search


keyboard_tab Cyber Resilience Act 2023/2841 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2841 GA cercato: 'oibre' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index oibre:


whereas oibre:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 604

 

Airteagal 10

An Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil

1.   Leis seo, bunaítear Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil (IICB).

2.   Beidh IICB freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ag eintitis an Aontais agus tacaíocht a thabhairt ina leith sin;

(b)

maoirseacht a dhéanamh ar na tosaíochtaí agus cuspóirí ginearálta arna gcur chun feidhme ag CERT-EU agus treoir straitéiseach a chur ar fáil do CERT-EU.

3.   Is éard a bheidh in IICB:

(a)

ionadaí amháin ainmnithe ag gach ceann díobh seo a leanas:

(i)

Parlaimint na hEorpa;

(ii)

an Chomhairle Eorpach;

(iii)

Comhairle an Aontais Eorpaigh;

(iv)

an Coimisiún;

(v)

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

(vi)

an Banc Ceannais Eorpach;

(vii)

an Chúirt Iniúchóirí;

(viii)

an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí;

(ix)

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa;

(x)

Coiste Eorpach na Réigiún;

(xi)

an Banc Eorpach Infheistíochta;

(xii)

an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála;

(xiii)

ENISA;

(xiv)

an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS);

(xv)

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

(b)

triúr ionadaithe arna n-ainmniú ag Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais (EUAN), ar bhonn moladh óna Choiste Comhairleach TFC, chun ionadaíocht a dhéanamh do leasanna na gcomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a reáchtálann a dtimpeallacht TFC féin, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i bpointe (a).

Beidh sé d’aidhm ag eintitis an Aontais a bhfuil ionadaíocht acu ar IICB cothromaíocht inscne a bhaint amach i measc na n-ionadaithe ainmnithe.

4.   Féadfaidh comhaltaí IICB cúnamh a fháil ó chomhalta malartach. Féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar ionadaithe eile ó eintitis an Aontais dá dtagraítear i mír 3 nó ó eintitis eile an Aontais freastal ar chruinnithe IICB, gan cearta vótála a bheith acu.

5.   Féadfaidh Ceann CERT-AE agus Cathaoirligh an Ghrúpa Comhair, líonra CSIRT agus EU-CyCLONe arna mbunú faoi seach, de bhun Airteagail 14, 15 agus 16 de Threoir (AE) 2022/2555, nó a gcomhaltaí malartacha, a bheith rannpháirteach i gcruinnithe IICB mar bhreathnóirí. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh IICB a mhalairt a chinneadh, i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB.

6.   Glacfaidh IICB a rialacha nós imeachta inmheánacha.

7.   Ainmneoidh IICB Cathaoirleach, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta inmheánacha, as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse 3 bliana. Beidh comhalta malartach an Chathaoirligh ina lánchomhalta de IICB ar feadh na tréimhse céanna.

8.   Tiocfaidh IICB le chéile ar a laghad trí huaire sa bhliain ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin do CERT-EU nó arna iarraidh sin d’aon cheann dá chomhaltaí.

9.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta de IICB. Glacfar cinntí IICB le tromlach simplí ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. Ní bheidh vóta ag Cathaoirleach IICB ach amháin i gcás comhionannas vótaí, féadfaidh an Cathaoirleach vóta réitigh a chaitheamh sa chás sin.

10.   Féadfaidh IICB gníomhú trí bhíthin nós imeachta simplithe i scríbhinn arna thionscnamh i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB. Faoin nós imeachta sin, measfar an cinneadh ábhartha a bheith formheasta laistigh den tréimhse ama arna socrú ag an gCathaoirleach, seachas i gcás ina gcuireann comhalta ina choinne.

11.   Is é an Coimisiún a chuirfidh an rúnaíocht ar fáil do IICB agus beidh sí cuntasach do Chathaoirleach IICB.

12.   Déanfaidh na hionadaithe arna n-ainmniú ag EUAN cinntí IICB a chur ar aghaidh chuig comhaltaí EUAN. Beidh aon chomhalta de EUAN i dteideal aon ábhar a tharraingt anuas leis na hionadaithe sin nó le Cathaoirleach IICB a measfaidh an comhalta ina leith gur cheart é a chur faoi bhráid IICB.

13.   Féadfaidh IICB coiste feidhmiúcháin a bhunú chun cúnamh a thabhairt dó ina chuid oibre agus féadfaidh sé roinnt dá chúraimí agus dá chumhachtaí a tharmligean chuige. Déanfaidh IICB rialacha nós imeachta an choiste feidhmiúcháin, lena n-áirítear a chúraimí agus a chumhachtaí agus téarmaí oifige a chomhaltaí a leagan síos.

14.   Faoin 8 Eanáir 2025 agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh IICB tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina sonrófar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus ina sonrófar go háirithe méid chomhar CERT-EU le contrapháirtithe ó na Ballstáit i ngach ceann de na Ballstáit. Beidh an tuarascáil sin ina hionchur sa tuarascáil dhébhliantúil ar staid na cibearshlándála san Aontas arna glacadh de bhun Airteagal 18 de Threoir (AE) 2022/2555.

Airteagal 11

Cúraimí IICB

Agus a fhreagrachtaí á bhfeidhmiú aige, déanfaidh IICB an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

treoir a chur ar fáil do Cheann CERT-EU;

(b)

faireachán agus maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus tacú le heintitis an Aontais a gcibearshlándáil a neartú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tuarascálacha ad hoc a iarraidh ar eintitis an Aontais agus ar CERT-EU;

(c)

tar éis plé straitéiseach, straitéis ilbhliantúil a ghlacadh maidir le leibhéal na cibearshlándála a ardú in eintitis an Aontais agus an straitéis sin a mheas ar bhonn tráthrialta agus, in aon chás, gach 5 bliana agus, i gcás inar gá, an straitéis sin a leasú;

(d)

an mhodheolaíocht agus na gnéithe eagraíochtúla a leagan síos chun athbhreithnithe deonacha piaraí arna ndéanamh ag eintitis an Aontais a chur i gcrích, d’fhonn foghlaim ó thaithí chomhroinnte, lena neartaítear muinín fhrithpháirteach, lena ndéantar ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a bhaint amach, mar aon le cumais chibearshlándála eintitis an Aontais a fheabhsú, lena n-áirithítear gur saineolaithe cibearshlándála arna n-ainmniú ag eintiteas an Aontais atá éagsúil leis an eintiteas de chuid an Aontais atá faoi athbhreithniú a dhéanfaidh na hathbhreithnithe piaraí sin agus go bhfuil an mhodheolaíocht bunaithe ar Airteagal 19 de Threoir (AE) 2022/2555 agus go bhfuil sí, i gcás inarb iomchuí, oiriúnaithe d'eintitis an Aontais;

(e)

clár oibre bliantúil CERT-EU, ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, a fhormheas agus faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme;

(f)

catalóg seirbhísí CERT-EU, agus aon nuashonrú ina dhiaidh sin air, a fhormheas, ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU;

(g)

ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, an phleanáil airgeadais bhliantúil maidir le hioncam agus caiteachas a bhaineann le gníomhaíochtaí CERT-EU, lena n-áirítear soláthar foirne, a fhormheas;

(h)

ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, na socruithe le haghaidh comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a fhormheas;

(i)

an tuarascáil bhliantúil arna dréachtú ag Ceann CERT-EU, lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí maidir le cistí agus an bhainistíocht a dhéanann CERT-EU orthu, a scrúdú agus a fhormheas;

(j)

eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) le haghaidh CERT-EU a leagtar síos ar bhonn moladh ó Cheann CERT-EU, a fhormheas agus faireachán a dhéanamh orthu;

(k)

socruithe comhair, comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse nó conarthaí idir CERT-EU agus eintitis eile a fhormheas de bhun Airteagal 18;

(l)

treoirlínte agus moltaí a ghlacadh ar bhonn togra ó CERT-EU i gcomhréir le hAirteagal 14 agus treoir a thabhairt do CERT-EU togra le haghaidh treoirlínte nó moltaí, nó glao ar ghníomhaíocht, a eisiúint, a tharraingt siar nó a mhodhnú;

(m)

grúpaí comhairleacha teicniúla a bhunú ag a mbeidh cúraimí sonracha chun cuidiú le hobair IICB, a dtéarmaí tagartha a fhormheas agus a gCathaoirligh faoi seach a ainmniú;

(n)

doiciméid agus tuarascálacha arna dtíolacadh ag eintitis an Aontais faoin Rialachán seo a fháil agus a mheasúnú, amhail measúnuithe aibíochta cibearshlándála;

(o)

éascú a dhéanamh ar ghrúpa neamhfhoirmiúil d’oifigigh áitiúla chibearshlándála eintitis an Aontais a bhunú, arb é is aidhm dó dea-chleachtas agus faisnéis a mhalartú i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

(p)

agus an fhaisnéis maidir leis na rioscaí cibearshlándála sainaitheanta agus na ceachtanna atá foghlamtha ó CERT-EU á gcur san áireamh, faireachán a dhéanamh ar leormhaitheas na socruithe idirnascthachta i measc thimpeallachtaí TFC eintitis an Aontais agus comhairle a thabhairt maidir le feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh;

(q)

plean bainistithe cibirghéarcheime a bhunú d’fhonn tacú, ar an leibhéal oibríochtúil, le bainistiú comhordaithe a dhéanamh ar mhórtheagmhais lena ndéantar difear d’eintitis an Aontais agus d’fhonn rannchuidiú le malartú rialta faisnéise ábhartha, go háirithe maidir le tionchair agus déine mórtheagmhas agus maidir leis na bealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun éifeachtaí mórtheagmhas a mhaolú;

(r)

comhordú a dhéanamh ar ghlacadh phleananna bainistithe cibirghéarchéime eintitis aonair an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 9(2);

(s)

moltaí dá dtagraítear in Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointe (m) a ghlacadh, ar moltaí iad a bhaineann le slándáil an tslabhra soláthair, lena gcuirtear san áireamh na measúnuithe riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais a dhéantar ar shlabhraí soláthair criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 22 de Threoir (AE) 2022/2555 chun tacú le heintitis an Aontais bearta bainistíochta riosca cibearshlándála atá éifeachtach agus comhréireach a ghlacadh.

Airteagal 15

Ceann CERT-EU

1.   Tar éis formheas a fháil ó thromlach dhá thrian de chomhaltaí IICB, déanfaidh an Coimisiún Ceann CERT-EU a cheapadh. Rachfar i gcomhairle le IICB ag gach céim den nós imeachta ceapacháin, go háirithe maidir le fógraí folúntais a dhréachtú, iarratais a scrúdú, agus baill a cheapadh ar bhoird roghnúcháin i ndáil leis an bpost. Maidir leis an nós imeachta roghnúcháin, lena n-áirítear gearrliosta deiridh na n-iarrthóirí óna bhfuil Ceann CERT-EU le ceapadh, áiritheofar ionadaíocht chothrom ar gach inscne, agus na hiarratais a chuirtear isteach á gcur san áireamh.

2.   Beidh Ceann CERT-EU freagrach as feidhmiú cuí CERT-EU, agus gníomhóidh sé nó sí laistigh de shainchúram an róil a bheidh aige nó aici agus faoi stiúir IICB. Tuairisceoidh Ceann CERT-EU go rialta do Chathaoirleach IICB agus cuirfidh sé tuarascálacha ad hoc faoi bhráid IICB arna iarraidh sin dó.

3.   Cuideoidh Ceann CERT-EU leis an oifigeach freagrach údarúcháin trí tharmligean maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a dhréachtú ina mbeidh faisnéis airgeadais agus bainistíochta, lena n-áirítear torthaí na rialuithe, arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 74(9) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus tuairisceoidh Ceann CERT-EU go rialta don oifigeach údarúcháin trí tharmligean maidir le cur chun feidhme na mbeart i leith cé acu cumhachtaí atá fo-tharmligthe chuig Ceann CERT-EU.

4.   Tarraingeoidh Ceann CERT-EU suas, ar bhonn bliantúil, pleanáil airgeadais maidir le hioncam agus caiteachas riaracháin maidir lena ghníomhaíochtaí, clár oibre bliantúil atá beartaithe, catalóg seirbhíse atá beartaithe le haghaidh CERT-EU, athbhreithnithe atá beartaithe a dhéanamh ar an gcatalóg seirbhíse, socruithe atá beartaithe le haghaidh comhaontuithe ar leibhéil seirbhíse agus KPInna atá beartaithe le haghaidh CERT-EU, a bheidh le formheas ag IICB i gcomhréir le hAirteagal 11. Agus athbhreithniú á dhéanamh ar liosta na seirbhísí i gcatalóg seirbhíse CERT-EU, cuirfidh Ceann CERT-EU san áireamh na hacmhainní a leithdháiltear ar CERT-EU.

5.   Déanfaidh Ceann CERT-EU tuarascálacha a chur faoi bhráid IICB agus Chathaoirleach IICB uair sa bhliain ar a laghad maidir le gníomhaíochtaí agus feidhmíocht CERT-EU le linn na tréimhse tagartha, lena n-áirítear maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, comhaontuithe ar leibhéil seirbhíse agus comhaontuithe i scríbhinn atá déanta, comhar le contrapháirtithe agus comhpháirtithe, agus misin arna ndéanamh ag an bhfoireann, lena n-áirítear na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 11. Áireofar ar na tuarascálacha sin clár oibre don tréimhse ina dhiaidh sin, pleanáil airgeadais maidir le hioncam agus caiteachas, lena n-áirítear soláthar foirne, nuashonruithe atá pleanáilte a dhéanamh ar chatalóg seirbhíse CERT-EU agus measúnú ar an tionchar a mheastar a bheith ag na nuashonruithe sin maidir le hacmhainní airgeadais agus daonna.

Airteagal 17

Comhar CERT-EU le contrapháirtithe ó na Ballstáit

1.   oibreoidh CERT-EU, gan moill mhíchuí, i gcomhar le contrapháirtithe náisiúnta ó na Ballstáit agus malartóidh sé faisnéis leo, go háirithe CSIRTanna arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 10 de Threoir (AE) 2022/2555, nó, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis inniúla agus na pointí teagmhála aonair atá ainmnithe nó bunaithe de bhun Airteagal 8 den Treoir sin, maidir le teagmhais, cibearbhagairtí, leochaileachtaí, neasteagmhais, frithbhearta féideartha chomh maith le dea-chleachtais agus maidir le gach ábhar is ábhartha chun feabhas a chur ar chosaint thimpeallachtaí TFC eintitis an Aontais, lena n-áirítear trí bhíthin líonra CSIRT arna bhunú de bhun Airteagal 15 de Threoir (AE) 2022/2555. Tacóidh CERT-AE leis an gCoimisiún in EU-CyCLONe arna bunú de bhun Airteagal 16 de Threoir (AE) 2022/2555 maidir leis an mbainistiú comhordaithe ar theagmhais mórscála chibearshlándála agus ar ghéarchéimeanna.

2.   I gcás ina bhfuil CERT-EU ar an eolas faoi theagmhais shuntasacha a tharlaíonn laistigh de chríoch Ballstáit, déanfaidh CERT-EU, gan mhoill, fógra a thabhairt d’aon chontrapháirtí ábhartha ón mBallstát sin, i gcomhréir le mír 1.

3.   Ar choinníoll go gcosnófar sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme maidir le cosaint sonraí, déanfaidh CERT-EU, gan moill mhíchuí, faisnéis ábhartha a bhaineann go sonrach le teagmhas a mhalartú le contrapháirtithe ó na Ballstáit, chun éascú a dhéanamh ar chibearbhagairtí nó ar chibeartheagmhais chomhchosúla a bhrath, nó chun rannchuidiú leis an anailís ar theagmhas, gan údarú a fháil ón eintiteas de chuid an Aontais dá ndéantar difear. Ní dhéanfaidh CERT-EU faisnéis teagmhas-sonrach a mhalartú lena nochtar céannacht an eintitis ar ar díríodh an teagmhas ach amháin i gcás ceann de na himthosca seo a leanas:

(a)

go dtugann eintiteas an Aontais dá ndéantar difear toiliú ina leith;

(b)

nach dtugann eintiteas an Aontais dá ndéantar difear toiliú ina leith mar a fhoráiltear i bpointe (a) ach le nochtadh chéannacht an eintitis sin an Aontais dá ndéantar difear go méadófaí an dóchúlacht go seachnófaí nó go maolófaí teagmhais in áit eile.

(c)

go bhfuil sé curtha ar fáil go poiblí cheana ag eintiteas an Aontais dá ndéantar difear go ndearnadh difear dó.

Déanfaidh Ceann CERT-EU cinntí maidir le faisnéis teagmhas-sonrach a mhalartú lena nochtar céannacht eintiteas an teagmhais de bhun na chéad fhomhíre, pointe (b), a fhormhuiniú. Sula n-eiseofar an cinneadh sin, rachaidh CERT-EU i dteagmháil i scríbhinn le heintiteas an Aontais dá ndéantar difear, agus míneoidh sé go soiléir conas a chabhródh nochtadh a chéannachta le teagmhais a sheachaint nó a mhaolú in áit eile. Cuirfidh Ceann CERT-EU an míniú ar fáil agus iarrfaidh Ceann CERT-EU go sainráite ar eintiteas an Aontais a chur in iúl cibé acu an dtugann Ceann CERT-EU toiliú ina leith nó nach dtugann laistigh de thréimhse shocraithe ama. Cuirfidh Ceann CERT-EU in iúl freisin d’eintiteas an Aontais, i bhfianaise an mhínithe atá curtha ar fáil, go bhforchoimeádann sé nó sí an ceart an fhaisnéis a nochtadh fiú in éagmais toilithe. Cuirfear eintiteas sin an Aontais dá ndéantar difear ar an eolas sula nochtfar an fhaisnéis.


whereas









keyboard_arrow_down