search


keyboard_tab Cyber Resilience Act 2023/2841 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2841 GA cercato: 'mír ' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index mír :


whereas mír :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 742

 

Airteagal 5

Bearta a chur chun feidhme

1.   Faoin 8 Meán Fómhair 2024, déanfaidh an Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil arna bhunú de bhun Airteagal 10, tar éis dó dul i gcomhairle le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus tar éis treoir a fháil ó CERT-EU, treoirlínte a eisiúint d’eintitis an Aontais chun críche athbhreithnithe tosaigh cibearshlándála a dhéanamh agus creat inmheánach bainistíochta riosca, rialachais agus rialaithe cibearshlándála a bhunú de bhun Airteagal 6, measúnuithe aibíochta cibearshlándála a dhéanamh de bhun Airteagal 7, bearta bainistíochta riosca cibearshlándála a dhéanamh de bhun Airteagal 8, agus an plean cibearshlándála a ghlacadh de bhun Airteagal 9.

2.   Agus Airteagail 6 go 9 á gcur chun feidhme acu, cuirfidh eintitis an Aontais san áireamh na treoirlínte dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, chomh maith le treoirlínte agus moltaí ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagail 11 agus 14.

Airteagal 8

Bearta bainistíochta riosca cibearshlándála

1.   Gan moill mhíchuí agus in aon chás faoin 8 Meán Fómhair 2025, déanfaidh gach eintiteas de chuid an Aontais, faoi fhormhaoirseacht an leibhéil is airde bainistíochta, bearta teicniúla, oibríochtúla agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach chun na rioscaí cibearshlándála arna sainaithint faoin gCreat a bhainistiú, agus chun tionchar teagmhas a chosc nó a íoslaghdú. Agus na caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta úrscothacha agus, i gcás inarb infheidhme, ábhartha á gcur san áireamh, áiritheofar leis na bearta sin leibhéal slándála na gcóras gréasán agus faisnéise ar fud thimpeallacht TFC ina hiomláine i gcomhréir leis na rioscaí cibearshlándála a bhaineann leo. Agus measúnú á dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart sin, tabharfar aird chuí ar a mhéid atá eintiteas an Aontais neamhchosanta ar rioscaí cibearshlándála, ar a mhéid agus ar an dóchúlacht go dtarlóidh teagmhais agus ar a thromchúisí a bheidís, lena n-áirítear a dtionchar sochaíoch, eacnamaíoch agus idirinstitiúideach.

2.   Tabharfaidh eintitis an Aontais aghaidh ar na réimsí seo a leanas ar a laghad i gcur chun feidhme na mbeart bainistíochta riosca cibearshlándála:

(a)

beartas cibearshlándála, lena n-áirítear na bearta is gá chun na cuspóirí agus na tosaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 agus i mír 3 den Airteagal seo a ghnóthú;

(b)

beartais maidir le hanailís riosca cibearshlándála agus slándáil an chórais faisnéise;

(c)

cuspóirí beartais maidir le húsáid seirbhísí néalríomhaireachta;

(d)

iniúchadh cibearshlándála, i gcás inarb iomchuí, a bhféadfadh measúnú ar riosca cibearshlándála, ar leochaileacht agus ar chibearbhagairtí a bheith san áireamh ann, agus tástáil treáite arna déanamh ag soláthraí príobháideach iontaofa ar bhonn rialta;

(e)

cur chun feidhme na moltaí a thagann as iniúchtaí cibearshlándála dá dtagraítear i bpointe (d) trí nuashonruithe cibearshlándála agus beartais;

(f)

an chibearshlándáil a eagrú, lena n-áirítear róil agus freagrachtaí a bhunú;

(g)

bainistíocht sócmhainní, lena n-áirítear fardal sócmhainní TFC agus logaimsiú líonra TFC;

(h)

slándáil acmhainní daonna agus rialú rochtana;

(i)

slándáil oibríochtaí;

(j)

slándáil chumarsáide;

(k)

fáil, forbairt agus cothabháil an chórais, lena n-áirítear beartais maidir le láimhseáil agus nochtadh leochaileachtaí;

(l)

i gcás inar féidir, beartais maidir le trédhearcacht an chóid fhoinsigh;

(m)

slándáil an tslabhra soláthair, lena n-áirítear gnéithe a bhaineann le slándáil maidir leis an gcaidreamh idir gach eintiteas an Aontais agus a sholáthróirí díreacha nó a sholáthraithe seirbhíse díreacha;

(n)

láimhseáil teagmhas agus comhar le CERT-EU, amhail faireachán agus logáil slándála a chothabháil;

(o)

bainistiú leanúnachais gnó, amhail bainistiú cúltaca agus téarnamh ó thubaistí, agus bainistiú géarchéime; agus

(p)

cláir oideachais, scileanna, múscailte feasachta, cleachtais agus oiliúna i réimse na cibearshlándála a chur chun cinn agus a fhorbairt.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (m), cuirfidh eintitis an Aontais san áireamh na leochaileachtaí a bhaineann go sonrach le gach soláthróir díreach agus soláthraí seirbhíse díreach agus cáilíocht fhoriomlán táirgí agus cleachtais chibearshlándála a soláthróirí agus a soláthraithe seirbhíse, lena n-áirítear a nósanna imeachta slána um fhorbairt.

3.   Déanfaidh eintitis an Aontais ar a laghad na bearta sonracha bainistíochta riosca cibearshlándála seo a leanas:

(a)

socruithe teicniúla chun teilea-obair a chumasú agus a choinneáil ar bun;

(b)

céimeanna nithiúla chun dul i dtreo prionsabail iontaoibhe nialasaí;

(c)

fíordheimhniú ilchéime a úsáid mar ghnáthchleachtas i ngach córas gréasán agus faisnéise;

(d)

cripteagrafaíocht agus criptiú a úsáid, agus go háirithe criptiú inn ar inn, mar aon le síniú digiteach slán;

(e)

i gcás inarb iomchuí, cumarsáid ghutha, físe agus téacs shlán, agus córais cumarsáide éigeandála shlána laistigh d’eintiteas an Aontais;

(f)

bearta réamhghníomhacha chun bogearraí mailíseacha agus earraí spiaireachta a bhrath agus a bhaint;

(g)

slándáil an tslabhra soláthair bogearraí a bhunú trí chritéir chun bogearraí a fhorbairt agus a mheas ar bhealach slán;

(h)

cláir oiliúna maidir leis an gcibearshlándáil a bhunú agus a ghlacadh i gcomhréir leis na cúraimí forordaithe agus na cumais a bhfuiltear ag dréim leo don leibhéal is airde bainistíochta agus do bhaill foirne an eintitis sin an Aontais a bhfuil de chúram orthu an Rialachán seo a chur chun feidhme go héifeachtach;

(i)

oiliúint rialta i ndáil leis an gcibearshlándáil do bhaill foirne;

(j)

i gcás inarb ábhartha, rannpháirtíocht in anailísí rioscaí idirnascachta idir eintitis an Aontais, i gcás inarb ábhartha;

(k)

feabhas a chur ar rialacha soláthair chun ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a éascú tríd an méid seo a leanas:

(i)

deireadh a chur le bacainní conarthacha a chuireann srian le faisnéis ó sholáthraithe seirbhísí TFC faoi theagmhais, leochaileachtaí agus cibearbhagairtí a chomhroinnt le CERT-EU;

(ii)

oibleagáidí conarthacha i leith teagmhais, leochaileachtaí agus cibearbhagairtí a thuairisciú mar aon le sásraí iomchuí freagartha agus faireacháin ar theagmhais a bheith i bhfeidhm.

Airteagal 13

Misean agus cúraimí CERT-EU

1.   Is é a bheidh i misean CERT-EU rannchuidiú le slándáil thimpeallacht TFC neamh-rúnaicmithe de chuid eintitis an Aontais trí chomhairle a thabhairt dóibh maidir leis an gcibearshlándáil, trí chúnamh a thabhairt chun teagmhais a chosc, a bhrath, a láimhseáil, a mhaolú, freagairt orthu agus téarnamh uathu agus trí fheidhmiú mar a malartán faisnéise cibearshlándála agus mar a mol comhordúcháin chun freagairt ar theagmhais.

2.   Déanfaidh CERT-EU faisnéis maidir le cibearbhagairtí, leochaileachtaí agus teagmhais a bhaineann le bonneagar TFC neamh-rúnaicmithe a bhailiú, a bhainistiú, a anailísiú agus a chomhroinnt le heintitis an Aontais. Déanfaidh sé freagairtí ar theagmhais ar leibhéal idirinstitiúideach agus ar leibhéal eintitis an Aontais a chomhordú, lena n-áirítear trí chúnamh oibríochtúil speisialaithe a sholáthar nó a chomhordú.

3.   Déanfaidh CERT-EU na cúraimí seo a leanas chun cabhrú le heintitis an Aontais:

(a)

tabharfaidh sé tacaíocht dóibh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus rannchuideoidh sé leis an gcomhordú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo trí bhíthin na mbeart a liostaítear in Airteagal 14(1) nó trí thuarascálacha ad hoc arna n-iarraidh ag IICB;

(b)

déanfaidh sé seirbhísí CSIRT caighdeánacha a thairiscint d’eintiteas an Aontais trí bhíthin pacáiste seirbhísí cibearshlándála a dtugtar tuairisc orthu ina chatalóg seirbhísí (seirbhísí bunlíne);

(c)

coinneoidh sé líonra piaraí agus comhpháirtithe ar bun chun tacú leis na seirbhísí mar a leagtar amach in Airteagail 17 agus 18;

(d)

tarraingeoidh sé aird IICB ar aon fhadhb a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus le cur chun feidhme na dtreoirlínte, na moltaí agus na nglaonna ar ghníomhaíocht;

(e)

ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 2, rannchuideoidh sé le feasacht staide cibearshlándála an Aontais i ndlúthchomhar le ENISA;

(f)

déanfaidh sé an bainistiú ar mhórtheagmhais a chomhordú;

(g)

gníomhóidh sé thar ceann eintitis an Aontais mar chomhionann an chomhordaitheora ainmnithe chun críocha nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí de bhun Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555;

(h)

soláthróidh sé scanadh réamhghníomhach neamhchunórach, arna iarraidh sin d’eintiteas an Aontais, ar chórais gréasán agus faisnéise eintiteas sin an Aontais a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu.

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e), a chomhroinnt le IICB, le líonra CSIRT agus le Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (EU INTCEN), i gcás inarb infheidhme agus inarb iomchuí, agus faoi réir coinníollacha rúndachta iomchuí.

4.   Féadfaidh CERT-EU, i gcomhréir le hAirteagal 17 nó le hAirteagal 18 de réir mar is iomchuí, oibriú i gcomhar leis na pobail ábhartha chibearshlándála laistigh den Aontas agus dá Bhallstáit, lena n-áirítear sna réimsí seo a leanas:

(a)

ullmhacht, comhordú teagmhas, malartú faisnéise agus freagairt ar ghéarchéimeanna ar an leibhéal teicniúil maidir le cásanna a bhaineann le heintitis an Aontais;

(b)

comhar oibríochtúil maidir le líonra CSIRT, lena n-áirítear maidir le cúnamh frithpháirteach;

(c)

faisnéis faoi chibearbhagairtí, lena n-áirítear feasacht staide;

(d)

aon ábhar lena dteastaíonn saineolas cibearshlándála teicniúil CERT-EU.

5.   Laistigh dá inniúlacht, rachaidh CERT-EU i mbun comhar struchtúrtha le ENISA maidir le fothú acmhainneachta, comhar oibríochtúil agus anailísí straitéiseacha fadtéarmacha ar chibearbhagairtí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/881. Féadfaidh CERT-EU oibriú i gcomhar le hIonad Cibearchoireachta na hEorpa de chuid Europol agus faisnéis a mhalartú leis.

6.   Féadfaidh CERT-EU na seirbhísí seo a leanas, nach dtugtar tuairisc orthu ina chatalóg seirbhísí (seirbhísí inmhuirearaithe), a sholáthar:

(a)

seirbhísí lena dtacaítear le cibearshlándáil thimpeallacht TFC eintitis an Aontais, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i mír 3, ar bhonn comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse agus faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil, go háirithe faireachán speictrim leathain ar an ngréasán, lena n-áirítear faireachán 24/7 ar an gcéad líne i gcás cibearbhagairtí ard-déine;

(b)

seirbhísí lena dtacaítear le hoibríochtaí nó tionscadail chibearshlándála eintitis an Aontais, cé is moite díobh siúd lena dtugtar cosaint dá dtimpeallachtaí TFC, ar bhonn comhaontuithe i scríbhinn agus le formheas roimh ré ó IICB;

(c)

arna iarraidh sin, scanadh réamhghníomhach ar chórais gréasán agus faisnéise eintiteas an Aontais lena mbaineann chun leochaileachtaí a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu a bhrath;

(d)

seirbhísí lena dtacaítear le slándáil a dtimpeallachta TFC d’eagraíochtaí seachas na heintitis de chuid an Aontais a oibríonn i ndlúthchomhar le heintitis an Aontais, mar shampla trí chúraimí nó freagrachtaí a thabhairt faoi dhlí an Aontais, ar bhonn comhaontuithe i scríbhinn agus le formheas roimh ré ó IICB.

Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (d), féadfaidh CERT-EU, ar bhonn eisceachtúil, comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a dhéanamh le heintitis seachas na heintitis de chuid an Aontais le formheas roimh ré ó IICB.

7.   Déanfaidh CERT-EU cleachtaí cibearshlándála a eagrú agus féadfaidh sé a bheith rannpháirteach iontu nó féadfaidh sé rannpháirtíocht i gcleachtaí atá ann cheana a mholadh, i gcás inarb infheidhme i ndlúthchomhar le ENISA, chun leibhéal cibearshlándála eintitis an Aontais a thástáil.

8.   Féadfaidh CERT-EU cúnamh a chur ar fáil d’eintitis an Aontais maidir le teagmhais i gcórais gréasán agus faisnéise a láimhseálann FRAE, i gcás ina n-iarrann eintitis an Aontais lena mbaineann go sainráite air é sin a dhéanamh i gcomhréir lena nósanna imeachta faoi seach. Beidh an cúnamh a chuireann CERT-EU ar fáil faoin mír seo gan dochar do rialacha infheidhme a bhaineann le cosaint faisnéise rúnaicmithe.

9.   Cuirfidh CERT-EU eintitis an Aontais ar an eolas faoina nósanna imeachta agus a phróisis láimhseála teagmhais.

10.   Rannchuideoidh CERT-EU, le hardleibhéal rúndachta agus iontaofachta, trí na sásraí comhair agus na línte tuairiscithe iomchuí, trí fhaisnéis ábhartha agus anaithnidithe faoi mhórtheagmhais agus faoin mbealach inar láimhseáladh iad. Áireofar an fhaisnéis sin sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 10(14).

11.   Déanfaidh CERT-EU, i gcomhar le MECS, tacaíocht a thabhairt d'eintitis an Aontais lena mbaineann agus aghaidh á tabhairt ar theagmhais as a dtagann sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta, gan dochar d’inniúlacht agus do chúraimí MECS mar údarás maoirseachta de bhun Rialachán (AE) 2018/1725.

12.   Féadfaidh CERT-EU, má iarrann ranna beartais eintitis an Aontais air go sainráite déanamh amhlaidh, comhairle theicniúil nó ionchur teicniúil a thabhairt maidir le hábhair bheartais ábhartha.

Airteagal 16

Cúrsaí airgeadais agus foirne

1.   Déanfar CERT-EU a chomhtháthú i struchtúr riaracháin ard-stiúrthóireacht an Choimisiúin chun tairbhe a bhaint as struchtúir tacaíochta riaracháin, bainistíochta airgeadais agus cuntasaíochta an Choimisiúin, agus a stádas mar sholáthraí seirbhíse idirinstitiúideach uathrialaitheach á choimeád i gcás eintitis uile an Aontais. Cuirfidh an Coimisiún IICB ar an eolas faoi shuíomh riaracháin CERT-EU agus faoi aon athruithe a dhéanfar ina leith. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na socruithe riaracháin a bhaineann le CERT-EU ar bhonn rialta agus in aon chás sula mbunófar aon chreat airgeadais ilbhliantúil de bhun Airteagal 312 CFAE, chun go bhféadfar beart iomchuí a dhéanamh. Áireofar san athbhreithniú sin an fhéidearthacht CERT-EU a bhunú mar oifig de chuid an Aontais.

2.   Chun nósanna imeachta riaracháin agus airgeadais a chur i bhfeidhm, gníomhóidh Ceann CERT-EU faoi údarás an Choimisiúin agus faoi mhaoirseacht IICB.

3.   Maidir le cúraimí agus gníomhaíochtaí CERT-EU, lena n-áirítear na seirbhísí arna soláthar ag CERT-EU de bhun Airteagal 13(3), (4), (5) agus (7) agus Airteagal 14(1) d’eintitis an Aontais arna maoiniú ón gceannteideal den chreat airgeadais ilbhliantúil atá tiomnaithe don riarachán poiblí Eorpach, déanfar iad a chistiú trí bhíthin sainlíne buiséid de bhuiséad an Choimisiúin. Tabharfar mionsonraí ar phoist atá curtha in áirithe do CERT-EU i bhfonóta a ghabhann le plean bunaíochta an Choimisiúin.

4.   Déanfaidh eintitis an Aontais, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ranníocaíochtaí bliantúla le CERT-EU chun na seirbhísí arna soláthar ag CERT-EU de bhun na míre sin a chumhdach. Beidh na ranníocaíochtaí bunaithe ar threoracha a thabharfaidh IICB agus a chomhaontófar le gach eintiteas de chuid an Aontais agus le CERT-EU i gcomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse. Cion cothrom agus comhréireach de chostais iomlán na seirbhísí a sholáthraítear a bheidh sna ranníocaíochtaí. Déanfar iad a iontráil mar ioncam sannta inmheánach sa tsainlíne bhuiséid dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 21(3), pointe (c) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

5.   Déanfar costais na gcúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 13(6) a aisghabháil ó eintitis an Aontais a fhaigheann seirbhísí CERT-EU. Sannfar an t-ioncam do na línte buiséid faoina gcumhdaítear na costais.

Airteagal 17

Comhar CERT-EU le contrapháirtithe ó na Ballstáit

1.   Oibreoidh CERT-EU, gan moill mhíchuí, i gcomhar le contrapháirtithe náisiúnta ó na Ballstáit agus malartóidh sé faisnéis leo, go háirithe CSIRTanna arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 10 de Threoir (AE) 2022/2555, nó, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis inniúla agus na pointí teagmhála aonair atá ainmnithe nó bunaithe de bhun Airteagal 8 den Treoir sin, maidir le teagmhais, cibearbhagairtí, leochaileachtaí, neasteagmhais, frithbhearta féideartha chomh maith le dea-chleachtais agus maidir le gach ábhar is ábhartha chun feabhas a chur ar chosaint thimpeallachtaí TFC eintitis an Aontais, lena n-áirítear trí bhíthin líonra CSIRT arna bhunú de bhun Airteagal 15 de Threoir (AE) 2022/2555. Tacóidh CERT-AE leis an gCoimisiún in EU-CyCLONe arna bunú de bhun Airteagal 16 de Threoir (AE) 2022/2555 maidir leis an mbainistiú comhordaithe ar theagmhais mórscála chibearshlándála agus ar ghéarchéimeanna.

2.   I gcás ina bhfuil CERT-EU ar an eolas faoi theagmhais shuntasacha a tharlaíonn laistigh de chríoch Ballstáit, déanfaidh CERT-EU, gan mhoill, fógra a thabhairt d’aon chontrapháirtí ábhartha ón mBallstát sin, i gcomhréir le mír 1.

3.   Ar choinníoll go gcosnófar sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme maidir le cosaint sonraí, déanfaidh CERT-EU, gan moill mhíchuí, faisnéis ábhartha a bhaineann go sonrach le teagmhas a mhalartú le contrapháirtithe ó na Ballstáit, chun éascú a dhéanamh ar chibearbhagairtí nó ar chibeartheagmhais chomhchosúla a bhrath, nó chun rannchuidiú leis an anailís ar theagmhas, gan údarú a fháil ón eintiteas de chuid an Aontais dá ndéantar difear. Ní dhéanfaidh CERT-EU faisnéis teagmhas-sonrach a mhalartú lena nochtar céannacht an eintitis ar ar díríodh an teagmhas ach amháin i gcás ceann de na himthosca seo a leanas:

(a)

go dtugann eintiteas an Aontais dá ndéantar difear toiliú ina leith;

(b)

nach dtugann eintiteas an Aontais dá ndéantar difear toiliú ina leith mar a fhoráiltear i bpointe (a) ach le nochtadh chéannacht an eintitis sin an Aontais dá ndéantar difear go méadófaí an dóchúlacht go seachnófaí nó go maolófaí teagmhais in áit eile.

(c)

go bhfuil sé curtha ar fáil go poiblí cheana ag eintiteas an Aontais dá ndéantar difear go ndearnadh difear dó.

Déanfaidh Ceann CERT-EU cinntí maidir le faisnéis teagmhas-sonrach a mhalartú lena nochtar céannacht eintiteas an teagmhais de bhun na chéad fhomhíre, pointe (b), a fhormhuiniú. Sula n-eiseofar an cinneadh sin, rachaidh CERT-EU i dteagmháil i scríbhinn le heintiteas an Aontais dá ndéantar difear, agus míneoidh sé go soiléir conas a chabhródh nochtadh a chéannachta le teagmhais a sheachaint nó a mhaolú in áit eile. Cuirfidh Ceann CERT-EU an míniú ar fáil agus iarrfaidh Ceann CERT-EU go sainráite ar eintiteas an Aontais a chur in iúl cibé acu an dtugann Ceann CERT-EU toiliú ina leith nó nach dtugann laistigh de thréimhse shocraithe ama. Cuirfidh Ceann CERT-EU in iúl freisin d’eintiteas an Aontais, i bhfianaise an mhínithe atá curtha ar fáil, go bhforchoimeádann sé nó sí an ceart an fhaisnéis a nochtadh fiú in éagmais toilithe. Cuirfear eintiteas sin an Aontais dá ndéantar difear ar an eolas sula nochtfar an fhaisnéis.

Airteagal 18

Comhar CERT-EU le contrapháirtithe eile

1.   Féadfaidh CERT-EU oibriú i gcomhar le contrapháirtithe san Aontas cé is moite díobh siúd dá dtagraítear in Airteagal 17 atá faoi réir cheanglais chibearshlándála an Aontais, lena n-áirítear contrapháirtithe earnáilsonracha maidir le huirlisí agus modhanna, amhail teicnící, taicticí, nósanna imeachta agus dea-chleachtais agus maidir le cibearbhagairtí agus leochaileachtaí. I gcás gach comhair leis na comhpháirtithe sin, lorgóidh CERT-EU formheas roimh ré ó IICB de réir an cháis. I gcás ina ndéanann CERT-EU comhar a bhunú leis na contrapháirtithe sin, déanfaidh sé aon chontrapháirtí ábhartha ó na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 17(1), sa Bhallstát ina bhfuil an contrapháirtí lonnaithe a chur ar an eolas. I gcás inarb infheidhme agus inarb iomchuí, déanfar an comhar sin agus na coinníollacha a ghabhann leis, lena n-áirítear maidir leis an gcibearshlándáil, cosaint sonraí agus láimhseáil faisnéise, a leagan síos i socruithe sonracha rúndachta amhail conarthaí nó socruithe riaracháin. Ní bheidh gá le formheas roimh ré ó IICB i leith na socruithe rúndachta, ach cuirfear Cathaoirleach IICB ar an eolas. I gcás ina bhfuil géarghá agus práinn le faisnéis chibearshlándála a mhalartú ar mhaithe le leas eintitis an Aontais nó páirtí eile, féadfaidh CERT-EU déanamh amhlaidh le heintiteas a bhfuil cúis mhaith leis an ngá atá lena inniúlacht, a chumas agus a shaineolas sonrach chun cuidiú leis an ngéarghá práinneach sin, fiú mura bhfuil socrú rúndachta i bhfeidhm ag CERT-EU leis an eintiteas sin. Sna cásanna sin, cuirfidh CERT-EU Cathaoirleach IICB ar an eolas láithreach bonn, agus tuairisceoidh sé don IICB trí bhíthin tuarascálacha nó cruinnithe rialta.

2.   Féadfaidh CERT-EU oibriú i gcomhar le comhpháirtithe eile, amhail eintitis tráchtála, lena n-áirítear eintitis a bhaineann go sonrach le hearnáil an tionscail, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eintitis náisiúnta nach eintitis an Aontais iad nó saineolaithe aonair, chun faisnéis a chruinniú ar chibearbhagairtí ginearálta agus sonracha, ar neasteagmhais, ar leochaileachtaí agus ar fhrithbhearta féideartha. Chun comhar níos leithne leis na comhpháirtithe sin a bheith ann, lorgóidh CERT-EU formheas roimh ré ó IICB de réir an cháis.

3.   Féadfaidh CERT-EU, le toiliú eintiteas an Aontais a ndéanann teagmhas difear dó agus ar choinníoll go bhfuil socrú nó conradh neamhnochta i bhfeidhm leis an gcontrapháirtí nó leis an gcomhpháirtí ábhartha, faisnéis a bhaineann leis an teagmhas sonrach a sholáthar do chontrapháirtithe nó do chomhpháirtithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 chun rannchuidiú lena anailís, agus chun na críche sin amháin.

CAIBIDIL V

OIBLEAGAIDI MAIDIR LE COMHAR AGUS TUAIRISCIU


whereas









keyboard_arrow_down