keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 3 Airteagal 2 Sainmhínithe
- 1 Airteagal 3 Catagóirí sonraí
- 1 Airteagal 6 Táillí
- 1 Airteagal 8 Pointí faisnéise aonair
- 1 Airteagal 34 Pionóis
- 4 Airteagal 36 Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1724
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
CAIBIDIL II
Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí
CAIBIDIL III
Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí
CAIBIDIL IV
Altrúchas sonraí
CAIBIDIL V
Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta
CAIBIDIL VI
An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí
CAIBIDIL VII
Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta
CAIBIDIL VIII
Tarmligean agus nós imeachta coiste
CAIBIDIL IX
Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha
- sonraí 115
- agus 82
- chun 28
- poiblí 26
- leis 26
- comhlachtaí 23
- airteagal 23
- atá 23
- maidir 22
- ciallaíonn 21
- earnála 21
- faoi 21
- lena 20
- seirbhísí 18
- dlí 18
- idirghabhála 15
- deimhniú 14
- siad 14
- bhfuil 13
- faisnéise 13
- fáil 12
- náisiúnta 11
- rialachán 11
- pearsanta 11
- n-áirítear 11
- aonair 11
- gcás 10
- eile 10
- duine 10
- seilbh 9
- imeachta 9
- ghnó 9
- fógra 9
- rialacha 8
- nádúrtha 8
- slándála 8
- ballstáit 8
- thabhairt 8
- chlárú 8
- athúsáid 8
- altrúchais 8
- bhaineann 8
- úsáid 8
- nósanna 8
- tráchtála 8
- trí 8
- dtagraítear 8
- eagraíocht 7
- aontas 7
- bhunú 7
Airteagal 36
Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1724
Sa tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála “Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh”:
Imeachtaí saoil | Nósanna imeachta | Aschur ionchasach faoi réir measúnú ar an iarratas ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás inarb ábhartha |
Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh | Fógra faoi ghníomhaíocht ghnó, cead ar ghníomhaíochta gnó a fheidhmiú, athruithe ar ghníomhaíocht ghnó agus foirceannadh gníomhaíocht ghnó nach mbaineann le nósanna imeachta dócmhainneachta nó leachtaithe, cé is moite den chéad uair a chláraítear gníomhaíocht ghnó leis an gclár gnó agus, cé is moite de na nósanna imeachta a bhaineann le bunú cuideachtaí nó gnólachtaí nó aon chomhdú ina dhiaidh sin ag cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 54 CFAE. | Deimhniú ar fháil an fhógra nó an athraithe, nó na hiarrata ar chead gníomhaíochta gnó |
| Fostóir (duine nádúrtha) a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais | Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh |
Fostaithe a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais | Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh | |
Dearbhú cánach corparáide a thíolacadh | Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú | |
Fógra a thabhairt do na scéimeanna slándála sóisialta faoi dheireadh conartha le fostaí, cé is moite de nósanna imeachta chun conarthaí fostaithe a fhoirceannadh go comhchoiteann | Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú | |
Ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe a íoc | Admháil nó foirm eile deimhnithe gur íocadh ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe | |
Fógra a thabhairt faoi sholáthraí seirbhísí idirghabhála sonraí | Deimhniú go bhfuarthas an t-iarratas | |
Clárú mar eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas | Deimhniú an chlárúcháin |
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) | ciallaíonn “sonraí” aon léiriú digiteach ar ghníomhartha, ar fhíricí nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, fíricí nó faisnéis den sórt sin, lena n-áirítear i bhfoirm taifead fuaime, físe nó closamhairc; |
(2) | ciallaíonn “athúsáid” an úsáid a bhaineann daoine nádúrtha nó dlítheanacha as sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí, chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála seachas an cuspóir tosaigh a bhí ann laistigh den chúram phoiblí ar táirgeadh na sonraí chuige, diomaite den mhalartú sonraí idir comhlachtaí earnála poiblí chun a gcúraimí poiblí a shaothrú agus chuige sin amháin; |
(3) | ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679; |
(4) | ciallaíonn “sonraí neamhphearsanta” sonraí seachas sonraí pearsanta; |
(5) | ciallaíonn “toiliú” toiliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Rialachán (AE) 2016/679; |
(6) | ciallaíonn “cead” an ceart a thabhairt d’úsáideoirí sonraí chun sonraí neamhphearsanta a phróiseáil; |
(7) | ciallaíonn “ábhar sonraí” ábhar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679; |
(8) | ciallaíonn “sealbhóir sonraí” duine dlítheanach, lena n-áirítear comhlachtaí earnála poiblí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, nó duine nádúrtha nach ábhar sonraí i ndáil leis na sonraí sonracha atá i gceist, a bhfuil sé de cheart ag an duine sin, i gcomhréir le dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, rochtain a thabhairt ar shonraí pearsanta áirithe nó sonraí neamhphearsanta áirithe nó iad a chomhroinnt; |
(9) | ciallaíonn “úsáideoir sonraí” duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil rochtain dhleathach ar shonraí áirithe pearsanta nó neamhphearsanta agus ag a bhfuil sé de cheart, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) 2016/679 i gcás sonraí pearsanta, na sonraí sin a úsáid chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála; |
(10) | ciallaíonn “comhroinnt sonraí” sonraí a bheith á soláthar ag ábhar sonraí nó sealbhóir sonraí d’úsáideoir sonraí chun úsáid chomhpháirteach nó úsáid indibhidiúil a bhaint as na sonraí sin, bunaithe ar chomhaontuithe deonacha nó ar dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, go díreach nó trí idirghabhálaí, mar shampla faoi cheadúnais oscailte nó tráchtála atá faoi réir táille nó atá saor in aisce; |
(11) | ciallaíonn “seirbhís idirghabhála sonraí” seirbhís arb é is aidhm di caidrimh thráchtála a bhunú chun críoch comhroinnte sonraí idir líon neamhchinntithe ábhar sonraí agus sealbhóirí sonraí ar thaobh amháin agus úsáideoirí sonraí ar an taobh eile, trí mhodhanna teicniúla, dlíthiúla nó eile, lena n-áirítear chun cearta ábhar sonraí a fheidhmiú i ndáil le sonraí pearsanta, seachas an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(12) | ciallaíonn “próiseáil” próiseáil mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le sonraí pearsanta nó mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Rialachán (AE) 2018/1807 maidir le sonraí neamhphearsanta; |
(13) | ciallaíonn “rochtain” úsáid sonraí, i gcomhréir le ceanglais shonracha theicniúla, dhlíthiúla nó eagraíochtúla, agus ní gá go dtuigfí as sin tarchur ná íoslódáil na sonraí; |
(14) | ciallaíonn “príomhbhunaíocht” duine dlítheanaigh áit a riaracháin lárnaigh san Aontas; |
(15) | ciallaíonn “seirbhísí comharchumann sonraí” seirbhísí idirghabhála sonraí a thairgeann struchtúr eagraíochtúil atá comhdhéanta d’ábhair sonraí, gnóthais aon duine amháin nó FBManna ar comhaltaí den struchtúr sin iad, a bhfuil sé ina phríomhchuspóirí aige tacú lena chomhaltaí agus a gcearta á bhfeidhmiú acu maidir le sonraí áirithe, lena n-áirítear i ndáil le roghanna eolasacha a dhéanamh sula dtoilíonn siad do phróiseáil sonraí, tuairimí a mhalartú maidir le cuspóirí agus coinníollacha próiseála sonraí is fearr a dhéanfadh ionadaíocht do leas a chomhaltaí maidir lena sonraí, agus téarmaí agus coinníollacha a chaibidliú maidir le próiseáil sonraí thar ceann a chomhaltaí sula dtabharfaidh siad cead sonraí neamhphearsanta a phróiseáil nó sula dtoileoidh siad do phróiseáil a gcuid sonraí pearsanta; |
(16) | ciallaíonn “altrúchas sonraí” comhroinnt dheonach sonraí ar bhonn thoiliú na n-ábhar sonraí sonraí pearsanta a bhaineann leo a phróiseáil, nó ceadanna ó shealbhóirí sonraí a sonraí neamhphearsanta a úsáid gan luaíocht a lorg nó a fháil, luaíocht a théann thar chúiteamh a bhaineann leis na costais a thabhaíonn siad i gcás ina gcuireann siad a gcuid sonraí ar fáil le haghaidh cuspóirí leasa ghinearálta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, amhail cúram sláinte, an t-athrú aeráide a chomhrac, an tsoghluaisteacht a fheabhsú, forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh oifigiúil a éascú, soláthar seirbhísí poiblí a fheabhsú, ceapadh beartas poiblí nó chun críoch taighde eolaíoch ar mhaithe leis an leas ginearálta; |
(17) | ciallaíonn “comhlacht earnála poiblí” an Stát, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachais arna bhfoirmiú ag údarás amháin nó níos mó den sórt sin, nó comhlacht amháin nó níos mó den sórt sin faoi rialú an dlí phoiblí; |
(18) | ciallaíonn “comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí” comhlachtaí ag a bhfuil na tréithe seo a leanas:
|
(19) | ciallaíonn “gnóthas poiblí” aon ghnóthas a bhféadfaidh na comhlachtaí earnála poiblí tionchar ceannasach a imirt go díreach nó go hindíreach air de bhua a n-úinéireachta air, a rannpháirteachais airgeadais ann, nó na rialacha lena rialaítear é; chun críocha an tsainmhínithe seo, measfar go bhfuil tionchar ceannasach á imirt ag na comhlachtaí earnála poiblí in aon cheann de na cásanna inar fíor an méid seo a leanas maidir leis na comhlachtaí sin, go díreach nó go hindíreach:
|
(20) | ciallaíonn “timpeallacht shlán phróiseála” an timpeallacht fhisiceach nó fhíorúil agus na modhanna eagraíochtúla chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais, amhail Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe maidir le cearta ábhar sonraí, cearta maoine intleachtúla agus rúndacht tráchtála agus staidrimh, sláine agus inrochtaineacht, agus go gcomhlíonfar an dlí náisiúnta is infheidhme, agus chun a cheadú don eintiteas a sholáthraíonn an timpeallacht shlán phróiseála na gníomhaíochtaí próiseála sonraí uile a chinneadh agus a mhaoirsiú, lena n-áirítear sonraí a thaispeáint, a stóráil, a íoslódáil agus a onnmhairiú agus sonraí díorthacha a ríomh trí algartaim ríomhaireachtúla; |
(21) | ciallaíonn “ionadaí dlíthiúil” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a ainmnítear go sainráite chun gníomhú thar ceann soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó eintiteas nach bhfuil bunaithe san Aontas a bhailíonn sonraí chun cuspóirí leasa ghinearálta a chuireann daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar fáil ar bhonn altrúchas sonraí, ar duine nádúrtha nó dlítheanach é nó í a bhféadfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí dul i dteagmháil leis nó léi i dteannta leis an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó leis an eintiteas, nó in ionad an tsoláthraí seirbhíse idirghabhála sonraí nó an eintitis, maidir le hoibleagáidí faoin Rialachán seo, lena n-áirítear maidir le himeachtaí forfheidhmiúcháin a thionscnamh i gcoinne soláthraí neamhchomhlíontach seirbhísí idirghabhála sonraí nó eintiteas neamhchomhlíontach nach bhfuil bunaithe san Aontas. |
CAIBIDIL II
Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí
Airteagal 3
Catagóirí sonraí
1. Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí agus atá cosanta ar na forais seo a leanas:
(a) | rúndacht tráchtála, lena n-áirítear rúin ghnó, ghairmiúla nó chuideachta; |
(b) | rúndacht staidrimh; |
(c) | cearta maoine intleachtúla tríú páirtithe a chosaint; nó |
(d) | sonraí pearsanta a chosaint, a mhéid is go bhfuil na sonraí sin lasmuigh de raon feidhme Threoir (AE) 2019/1024. |
2. Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a) | sonraí atá i seilbh gnóthais phoiblí; |
(b) | sonraí atá i seilbh craoltóirí seirbhíse poiblí agus a bhfochomhlachtaí, ná i seilbh comhlachtaí eile agus a bhfochomhlachtaí chun sainchúram craolacháin seirbhíse poiblí a chomhlíonadh; |
(c) | sonraí atá i seilbh bunaíochtaí cultúrtha agus bunaíochtaí oideachais; |
(d) | sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí atá faoi chosaint ar chúiseanna slándála poiblí, cosanta nó slándála náisiúnta; nó |
(e) | sonraí a bhfuil a soláthar ina ghníomhaíocht atá lasmuigh de raon feidhme chúraimí poiblí na gcomhlachtaí earnála poiblí lena mbaineann mar a shainítear sa dlí nó i rialacha ceangailteacha eile sa Bhallstát lena mbaineann, nó d’uireasa rialacha den sórt sin, mar a shainítear i gcomhréir leis an gcleachtas riaracháin coiteann sa Bhallstát sin, ar choinníoll go bhfuil raon feidhme na gcúraimí poiblí trédhearcach agus faoi réir a athbhreithnithe. |
3. Ní dochar an Chaibidil seo don mhéid seo a leanas:
(a) | dlí an Aontais ná an dlí náisiúnta ná comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtithe iontu iad an tAontas nó Ballstáit maidir le cosaint catagóirí sonraí dá dtagraítear i mír 1; agus |
(b) | dlí an Aontais ná an dlí náisiúnta maidir le rochtain ar dhoiciméid. |
Airteagal 6
Táillí
1. Féadfaidh comhlachtaí earnála poiblí a cheadaíonn athúsáid na gcatagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) táillí a ghearradh as athúsáid sonraí den sórt sin a cheadú.
2. Beidh aon táillí a ghearrtar de bhun mhír 1 trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, comhréireach agus beidh údar oibiachtúil leo agus ní chuirfidh siad srian le hiomaíocht.
3. Áiritheoidh comhlachtaí earnála poiblí gur féidir aon táille a íoc ar líne chomh maith trí sheirbhísí íocaíochta trasteorann a bheidh ar fáil go forleathan, gan idirdhealú bunaithe ar áit bhunaíochta an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta trasteorann, ar áit eisiúna na hionstraime íocaíochta nó ar shuíomh an chuntais íocaíochta laistigh den Aontas.
4. I gcás ina ngearrann comhlachtaí earnála poiblí táillí, déanfaidh siad bearta chun dreasachtaí a chur ar fáil d’athúsáid na gcatagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) chun críoch neamhthráchtála, amhail chun críoch taighde eolaíochta, agus d’athúsáid na gcatagóirí sonraí sin ag micrifhiontair, ag FBManna agus ag gnólachtaí nuathionscanta i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an Státchabhair. I dtaca leis sin, féadfaidh comhlachtaí earnála poiblí na sonraí a chur ar fáil freisin ar tháille lascainithe nó saor in aisce, go háirithe do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, don tsochaí shibhialta agus do bhunaíochtaí. Chuige sin, féadfaidh comhlachtaí earnála poiblí liosta a bhunú de chatagóirí athúsáideoirí dá gcuirtear sonraí ar fáil lena n-athúsáid ar tháille lascainithe nó saor in aisce. Poibleofar an liosta sin, mar aon leis na critéir a úsáidfear chun é a bhunú.
5. Déanfar aon táillí a dhíorthú ó na costais a bhaineann leis an nós imeachta le haghaidh iarrataí ar athúsáid na gcatagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a sheoladh agus beidh siad teoranta do na costais is gá a thabhaítear i ndáil leis an méid seo a leanas:
(a) | atáirgeadh, soláthar agus scaipeadh sonraí; |
(b) | imréiteach ceart; |
(c) | anaithnidiú sonraí pearsanta agus sonraí rúnda tráchtála, nó foirmeacha eile chun iad a ullmhú, dá bhforáiltear in Airteagal 5(3); |
(d) | an timpeallacht shlán phróiseála a chothabháil; |
(e) | an ceart a fháil athúsáid a cheadú i gcomhréir leis an gCaibidil seo ag tríú páirtithe lasmuigh den earnáil phoiblí; agus |
(f) | cúnamh a thabhairt d’athúsáideoirí agus toiliú na n-ábhar sonraí agus cead na sealbhóirí sonraí á lorg acu a bhféadfadh athúsáid den sórt sin difear a dhéanamh dá gcearta agus dá leasanna. |
6. Na critéir agus an mhodheolaíocht chun táillí a ríomh, leagfaidh na Ballstáit síos iad agus foilseofar iad. Foilseoidh an comhlacht earnála poiblí tuairisc ar na príomhchatagóirí costas agus ar na rialacha a úsáidtear chun na costais a leithdháileadh.
Airteagal 8
Pointí faisnéise aonair
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagail 5 agus 6 ar fáil agus go mbeidh rochtain éasca uirthi trí phointe faisnéise aonair. Déanfaidh na Ballstáit eagraíocht nua a bhunú nó struchtúr nó eagraíocht atá ann cheana a ainmniú mar phointe faisnéise aonair. Féadfar an pointe faisnéise aonair a bheith nasctha le pointí faisnéise earnála, réigiúnacha nó áitiúla. Féadfar feidhmeanna an phointe faisnéise aonair a uathoibriú ar choinníoll go n-áirithíonn an comhlacht earnála poiblí tacaíocht leordhóthanach..
2. Beidh an pointe faisnéise aonair inniúil ar fiosrúcháin nó iarrataí ar athúsáid na gcatagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a fháil agus tarchuirfidh sé iad, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí trí mhodh uathoibrithe, chuig na comhlachtaí inniúla earnála poiblí, nó chuig na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1), i gcás inarb ábhartha. Leis an bpointe faisnéise aonair, cuirfear ar fáil go leictreonach liosta sócmhainní inchuardaithe ina mbeidh forléargas ar na hacmhainní sonraí uile atá ar fáil, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, na hacmhainní sonraí sin atá ar fáil ag pointí faisnéise earnála, réigiúnacha nó áitiúla, ina mbeidh faisnéis ábhartha ag cur síos ar na sonraí atá ar fáil, lena n-áirítear ar a laghad formáid agus méid na sonraí agus na coinníollacha lena n-athúsáid.
3. Féadfaidh an pointe faisnéise aonair cainéal faisnéise ar leithligh, simplithe agus dea-dhoiciméadaithe a bhunú do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, agus aghaidh á tabhairt ar a gcuid riachtanas agus ar a gcumais agus iad ag iarraidh go ndéanfaí na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a athúsáid.
4. Bunóidh an Coimisiún pointe rochtana aonair Eorpach ina mbeidh clár leictreonach inchuardaithe sonraí ar fáil sna pointí faisnéise aonair náisiúnta chomh maith le faisnéis bhreise faoin gcaoi ar féidir sonraí a iarraidh trí na pointí faisnéise aonair náisiúnta sin.
Airteagal 34
Pionóis
1. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a bhaineann le haistrithe sonraí neamhphearsanta chuig tríú tíortha de bhun Airteagal 5(14) agus Airteagal 31, an oibleagáid atá ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí fógra a thabhairt de bhun Airteagal 11, na coinníollacha maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar de bhun Airteagal 12, agus na coinníollacha maidir le clárú mar eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí de bhun Airteagail 18, 20, 21 agus 22 agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ina rialacha maidir le pionóis, cuirfidh na Ballstáit san áireamh moltaí an Bhoird Eorpaigh um Nuálaíocht Sonraí. Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 24 Meán Fómhair 2023, fógra i dtaobh na rialacha agus na mbeart sin don Choimisiún agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
2. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh na critéir neamh-uileghabhálacha agus táscacha seo a leanas maidir le pionóis a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí agus ar eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí as sáruithe ar an Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí:
(a) | cineál, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe; |
(b) | aon ghníomhaíocht arna déanamh ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó ag an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí chun an damáiste arb é an sárú ba chúis leis a mhaolú nó a leigheas; |
(c) | aon sáruithe a rinne an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí roimhe sin; |
(d) | na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó na heagraíochta aitheanta altrúchais sonraí nó na caillteanais a sheachain siad mar gheall ar an sárú, a mhéid is féidir tairbhí nó caillteanais den sórt sin a shuíomh go hiontaofa; |
(e) | aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis. |
Airteagal 36
Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1724
Sa tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála “Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh”:
Imeachtaí saoil | Nósanna imeachta | Aschur ionchasach faoi réir measúnú ar an iarratas ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás inarb ábhartha |
Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh | Fógra faoi ghníomhaíocht ghnó, cead ar ghníomhaíochta gnó a fheidhmiú, athruithe ar ghníomhaíocht ghnó agus foirceannadh gníomhaíocht ghnó nach mbaineann le nósanna imeachta dócmhainneachta nó leachtaithe, cé is moite den chéad uair a chláraítear gníomhaíocht ghnó leis an gclár gnó agus, cé is moite de na nósanna imeachta a bhaineann le bunú cuideachtaí nó gnólachtaí nó aon chomhdú ina dhiaidh sin ag cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 54 CFAE. | Deimhniú ar fháil an fhógra nó an athraithe, nó na hiarrata ar chead gníomhaíochta gnó |
| Fostóir (duine nádúrtha) a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais | Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh |
Fostaithe a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais | Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh | |
Dearbhú cánach corparáide a thíolacadh | Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú | |
Fógra a thabhairt do na scéimeanna slándála sóisialta faoi dheireadh conartha le fostaí, cé is moite de nósanna imeachta chun conarthaí fostaithe a fhoirceannadh go comhchoiteann | Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú | |
Ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe a íoc | Admháil nó foirm eile deimhnithe gur íocadh ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe | |
Fógra a thabhairt faoi sholáthraí seirbhísí idirghabhála sonraí | Deimhniú go bhfuarthas an t-iarratas | |
Clárú mar eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas | Deimhniú an chlárúcháin |
whereas