlí an Aontais nó chun comhchuibhiú le caighdeáin sonraí idirnáisiúnta nó Eorpacha a áirithiú agus tairgfidh sé rogha gan a bheith páirteach do na hábhair sonraí nó do shealbhóirí sonraí maidir leis na tiontuithe sin, ach amháin i gcás ina bhfuil an tiontú sainordaithe le dlí an Aontais; |
(e) | féadfar a áireamh ar na seirbhísí idirghabhála sonraí uirlisí agus seirbhísí sonracha breise a thairiscint do shealbhóirí sonraí nó d’ábhair sonraí chun críche malartú sonraí a éascú, amhail stóráil shealadach, comhiomlánú, tiontú, anaithnidiú agus bréagainmniú; ní úsáidfear na huirlisí sin ach amháin arna n-iarraidh nó arna bhformheas go sainráite ag sealbhóir sonraí nó ag ábhar sonraí agus ní dhéanfar uirlisí tríú páirtí arna dtairiscint sa chomhthéacs sin a úsáid chun críoch eile; |
(f) | áiritheoidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí go bhfuil an nós imeachta um rochtain a fháil ar a sheirbhís cothrom, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach d’ábhair sonraí agus do shealbhóirí sonraí araon, mar aon le húsáideoirí sonraí, lena n-áirítear maidir le praghsanna agus téarmaí seirbhíse; |
(g) | beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí chun cleachtais chalaoiseacha nó drochúsáide a chosc i ndáil le páirtithe atá ag lorg rochtain trína chuid seirbhísí idirghabhála sonraí; |
(h) | áiritheoidh an soláthraí seirbhíse idirghabhála sonraí, i gcás dócmhainneachta, go mbeidh leanúnachas réasúnta ann maidir le soláthar a sheirbhísí idirghabhála sonraí a áirithiú agus, i gcás ina ndéanann seirbhísí idirghabhála sonraí stóráil sonraí a áirithiú, beidh sásraí i bhfeidhm acu lena gceadófar do shealbhóirí sonraí agus d’úsáideoirí sonraí rochtain a fháil ar a gcuid sonraí, a gcuid sonraí a tharchur nó a aisghabháil agus, i gcás ina soláthraítear seirbhísí idirghabhála sonraí den sórt sin idir ábhair sonraí agus úsáideoirí sonraí, chun a chur ar chumas na n-ábhar sonraí a gcearta a fheidhmiú; |
(i) | déanfaidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí bearta réasúnta chun idir-inoibritheacht le seirbhísí eile idirghabhála sonraí a áirithiú, inter alia, trí bhíthin caighdeáin oscailte a úsáidtear go coitianta san earnáil ina n-oibríonn an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí; |
(j) | déanfaidh an soláthraí seirbhíse idirghabhála sonraí bearta teicniúla, dlíthiúla agus eagraíochtúla leormhaithe a chur i bhfeidhm chun aistriú sonraí neamhphearsanta atá neamhdhleathach faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, nó rochtain orthu, a chosc; |
(k) | déanfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí sealbhóirí sonraí a chur ar an eolas gan moill mhíchuí i gcás aistriú neamhúdaraithe, rochtain neamhúdaraithe nó úsáid neamhúdaraithe na sonraí neamhphearsanta a chomhroinn sé; |
(l) | déanfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí bearta chun leibhéal iomchuí slándála a áirithiú do stóráil, próiseáil agus tarchur sonraí neamhphearsanta, agus déanfaidh an soláthraí a áirithiú a thuilleadh go mbeidh an leibhéal slándála is airde ann do stóráil agus do tharchur faisnéise atá íogair ó thaobh iomaíochta de; |
(m) | gníomhóidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a thairgeann seirbhísí do na hábhair sonraí chun leas na n-ábhar sonraí nuair a bheidh feidhmiú a gceart á éascú aige, go háirithe trí na hábhair sonraí a chur ar an eolas agus, i gcás inarb iomchuí, trí chomhairle a chur orthu i mbealach atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus inrochtana go héasca i ndáil le húsáid sonraí atá beartaithe ag úsáideoirí sonraí agus maidir le téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha a ghabhann leis na húsáidí sin, sula dtoileoidh ábhair sonraí leis na sonraí sin; |
(n) | i gcás ina soláthróidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí uirlisí chun toiliú a fháil ó ábhair sonraí nó ceadanna chun sonraí a phróiseáil arna gcur ar fáil ag sealbhóirí sonraí, sonróidh sé, i gcás inarb ábhartha, an dlínse thríú tír ina bhfuil an úsáid sonraí beartaithe agus soláthróidh sé uirlisí do na hábhair sonraí chun toiliú a thabhairt agus a tharraingt siar araon agus do shealbhóirí sonraí maidir le ceadanna a thabhairt agus a tharraingt siar araon chun sonraí a phróiseáil; |
(o) | coinneoidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí taifead loga den ghníomhaíocht idirghabhála sonraí. |
whereas