search


keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/0868 GA cercato: '   ní' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index    ní:

    CAIBIDIL I
    Forálacha ginearálta

    CAIBIDIL II
    Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí

    CAIBIDIL III
    Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí

    CAIBIDIL IV
    Altrúchas sonraí

    CAIBIDIL V
    Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta

    CAIBIDIL VI
    An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí

    CAIBIDIL VII
    Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

    CAIBIDIL VIII
    Tarmligean agus nós imeachta coiste

    CAIBIDIL IX
    Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha


whereas    ní:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 755

 

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos an méid seo a leanas:

(a)

coinníollacha maidir le catagóirí áirithe sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí a athúsáid laistigh den Aontas;

(b)

creat um fhógra a thabhairt agus um mhaoirseacht a dhéanamh chun seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar;

(c)

creat le haghaidh chlárú deonach na n-eintiteas a bhailíonn agus a phróiseálann sonraí a chuirtear ar fáil chun críoch altrúchais; agus

(d)

creat chun Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí a bhunú.

2.   Leis an Rialachán seo, ní chruthaítear aon oibleagáid ar chomhlachtaí earnála poiblí athúsáid sonraí a cheadú, ná ní scaoiltear comhlachtaí earnála poiblí óna n-oibleagáidí rúndachta faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

Ní dochar an Rialachán seo don mhéid seo a leanas:

(a)

forálacha sonracha i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta maidir leis an rochtain ar chatagóirí áirithe sonraí nó maidir le hathúsáid catagóirí áirithe sonraí, go háirithe maidir le rochtain a dheonú ar dhoiciméid oifigiúla agus maidir lena nochtadh; agus

(b)

oibleagáidí comhlachtaí earnála poiblí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta athúsáid sonraí a cheadú nó do cheanglais a bhaineann le próiseáil sonraí neamhphearsanta.

I gcás ina gceanglaítear le dlí earnáilsonrach de chuid an Aontais nó le dlí náisiúnta earnáilsonrach ar chomhlachtaí earnála poiblí, soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí nó eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí ceanglais shonracha bhreise theicniúla, riaracháin nó eagraíochtúla a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí chóras údaraithe nó deimhniúcháin, beidh feidhm ag na forálacha sin den dlí earnáilsonrach sin de chuid an Aontais nó den dlí náisiúnta earnáilsonrach sin. Aon cheanglais shonracha bhreise den sórt sin, beidh siad neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus beidh údar oibiachtúil leo.

3.   Beidh feidhm ag dlí an Aontais agus ag an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta i leith aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i dtaca leis an Rialachán seo. Go háirithe, ní dochar an Rialachán seo do Rialacháin (AE) 2016/679 ná (AE) 2018/1725 ná do Threoracha 2002/58/CE ná (AE) 2016/680, lena n-áirítear maidir le cumhachtaí agus inniúlachtaí na n-údarás maoirseachta. I gcás ina mbeidh coimhlint ann idir an Rialachán seo agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta nó an dlí náisiúnta arna ghlacadh i gcomhréir le dlí den sórt sin de chuid an Aontais, is ag dlí ábhartha an Aontais nó ag dlí ábhartha náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta a bheidh an forlámhas. Leis an Rialachán seo, ní chruthaítear bunús dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil, ná ní dhéanann sé difear d’aon cheann de na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2016/679 nó (AE) 2018/1725 nó i dTreoracha 2002/58/CE nó (AE) 2016/680.

4.   ní dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta.

5.   ní dochar an Rialachán seo d’inniúlachtaí na mBallstát i ndáil lena ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, leis an gcosaint agus leis an tslándáil náisiúnta.

Airteagal 3

Catagóirí sonraí

1.   Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí agus atá cosanta ar na forais seo a leanas:

(a)

rúndacht tráchtála, lena n-áirítear rúin ghnó, ghairmiúla nó chuideachta;

(b)

rúndacht staidrimh;

(c)

cearta maoine intleachtúla tríú páirtithe a chosaint; nó

(d)

sonraí pearsanta a chosaint, a mhéid is go bhfuil na sonraí sin lasmuigh de raon feidhme Threoir (AE) 2019/1024.

2.   níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

sonraí atá i seilbh gnóthais phoiblí;

(b)

sonraí atá i seilbh craoltóirí seirbhíse poiblí agus a bhfochomhlachtaí, ná i seilbh comhlachtaí eile agus a bhfochomhlachtaí chun sainchúram craolacháin seirbhíse poiblí a chomhlíonadh;

(c)

sonraí atá i seilbh bunaíochtaí cultúrtha agus bunaíochtaí oideachais;

(d)

sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí atá faoi chosaint ar chúiseanna slándála poiblí, cosanta nó slándála náisiúnta; nó

(e)

sonraí a bhfuil a soláthar ina ghníomhaíocht atá lasmuigh de raon feidhme chúraimí poiblí na gcomhlachtaí earnála poiblí lena mbaineann mar a shainítear sa dlí nó i rialacha ceangailteacha eile sa Bhallstát lena mbaineann, nó d’uireasa rialacha den sórt sin, mar a shainítear i gcomhréir leis an gcleachtas riaracháin coiteann sa Bhallstát sin, ar choinníoll go bhfuil raon feidhme na gcúraimí poiblí trédhearcach agus faoi réir a athbhreithnithe.

3.   ní dochar an Chaibidil seo don mhéid seo a leanas:

(a)

dlí an Aontais ná an dlí náisiúnta ná comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtithe iontu iad an tAontas nó Ballstáit maidir le cosaint catagóirí sonraí dá dtagraítear i mír 1; agus

(b)

dlí an Aontais ná an dlí náisiúnta maidir le rochtain ar dhoiciméid.

Airteagal 4

Socruithe eisiacha a thoirmeasc

1.   Toirmeascfar comhaontuithe nó cleachtais eile a bhaineann le hathúsáid sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí ina bhfuil catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), comhaontuithe nó cleachtais eile a dheonaíonn cearta eisiacha nó arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh cearta eisiacha den sórt sin a dheonú nó srian a chur ar na sonraí a bheith ar fáil lena n-athúsáid ag eintitis seachas na páirtithe i gcomhaontuithe nó i gcleachtais den sórt sin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar ceart eisiach a dheonú chun na sonraí dá dtagraítear sa mhír sin a athúsáid a mhéid is gá chun seirbhís nó táirge a sholáthar ar mhaithe leis an leas ginearálta nach bhféadfaí a dheonú murach an ceart eisiach sin.

3.   Deonófar ceart eisiach dá dtagraítear i mír 2 trí ghníomh riaracháin nó trí shocrú conarthach i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus i gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe.

4.   ní rachaidh an ré a mhairfidh ceart eisiach chun na sonraí a athúsáid níos faide ná 12 mhí. I gcás ina dtugtar conradh i gcrích, beidh ré an chonartha mar an gcéanna le ré an chirt eisiach.

5.   Maidir le ceart eisiach a dheonú de bhun mhíreanna 2, 3 agus 4, lena n-áirítear na cúiseanna ar gá ceart den sórt sin a dheonú, beidh sé trédhearcach agus cuirfear ar fáil go poiblí é ar líne, i bhfoirm a chomhlíonann dlí ábhartha an Aontais maidir le soláthar poiblí.

6.   Comhaontuithe nó cleachtais eile a thagann faoi raon feidhme an toirmisc dá dtagraítear i mír 1 nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 agus 3 agus a tugadh i gcrích roimh an 23 Meitheamh 2022, déanfar iad a fhoirceannadh ag deireadh an chonartha is infheidhme agus in aon chás faoin 24 Nollaig 2024.

Airteagal 5

Coinníollacha maidir le hathúsáid

1.   Comhlachtaí earnála poiblí atá inniúil faoin dlí náisiúnta chun rochtain a dheonú nó a dhiúltú chun ceann amháin nó níos mó de na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a athúsáid, cuirfidh siad ar fáil go poiblí na coinníollacha maidir le hathúsáid den sórt sin a cheadú agus an nós imeachta chun an athúsáid a iarraidh tríd an bpointe faisnéise aonair dá dtagraítear in Airteagal 8. I gcás ina ndéanfaidh siad rochtain chun críoch athúsáide a dheonú nó a dhiúltú, féadfaidh na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1) cúnamh a thabhairt dóibh.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní is gá ag comhlachtaí earnála poiblí chun an tAirteagal seo a chomhlíonadh.

2.   Beidh na coinníollacha maidir le hathúsáid neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach, comhréireach agus beidh údar oibiachtúil leo maidir leis na catagóirí sonraí agus cuspóirí na hathúsáide agus cineál na sonraí a gceadaítear athúsáid ina leith. Ní bhainfear úsáid as na coinníollacha sin chun srian a chur leis an iomaíocht.

3.   Áiritheoidh comhlachtaí earnála poiblí, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, go gcaomhnófar cineál cosanta na sonraí. Féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir leis na ceanglais seo a leanas:

(a)

gan rochtain a thabhairt chun sonraí a athúsáid ach amháin i gcás ina bhfuil sé áirithithe ag an gcomhlacht earnála poiblí nó ag an gcomhlacht inniúil, tar éis iarraidh ar athúsáid:

(i)

go ndearnadh sonraí a anaithnidiú, i gcás sonraí pearsanta; agus

(ii)

go ndearnadh na sonraí sin a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh i gcás faisnéis tráchtála rúnda, lena n-áirítear rúin trádála nó inneachar atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla;

(b)

rochtain a fháil ar na sonraí agus iad a athúsáid go cianda laistigh de thimpeallacht shlán phróiseála atá á soláthar nó á rialú ag an gcomhlacht earnála poiblí;

(c)

rochtain a fháil ar na sonraí agus iad a athúsáid laistigh den áitreabh fisiciúil ina bhfuil an timpeallacht shlán phróiseála suite i gcomhréir le hardchaighdeáin slándála, ar choinníoll nach féidir cianrochtain a cheadú gan cearta agus leasanna tríú páirtithe a chur i mbaol.

4.   I gcás inar ceadaíodh athúsáid i gcomhréir le mír 3, pointí (b) agus (c), forchuirfidh na comhlachtaí earnála poiblí coinníollacha a chaomhnóidh sláine fheidhmiú na gcóras teicniúil arna n-úsáid sa timpeallacht shlán phróiseála. Forchoimeádfaidh an comhlacht earnála poiblí an ceart an próiseas, na modhanna agus aon torthaí ó phróiseáil sonraí a rinne an t-athúsáideoir a fhíorú chun sláine chosaint na sonraí a chaomhnú, agus forchoimeádfaidh sé an ceart cosc a chur ar úsáid torthaí ina bhfuil faisnéis lena gcuirtear cearta agus leasanna tríú páirtithe i mbaol. Beidh an cinneadh úsáid na dtorthaí a thoirmeasc intuigthe agus trédhearcach don athúsáideoir.

5.   Ach amháin sa chás go ndéantar foráil leis an dlí náisiúnta do choimircí sonracha maidir le hoibleagáidí rúndachta is infheidhme i ndáil le hathúsáid na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), déanfaidh an comhlacht earnála poiblí an athúsáid a bhaintear as na sonraí a sholáthraítear i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo coinníollach ar chloí an athúsáideora le hoibleagáid rúndachta lena dtoirmeasctar nochtadh aon fhaisnéise a chuirfeadh cearta agus leasanna tríú páirtithe i mbaol a d’fhéadfadh a bheith faighte ag an athúsáideoir d’ainneoin na gcoimircí a cuireadh i bhfeidhm. Toirmeascfar ar ath-úsáideoirí aon ábhar sonraí lena mbaineann na sonraí a ath-shainaithint agus déanfaidh siad bearta teicniúla agus oibríochtúla chun ath-shainaithint a chosc agus chun fógra a thabhairt don chomhlacht earnála poiblí faoi aon sárú i ndáil le sonraí ar dá dheasca a bhféadfaí na hábhair sonraí lena mbaineann a ath-shainaithint. I gcás athúsáid neamhúdaraithe sonraí neamhphearsanta, déanfaidh an t-athúsáideoir, gan mhoill, le cúnamh ón gcomhlacht earnála poiblí i gcás inarb iomchuí, na daoine dlítheanacha a bhféadfaí difear a dhéanamh dá gcearta agus dá leasanna a chur ar an eolas.

6.   I gcás nach féidir athúsáid na sonraí a cheadú i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo agus nach bhfuil aon bhunús dlí ann chun na sonraí a tharchur faoi Rialachán (AE) 2016/679, déanfaidh an comhlacht earnála poiblí a sheacht ndícheall, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, cúnamh a thabhairt d’athúsáideoirí ionchasacha toiliú den sórt sin a lorg ó ábhair sonraí nó cead a lorg ó shealbhóirí sonraí a bhféadfadh an athúsáid sin difear a dhéanamh dá gcearta agus dá leasanna, i gcás inarb indéanta sin gan ualach díréireach a chur ar an gcomhlacht earnála poiblí. I gcás ina dtugann sé cúnamh den sórt sin, féadfaidh an comhlacht earnála poiblí cúnamh a fháil ó na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1).

7.   ní cheadófar athúsáid sonraí ach amháin i gcomhréir le cearta maoine intleachtúla. An ceart atá ag déantóir bunachair sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, ní fheidhmeoidh comhlachtaí earnála poiblí é chun cosc a chur ar athúsáid sonraí nó srian a chur ar athúsáid sonraí thar na teorainneacha a leagtar síos leis an Rialachán seo.

8.   I gcás ina meastar go bhfuil na sonraí a iarradh rúnda, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta faoi rúndacht tráchtála nó staidrimh, áiritheoidh na comhlachtaí earnála poiblí nach nochtfar na sonraí rúnda de dheasca an athúsáid den sórt sin a cheadú, mura gceadaítear athúsáid den sórt sin i gcomhréir le mír 6.

9.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag athúsáideoir sonraí neamhphearsanta atá cosanta ar na forais a leagtar amach in Airteagal 3(1) a aistriú chuig tríú tír, cuirfidh sé an comhlacht earnála poiblí ar an eolas faoina bhfuil beartaithe aige na sonraí sin a aistriú agus faoin gcuspóir a bhaineann leis an aistriú sin tráth a iarrtar athúsáid sonraí den sórt sin. I gcás athúsáid i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo, déanfaidh an t-athúsáideoir, i gcás inarb iomchuí le cúnamh ón gcomhlacht earnála poiblí, an duine dlítheanach a bhféadfaí difear a dhéanamh dá chearta agus dá leasanna a chur ar an eolas faoina bhfuil beartaithe, faoin gcuspóir agus faoi na coimircí iomchuí. Ní cheadóidh an comhlacht earnála poiblí an athúsáid mura dtabharfaidh an duine dlítheanach cead an t-aistriú a dhéanamh.

10.   ní tharchuirfidh comhlachtaí earnála poiblí sonraí rúnda neamhphearsanta nó sonraí arna gcosaint le cearta maoine intleachtúla chuig athúsáideoir a bhfuil sé ar intinn aige na sonraí sin a aistriú go tríú tír seachas tír arna hainmniú i gcomhréir le mír 12 ach amháin sa chás go dtugann an t-athúsáideoir gealltanas conarthach go ndéanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir le mír 7 agus 8 a chomhlíonadh, fiú tar éis na sonraí a aistriú chuig an tríú tír; agus

(b)

glacadh le dlínse chúirteanna nó bhinsí an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht earnála poiblí tarchuir maidir le haon díospóid a bhaineann le comhlíonadh míreanna 7 agus 8.

11.   Déanfaidh comhlachtaí earnála poiblí, i gcás inarb ábhartha agus de réir mhéid a gcumas, treoir agus cúnamh a chur ar fáil d’athúsáideoirí agus iad ag comhlíonadh na n-oibleagáidí dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo.

Chun cúnamh a thabhairt do chomhlachtaí earnála poiblí agus d’athúsáideoirí, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear samhail de chlásail chonarthacha chun na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo a chomhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

12.   I gcás ina bhfuil údar leis mar gheall ar an líon suntasach iarrataí ar fud an Aontais a bhaineann le hathúsáid sonraí neamhphearsanta i dtríú tíortha sonracha, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndearbhaítear gur fíor an méid seo a leanas maidir le socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidhmithe tríú tír:

(a)

áirithítear cosaint maoine intleachtúla agus rúin trádála ar bhealach atá coibhéiseach go bunúsach leis an gcosaint a áirithítear faoi dhlí an Aontais;

(b)

tá siad á gcur i bhfeidhm agus á bhforfheidhmiú go héifeachtach; agus

(c)

tugtar leigheas breithiúnach éifeachtach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

13.   Féadfar a mheas le gníomhartha reachtaíochta sonracha de chuid an Aontais catagóirí áirithe sonraí neamhphearsanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí a bheith an-íogair chun críocha an Airteagail seo, i gcás ina bhféadfadh a n-aistriú go tríú tíortha cuspóirí beartais phoiblí an Aontais, amhail an tsábháilteacht agus an tsláinte phoiblí, a chur i mbaol, nó go bhféadfadh sé go mbeadh an riosca ann go n-ath-shainaithneofaí sonraí neamhphearsanta, anaithnidithe. I gcás ina nglactar ionstraim den sórt sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 32 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí choinníollacha speisialta a leagan síos is infheidhme maidir le sonraí den sórt sin a aistriú chuig tríú tíortha.

Beidh na coinníollacha speisialta sin bunaithe ar chineál na gcatagóirí sonraí neamhphearsanta arna sainaithint i ngníomh reachtach shonrach de chuid an Aontais agus ar na forais go measann siad go bhfuil na catagóirí sin an-íogair, agus cuirfear san áireamh na rioscaí a bhaineann le sonraí neamhphearsanta, anaithnidithe a ath-shainaithint. Beidh siad neamh-idirdhealaitheach agus teoranta don mhéid is gá chun cuspóirí beartais phoiblí an Aontais arna sainaithint sa ghníomh sin a bhaint amach, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.

Má cheanglaítear amhlaidh le gníomhartha reachtacha sonracha de chuid an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfar a áireamh sna coinníollacha speisialta sin téarmaí is infheidhme maidir le haistriú nó socruithe teicniúla i ndáil leis sin, teorainneacha maidir le sonraí a athúsáid i dtríú tíortha nó i gcatagóirí daoine atá i dteideal na sonraí sin a aistriú chuig tríú tíortha nó, i gcásanna eisceachtúla, srianta maidir le haistrithe chuig tríú tíortha.

14.   ní fhéadfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach dár deonaíodh an ceart sonraí neamhphearsanta a athúsáid na sonraí a aistriú ach chuig na tríú tíortha sin ar ina leith a bhfuil na ceanglais i míreanna 10, 12 agus 13 á gcomhlíonadh.

Airteagal 13

Údaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun na cúraimí a bhaineann leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a chur i gcrích agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi chéannacht na n-údarás inniúil sin faoin 24 Meán Fómhair 2023. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún freisin faoi aon mhodhnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar chéannacht na n-údarás inniúil sin.

2.   Comhlíonfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 26.

3.   ní dochar cumhachtaí na n-údarás inniúil le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí do chumhachtaí na n-údarás cosanta sonraí, na n-údarás iomaíochta náisiúnta, na n-údarás atá i gceannas ar chibearshlándáil agus na n-údarás earnála ábhartha eile. I gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, bunóidh na húdaráis sin comhar láidir agus malartóidh siad an fhaisnéis de réir mar is gá chun a gcúraimí a fheidhmiú maidir lesoláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí, agus beidh sé mar aidhm acu comhsheasmhacht a bhaint amach sna cinntí arna ndéanamh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm..

Airteagal 21

Ceanglais shonracha maidir le cearta agus leasanna na n-ábhar sonraí agus na sealbhóirí sonraí a choimirciú i ndáil lena sonraí

1.   Déanfaidh eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí ábhair sonraí nó sealbhóirí sonraí a chur ar an eolas ar bhealach soiléir sothuigthe, sula ndéanfar aon phróiseáil ar a gcuid sonraí, faoin méid seo a leanas:

(a)

na cuspóirí leasa ghinearálta agus, más infheidhme, an chríoch shonraithe, shainráite agus dhlisteanach dá bhfuil sonraí pearsanta le próiseáil, agus dá gceadaíonn sí d’úsáideoir sonraí a sonraí a phróiseáil;

(b)

suíomh agus cuspóirí an leasa ghinearálta dá gceadaíonn sí aon phróiseáil a dhéantar i dtríú tír, áit arb í an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí a dhéanann an phróiseáil.

2.   ní úsáidfidh an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí na sonraí le haghaidh cuspóirí eile seachas cuspóirí leasa ghinearálta a gceadaíonn an t-ábhar sonraí nó sealbhóir sonraí an phróiseáil ina leith. Ní bhainfidh an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí úsáid as cleachtais mhargaíochta mhíthreoracha chun soláthar sonraí a iarraidh.

3.   Soláthróidh an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí uirlisí chun toiliú a fháil ó ábhair sonraí nó ceadanna chun sonraí a chuireann sealbhóirí sonraí ar fáil a phróiseáil. Soláthróidh an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí freisin uirlisí chun an toiliú nó an cead sin a tharraingt siar go héasca.

4.   Déanfaidh an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí bearta chun leibhéal iomchuí slándála a áirithiú do stóráil agus próiseáil sonraí neamhphearsanta a bhailigh sé bunaithe ar altrúchas sonraí.

5.   Déanfaidh an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí sealbhóirí sonraí a chur ar an eolas gan mhoill i gcás aon aistriú neamhúdaraithe a dhéantar ar na sonraí neamhphearsanta a roinn sé, i gcás aon úsáid neamhúdaraithe a bhaintear astu nó i gcás aon rochtain neamhúdaraithe orthu.

6.   I gcás ina n-éascóidh an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí próiseáil sonraí ag tríú páirtithe, lena n-áirítear trí uirlisí a sholáthar chun toiliú a fháil ó ábhair sonraí nó ceadanna chun sonraí a chuireann sealbhóirí sonraí ar fáil a phróiseáil, sonróidh sé, i gcás inarb ábhartha, an dlínse tríú tír ina bhfuil sé beartaithe úsáid a bhaint as na sonraí.

Airteagal 26

Na ceanglais i dtaca leis na húdaráis inniúla

1.   Beidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí leithleach o thaobh an dlí de, agus beidh siad ag feidhmiú go neamhspleách ar aon soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí. Feidhmeanna na n-údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, féadfaidh an t-údarás céanna iad a dhéanamh. Féadfaidh na Ballstáit údarás nua amháin nó níos mó a bhunú chun na gcríoch sin nó dul i dtuilleamaí eintitis atá ann cheana.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a gcuid cúraimí a fheidhmiú ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach, comhsheasmhach, iontaofa agus tráthúil. I gcás ina bhfeidhmeoidh siad a gcúraimí, déanfaidh siad iomaíocht chóir agus neamh-idirdhealú a choimirciú.

3.   Maidir leis an ardbhainistíocht agus an pearsanra atá freagrach as cúraimí ábhartha na n-údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a dhéanamh, ní bheidh siad ina ndearthóir, ina monaróir, ina soláthraí, ina suiteálaí, ina gceannaitheoir, ina n-úinéir, ina n-úsáideoir ná ina gcothabhálaí ar na seirbhísí a ndéanann siad meastóireacht orthu, ná ina n-ionadaí údaraithe thar ceann aon cheann de na páirtithe sin. Ní chuirfidh sé sin cosc ar úsáid a bhaint as seirbhísí a bhfuil meastóireacht déanta orthu, seirbhísí is gá chun oibríochtaí an údaráis inniúil inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí nó úsáid a bhaint as seirbhísí den sórt sin chun críoch pearsanta.

4.   ní bheidh ardbhainistíocht ná pearsanra na n-údarás inniúil inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mbun aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le neamhspleáchas a mbreithiúnais nó a n-ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí meastóireachta a shanntar dóibh.

5.   Beidh fáil ag na húdaráis inniúla inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí ar na hacmhainní airgeadais agus ar na daon-acmhainní leordhóthanacha chun na cúraimí a shanntar dóibh a chur i gcrích, lena n-áirítear an t-eolas teicniúil agus na hacmhainní is gá.

6.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mBallstáit an fhaisnéis don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí ó Bhallstáit eile, arna hiarraidh sin go réasúnaithe agus gan mhoill, an fhaisnéis is gá chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. I gcás ina measfaidh údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí nó údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí gur faisnéis rúnda an fhaisnéis a iarrtar i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta maidir le rúndacht tráchtála agus ghairmiúil, déanfaidh an Coimisiún agus aon údarás inniúil eile lena mbaineann le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí nó aon údarás eile lena mbaineann atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí an rúndacht sin a áirithiú.

Airteagal 32

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(13) agus Airteagal 22(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó 23 Meitheamh 2022.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(13) agus in Airteagal 22(1) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(13) nó Airteagal 22(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear trí mhí bhreise leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.


whereas









keyboard_arrow_down