search


keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/0868 GA cercato: '   an' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index    an:

    CAIBIDIL I
    Forálacha ginearálta

    CAIBIDIL II
    Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí

    CAIBIDIL III
    Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí

    CAIBIDIL IV
    Altrúchas sonraí

    CAIBIDIL V
    Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta

    CAIBIDIL VI
    An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí

    CAIBIDIL VII
    Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

    CAIBIDIL VIII
    Tarmligean agus nós imeachta coiste

    CAIBIDIL IX
    Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha


whereas    an:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 213

 

Airteagal 27

Ceart chun gearán a dhéanamh

1.   Beidh sé de cheart ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha gearán i ndáil le haon ábhar a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a thaisceadh, ar bhonn aonair, i gcás inarb ábhartha, nó ar bhonn comhchoiteann, leis an údarás inniúil ábhartha le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí i gcoinne soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó leis an údarás ábhartha atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i gcoinne eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí.

2.   an t-údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a ndearnadh an gearán leis, cuirfidh sé an gearánach ar an eolas faoin méid seo a leanas

(a)

dul chun cinn na n-imeachtaí agus an cinneadh a rinneadh; agus

(b)

na leigheasanna breithiúnacha dá bhforáiltear in Airteagal 28.

Airteagal 31

Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

1.   Déanfaidh an comhlacht earnála poiblí, an duine nádúrtha nó dlítheanach dár deonaíodh an ceart sonraí a athúsáid faoi Chaibidil II, an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí gach beart réasúnta teicniúil, dlíthiúil agus eagraíochtúil, lena n-áirítear socruithe conarthacha, chun aistriú idirnáisiúnta sonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas nó rochtain rialtais orthu a chosc i gcás ina mbeadh an t-aistriú nó an rochtain sin ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, gan dochar do mhír 2 ná 3.

2.   Aon chinneadh nó breithiúnas ó chúirt nó ó bhinse tríú tír agus aon chinneadh ó údarás riaracháin tríú tír lena gceanglaítear ar chomhlacht earnála poiblí, duine nádúrtha nó dlítheanach dár deonaíodh an ceart chun sonraí a athúsáid faoi Chaibidil II, soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí sonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas a aistriú nó rochtain a thabhairt orthu faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ní dhéanfar iad a aithint ná a fhorfheidhmiú ar chaoi ar bith ach amháin má tá siad bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh um chúnamh dlíthiúil frithpháirteach, atá i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an tAontas nó aon chomhaontú den sórt sin idir an tríú tír iarrthach agus Ballstát.

3.   In éagmais comhaontú idirnáisiúnta amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcás inarb é comhlacht earnála poiblí, duine nádúrtha nó dlítheanach dár deonaíodh an ceart sonraí a athúsáid faoi Chaibidil II, soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó eagraíocht aitheanta altrúchais seolaí cinnidh nó breithiúnais ó chúirt nó binse tríú tír nó cinnidh ó údarás riaracháin tríú tír maidir le sonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas a astriú nó rochtain a thabhairt orthu faoi raon feidhme an Rialacháin agus i gcás ina bhfuil an baol ann go mbeadh an seolaí ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha de bharr chomhlíonadh an chinnidh sin, ní dhéanfar na sonraí sin a aistriú chuig an údarás tríú tír sin ná ní bheidh rochtain ag an údarás tríú tír sin orthu ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

ceanglaítear leis an gcóras tríú tír go leagfar amach cúiseanna agus comhréireacht an chinnidh nó an bhreithiúnais sin, agus go gceanglaítear leis gur de chineál sonrach an cinneadh nó an breithiúnas sin, mar shampla trí nasc leordhóthanach a bhunú le daoine áirithe a bhfuil amhras fúthu nó trí sháruithe áirithe;

(b)

tá agóid réasúnaithe an tseolaí faoi réir athbhreithniú ag cúirt inniúil tríú tír nó ag binse inniúil tríú tír; agus

(c)

tugtar de chumhacht don chúirt inniúil tríú tír nó don bhinse inniúil tríú tír a eisíonn an cinneadh nó an breithiúnas nó a dhéanann athbhreithniú ar chinneadh údaráis riaracháin, faoi dhlí an tríú tír sin, aird chuí a thabhairt ar leasanna ábhartha dlí sholáthraí na sonraí a chosnaítear faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha.

4.   Má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 nó 3, déanfaidh an comhlacht earnála poiblí, an duine nádúrtha nó dlítheanach dár deonaíodh an ceart sonraí a athúsáid faoi Chaibidil II, an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí an t-íosmhéid sonraí is ceadmhach mar fhreagra ar iarraidh a sholáthar, bunaithe ar léirmhíniú réasúnta ar an iarraidh.

5.   an comhlacht earnála poiblí, an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach dár deonaíodh an ceart sonraí a athúsáid faoi Chaibidil II, an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí agus an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí, cuirfidh siad an sealbhóir sonraí ar an eolas faoi iarraidh ó údarás riaracháin tríú tír ar rochtain a fháil ar a chuid sonraí sula gcomhlíonfaidh siad an iarraidh sin, seachas i gcás ina bhfónann an iarraidh sin chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus chomh fada is gá sin chun éifeachtacht ghníomhaíocht fhorfheidhmiú an dlí a chaomhnú.

CAIBIDIL VIII

Tarmligean agus nós imeachta coiste


whereas









keyboard_arrow_down