search


keyboard_tab Cyber Resilience Act 2023/2841 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2841 GA cercato: 'nuashonruithe' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index nuashonruithe:


whereas nuashonruithe:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 646

 

Airteagal 8

Bearta bainistíochta riosca cibearshlándála

1.   Gan moill mhíchuí agus in aon chás faoin 8 Meán Fómhair 2025, déanfaidh gach eintiteas de chuid an Aontais, faoi fhormhaoirseacht an leibhéil is airde bainistíochta, bearta teicniúla, oibríochtúla agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach chun na rioscaí cibearshlándála arna sainaithint faoin gCreat a bhainistiú, agus chun tionchar teagmhas a chosc nó a íoslaghdú. Agus na caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta úrscothacha agus, i gcás inarb infheidhme, ábhartha á gcur san áireamh, áiritheofar leis na bearta sin leibhéal slándála na gcóras gréasán agus faisnéise ar fud thimpeallacht TFC ina hiomláine i gcomhréir leis na rioscaí cibearshlándála a bhaineann leo. Agus measúnú á dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart sin, tabharfar aird chuí ar a mhéid atá eintiteas an Aontais neamhchosanta ar rioscaí cibearshlándála, ar a mhéid agus ar an dóchúlacht go dtarlóidh teagmhais agus ar a thromchúisí a bheidís, lena n-áirítear a dtionchar sochaíoch, eacnamaíoch agus idirinstitiúideach.

2.   Tabharfaidh eintitis an Aontais aghaidh ar na réimsí seo a leanas ar a laghad i gcur chun feidhme na mbeart bainistíochta riosca cibearshlándála:

(a)

beartas cibearshlándála, lena n-áirítear na bearta is gá chun na cuspóirí agus na tosaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 agus i mír 3 den Airteagal seo a ghnóthú;

(b)

beartais maidir le hanailís riosca cibearshlándála agus slándáil an chórais faisnéise;

(c)

cuspóirí beartais maidir le húsáid seirbhísí néalríomhaireachta;

(d)

iniúchadh cibearshlándála, i gcás inarb iomchuí, a bhféadfadh measúnú ar riosca cibearshlándála, ar leochaileacht agus ar chibearbhagairtí a bheith san áireamh ann, agus tástáil treáite arna déanamh ag soláthraí príobháideach iontaofa ar bhonn rialta;

(e)

cur chun feidhme na moltaí a thagann as iniúchtaí cibearshlándála dá dtagraítear i bpointe (d) trí nuashonruithe cibearshlándála agus beartais;

(f)

an chibearshlándáil a eagrú, lena n-áirítear róil agus freagrachtaí a bhunú;

(g)

bainistíocht sócmhainní, lena n-áirítear fardal sócmhainní TFC agus logaimsiú líonra TFC;

(h)

slándáil acmhainní daonna agus rialú rochtana;

(i)

slándáil oibríochtaí;

(j)

slándáil chumarsáide;

(k)

fáil, forbairt agus cothabháil an chórais, lena n-áirítear beartais maidir le láimhseáil agus nochtadh leochaileachtaí;

(l)

i gcás inar féidir, beartais maidir le trédhearcacht an chóid fhoinsigh;

(m)

slándáil an tslabhra soláthair, lena n-áirítear gnéithe a bhaineann le slándáil maidir leis an gcaidreamh idir gach eintiteas an Aontais agus a sholáthróirí díreacha nó a sholáthraithe seirbhíse díreacha;

(n)

láimhseáil teagmhas agus comhar le CERT-EU, amhail faireachán agus logáil slándála a chothabháil;

(o)

bainistiú leanúnachais gnó, amhail bainistiú cúltaca agus téarnamh ó thubaistí, agus bainistiú géarchéime; agus

(p)

cláir oideachais, scileanna, múscailte feasachta, cleachtais agus oiliúna i réimse na cibearshlándála a chur chun cinn agus a fhorbairt.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (m), cuirfidh eintitis an Aontais san áireamh na leochaileachtaí a bhaineann go sonrach le gach soláthróir díreach agus soláthraí seirbhíse díreach agus cáilíocht fhoriomlán táirgí agus cleachtais chibearshlándála a soláthróirí agus a soláthraithe seirbhíse, lena n-áirítear a nósanna imeachta slána um fhorbairt.

3.   Déanfaidh eintitis an Aontais ar a laghad na bearta sonracha bainistíochta riosca cibearshlándála seo a leanas:

(a)

socruithe teicniúla chun teilea-obair a chumasú agus a choinneáil ar bun;

(b)

céimeanna nithiúla chun dul i dtreo prionsabail iontaoibhe nialasaí;

(c)

fíordheimhniú ilchéime a úsáid mar ghnáthchleachtas i ngach córas gréasán agus faisnéise;

(d)

cripteagrafaíocht agus criptiú a úsáid, agus go háirithe criptiú inn ar inn, mar aon le síniú digiteach slán;

(e)

i gcás inarb iomchuí, cumarsáid ghutha, físe agus téacs shlán, agus córais cumarsáide éigeandála shlána laistigh d’eintiteas an Aontais;

(f)

bearta réamhghníomhacha chun bogearraí mailíseacha agus earraí spiaireachta a bhrath agus a bhaint;

(g)

slándáil an tslabhra soláthair bogearraí a bhunú trí chritéir chun bogearraí a fhorbairt agus a mheas ar bhealach slán;

(h)

cláir oiliúna maidir leis an gcibearshlándáil a bhunú agus a ghlacadh i gcomhréir leis na cúraimí forordaithe agus na cumais a bhfuiltear ag dréim leo don leibhéal is airde bainistíochta agus do bhaill foirne an eintitis sin an Aontais a bhfuil de chúram orthu an Rialachán seo a chur chun feidhme go héifeachtach;

(i)

oiliúint rialta i ndáil leis an gcibearshlándáil do bhaill foirne;

(j)

i gcás inarb ábhartha, rannpháirtíocht in anailísí rioscaí idirnascachta idir eintitis an Aontais, i gcás inarb ábhartha;

(k)

feabhas a chur ar rialacha soláthair chun ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a éascú tríd an méid seo a leanas:

(i)

deireadh a chur le bacainní conarthacha a chuireann srian le faisnéis ó sholáthraithe seirbhísí TFC faoi theagmhais, leochaileachtaí agus cibearbhagairtí a chomhroinnt le CERT-EU;

(ii)

oibleagáidí conarthacha i leith teagmhais, leochaileachtaí agus cibearbhagairtí a thuairisciú mar aon le sásraí iomchuí freagartha agus faireacháin ar theagmhais a bheith i bhfeidhm.

Airteagal 15

Ceann CERT-EU

1.   Tar éis formheas a fháil ó thromlach dhá thrian de chomhaltaí IICB, déanfaidh an Coimisiún Ceann CERT-EU a cheapadh. Rachfar i gcomhairle le IICB ag gach céim den nós imeachta ceapacháin, go háirithe maidir le fógraí folúntais a dhréachtú, iarratais a scrúdú, agus baill a cheapadh ar bhoird roghnúcháin i ndáil leis an bpost. Maidir leis an nós imeachta roghnúcháin, lena n-áirítear gearrliosta deiridh na n-iarrthóirí óna bhfuil Ceann CERT-EU le ceapadh, áiritheofar ionadaíocht chothrom ar gach inscne, agus na hiarratais a chuirtear isteach á gcur san áireamh.

2.   Beidh Ceann CERT-EU freagrach as feidhmiú cuí CERT-EU, agus gníomhóidh sé nó sí laistigh de shainchúram an róil a bheidh aige nó aici agus faoi stiúir IICB. Tuairisceoidh Ceann CERT-EU go rialta do Chathaoirleach IICB agus cuirfidh sé tuarascálacha ad hoc faoi bhráid IICB arna iarraidh sin dó.

3.   Cuideoidh Ceann CERT-EU leis an oifigeach freagrach údarúcháin trí tharmligean maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a dhréachtú ina mbeidh faisnéis airgeadais agus bainistíochta, lena n-áirítear torthaí na rialuithe, arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 74(9) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus tuairisceoidh Ceann CERT-EU go rialta don oifigeach údarúcháin trí tharmligean maidir le cur chun feidhme na mbeart i leith cé acu cumhachtaí atá fo-tharmligthe chuig Ceann CERT-EU.

4.   Tarraingeoidh Ceann CERT-EU suas, ar bhonn bliantúil, pleanáil airgeadais maidir le hioncam agus caiteachas riaracháin maidir lena ghníomhaíochtaí, clár oibre bliantúil atá beartaithe, catalóg seirbhíse atá beartaithe le haghaidh CERT-EU, athbhreithnithe atá beartaithe a dhéanamh ar an gcatalóg seirbhíse, socruithe atá beartaithe le haghaidh comhaontuithe ar leibhéil seirbhíse agus KPInna atá beartaithe le haghaidh CERT-EU, a bheidh le formheas ag IICB i gcomhréir le hAirteagal 11. Agus athbhreithniú á dhéanamh ar liosta na seirbhísí i gcatalóg seirbhíse CERT-EU, cuirfidh Ceann CERT-EU san áireamh na hacmhainní a leithdháiltear ar CERT-EU.

5.   Déanfaidh Ceann CERT-EU tuarascálacha a chur faoi bhráid IICB agus Chathaoirleach IICB uair sa bhliain ar a laghad maidir le gníomhaíochtaí agus feidhmíocht CERT-EU le linn na tréimhse tagartha, lena n-áirítear maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, comhaontuithe ar leibhéil seirbhíse agus comhaontuithe i scríbhinn atá déanta, comhar le contrapháirtithe agus comhpháirtithe, agus misin arna ndéanamh ag an bhfoireann, lena n-áirítear na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 11. Áireofar ar na tuarascálacha sin clár oibre don tréimhse ina dhiaidh sin, pleanáil airgeadais maidir le hioncam agus caiteachas, lena n-áirítear soláthar foirne, nuashonruithe atá pleanáilte a dhéanamh ar chatalóg seirbhíse CERT-EU agus measúnú ar an tionchar a mheastar a bheith ag na nuashonruithe sin maidir le hacmhainní airgeadais agus daonna.

Airteagal 20

Socruithe um chomhroinnt faisnéise maidir leis an gcibearshlándáil

1.   Féadfaidh eintitis an Aontais, ar bhonn deonach, fógra a thabhairt do CERT-EU faoi theagmhais, cibearbhagairtí, neasteagmhais agus leochaileachtaí lena ndéantar difear dóibh, agus faisnéis a sholáthar dó ina leith sin. Áiritheoidh CERT-EU go mbeidh modhanna éifeachtúla cumarsáide, ag a mbeidh ardleibhéal inrianaitheachta, rúndachta agus iontaofachta, ar fáil chun comhroinnt faisnéise le heintitis an Aontais a éascú. Agus fógraí á bpróiseáil, féadfaidh CERT-EU tosaíocht a thabhairt d’fhógraí sainordaitheacha a phróiseáil thar fhógraí deonacha. Gan dochar d’Airteagal 12, ní fhorchuirfear le fógra deonach aon oibleagáid bhreise ar eintiteas tuairiscithe sin an Aontais nach mbeadh sé faoina réir mura mbeadh an fógra tíolactha aige.

2.   Chun a mhisean agus a chúraimí a thugtar de bhun Airteagal 13 a chomhlíonadh, féadfaidh CERT-EU a iarraidh ar eintitis an Aontais faisnéis a sholáthar dó óna bhfardail córas TFC faoi seach, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le cibearbhagairtí, neasteagmhais, leochaileachtaí, táscairí comhréitigh, foláirimh chibearshlándála agus moltaí maidir le cumraíocht uirlisí cibearshlándála chun teagmhais a bhrath. Déanfaidh eintiteas iarrtha an Aontais an fhaisnéis a iarrtar a tharchur, agus aon nuashonruithe uirthi ina dhiaidh sin, gan moill mhíchuí.

3.   Maidir le faisnéis teagmhas-sonrach a mhalartú le heintitis an Aontais lena nochtar céannacht eintiteas an Aontais dá ndéantar difear leis an teagmhas, féadfaidh CERT-EU an fhaisnéis sin a mhalartú ar choinníoll go dtugann eintiteas an Aontais dá ndéantar difear dó a thoiliú. I gcás ina ndéanann eintiteas an Aontais a thoiliú a choinneáil siar, tabharfaidh sé cúiseanna do CERT-EU a thugann bunús leis an gcinneadh sin.

4.   Déanfaidh eintitis an Aontais, arna iarraidh sin dóibh, faisnéis a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle maidir le tabhairt chun críche na bpleananna cibearshlándála.

5.   Déanfaidh IICB nó CERT-EU, de réir mar is infheidhme, arna iarraidh sin dóibh, treoirlínte, moltaí agus glaonna ar ghníomhaíocht a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

6.   Ní áireofar an méid seo a leanas ar na hoibleagáidí comhroinnte faisnéise a leagtar síos san Airteagal:

(a)

FRAE;

(b)

faisnéis a bhfuil a dáileadh breise eisiata trí bhíthin marcáil infheicthe, mura bhfuil comhroinnt na faisnéise sin le CERT-EU ceadaithe go sainráite.

Airteagal 21

Oibleagáidí tuairiscithe

1.   Measfar teagmhas a bheith suntasach más rud é gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

go bhfuil sé ina chúis nó gur féidir leis a bheith ina chúis le mórshuaitheadh oibríochtúil ar fheidhmiú an eintitis sin an Aontais lena mbaineann nó ina chúis le caillteanas airgeadais don eintiteas sin;

(b)

go bhfuil difear déanta aige do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile nó gur féidir leis difear a dhéanamh dóibh trí dhamáiste suntasach ábhartha nó neamhábhartha a dhéanamh.

2.   Cuirfidh eintitis an Aontais an méid seo a leanas faoi bhráid CERT-EU:

(a)

gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis dóibh teacht ar an eolas faoin teagmhas suntasach, luathrabhadh, ina léireofar, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil amhras ann gur tharla an teagmhas suntasach mar gheall ar ghníomhartha neamhdhleathacha nó mailíseacha nó an bhféadfadh tionchar tras-eintitis nó trasteorann a bheith aige;

(b)

gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis dóibh teacht ar an eolas faoin teagmhas suntasach, fógra teagmhais, lena ndéanfar, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a nuashonrú agus measúnú tosaigh ar an teagmhas suntasach, lena n-áirítear a dhéine agus a thionchar, agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, táscairí an chomhréitigh a léiriú;

(c)

arna iarraidh sin do CERT-EU, tuarascáil idirmheánach maidir le nuashonruithe ábhartha ar stádas;

(d)

tuarascáil chríochnaitheach tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an fógra teagmhais a thíolacadh faoi phointe (b), lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

tuairisc mhionsonraithe ar an teagmhas, lena n-áirítear a dhéine agus a thionchar;

(ii)

an cineál bagartha nó an bhunchúis ar dócha gur spreag sé an teagmhas;

(iii)

bearta maolaithe atá curtha i bhfeidhm agus bearta maolaithe leanúnacha;

(iv)

i gcás inarb infheidhme, tionchar trasteorann nó tras-eintitis an teagmhais;

(e)

i gcás teagmhas leanúnach tráth thíolacadh na tuarascála críochnaithí dá dtagraítear i bpointe (d), tuarascáil ar dhul chun cinn an tráth sin agus tuarascáil chríochnaitheach laistigh d’aon mhí amháin tar éis dóibh an teagmhas a láimhseáil.

3.   Déanfaidh eintiteas an Aontais, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis dó teacht ar an eolas faoi theagmhas suntasach, aon chontrapháirtí ábhartha ó na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 17(1) sa Bhallstát ina bhfuil sé lonnaithe a chur ar an eolas gur tharla teagmhas suntasach.

4.   Tabharfaidh eintitis sin an Aontais fógra, inter alia, faoi aon fhaisnéis lena gcuirfear ar a chumas do CERT-EU aon tionchar tras-eintitis, aon tionchar ar an mBallstát óstach nó aon tionchar trasteorann a chinneadh tar éis teagmhas suntasach. Gan dochar d’Airteagal 12, trí fhógra a thabhairt ní fhágfar go mbeidh eintiteas an Aontais faoi réir dliteanas méadaithe.

5.   I gcás inarb infheidhme, cuirfidh eintitis an Aontais in iúl, gan moill mhíchuí, d’úsáideoirí na gcóras gréasán agus faisnéise dá ndéantar difear, nó na gcomhpháirteanna eile den timpeallacht TFC, a bhféadfadh teagmhas suntasach nó cibearbhagairt shuntasach difear a dhéanamh dóibh, agus, i gcás inarb iomchuí, go bhfuil gá le bearta maolaithe a chur i gcrích, aon bhearta nó leigheasanna is féidir leo a dhéanamh mar fhreagairt ar an teagmhas nó ar an mbagairt sin. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh eintitis an Aontais na húsáideoirí sin ar an eolas faoin gcibearbhagairt shuntasach féin.

6.   I gcás ina ndéanann teagmhas suntasach nó cibearbhagairt shuntasach difear do chóras gréasán agus faisnéise, nó do chomhpháirt de thimpeallacht TFC eintiteas an Aontais atá nasctha go feasach le timpeallacht TFC eintitis eile an Aontais, deanfaidh CERT-EU foláireamh ábhartha cibearshlándála a eisiúint.

7.   Déanfaidh eintitis an Aontais, arna iarraidh sin do CERT-EU, faisnéis dhigiteach a sholáthar do CERT-EU gan moill mhíchuí, ar faisnéis í a chruthaítear trí úsáid a bhaint as gairis leictreonacha a bhfuil baint acu lena dteagmhais faoi seach. Féadfaidh CERT-EU tuilleadh mionsonraí a chur ar fáil maidir le cineálacha na faisnéise a éilíonn sé le haghaidh feasacht staide agus freagairt ar theagmhais.

8.   Gach 3 mhí, cuirfidh CERT-EU tuarascáil achomair faoi bhráid IICB, ENISA, EU INTCEN agus líonra CSIRT, lena n-áirítear sonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe maidir le teagmhais shuntasacha, teagmhais, cibearbhagairtí, neasteagmhais agus leochaileachtaí de bhun Airteagal 20 agus teagmhais shuntasacha ar tugadh fógra fúthu de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Beidh an tuarascáil sin ina hionchur sa tuarascáil dhébhliantúil ar staid na cibearshlándála san Aontas arna glacadh de bhun Airteagal 18 de Threoir (AE) 2022/2555.

9.   Faoin 8 Iúil 2024, eiseoidh IICB treoirlínte nó moltaí ina sonrófar tuilleadh na socruithe le haghaidh an tuairiscithe agus formáid agus ábhar an tuairiscithe de bhun an Airteagail seo. Agus treoirlínte nó moltaí den sórt sin á n-ullmhú, cuirfidh IICB san áireamh aon ghníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 23(11) de Threoir (AE) 2022/2555 lena sonraítear an cineál faisnéise, an fhormáid agus an nós imeachta um fhógraí a thabhairt. Scaipfidh CERT-EU na mionsonraí ábhartha teicniúla chun a chur ar a gcumas d’eintitis an Aontais bearta braite réamhghníomhaí, bearta freagartha ar theagmhais nó bearta maolaitheacha a dhéanamh.

10.   Ní áireofar an méid seo a leanas ar na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos san Airteagal:

(a)

FRAE;

(b)

faisnéis a bhfuil a dáileadh breise eisiata trí bhíthin marcáil infheicthe, mura bhfuil comhroinnt na faisnéise sin le CERT-EU ceadaithe go sainráite.


whereas









keyboard_arrow_down