search


keyboard_tab Cyber Resilience Act 2023/2841 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2841 GA cercato: 'fhomhíre' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index fhomhíre:


whereas fhomhíre:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 530

 

Airteagal 8

Bearta bainistíochta riosca cibearshlándála

1.   Gan moill mhíchuí agus in aon chás faoin 8 Meán Fómhair 2025, déanfaidh gach eintiteas de chuid an Aontais, faoi fhormhaoirseacht an leibhéil is airde bainistíochta, bearta teicniúla, oibríochtúla agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach chun na rioscaí cibearshlándála arna sainaithint faoin gCreat a bhainistiú, agus chun tionchar teagmhas a chosc nó a íoslaghdú. Agus na caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta úrscothacha agus, i gcás inarb infheidhme, ábhartha á gcur san áireamh, áiritheofar leis na bearta sin leibhéal slándála na gcóras gréasán agus faisnéise ar fud thimpeallacht TFC ina hiomláine i gcomhréir leis na rioscaí cibearshlándála a bhaineann leo. Agus measúnú á dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart sin, tabharfar aird chuí ar a mhéid atá eintiteas an Aontais neamhchosanta ar rioscaí cibearshlándála, ar a mhéid agus ar an dóchúlacht go dtarlóidh teagmhais agus ar a thromchúisí a bheidís, lena n-áirítear a dtionchar sochaíoch, eacnamaíoch agus idirinstitiúideach.

2.   Tabharfaidh eintitis an Aontais aghaidh ar na réimsí seo a leanas ar a laghad i gcur chun feidhme na mbeart bainistíochta riosca cibearshlándála:

(a)

beartas cibearshlándála, lena n-áirítear na bearta is gá chun na cuspóirí agus na tosaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 agus i mír 3 den Airteagal seo a ghnóthú;

(b)

beartais maidir le hanailís riosca cibearshlándála agus slándáil an chórais faisnéise;

(c)

cuspóirí beartais maidir le húsáid seirbhísí néalríomhaireachta;

(d)

iniúchadh cibearshlándála, i gcás inarb iomchuí, a bhféadfadh measúnú ar riosca cibearshlándála, ar leochaileacht agus ar chibearbhagairtí a bheith san áireamh ann, agus tástáil treáite arna déanamh ag soláthraí príobháideach iontaofa ar bhonn rialta;

(e)

cur chun feidhme na moltaí a thagann as iniúchtaí cibearshlándála dá dtagraítear i bpointe (d) trí nuashonruithe cibearshlándála agus beartais;

(f)

an chibearshlándáil a eagrú, lena n-áirítear róil agus freagrachtaí a bhunú;

(g)

bainistíocht sócmhainní, lena n-áirítear fardal sócmhainní TFC agus logaimsiú líonra TFC;

(h)

slándáil acmhainní daonna agus rialú rochtana;

(i)

slándáil oibríochtaí;

(j)

slándáil chumarsáide;

(k)

fáil, forbairt agus cothabháil an chórais, lena n-áirítear beartais maidir le láimhseáil agus nochtadh leochaileachtaí;

(l)

i gcás inar féidir, beartais maidir le trédhearcacht an chóid fhoinsigh;

(m)

slándáil an tslabhra soláthair, lena n-áirítear gnéithe a bhaineann le slándáil maidir leis an gcaidreamh idir gach eintiteas an Aontais agus a sholáthróirí díreacha nó a sholáthraithe seirbhíse díreacha;

(n)

láimhseáil teagmhas agus comhar le CERT-EU, amhail faireachán agus logáil slándála a chothabháil;

(o)

bainistiú leanúnachais gnó, amhail bainistiú cúltaca agus téarnamh ó thubaistí, agus bainistiú géarchéime; agus

(p)

cláir oideachais, scileanna, múscailte feasachta, cleachtais agus oiliúna i réimse na cibearshlándála a chur chun cinn agus a fhorbairt.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (m), cuirfidh eintitis an Aontais san áireamh na leochaileachtaí a bhaineann go sonrach le gach soláthróir díreach agus soláthraí seirbhíse díreach agus cáilíocht fhoriomlán táirgí agus cleachtais chibearshlándála a soláthróirí agus a soláthraithe seirbhíse, lena n-áirítear a nósanna imeachta slána um fhorbairt.

3.   Déanfaidh eintitis an Aontais ar a laghad na bearta sonracha bainistíochta riosca cibearshlándála seo a leanas:

(a)

socruithe teicniúla chun teilea-obair a chumasú agus a choinneáil ar bun;

(b)

céimeanna nithiúla chun dul i dtreo prionsabail iontaoibhe nialasaí;

(c)

fíordheimhniú ilchéime a úsáid mar ghnáthchleachtas i ngach córas gréasán agus faisnéise;

(d)

cripteagrafaíocht agus criptiú a úsáid, agus go háirithe criptiú inn ar inn, mar aon le síniú digiteach slán;

(e)

i gcás inarb iomchuí, cumarsáid ghutha, físe agus téacs shlán, agus córais cumarsáide éigeandála shlána laistigh d’eintiteas an Aontais;

(f)

bearta réamhghníomhacha chun bogearraí mailíseacha agus earraí spiaireachta a bhrath agus a bhaint;

(g)

slándáil an tslabhra soláthair bogearraí a bhunú trí chritéir chun bogearraí a fhorbairt agus a mheas ar bhealach slán;

(h)

cláir oiliúna maidir leis an gcibearshlándáil a bhunú agus a ghlacadh i gcomhréir leis na cúraimí forordaithe agus na cumais a bhfuiltear ag dréim leo don leibhéal is airde bainistíochta agus do bhaill foirne an eintitis sin an Aontais a bhfuil de chúram orthu an Rialachán seo a chur chun feidhme go héifeachtach;

(i)

oiliúint rialta i ndáil leis an gcibearshlándáil do bhaill foirne;

(j)

i gcás inarb ábhartha, rannpháirtíocht in anailísí rioscaí idirnascachta idir eintitis an Aontais, i gcás inarb ábhartha;

(k)

feabhas a chur ar rialacha soláthair chun ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a éascú tríd an méid seo a leanas:

(i)

deireadh a chur le bacainní conarthacha a chuireann srian le faisnéis ó sholáthraithe seirbhísí TFC faoi theagmhais, leochaileachtaí agus cibearbhagairtí a chomhroinnt le CERT-EU;

(ii)

oibleagáidí conarthacha i leith teagmhais, leochaileachtaí agus cibearbhagairtí a thuairisciú mar aon le sásraí iomchuí freagartha agus faireacháin ar theagmhais a bheith i bhfeidhm.

Airteagal 12

Comhlíonadh

1.   Déanfaidh IICB, de bhun Airteagail 10(2) agus 11, faireachán éifeachtach ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus na dtreoirlínte, na moltaí agus na nglaonna ar ghníomhaíocht arna nglacadh ag eintitis an Aontais. Féadfaidh IICB an fhaisnéis nó an doiciméadacht is gá chun na críche sin a iarraidh ar eintitis an Aontais. Chun críche bearta comhlíontachta a ghlacadh faoin Airteagal seo, i gcás ina bhfuil ionadaíocht dhíreach ag eintiteas an Aontais lena mbaineann ar IICB, ní bheidh cearta vótála ag eintiteas sin an Aontais.

2.   I gcás ina bhfionnann IICB nach bhfuil an Rialachán seo, ná na treoirlínte, na moltaí ná na glaonna ar ghníomhaíocht arna n-eisiúint dá bhun curtha chun feidhme go héifeachtach ag eintiteas de chuid an Aontais, féadfaidh sé, gan dochar do nósanna imeachta inmheánacha eintiteas an Aontais lena mbaineann, agus tar éis dó an deis a thabhairt d'eintiteas an Aontais lena mbaineann a thuairimí a chur i láthair, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tuairim réasúnaithe a chur in iúl d'eintiteas an Aontais lena mbaineann atá bainteach le bearnaí atá breathnaithe i gcur chun feidhme an Rialacháin seo;

(b)

tar éis dul i gcomhairle le CERT-EU, treoirlínte a thabhairt d'eintiteas an Aontais lena mbaineann de chuid an Aontais chun a áirithiú go ndéanann a Chreat, a bhearta bainistíochta riosca cibearshlándála, a phleananna cibearshlándála agus a thuairisciú maidir leis an gcibearshlándáil an Rialachán seo a chomhlíonadh laistigh de thréimhse shonraithe;

(c)

rabhadh a eisiúint chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh shainaitheanta laistigh de thréimhse ama shonraithe, lena n-áirítear moltaí chun bearta arna nglacadh ag eintiteas an Aontais lena mbaineann de bhun an Rialacháin seo a leasú;

(d)

fógra réasúnaithe a eisiúint chuig eintiteas an Aontais lena mbaineann, i gcás nár tugadh aghaidh go leordhóthanach ar easnaimh shainaitheanta i rabhadh arna eisiúint de bhun pointe (c) laistigh den tréimhse shonraithe;

(e)

moladh a eisiúint:

(i)

go ndéanfaí iniúchadh a chur i gcrích; nó

(ii)

iarraidh a eisiúint go ndéanfadh seirbhís iniúchóireachta tríú páirtí iniúchadh;

(f)

más infheidhme, an Chúirt Iniúchóirí a chur ar an eolas, laistigh de réimse freagrachta a sainordaithe, faoin neamhchomhlíonadh líomhnaithe;

(g)

moladh a eisiúint go ndéanfadh na Ballstáit agus eintitis uile an Aontais fionraí sealadach a chur i bhfeidhm ar shreabha sonraí chuig eintiteas an Aontais lena mbaineann.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), déanfar spriocphobal an rabhaidh a shrianadh go hiomchuí, i gcás inar gá i bhfianaise an riosca chibearshlándála.

Déanfar rabhaidh agus moltaí a eisítear de bhun na chéad fhomhíre a dhíriú chuig an leibhéal bainistíochta is airde in eintiteas an Aontais lena mbaineann.

3.   I gcás ina bhfuil bearta faoi mhír 2, an chéad fhomhír, pointí (a) go (g), glactha ag IICB, déanfaidh eintiteas an Aontais lena mbaineann mionsonraí na mbeart agus na ngníomhaíochtaí atá déanta a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh líomhnaithe arna sainaithint ag IICB. Déanfaidh an t-eintiteas de chuid an Aontais na mionsonraí sin a thíolacadh laistigh de thréimhse réasúnta a bheidh le comhaontú le IICB.

4.   I gcás ina measann IICB go bhfuil sárú leanúnach á dhéanamh ag eintiteas an Aontais ar an Rialachán seo a eascraíonn go díreach as gníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí oifigigh nó seirbhísigh eile an Aontais, lena n-áirítear ar an leibhéal bainistíochta is airde, iarrfaidh IICB go ndéanfaidh eintiteas an Aontais lena mbaineann gníomh iomchuí, lena n-áirítear a iarraidh air breithniú a dhéanamh i dtaobh gníomh de chineál araíonachta a dhéanamh, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sna Rialacháin Foirne agus le haon rialacha agus nósanna imeachta eile is infheidhme. Chuige sin, aistreoidh IICB an fhaisnéis is gá chuig eintiteas an Aontais lena mbaineann.

5.   I gcás ina dtugann eintitis an Aontais fógra nach bhfuil ar a gcumas na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagail 6(1) agus in Airteagal 8(1) a chomhlíonadh, féadfaidh IICB, i gcásanna a bhfuil bunús cuí leo, síneadh ama ar na sprioc-amanna sin a údarú agus méid eintiteas an Aontais á chur san áireamh.

CAIBIDIL IV

CERT-EU

Airteagal 17

Comhar CERT-EU le contrapháirtithe ó na Ballstáit

1.   Oibreoidh CERT-EU, gan moill mhíchuí, i gcomhar le contrapháirtithe náisiúnta ó na Ballstáit agus malartóidh sé faisnéis leo, go háirithe CSIRTanna arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 10 de Threoir (AE) 2022/2555, nó, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis inniúla agus na pointí teagmhála aonair atá ainmnithe nó bunaithe de bhun Airteagal 8 den Treoir sin, maidir le teagmhais, cibearbhagairtí, leochaileachtaí, neasteagmhais, frithbhearta féideartha chomh maith le dea-chleachtais agus maidir le gach ábhar is ábhartha chun feabhas a chur ar chosaint thimpeallachtaí TFC eintitis an Aontais, lena n-áirítear trí bhíthin líonra CSIRT arna bhunú de bhun Airteagal 15 de Threoir (AE) 2022/2555. Tacóidh CERT-AE leis an gCoimisiún in EU-CyCLONe arna bunú de bhun Airteagal 16 de Threoir (AE) 2022/2555 maidir leis an mbainistiú comhordaithe ar theagmhais mórscála chibearshlándála agus ar ghéarchéimeanna.

2.   I gcás ina bhfuil CERT-EU ar an eolas faoi theagmhais shuntasacha a tharlaíonn laistigh de chríoch Ballstáit, déanfaidh CERT-EU, gan mhoill, fógra a thabhairt d’aon chontrapháirtí ábhartha ón mBallstát sin, i gcomhréir le mír 1.

3.   Ar choinníoll go gcosnófar sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme maidir le cosaint sonraí, déanfaidh CERT-EU, gan moill mhíchuí, faisnéis ábhartha a bhaineann go sonrach le teagmhas a mhalartú le contrapháirtithe ó na Ballstáit, chun éascú a dhéanamh ar chibearbhagairtí nó ar chibeartheagmhais chomhchosúla a bhrath, nó chun rannchuidiú leis an anailís ar theagmhas, gan údarú a fháil ón eintiteas de chuid an Aontais dá ndéantar difear. Ní dhéanfaidh CERT-EU faisnéis teagmhas-sonrach a mhalartú lena nochtar céannacht an eintitis ar ar díríodh an teagmhas ach amháin i gcás ceann de na himthosca seo a leanas:

(a)

go dtugann eintiteas an Aontais dá ndéantar difear toiliú ina leith;

(b)

nach dtugann eintiteas an Aontais dá ndéantar difear toiliú ina leith mar a fhoráiltear i bpointe (a) ach le nochtadh chéannacht an eintitis sin an Aontais dá ndéantar difear go méadófaí an dóchúlacht go seachnófaí nó go maolófaí teagmhais in áit eile.

(c)

go bhfuil sé curtha ar fáil go poiblí cheana ag eintiteas an Aontais dá ndéantar difear go ndearnadh difear dó.

Déanfaidh Ceann CERT-EU cinntí maidir le faisnéis teagmhas-sonrach a mhalartú lena nochtar céannacht eintiteas an teagmhais de bhun na chéad fhomhíre, pointe (b), a fhormhuiniú. Sula n-eiseofar an cinneadh sin, rachaidh CERT-EU i dteagmháil i scríbhinn le heintiteas an Aontais dá ndéantar difear, agus míneoidh sé go soiléir conas a chabhródh nochtadh a chéannachta le teagmhais a sheachaint nó a mhaolú in áit eile. Cuirfidh Ceann CERT-EU an míniú ar fáil agus iarrfaidh Ceann CERT-EU go sainráite ar eintiteas an Aontais a chur in iúl cibé acu an dtugann Ceann CERT-EU toiliú ina leith nó nach dtugann laistigh de thréimhse shocraithe ama. Cuirfidh Ceann CERT-EU in iúl freisin d’eintiteas an Aontais, i bhfianaise an mhínithe atá curtha ar fáil, go bhforchoimeádann sé nó sí an ceart an fhaisnéis a nochtadh fiú in éagmais toilithe. Cuirfear eintiteas sin an Aontais dá ndéantar difear ar an eolas sula nochtfar an fhaisnéis.


whereas









keyboard_arrow_down