search


keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/0868 GA cercato: ' nollaig' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index  nollaig:

    CAIBIDIL I
    Forálacha ginearálta

    CAIBIDIL II
    Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí

    CAIBIDIL III
    Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí

    CAIBIDIL IV
    Altrúchas sonraí

    CAIBIDIL V
    Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta

    CAIBIDIL VI
    An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí

    CAIBIDIL VII
    Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

    CAIBIDIL VIII
    Tarmligean agus nós imeachta coiste

    CAIBIDIL IX
    Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha


whereas  nollaig:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 123

 

Airteagal 4

Socruithe eisiacha a thoirmeasc

1.   Toirmeascfar comhaontuithe nó cleachtais eile a bhaineann le hathúsáid sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí ina bhfuil catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), comhaontuithe nó cleachtais eile a dheonaíonn cearta eisiacha nó arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh cearta eisiacha den sórt sin a dheonú nó srian a chur ar na sonraí a bheith ar fáil lena n-athúsáid ag eintitis seachas na páirtithe i gcomhaontuithe nó i gcleachtais den sórt sin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar ceart eisiach a dheonú chun na sonraí dá dtagraítear sa mhír sin a athúsáid a mhéid is gá chun seirbhís nó táirge a sholáthar ar mhaithe leis an leas ginearálta nach bhféadfaí a dheonú murach an ceart eisiach sin.

3.   Deonófar ceart eisiach dá dtagraítear i mír 2 trí ghníomh riaracháin nó trí shocrú conarthach i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus i gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe.

4.   Ní rachaidh an ré a mhairfidh ceart eisiach chun na sonraí a athúsáid níos faide ná 12 mhí. I gcás ina dtugtar conradh i gcrích, beidh ré an chonartha mar an gcéanna le ré an chirt eisiach.

5.   Maidir le ceart eisiach a dheonú de bhun mhíreanna 2, 3 agus 4, lena n-áirítear na cúiseanna ar gá ceart den sórt sin a dheonú, beidh sé trédhearcach agus cuirfear ar fáil go poiblí é ar líne, i bhfoirm a chomhlíonann dlí ábhartha an Aontais maidir le soláthar poiblí.

6.   Comhaontuithe nó cleachtais eile a thagann faoi raon feidhme an toirmisc dá dtagraítear i mír 1 nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 agus 3 agus a tugadh i gcrích roimh an 23 Meitheamh 2022, déanfar iad a fhoirceannadh ag deireadh an chonartha is infheidhme agus in aon chás faoin 24 nollaig 2024.


whereas









keyboard_arrow_down