search


keyboard_tab Cyber Resilience Act 2023/2841 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2841 GA cercato: 'sholáthar' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index sholáthar:


whereas sholáthar:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 687

 

Airteagal 4

Próiseáil sonraí pearsanta

1.   Déanfaidh CERT-EU, an Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil arna bhunú de bhun Airteagal 10 agus eintitis an Aontais sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

2.   I gcás ina ndéanfaidh siad cúraimí nó ina gcomhlíonfaidh siad oibleagáidí de bhun an Rialacháin seo, ní dhéanfaidh CERT-EU, an Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil arna bhunú de bhun Airteagal 10 agus eintitis an Aontais sonraí pearsanta a phróiseáil ná a mhalartú ach amháin a mhéid is gá, chun na cúraimí sin a dhéanamh nó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh agus chun na críche sin amháin.

3.   Measfar go bhfuil gá le catagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 a phróiseáil ar chúiseanna a bhaineann le leas substaintiúil an phobail de bhun Airteagal 10(2), pointe (g), den Rialachán sin. Ní fhéadfar sonraí den sórt sin a phróiseáil ach a mhéid is gá chun na bearta bainistíochta riosca cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 8 a chur chun feidhme, chun seirbhísí a sholáthar ag CERT-EU de bhun Airteagal 13, chun faisnéis a bhaineann go sonrach le teagmhas a chomhroinnt de bhun Airteagal 17(3) agus Airteagal 18(3), chun faisnéis a chomhroinnt de bhun Airteagal 20, chun na hoibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh de bhun Airteagal 21, chun an comhordú agus an comhar maidir le freagairt ar theagmhais a bhainistiú de bhun Airteagal 22 agus chun mórtheagmhais a bhainistiú de bhun Airteagal 23 den Rialachán seo. Déanfaidh eintitis an Aontais agus CERT-EU, agus iad ag gníomhú mar rialaitheoirí sonraí, bearta teicniúla a chur i bhfeidhm chun cosc a chur ar phróiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta chun críocha eile agus déanfaidh siad foráil maidir le bearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna na n-ábhar sonraí a choimirciú.

CAIBIDIL II

BEARTA LE HAGHAIDH ARDLEIBHÉAL COMHCHOITEANN CIBEARSHLÁNDÁLA

Airteagal 13

Misean agus cúraimí CERT-EU

1.   Is é a bheidh i misean CERT-EU rannchuidiú le slándáil thimpeallacht TFC neamh-rúnaicmithe de chuid eintitis an Aontais trí chomhairle a thabhairt dóibh maidir leis an gcibearshlándáil, trí chúnamh a thabhairt chun teagmhais a chosc, a bhrath, a láimhseáil, a mhaolú, freagairt orthu agus téarnamh uathu agus trí fheidhmiú mar a malartán faisnéise cibearshlándála agus mar a mol comhordúcháin chun freagairt ar theagmhais.

2.   Déanfaidh CERT-EU faisnéis maidir le cibearbhagairtí, leochaileachtaí agus teagmhais a bhaineann le bonneagar TFC neamh-rúnaicmithe a bhailiú, a bhainistiú, a anailísiú agus a chomhroinnt le heintitis an Aontais. Déanfaidh sé freagairtí ar theagmhais ar leibhéal idirinstitiúideach agus ar leibhéal eintitis an Aontais a chomhordú, lena n-áirítear trí chúnamh oibríochtúil speisialaithe a sholáthar nó a chomhordú.

3.   Déanfaidh CERT-EU na cúraimí seo a leanas chun cabhrú le heintitis an Aontais:

(a)

tabharfaidh sé tacaíocht dóibh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus rannchuideoidh sé leis an gcomhordú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo trí bhíthin na mbeart a liostaítear in Airteagal 14(1) nó trí thuarascálacha ad hoc arna n-iarraidh ag IICB;

(b)

déanfaidh sé seirbhísí CSIRT caighdeánacha a thairiscint d’eintiteas an Aontais trí bhíthin pacáiste seirbhísí cibearshlándála a dtugtar tuairisc orthu ina chatalóg seirbhísí (seirbhísí bunlíne);

(c)

coinneoidh sé líonra piaraí agus comhpháirtithe ar bun chun tacú leis na seirbhísí mar a leagtar amach in Airteagail 17 agus 18;

(d)

tarraingeoidh sé aird IICB ar aon fhadhb a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus le cur chun feidhme na dtreoirlínte, na moltaí agus na nglaonna ar ghníomhaíocht;

(e)

ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 2, rannchuideoidh sé le feasacht staide cibearshlándála an Aontais i ndlúthchomhar le ENISA;

(f)

déanfaidh sé an bainistiú ar mhórtheagmhais a chomhordú;

(g)

gníomhóidh sé thar ceann eintitis an Aontais mar chomhionann an chomhordaitheora ainmnithe chun críocha nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí de bhun Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555;

(h)

soláthróidh sé scanadh réamhghníomhach neamhchunórach, arna iarraidh sin d’eintiteas an Aontais, ar chórais gréasán agus faisnéise eintiteas sin an Aontais a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu.

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e), a chomhroinnt le IICB, le líonra CSIRT agus le Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (EU INTCEN), i gcás inarb infheidhme agus inarb iomchuí, agus faoi réir coinníollacha rúndachta iomchuí.

4.   Féadfaidh CERT-EU, i gcomhréir le hAirteagal 17 nó le hAirteagal 18 de réir mar is iomchuí, oibriú i gcomhar leis na pobail ábhartha chibearshlándála laistigh den Aontas agus dá Bhallstáit, lena n-áirítear sna réimsí seo a leanas:

(a)

ullmhacht, comhordú teagmhas, malartú faisnéise agus freagairt ar ghéarchéimeanna ar an leibhéal teicniúil maidir le cásanna a bhaineann le heintitis an Aontais;

(b)

comhar oibríochtúil maidir le líonra CSIRT, lena n-áirítear maidir le cúnamh frithpháirteach;

(c)

faisnéis faoi chibearbhagairtí, lena n-áirítear feasacht staide;

(d)

aon ábhar lena dteastaíonn saineolas cibearshlándála teicniúil CERT-EU.

5.   Laistigh dá inniúlacht, rachaidh CERT-EU i mbun comhar struchtúrtha le ENISA maidir le fothú acmhainneachta, comhar oibríochtúil agus anailísí straitéiseacha fadtéarmacha ar chibearbhagairtí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/881. Féadfaidh CERT-EU oibriú i gcomhar le hIonad Cibearchoireachta na hEorpa de chuid Europol agus faisnéis a mhalartú leis.

6.   Féadfaidh CERT-EU na seirbhísí seo a leanas, nach dtugtar tuairisc orthu ina chatalóg seirbhísí (seirbhísí inmhuirearaithe), a sholáthar:

(a)

seirbhísí lena dtacaítear le cibearshlándáil thimpeallacht TFC eintitis an Aontais, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i mír 3, ar bhonn comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse agus faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil, go háirithe faireachán speictrim leathain ar an ngréasán, lena n-áirítear faireachán 24/7 ar an gcéad líne i gcás cibearbhagairtí ard-déine;

(b)

seirbhísí lena dtacaítear le hoibríochtaí nó tionscadail chibearshlándála eintitis an Aontais, cé is moite díobh siúd lena dtugtar cosaint dá dtimpeallachtaí TFC, ar bhonn comhaontuithe i scríbhinn agus le formheas roimh ré ó IICB;

(c)

arna iarraidh sin, scanadh réamhghníomhach ar chórais gréasán agus faisnéise eintiteas an Aontais lena mbaineann chun leochaileachtaí a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu a bhrath;

(d)

seirbhísí lena dtacaítear le slándáil a dtimpeallachta TFC d’eagraíochtaí seachas na heintitis de chuid an Aontais a oibríonn i ndlúthchomhar le heintitis an Aontais, mar shampla trí chúraimí nó freagrachtaí a thabhairt faoi dhlí an Aontais, ar bhonn comhaontuithe i scríbhinn agus le formheas roimh ré ó IICB.

Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (d), féadfaidh CERT-EU, ar bhonn eisceachtúil, comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a dhéanamh le heintitis seachas na heintitis de chuid an Aontais le formheas roimh ré ó IICB.

7.   Déanfaidh CERT-EU cleachtaí cibearshlándála a eagrú agus féadfaidh sé a bheith rannpháirteach iontu nó féadfaidh sé rannpháirtíocht i gcleachtaí atá ann cheana a mholadh, i gcás inarb infheidhme i ndlúthchomhar le ENISA, chun leibhéal cibearshlándála eintitis an Aontais a thástáil.

8.   Féadfaidh CERT-EU cúnamh a chur ar fáil d’eintitis an Aontais maidir le teagmhais i gcórais gréasán agus faisnéise a láimhseálann FRAE, i gcás ina n-iarrann eintitis an Aontais lena mbaineann go sainráite air é sin a dhéanamh i gcomhréir lena nósanna imeachta faoi seach. Beidh an cúnamh a chuireann CERT-EU ar fáil faoin mír seo gan dochar do rialacha infheidhme a bhaineann le cosaint faisnéise rúnaicmithe.

9.   Cuirfidh CERT-EU eintitis an Aontais ar an eolas faoina nósanna imeachta agus a phróisis láimhseála teagmhais.

10.   Rannchuideoidh CERT-EU, le hardleibhéal rúndachta agus iontaofachta, trí na sásraí comhair agus na línte tuairiscithe iomchuí, trí fhaisnéis ábhartha agus anaithnidithe faoi mhórtheagmhais agus faoin mbealach inar láimhseáladh iad. Áireofar an fhaisnéis sin sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 10(14).

11.   Déanfaidh CERT-EU, i gcomhar le MECS, tacaíocht a thabhairt d'eintitis an Aontais lena mbaineann agus aghaidh á tabhairt ar theagmhais as a dtagann sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta, gan dochar d’inniúlacht agus do chúraimí MECS mar údarás maoirseachta de bhun Rialachán (AE) 2018/1725.

12.   Féadfaidh CERT-EU, má iarrann ranna beartais eintitis an Aontais air go sainráite déanamh amhlaidh, comhairle theicniúil nó ionchur teicniúil a thabhairt maidir le hábhair bheartais ábhartha.

Airteagal 18

Comhar CERT-EU le contrapháirtithe eile

1.   Féadfaidh CERT-EU oibriú i gcomhar le contrapháirtithe san Aontas cé is moite díobh siúd dá dtagraítear in Airteagal 17 atá faoi réir cheanglais chibearshlándála an Aontais, lena n-áirítear contrapháirtithe earnáilsonracha maidir le huirlisí agus modhanna, amhail teicnící, taicticí, nósanna imeachta agus dea-chleachtais agus maidir le cibearbhagairtí agus leochaileachtaí. I gcás gach comhair leis na comhpháirtithe sin, lorgóidh CERT-EU formheas roimh ré ó IICB de réir an cháis. I gcás ina ndéanann CERT-EU comhar a bhunú leis na contrapháirtithe sin, déanfaidh sé aon chontrapháirtí ábhartha ó na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 17(1), sa Bhallstát ina bhfuil an contrapháirtí lonnaithe a chur ar an eolas. I gcás inarb infheidhme agus inarb iomchuí, déanfar an comhar sin agus na coinníollacha a ghabhann leis, lena n-áirítear maidir leis an gcibearshlándáil, cosaint sonraí agus láimhseáil faisnéise, a leagan síos i socruithe sonracha rúndachta amhail conarthaí nó socruithe riaracháin. Ní bheidh gá le formheas roimh ré ó IICB i leith na socruithe rúndachta, ach cuirfear Cathaoirleach IICB ar an eolas. I gcás ina bhfuil géarghá agus práinn le faisnéis chibearshlándála a mhalartú ar mhaithe le leas eintitis an Aontais nó páirtí eile, féadfaidh CERT-EU déanamh amhlaidh le heintiteas a bhfuil cúis mhaith leis an ngá atá lena inniúlacht, a chumas agus a shaineolas sonrach chun cuidiú leis an ngéarghá práinneach sin, fiú mura bhfuil socrú rúndachta i bhfeidhm ag CERT-EU leis an eintiteas sin. Sna cásanna sin, cuirfidh CERT-EU Cathaoirleach IICB ar an eolas láithreach bonn, agus tuairisceoidh sé don IICB trí bhíthin tuarascálacha nó cruinnithe rialta.

2.   Féadfaidh CERT-EU oibriú i gcomhar le comhpháirtithe eile, amhail eintitis tráchtála, lena n-áirítear eintitis a bhaineann go sonrach le hearnáil an tionscail, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eintitis náisiúnta nach eintitis an Aontais iad nó saineolaithe aonair, chun faisnéis a chruinniú ar chibearbhagairtí ginearálta agus sonracha, ar neasteagmhais, ar leochaileachtaí agus ar fhrithbhearta féideartha. Chun comhar níos leithne leis na comhpháirtithe sin a bheith ann, lorgóidh CERT-EU formheas roimh ré ó IICB de réir an cháis.

3.   Féadfaidh CERT-EU, le toiliú eintiteas an Aontais a ndéanann teagmhas difear dó agus ar choinníoll go bhfuil socrú nó conradh neamhnochta i bhfeidhm leis an gcontrapháirtí nó leis an gcomhpháirtí ábhartha, faisnéis a bhaineann leis an teagmhas sonrach a sholáthar do chontrapháirtithe nó do chomhpháirtithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 chun rannchuidiú lena anailís, agus chun na críche sin amháin.

CAIBIDIL V

OIBLEAGAIDI MAIDIR LE COMHAR AGUS TUAIRISCIU

Airteagal 20

Socruithe um chomhroinnt faisnéise maidir leis an gcibearshlándáil

1.   Féadfaidh eintitis an Aontais, ar bhonn deonach, fógra a thabhairt do CERT-EU faoi theagmhais, cibearbhagairtí, neasteagmhais agus leochaileachtaí lena ndéantar difear dóibh, agus faisnéis a sholáthar dó ina leith sin. Áiritheoidh CERT-EU go mbeidh modhanna éifeachtúla cumarsáide, ag a mbeidh ardleibhéal inrianaitheachta, rúndachta agus iontaofachta, ar fáil chun comhroinnt faisnéise le heintitis an Aontais a éascú. Agus fógraí á bpróiseáil, féadfaidh CERT-EU tosaíocht a thabhairt d’fhógraí sainordaitheacha a phróiseáil thar fhógraí deonacha. Gan dochar d’Airteagal 12, ní fhorchuirfear le fógra deonach aon oibleagáid bhreise ar eintiteas tuairiscithe sin an Aontais nach mbeadh sé faoina réir mura mbeadh an fógra tíolactha aige.

2.   Chun a mhisean agus a chúraimí a thugtar de bhun Airteagal 13 a chomhlíonadh, féadfaidh CERT-EU a iarraidh ar eintitis an Aontais faisnéis a sholáthar dó óna bhfardail córas TFC faoi seach, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le cibearbhagairtí, neasteagmhais, leochaileachtaí, táscairí comhréitigh, foláirimh chibearshlándála agus moltaí maidir le cumraíocht uirlisí cibearshlándála chun teagmhais a bhrath. Déanfaidh eintiteas iarrtha an Aontais an fhaisnéis a iarrtar a tharchur, agus aon nuashonruithe uirthi ina dhiaidh sin, gan moill mhíchuí.

3.   Maidir le faisnéis teagmhas-sonrach a mhalartú le heintitis an Aontais lena nochtar céannacht eintiteas an Aontais dá ndéantar difear leis an teagmhas, féadfaidh CERT-EU an fhaisnéis sin a mhalartú ar choinníoll go dtugann eintiteas an Aontais dá ndéantar difear dó a thoiliú. I gcás ina ndéanann eintiteas an Aontais a thoiliú a choinneáil siar, tabharfaidh sé cúiseanna do CERT-EU a thugann bunús leis an gcinneadh sin.

4.   Déanfaidh eintitis an Aontais, arna iarraidh sin dóibh, faisnéis a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle maidir le tabhairt chun críche na bpleananna cibearshlándála.

5.   Déanfaidh IICB nó CERT-EU, de réir mar is infheidhme, arna iarraidh sin dóibh, treoirlínte, moltaí agus glaonna ar ghníomhaíocht a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

6.   Ní áireofar an méid seo a leanas ar na hoibleagáidí comhroinnte faisnéise a leagtar síos san Airteagal:

(a)

FRAE;

(b)

faisnéis a bhfuil a dáileadh breise eisiata trí bhíthin marcáil infheicthe, mura bhfuil comhroinnt na faisnéise sin le CERT-EU ceadaithe go sainráite.

Airteagal 21

Oibleagáidí tuairiscithe

1.   Measfar teagmhas a bheith suntasach más rud é gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

go bhfuil sé ina chúis nó gur féidir leis a bheith ina chúis le mórshuaitheadh oibríochtúil ar fheidhmiú an eintitis sin an Aontais lena mbaineann nó ina chúis le caillteanas airgeadais don eintiteas sin;

(b)

go bhfuil difear déanta aige do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile nó gur féidir leis difear a dhéanamh dóibh trí dhamáiste suntasach ábhartha nó neamhábhartha a dhéanamh.

2.   Cuirfidh eintitis an Aontais an méid seo a leanas faoi bhráid CERT-EU:

(a)

gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis dóibh teacht ar an eolas faoin teagmhas suntasach, luathrabhadh, ina léireofar, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil amhras ann gur tharla an teagmhas suntasach mar gheall ar ghníomhartha neamhdhleathacha nó mailíseacha nó an bhféadfadh tionchar tras-eintitis nó trasteorann a bheith aige;

(b)

gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis dóibh teacht ar an eolas faoin teagmhas suntasach, fógra teagmhais, lena ndéanfar, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a nuashonrú agus measúnú tosaigh ar an teagmhas suntasach, lena n-áirítear a dhéine agus a thionchar, agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, táscairí an chomhréitigh a léiriú;

(c)

arna iarraidh sin do CERT-EU, tuarascáil idirmheánach maidir le nuashonruithe ábhartha ar stádas;

(d)

tuarascáil chríochnaitheach tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an fógra teagmhais a thíolacadh faoi phointe (b), lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

tuairisc mhionsonraithe ar an teagmhas, lena n-áirítear a dhéine agus a thionchar;

(ii)

an cineál bagartha nó an bhunchúis ar dócha gur spreag sé an teagmhas;

(iii)

bearta maolaithe atá curtha i bhfeidhm agus bearta maolaithe leanúnacha;

(iv)

i gcás inarb infheidhme, tionchar trasteorann nó tras-eintitis an teagmhais;

(e)

i gcás teagmhas leanúnach tráth thíolacadh na tuarascála críochnaithí dá dtagraítear i bpointe (d), tuarascáil ar dhul chun cinn an tráth sin agus tuarascáil chríochnaitheach laistigh d’aon mhí amháin tar éis dóibh an teagmhas a láimhseáil.

3.   Déanfaidh eintiteas an Aontais, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis dó teacht ar an eolas faoi theagmhas suntasach, aon chontrapháirtí ábhartha ó na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 17(1) sa Bhallstát ina bhfuil sé lonnaithe a chur ar an eolas gur tharla teagmhas suntasach.

4.   Tabharfaidh eintitis sin an Aontais fógra, inter alia, faoi aon fhaisnéis lena gcuirfear ar a chumas do CERT-EU aon tionchar tras-eintitis, aon tionchar ar an mBallstát óstach nó aon tionchar trasteorann a chinneadh tar éis teagmhas suntasach. Gan dochar d’Airteagal 12, trí fhógra a thabhairt ní fhágfar go mbeidh eintiteas an Aontais faoi réir dliteanas méadaithe.

5.   I gcás inarb infheidhme, cuirfidh eintitis an Aontais in iúl, gan moill mhíchuí, d’úsáideoirí na gcóras gréasán agus faisnéise dá ndéantar difear, nó na gcomhpháirteanna eile den timpeallacht TFC, a bhféadfadh teagmhas suntasach nó cibearbhagairt shuntasach difear a dhéanamh dóibh, agus, i gcás inarb iomchuí, go bhfuil gá le bearta maolaithe a chur i gcrích, aon bhearta nó leigheasanna is féidir leo a dhéanamh mar fhreagairt ar an teagmhas nó ar an mbagairt sin. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh eintitis an Aontais na húsáideoirí sin ar an eolas faoin gcibearbhagairt shuntasach féin.

6.   I gcás ina ndéanann teagmhas suntasach nó cibearbhagairt shuntasach difear do chóras gréasán agus faisnéise, nó do chomhpháirt de thimpeallacht TFC eintiteas an Aontais atá nasctha go feasach le timpeallacht TFC eintitis eile an Aontais, deanfaidh CERT-EU foláireamh ábhartha cibearshlándála a eisiúint.

7.   Déanfaidh eintitis an Aontais, arna iarraidh sin do CERT-EU, faisnéis dhigiteach a sholáthar do CERT-EU gan moill mhíchuí, ar faisnéis í a chruthaítear trí úsáid a bhaint as gairis leictreonacha a bhfuil baint acu lena dteagmhais faoi seach. Féadfaidh CERT-EU tuilleadh mionsonraí a chur ar fáil maidir le cineálacha na faisnéise a éilíonn sé le haghaidh feasacht staide agus freagairt ar theagmhais.

8.   Gach 3 mhí, cuirfidh CERT-EU tuarascáil achomair faoi bhráid IICB, ENISA, EU INTCEN agus líonra CSIRT, lena n-áirítear sonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe maidir le teagmhais shuntasacha, teagmhais, cibearbhagairtí, neasteagmhais agus leochaileachtaí de bhun Airteagal 20 agus teagmhais shuntasacha ar tugadh fógra fúthu de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Beidh an tuarascáil sin ina hionchur sa tuarascáil dhébhliantúil ar staid na cibearshlándála san Aontas arna glacadh de bhun Airteagal 18 de Threoir (AE) 2022/2555.

9.   Faoin 8 Iúil 2024, eiseoidh IICB treoirlínte nó moltaí ina sonrófar tuilleadh na socruithe le haghaidh an tuairiscithe agus formáid agus ábhar an tuairiscithe de bhun an Airteagail seo. Agus treoirlínte nó moltaí den sórt sin á n-ullmhú, cuirfidh IICB san áireamh aon ghníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 23(11) de Threoir (AE) 2022/2555 lena sonraítear an cineál faisnéise, an fhormáid agus an nós imeachta um fhógraí a thabhairt. Scaipfidh CERT-EU na mionsonraí ábhartha teicniúla chun a chur ar a gcumas d’eintitis an Aontais bearta braite réamhghníomhaí, bearta freagartha ar theagmhais nó bearta maolaitheacha a dhéanamh.

10.   Ní áireofar an méid seo a leanas ar na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos san Airteagal:

(a)

FRAE;

(b)

faisnéis a bhfuil a dáileadh breise eisiata trí bhíthin marcáil infheicthe, mura bhfuil comhroinnt na faisnéise sin le CERT-EU ceadaithe go sainráite.

Airteagal 23

Bainistiú ar mhórtheagmhais

1.   Chun tacú le bainistiú comhordaithe ar mhórtheagmhais ar an leibhéal oibríochtúil lena ndéantar difear d’eintitis an Aontais agus chun rannchuidiú le faisnéis ábhartha a mhalartú go rialta idir eintitis an Aontais agus leis na Ballstáit, déanfaidh IICB, de bhun Airteagal 11, pointe (q), plean bainistithe cibirghéarchéime a bhunú a bheidh bunaithe ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 22(2), i ndlúthchomhar le CERT-EU agus ENISA. Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa phlean bainistithe cibirghéarchéime:

(a)

socruithe a bhaineann le comhordúchán agus sreabhadh faisnéise idir eintitis an Aontais chun mórtheagmhais a bhainistiú ar an leibhéal oibríochtúil;

(b)

nósanna imeachta oibríochta comhchaighdeánacha (SOPanna);

(c)

tacsanomaíocht chomhchoiteann maidir le déine mórtheagmhais agus pointí tionscanta géarchéime;

(d)

cleachtaí rialta;

(e)

bealaí cumarsáide slána atá le húsáid.

2.   Is é ionadaí an Choimisiúin in IICB, faoi réir an phlean bainistithe cibirghéarchéime a bhunaítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus gan dochar don chéad fhomhír d’Airteagal 16(2), de Threoir (AE) 2022/2555, a bheidh ina phointe teagmhála chun faisnéis ábhartha maidir le mórtheagmhais a chomhroinnt le EU-CyCLONe.

3.   Déanfaidh CERT-EU comhordú idir eintitis an Aontais ar bhainistiú na mórtheagmhas. Déanfaidh sé fardal a choinneáil den saineolas teicniúil atá ar fáil agus a bheadh ag teastáil chun freagairt ar theagmhais i gcás mórtheagmhas agus cuideoidh sé le IICB comhordú a dhéanamh ar phleananna bainistithe cibirghéarchéime eintiteas an Aontais i gcás mórtheagmhas dá dtagraítear in Airteagal 9(2a).

4.   Rannchuideoidh eintitis an Aontais leis an bhfardal saineolais theicniúil trí bhíthin liosta a nuashonraítear go bliantúil a sholáthar de na saineolaithe atá ar fáil ina n-eagraíochtaí faoi seach lena mionsonraítear a scileanna sonracha teicniúla.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas









keyboard_arrow_down