search


keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/0868 GA Art. 4 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 123

 

Airteagal 4

Socruithe eisiacha a thoirmeasc

1.   Toirmeascfar comhaontuithecleachtais eile a bhaineann le hathúsáid sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí ina bhfuil catagóirí sonraídtagraítear in Airteagal 3(1), comhaontuithecleachtais eile a dheonaíonn cearta eisiacha nó arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh cearta eisiacha den sórt sin a dheonú nó srian a chur ar na sonraí a bheith ar fáil lena n-athúsáid ag eintitis seachas na páirtithe i gcomhaontuithe nó i gcleachtais den sórt sin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar ceart eisiach a dheonú chun na sonraídtagraítear sa mhír sin a athúsáid a mhéid is gá chun seirbhís nó táirge a sholáthar ar mhaithe leis an leas ginearálta nach bhféadfaí a dheonú murach an ceart eisiach sin.

3.   Deonófar ceart eisiachdtagraítear i mír 2 trí ghníomh riaracháin nó trí shocrú conarthach i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus i gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe.

4.   Ní rachaidh an ré a mhairfidh ceart eisiach chun na sonraí a athúsáid níos faide ná 12 mhí. I gcás ina dtugtar conradh i gcrích, beidh ré an chonartha mar an gcéanna le ré an chirt eisiach.

5.   Maidir le ceart eisiach a dheonú de bhun mhíreanna 2, 3 agus 4, lena n-áirítear na cúiseanna ar gá ceart den sórt sin a dheonú, beidhtrédhearcach agus cuirfear ar fáil go poiblí é ar líne, i bhfoirm a chomhlíonann dlí ábhartha an Aontais maidir le soláthar poiblí.

6.   Comhaontuithe nó cleachtais eile a thagann faoi raon feidhme an toirmisc dá dtagraítear i mír 1 nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 agus 3 agus a tugadh i gcrích roimh an 23 Meitheamh 2022, déanfar iad a fhoirceannadh ag deireadh an chonartha is infheidhme agus in aon chás faoin 24 Nollaig 2024.


whereas









keyboard_arrow_down