search


keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/0868 GA Art. 3 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 95

 

Airteagal 3

Catagóirí sonraí

1.   Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí agus atá cosanta ar na forais seo a leanas:

(a)

rúndacht tráchtála, lena n-áirítear rúin ghnó, ghairmiúla nó chuideachta;

(b)

rúndacht staidrimh;

(c)

cearta maoine intleachtúla tríú páirtithe a chosaint; nó

(d)

sonraí pearsanta a chosaint, a mhéid is go bhfuil na sonraí sin lasmuigh de raon feidhme Threoir (AE) 2019/1024.

2.   Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

sonraí atá i seilbh gnóthais phoiblí;

(b)

sonraí atá i seilbh craoltóirí seirbhíse poiblí agus a bhfochomhlachtaí, ná i seilbh comhlachtaí eile agus a bhfochomhlachtaí chun sainchúram craolacháin seirbhíse poiblí a chomhlíonadh;

(c)

sonraí atá i seilbh bunaíochtaí cultúrtha agus bunaíochtaí oideachais;

(d)

sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí atá faoi chosaint ar chúiseanna slándála poiblí, cosantaslándála náisiúnta; nó

(e)

sonraí a bhfuil a soláthar ina ghníomhaíocht atá lasmuigh de raon feidhme chúraimí poiblí na gcomhlachtaí earnála poiblí lena mbaineann mar a shainítear sa dlí nó i rialacha ceangailteacha eile sa Bhallstát lena mbaineann, nó d’uireasa rialacha den sórt sin, mar a shainítear i gcomhréir leis an gcleachtas riaracháin coiteann sa Bhallstát sin, ar choinníoll go bhfuil raon feidhme na gcúraimí poiblí trédhearcach agus faoi réir a athbhreithnithe.

3.   Ní dochar an Chaibidil seo don mhéid seo a leanas:

(a)

dlí an Aontais ná an dlí náisiúnta ná comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtithe iontu iad an tAontas nó Ballstáit maidir le cosaint catagóirí sonraídtagraítear i mír 1; agus

(b)

dlí an Aontais ná an dlí náisiúnta maidir le rochtain ar dhoiciméid.


whereas









keyboard_arrow_down