keyboard_tab Digital Governance Act 2022/0868 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
- 4 Airteagal 2 Sainmhínithe
- 1 Airteagal 12 Coinníollacha maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar
- 1 Airteagal 17 Cláir phoiblí d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí
- 1 Airteagal 18 Ceanglais ghinearálta maidir le clárúchán
- 16 Airteagal 19 Clár d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
CAIBIDIL II
Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí
CAIBIDIL III
Ceanglais atá infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí
CAIBIDIL IV
Altrúchas sonraí
CAIBIDIL V
Údaráis inniúla agus forálacha nós imeachta
CAIBIDIL VI
An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí
CAIBIDIL VII
Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta
CAIBIDIL VIII
Tarmligean agus nós imeachta coiste
CAIBIDIL IX
Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha
- sonraí 288
- agus 120
- idirghabhála 67
- chun 67
- seirbhísí 65
- maidir 45
- atá 33
- soláthraí 33
- leis 31
- dlí 31
- altrúchais 31
- gcás 29
- poiblí 29
- náisiúnta 26
- lena 26
- bhfuil 26
- faoi 23
- arna 22
- aontais 22
- airteagal 21
- ciallaíonn 21
- eile 19
- úsáid 19
- aitheanta 18
- áirithiú 17
- rialachán 17
- eintiteas 17
- n-áirítear 17
- comhlachtaí 16
- pearsanta 16
- chur 16
- trí 16
- amháin 15
- duine 14
- d’eagraíochtaí 14
- rochtain 14
- siad 14
- beidh 14
- neamhphearsanta 13
- earnála 13
- eagraíochtaí 12
- sórt 12
- shealbhóirí 12
- déanfaidh 12
- chuid 11
- phróiseáil 11
- críoch 11
- úsáideann 10
- nádúrtha 10
- ndáil 10
Airteagal 12
Coinníollacha maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar
Beidh soláthar seirbhísí idirghabhála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a) | ní úsáidfidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí na sonraí a úsáid ar ina leith a sholáthraíonn sé seirbhísí idirghabhála sonraí chun críoch eile seachas chun na sonraí sin a chur ar fáil d’úsáideoirí sonraí agus soláthróidh sé seirbhísí idirghabhála sonraí trí dhuine dlítheanach ar leithligh; |
(b) | na téarmaí tráchtála, lena n-áirítear praghsáil, maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar do shealbhóir sonraí nó d’úsáideoir sonraí, ní bheidh siad ag brath ar cibé an úsáideann an sealbhóir sonraí nó úsáideoir sonraí seirbhísí eile arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí céanna nó ag eintiteas gaolmhar, agus má úsáideann, ní bheidh siad ag brath ar an méid a úsáideann an sealbhóir sonraí nó an t-úsáideoir sonraí seirbhísí eile den sórt sin; |
(c) | na sonraí a bhailítear i ndáil le gníomhaíocht ar bith de chuid duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh chun seirbhís idirghabhála sonraí a sholáthar, lena n-áirítear na sonraí maidir le dáta, am agus geoshuíomh, ré na gníomhaíochta agus naisc le daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile atá bunaithe ag an duine a úsáideann an tseirbhís idirghabhála sonraí, ní úsáidfear iad ach amháin chun an tseirbhís idirghabhála sonraí sin a fhorbairt, rud a bhféadfadh úsáid sonraí a bheith i gceist leis chun calaois a bhrath nó le haghaidh na cibearshlándála, agus cuirfear ar fáil do na sealbhóirí sonraí iad arna iarraidh sin dóibh; |
(d) | éascóidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí malartú na sonraí san fhormáid ina bhfaigheann sé iad ó ábhar sonraí nó ó shealbhóir sonraí, tiontóidh sé na sonraí i bhformáidí sonracha chun idir-inoibritheacht a fheabhsú laistigh d’earnálacha agus thar earnálacha, agus sin amháin, nó arna iarraidh sin don úsáideoir sonraí nó i gcás ina sainordófar sin i ndlí an Aontais nó chun comhchuibhiú le caighdeáin sonraí idirnáisiúnta nó Eorpacha a áirithiú agus tairgfidh sé rogha gan a bheith páirteach do na hábhair sonraí nó do shealbhóirí sonraí maidir leis na tiontuithe sin, ach amháin i gcás ina bhfuil an tiontú sainordaithe le dlí an Aontais; |
(e) | féadfar a áireamh ar na seirbhísí idirghabhála sonraí uirlisí agus seirbhísí sonracha breise a thairiscint do shealbhóirí sonraí nó d’ábhair sonraí chun críche malartú sonraí a éascú, amhail stóráil shealadach, comhiomlánú, tiontú, anaithnidiú agus bréagainmniú; ní úsáidfear na huirlisí sin ach amháin arna n-iarraidh nó arna bhformheas go sainráite ag sealbhóir sonraí nó ag ábhar sonraí agus ní dhéanfar uirlisí tríú páirtí arna dtairiscint sa chomhthéacs sin a úsáid chun críoch eile; |
(f) | áiritheoidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí go bhfuil an nós imeachta um rochtain a fháil ar a sheirbhís cothrom, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach d’ábhair sonraí agus do shealbhóirí sonraí araon, mar aon le húsáideoirí sonraí, lena n-áirítear maidir le praghsanna agus téarmaí seirbhíse; |
(g) | beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí chun cleachtais chalaoiseacha nó drochúsáide a chosc i ndáil le páirtithe atá ag lorg rochtain trína chuid seirbhísí idirghabhála sonraí; |
(h) | áiritheoidh an soláthraí seirbhíse idirghabhála sonraí, i gcás dócmhainneachta, go mbeidh leanúnachas réasúnta ann maidir le soláthar a sheirbhísí idirghabhála sonraí a áirithiú agus, i gcás ina ndéanann seirbhísí idirghabhála sonraí stóráil sonraí a áirithiú, beidh sásraí i bhfeidhm acu lena gceadófar do shealbhóirí sonraí agus d’úsáideoirí sonraí rochtain a fháil ar a gcuid sonraí, a gcuid sonraí a tharchur nó a aisghabháil agus, i gcás ina soláthraítear seirbhísí idirghabhála sonraí den sórt sin idir ábhair sonraí agus úsáideoirí sonraí, chun a chur ar chumas na n-ábhar sonraí a gcearta a fheidhmiú; |
(i) | déanfaidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí bearta réasúnta chun idir-inoibritheacht le seirbhísí eile idirghabhála sonraí a áirithiú, inter alia, trí bhíthin caighdeáin oscailte a úsáidtear go coitianta san earnáil ina n-oibríonn an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí; |
(j) | déanfaidh an soláthraí seirbhíse idirghabhála sonraí bearta teicniúla, dlíthiúla agus eagraíochtúla leormhaithe a chur i bhfeidhm chun aistriú sonraí neamhphearsanta atá neamhdhleathach faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, nó rochtain orthu, a chosc; |
(k) | déanfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí sealbhóirí sonraí a chur ar an eolas gan moill mhíchuí i gcás aistriú neamhúdaraithe, rochtain neamhúdaraithe nó úsáid neamhúdaraithe na sonraí neamhphearsanta a chomhroinn sé; |
(l) | déanfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí bearta chun leibhéal iomchuí slándála a áirithiú do stóráil, próiseáil agus tarchur sonraí neamhphearsanta, agus déanfaidh an soláthraí a áirithiú a thuilleadh go mbeidh an leibhéal slándála is airde ann do stóráil agus do tharchur faisnéise atá íogair ó thaobh iomaíochta de; |
(m) | gníomhóidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a thairgeann seirbhísí do na hábhair sonraí chun leas na n-ábhar sonraí nuair a bheidh feidhmiú a gceart á éascú aige, go háirithe trí na hábhair sonraí a chur ar an eolas agus, i gcás inarb iomchuí, trí chomhairle a chur orthu i mbealach atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus inrochtana go héasca i ndáil le húsáid sonraí atá beartaithe ag úsáideoirí sonraí agus maidir le téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha a ghabhann leis na húsáidí sin, sula dtoileoidh ábhair sonraí leis na sonraí sin; |
(n) | i gcás ina soláthróidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí uirlisí chun toiliú a fháil ó ábhair sonraí nó ceadanna chun sonraí a phróiseáil arna gcur ar fáil ag sealbhóirí sonraí, sonróidh sé, i gcás inarb ábhartha, an dlínse thríú tír ina bhfuil an úsáid sonraí beartaithe agus soláthróidh sé uirlisí do na hábhair sonraí chun toiliú a thabhairt agus a tharraingt siar araon agus do shealbhóirí sonraí maidir le ceadanna a thabhairt agus a tharraingt siar araon chun sonraí a phróiseáil; |
(o) | coinneoidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí taifead loga den ghníomhaíocht idirghabhála sonraí. |
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leis an Rialachán seo, leagtar síos an méid seo a leanas:
(a) | coinníollacha maidir le catagóirí áirithe sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí a athúsáid laistigh den Aontas; |
(b) | creat um fhógra a thabhairt agus um mhaoirseacht a dhéanamh chun seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar; |
(c) | creat le haghaidh chlárú deonach na n-eintiteas a bhailíonn agus a phróiseálann sonraí a chuirtear ar fáil chun críoch altrúchais; agus |
(d) | creat chun Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí a bhunú. |
2. Leis an Rialachán seo, ní chruthaítear aon oibleagáid ar chomhlachtaí earnála poiblí athúsáid sonraí a cheadú, ná ní scaoiltear comhlachtaí earnála poiblí óna n-oibleagáidí rúndachta faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
Ní dochar an Rialachán seo don mhéid seo a leanas:
(a) | forálacha sonracha i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta maidir leis an rochtain ar chatagóirí áirithe sonraí nó maidir le hathúsáid catagóirí áirithe sonraí, go háirithe maidir le rochtain a dheonú ar dhoiciméid oifigiúla agus maidir lena nochtadh; agus |
(b) | oibleagáidí comhlachtaí earnála poiblí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta athúsáid sonraí a cheadú nó do cheanglais a bhaineann le próiseáil sonraí neamhphearsanta. |
I gcás ina gceanglaítear le dlí earnáilsonrach de chuid an Aontais nó le dlí náisiúnta earnáilsonrach ar chomhlachtaí earnála poiblí, soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí nó eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí ceanglais shonracha bhreise theicniúla, riaracháin nó eagraíochtúla a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí chóras údaraithe nó deimhniúcháin, beidh feidhm ag na forálacha sin den dlí earnáilsonrach sin de chuid an Aontais nó den dlí náisiúnta earnáilsonrach sin. Aon cheanglais shonracha bhreise den sórt sin, beidh siad neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus beidh údar oibiachtúil leo.
3. Beidh feidhm ag dlí an Aontais agus ag an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta i leith aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i dtaca leis an Rialachán seo. Go háirithe, ní dochar an Rialachán seo do Rialacháin (AE) 2016/679 ná (AE) 2018/1725 ná do Threoracha 2002/58/CE ná (AE) 2016/680, lena n-áirítear maidir le cumhachtaí agus inniúlachtaí na n-údarás maoirseachta. I gcás ina mbeidh coimhlint ann idir an Rialachán seo agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta nó an dlí náisiúnta arna ghlacadh i gcomhréir le dlí den sórt sin de chuid an Aontais, is ag dlí ábhartha an Aontais nó ag dlí ábhartha náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta a bheidh an forlámhas. Leis an Rialachán seo, ní chruthaítear bunús dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil, ná ní dhéanann sé difear d’aon cheann de na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2016/679 nó (AE) 2018/1725 nó i dTreoracha 2002/58/CE nó (AE) 2016/680.
4. Ní dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta.
5. Ní dochar an Rialachán seo d’inniúlachtaí na mBallstát i ndáil lena ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, leis an gcosaint agus leis an tslándáil náisiúnta.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) | ciallaíonn “sonraí” aon léiriú digiteach ar ghníomhartha, ar fhíricí nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, fíricí nó faisnéis den sórt sin, lena n-áirítear i bhfoirm taifead fuaime, físe nó closamhairc; |
(2) | ciallaíonn “athúsáid” an úsáid a bhaineann daoine nádúrtha nó dlítheanacha as sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí, chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála seachas an cuspóir tosaigh a bhí ann laistigh den chúram phoiblí ar táirgeadh na sonraí chuige, diomaite den mhalartú sonraí idir comhlachtaí earnála poiblí chun a gcúraimí poiblí a shaothrú agus chuige sin amháin; |
(3) | ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679; |
(4) | ciallaíonn “sonraí neamhphearsanta” sonraí seachas sonraí pearsanta; |
(5) | ciallaíonn “toiliú” toiliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Rialachán (AE) 2016/679; |
(6) | ciallaíonn “cead” an ceart a thabhairt d’úsáideoirí sonraí chun sonraí neamhphearsanta a phróiseáil; |
(7) | ciallaíonn “ábhar sonraí” ábhar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679; |
(8) | ciallaíonn “sealbhóir sonraí” duine dlítheanach, lena n-áirítear comhlachtaí earnála poiblí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, nó duine nádúrtha nach ábhar sonraí i ndáil leis na sonraí sonracha atá i gceist, a bhfuil sé de cheart ag an duine sin, i gcomhréir le dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, rochtain a thabhairt ar shonraí pearsanta áirithe nó sonraí neamhphearsanta áirithe nó iad a chomhroinnt; |
(9) | ciallaíonn “úsáideoir sonraí” duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil rochtain dhleathach ar shonraí áirithe pearsanta nó neamhphearsanta agus ag a bhfuil sé de cheart, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) 2016/679 i gcás sonraí pearsanta, na sonraí sin a úsáid chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála; |
(10) | ciallaíonn “comhroinnt sonraí” sonraí a bheith á soláthar ag ábhar sonraí nó sealbhóir sonraí d’úsáideoir sonraí chun úsáid chomhpháirteach nó úsáid indibhidiúil a bhaint as na sonraí sin, bunaithe ar chomhaontuithe deonacha nó ar dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, go díreach nó trí idirghabhálaí, mar shampla faoi cheadúnais oscailte nó tráchtála atá faoi réir táille nó atá saor in aisce; |
(11) | ciallaíonn “seirbhís idirghabhála sonraí” seirbhís arb é is aidhm di caidrimh thráchtála a bhunú chun críoch comhroinnte sonraí idir líon neamhchinntithe ábhar sonraí agus sealbhóirí sonraí ar thaobh amháin agus úsáideoirí sonraí ar an taobh eile, trí mhodhanna teicniúla, dlíthiúla nó eile, lena n-áirítear chun cearta ábhar sonraí a fheidhmiú i ndáil le sonraí pearsanta, seachas an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(12) | ciallaíonn “próiseáil” próiseáil mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le sonraí pearsanta nó mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Rialachán (AE) 2018/1807 maidir le sonraí neamhphearsanta; |
(13) | ciallaíonn “rochtain” úsáid sonraí, i gcomhréir le ceanglais shonracha theicniúla, dhlíthiúla nó eagraíochtúla, agus ní gá go dtuigfí as sin tarchur ná íoslódáil na sonraí; |
(14) | ciallaíonn “príomhbhunaíocht” duine dlítheanaigh áit a riaracháin lárnaigh san Aontas; |
(15) | ciallaíonn “seirbhísí comharchumann sonraí” seirbhísí idirghabhála sonraí a thairgeann struchtúr eagraíochtúil atá comhdhéanta d’ábhair sonraí, gnóthais aon duine amháin nó FBManna ar comhaltaí den struchtúr sin iad, a bhfuil sé ina phríomhchuspóirí aige tacú lena chomhaltaí agus a gcearta á bhfeidhmiú acu maidir le sonraí áirithe, lena n-áirítear i ndáil le roghanna eolasacha a dhéanamh sula dtoilíonn siad do phróiseáil sonraí, tuairimí a mhalartú maidir le cuspóirí agus coinníollacha próiseála sonraí is fearr a dhéanfadh ionadaíocht do leas a chomhaltaí maidir lena sonraí, agus téarmaí agus coinníollacha a chaibidliú maidir le próiseáil sonraí thar ceann a chomhaltaí sula dtabharfaidh siad cead sonraí neamhphearsanta a phróiseáil nó sula dtoileoidh siad do phróiseáil a gcuid sonraí pearsanta; |
(16) | ciallaíonn “altrúchas sonraí” comhroinnt dheonach sonraí ar bhonn thoiliú na n-ábhar sonraí sonraí pearsanta a bhaineann leo a phróiseáil, nó ceadanna ó shealbhóirí sonraí a sonraí neamhphearsanta a úsáid gan luaíocht a lorg nó a fháil, luaíocht a théann thar chúiteamh a bhaineann leis na costais a thabhaíonn siad i gcás ina gcuireann siad a gcuid sonraí ar fáil le haghaidh cuspóirí leasa ghinearálta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, amhail cúram sláinte, an t-athrú aeráide a chomhrac, an tsoghluaisteacht a fheabhsú, forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh oifigiúil a éascú, soláthar seirbhísí poiblí a fheabhsú, ceapadh beartas poiblí nó chun críoch taighde eolaíoch ar mhaithe leis an leas ginearálta; |
(17) | ciallaíonn “comhlacht earnála poiblí” an Stát, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachais arna bhfoirmiú ag údarás amháin nó níos mó den sórt sin, nó comhlacht amháin nó níos mó den sórt sin faoi rialú an dlí phoiblí; |
(18) | ciallaíonn “comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí” comhlachtaí ag a bhfuil na tréithe seo a leanas:
|
(19) | ciallaíonn “gnóthas poiblí” aon ghnóthas a bhféadfaidh na comhlachtaí earnála poiblí tionchar ceannasach a imirt go díreach nó go hindíreach air de bhua a n-úinéireachta air, a rannpháirteachais airgeadais ann, nó na rialacha lena rialaítear é; chun críocha an tsainmhínithe seo, measfar go bhfuil tionchar ceannasach á imirt ag na comhlachtaí earnála poiblí in aon cheann de na cásanna inar fíor an méid seo a leanas maidir leis na comhlachtaí sin, go díreach nó go hindíreach:
|
(20) | ciallaíonn “timpeallacht shlán phróiseála” an timpeallacht fhisiceach nó fhíorúil agus na modhanna eagraíochtúla chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais, amhail Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe maidir le cearta ábhar sonraí, cearta maoine intleachtúla agus rúndacht tráchtála agus staidrimh, sláine agus inrochtaineacht, agus go gcomhlíonfar an dlí náisiúnta is infheidhme, agus chun a cheadú don eintiteas a sholáthraíonn an timpeallacht shlán phróiseála na gníomhaíochtaí próiseála sonraí uile a chinneadh agus a mhaoirsiú, lena n-áirítear sonraí a thaispeáint, a stóráil, a íoslódáil agus a onnmhairiú agus sonraí díorthacha a ríomh trí algartaim ríomhaireachtúla; |
(21) | ciallaíonn “ionadaí dlíthiúil” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a ainmnítear go sainráite chun gníomhú thar ceann soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó eintiteas nach bhfuil bunaithe san Aontas a bhailíonn sonraí chun cuspóirí leasa ghinearálta a chuireann daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar fáil ar bhonn altrúchas sonraí, ar duine nádúrtha nó dlítheanach é nó í a bhféadfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí dul i dteagmháil leis nó léi i dteannta leis an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó leis an eintiteas, nó in ionad an tsoláthraí seirbhíse idirghabhála sonraí nó an eintitis, maidir le hoibleagáidí faoin Rialachán seo, lena n-áirítear maidir le himeachtaí forfheidhmiúcháin a thionscnamh i gcoinne soláthraí neamhchomhlíontach seirbhísí idirghabhála sonraí nó eintiteas neamhchomhlíontach nach bhfuil bunaithe san Aontas. |
CAIBIDIL II
Athúsáid catagóirí áirithe sonraí cosanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí
Airteagal 12
Coinníollacha maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar
Beidh soláthar seirbhísí idirghabhála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a) | ní úsáidfidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí na sonraí a úsáid ar ina leith a sholáthraíonn sé seirbhísí idirghabhála sonraí chun críoch eile seachas chun na sonraí sin a chur ar fáil d’úsáideoirí sonraí agus soláthróidh sé seirbhísí idirghabhála sonraí trí dhuine dlítheanach ar leithligh; |
(b) | na téarmaí tráchtála, lena n-áirítear praghsáil, maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí a sholáthar do shealbhóir sonraí nó d’úsáideoir sonraí, ní bheidh siad ag brath ar cibé an úsáideann an sealbhóir sonraí nó úsáideoir sonraí seirbhísí eile arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí céanna nó ag eintiteas gaolmhar, agus má úsáideann, ní bheidh siad ag brath ar an méid a úsáideann an sealbhóir sonraí nó an t-úsáideoir sonraí seirbhísí eile den sórt sin; |
(c) | na sonraí a bhailítear i ndáil le gníomhaíocht ar bith de chuid duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh chun seirbhís idirghabhála sonraí a sholáthar, lena n-áirítear na sonraí maidir le dáta, am agus geoshuíomh, ré na gníomhaíochta agus naisc le daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile atá bunaithe ag an duine a úsáideann an tseirbhís idirghabhála sonraí, ní úsáidfear iad ach amháin chun an tseirbhís idirghabhála sonraí sin a fhorbairt, rud a bhféadfadh úsáid sonraí a bheith i gceist leis chun calaois a bhrath nó le haghaidh na cibearshlándála, agus cuirfear ar fáil do na sealbhóirí sonraí iad arna iarraidh sin dóibh; |
(d) | éascóidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí malartú na sonraí san fhormáid ina bhfaigheann sé iad ó ábhar sonraí nó ó shealbhóir sonraí, tiontóidh sé na sonraí i bhformáidí sonracha chun idir-inoibritheacht a fheabhsú laistigh d’earnálacha agus thar earnálacha, agus sin amháin, nó arna iarraidh sin don úsáideoir sonraí nó i gcás ina sainordófar sin i ndlí an Aontais nó chun comhchuibhiú le caighdeáin sonraí idirnáisiúnta nó Eorpacha a áirithiú agus tairgfidh sé rogha gan a bheith páirteach do na hábhair sonraí nó do shealbhóirí sonraí maidir leis na tiontuithe sin, ach amháin i gcás ina bhfuil an tiontú sainordaithe le dlí an Aontais; |
(e) | féadfar a áireamh ar na seirbhísí idirghabhála sonraí uirlisí agus seirbhísí sonracha breise a thairiscint do shealbhóirí sonraí nó d’ábhair sonraí chun críche malartú sonraí a éascú, amhail stóráil shealadach, comhiomlánú, tiontú, anaithnidiú agus bréagainmniú; ní úsáidfear na huirlisí sin ach amháin arna n-iarraidh nó arna bhformheas go sainráite ag sealbhóir sonraí nó ag ábhar sonraí agus ní dhéanfar uirlisí tríú páirtí arna dtairiscint sa chomhthéacs sin a úsáid chun críoch eile; |
(f) | áiritheoidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí go bhfuil an nós imeachta um rochtain a fháil ar a sheirbhís cothrom, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach d’ábhair sonraí agus do shealbhóirí sonraí araon, mar aon le húsáideoirí sonraí, lena n-áirítear maidir le praghsanna agus téarmaí seirbhíse; |
(g) | beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí chun cleachtais chalaoiseacha nó drochúsáide a chosc i ndáil le páirtithe atá ag lorg rochtain trína chuid seirbhísí idirghabhála sonraí; |
(h) | áiritheoidh an soláthraí seirbhíse idirghabhála sonraí, i gcás dócmhainneachta, go mbeidh leanúnachas réasúnta ann maidir le soláthar a sheirbhísí idirghabhála sonraí a áirithiú agus, i gcás ina ndéanann seirbhísí idirghabhála sonraí stóráil sonraí a áirithiú, beidh sásraí i bhfeidhm acu lena gceadófar do shealbhóirí sonraí agus d’úsáideoirí sonraí rochtain a fháil ar a gcuid sonraí, a gcuid sonraí a tharchur nó a aisghabháil agus, i gcás ina soláthraítear seirbhísí idirghabhála sonraí den sórt sin idir ábhair sonraí agus úsáideoirí sonraí, chun a chur ar chumas na n-ábhar sonraí a gcearta a fheidhmiú; |
(i) | déanfaidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí bearta réasúnta chun idir-inoibritheacht le seirbhísí eile idirghabhála sonraí a áirithiú, inter alia, trí bhíthin caighdeáin oscailte a úsáidtear go coitianta san earnáil ina n-oibríonn an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí; |
(j) | déanfaidh an soláthraí seirbhíse idirghabhála sonraí bearta teicniúla, dlíthiúla agus eagraíochtúla leormhaithe a chur i bhfeidhm chun aistriú sonraí neamhphearsanta atá neamhdhleathach faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, nó rochtain orthu, a chosc; |
(k) | déanfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí sealbhóirí sonraí a chur ar an eolas gan moill mhíchuí i gcás aistriú neamhúdaraithe, rochtain neamhúdaraithe nó úsáid neamhúdaraithe na sonraí neamhphearsanta a chomhroinn sé; |
(l) | déanfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí bearta chun leibhéal iomchuí slándála a áirithiú do stóráil, próiseáil agus tarchur sonraí neamhphearsanta, agus déanfaidh an soláthraí a áirithiú a thuilleadh go mbeidh an leibhéal slándála is airde ann do stóráil agus do tharchur faisnéise atá íogair ó thaobh iomaíochta de; |
(m) | gníomhóidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí a thairgeann seirbhísí do na hábhair sonraí chun leas na n-ábhar sonraí nuair a bheidh feidhmiú a gceart á éascú aige, go háirithe trí na hábhair sonraí a chur ar an eolas agus, i gcás inarb iomchuí, trí chomhairle a chur orthu i mbealach atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus inrochtana go héasca i ndáil le húsáid sonraí atá beartaithe ag úsáideoirí sonraí agus maidir le téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha a ghabhann leis na húsáidí sin, sula dtoileoidh ábhair sonraí leis na sonraí sin; |
(n) | i gcás ina soláthróidh soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí uirlisí chun toiliú a fháil ó ábhair sonraí nó ceadanna chun sonraí a phróiseáil arna gcur ar fáil ag sealbhóirí sonraí, sonróidh sé, i gcás inarb ábhartha, an dlínse thríú tír ina bhfuil an úsáid sonraí beartaithe agus soláthróidh sé uirlisí do na hábhair sonraí chun toiliú a thabhairt agus a tharraingt siar araon agus do shealbhóirí sonraí maidir le ceadanna a thabhairt agus a tharraingt siar araon chun sonraí a phróiseáil; |
(o) | coinneoidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí taifead loga den ghníomhaíocht idirghabhála sonraí. |
Airteagal 17
Cláir phoiblí d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí
1. Coimeádfaidh gach údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí clár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí agus tabharfaidh siad cothrom le dáta go rialta é.
2. Coimeádfaidh an Coimisiún clár poiblí de chuid an Aontais d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí chun críoch faisnéise. Ar choinníoll go bhfuil eintiteas cláraithe sa chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí i gcomhréir le hAirteagal 18, féadfaidh sé an lipéad “eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas” a úsáid ina chumarsáid i scríbhinn agus ó bhéal, chomh maith le lógó coiteann.
Chun a áirithiú go mbeidh eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí in-sainaitheanta go héasca ar fud an Aontais, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, dearadh don lógó coiteann. Taispeánfaidh eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí an lógó coiteann go soiléir ar gach foilseachán ar líne agus as líne a bhaineann lena ngníomhaíochtaí altrúchais sonraí. Beidh cód QR ag gabháil leis an lógó coiteann le nasc chuig clár poiblí an Aontais d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).
Airteagal 18
Ceanglais ghinearálta maidir le clárúchán
Chun cáiliú do chlárúchán i gclár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchas sonraí, beidh an méid seo a leanas fíor i leith eintitis:
(a) | déanfaidh sé gníomhaíochtaí altrúchais sonraí; |
(b) | beidh sé ina dhuine dlítheanach arna bhunú de bhun an dlí náisiúnta chun cuspóirí leasa ghinearálta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta a bhaint amach, i gcás inarb infheidhme; |
(c) | oibreoidh sé ar bhonn neamhbhrabúsach agus beidh sé neamhspleách go dlíthiúil ar aon eintiteas a oibríonn ar bhonn neamhbhrabúsach; |
(d) | déanfaidh sé a chuid gníomhaíochtaí altrúchais sonraí trí struchtúr atá scartha ó thaobh feidhme de óna chuid gníomhaíochtaí eile; |
(e) | comhlíonfaidh sé an leabhar rialacha dá dtagraítear in Airteagal 22(1), ar a dhéanaí 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír sin. |
Airteagal 19
Clár d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí
1. Féadfaidh eintiteas a chomhlíonann ceanglais Airteagal 18 iarratas ar chlárú a dhéanamh sa chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe.
2. Féadfaidh eintiteas a chomhlíonann ceanglais Airteagal 18 agus a bhfuil bunaíochtaí aige i níos mó ná Ballstát amháin, iarratas ar chlárú a dhéanamh sa chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí sa Bhallstát ina bhfuil a phríomhbhunaíocht aige.
3. Déanfaidh eintiteas a chomhlíonann ceanglais Airteagal 18 ach nach bhfuil bunaithe san Aontas ionadaí dlíthiúil a ainmniú i gceann de na Ballstáit ina dtairgtear na seirbhísí altrúchais sonraí.
Chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, tabharfaidh an t-eintiteas sainordú don ionadaí dlíthiúil ionas gur féidir leis na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí nó na hábhair sonraí agus sealbhóirí sonraí teagmháil a dhéanamh leis an ionadaí dlíthiúil, de bhreis ar an eintiteas sin nó ina ionad, maidir leis na saincheisteanna ar fad a bhaineann leis an eintiteas sin. Comhoibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil leis na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí agus léireoidh an t-ionadaí dlíthiúil dóibh go cuimsitheach, arna iarraidh sin dóibh, na gníomhaíochtaí a rinne an t-eintiteas agus na forálacha a chuir sé i bhfeidhm chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.
Measfar an t-eintiteas a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Féadfaidh eintiteas den sórt sin iarratas ar chlárú a chur isteach sa chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí sa Bhallstát sin. Ní dochar ainmniú ionadaí dhlíthiúil ag an eintiteas d’aon chaingean dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne an eintitis.
4. Beidh an fhaisnéis seo a leanas sna hiarratais ar chlárúchán dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3:
(a) | ainm an eintitis; |
(b) | stádas dlíthiúil agus foirm dhlíthiúil an eintitis agus, i gcás ina bhfuil an t-eintiteas cláraithe ar chlár poiblí náisiúnta, uimhir chláraithe an eintitis; |
(c) | reachtanna an eintitis, i gcás inarb iomchuí; |
(d) | foinsí ioncaim an eintitis; |
(e) | seoladh phríomhbhunaíocht an eintitis san Aontas, i gcás inarb infheidhme, agus seoladh aon bhrainse thánaistigh i mBallstát eile nó seoladh an ionadaí dhlíthiúil; |
(f) | suíomh gréasáin poiblí ar a bhféadfar teacht ar fhaisnéis atá iomlán agus atá cothrom le dáta faoin eintiteas agus faoi na gníomhaíochtaí, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (d), (e) agus (h); |
(g) | daoine teagmhála agus sonraí teagmhála an eintitis; |
(h) | cuspóirí leasa ghinearálta a bhfuil sé ar intinn aige iad a chur chun cinn agus sonraí á mbailiú aige; |
(i) | cineál na sonraí a bhfuil sé beartaithe ag an eintiteas a rialú nó a phróiseáil, agus, i gcás sonraí pearsanta, léiriú ar na catagóirí sonraí pearsanta; |
(j) | aon doiciméad eile a léiríonn go bhfuil ceanglais Airteagal 18 á gcomhlíonadh. |
5. I gcás inar chuir an t-eintiteas an fhaisnéis uile is gá isteach de bhun mhír 4 tar éis don údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí meastóireacht a dhéanamh ar iarratas ar chlárú agus a mheas go gcomhlíonann an t-eintiteas ceanglais Airteagal 18, cláróidh sé an t-eintiteas sa chlár poiblí náisiúnta d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí laistigh de 12 sheachtain ó dháta tar éis an t-iarratas ar chlárú a fháil. Beidh an clárúchán bailí sna Ballstáit uile.
Tabharfaidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí fógra don Choimisiún faoi aon chlárú. Áireoidh an Coimisiún an clárú sin i gclár poiblí an Aontais d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí.
6. Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, pointí (a), (b), (f), (g) agus (h), sa chlár poiblí náisiúnta ábhartha d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí.
7. Tabharfaidh eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí fógra don údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis arna soláthar de bhun mhír 4 laistigh de 14 lá ó dháta an athraithe.
Tabharfaidh an t-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí fógra don Choimisiún faoi gach fógra den sórt sin trí mheán leictreonach gan mhoill. Bunaithe ar fhógra den sórt sin, tabharfaidh an Coimisiún clár poiblí an Aontais d’eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí cothrom le dáta, gan mhoill.
whereas