search


keyboard_tab Cyber Resilience Act 2023/2841 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2841 GA cercato: 'ballstáit' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index ballstáit:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    BEARTA LE HAGHAIDH ARDLEIBHÉAL COMHCHOITEANN CIBEARSHLÁNDÁLA

    CAIBIDIL III
    AN BORD IDIRINSTITIÚIDEACH UM CHIBEARSHLÁNDÁIL

    CAIBIDIL IV
    CERT-EU

    CAIBIDIL V
    OIBLEAGAIDI MAIDIR LE COMHAR AGUS TUAIRISCIU

    CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas ballstáit:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 794

 

Airteagal 10

An Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil

1.   Leis seo, bunaítear Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil (IICB).

2.   Beidh IICB freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ag eintitis an Aontais agus tacaíocht a thabhairt ina leith sin;

(b)

maoirseacht a dhéanamh ar na tosaíochtaí agus cuspóirí ginearálta arna gcur chun feidhme ag CERT-EU agus treoir straitéiseach a chur ar fáil do CERT-EU.

3.   Is éard a bheidh in IICB:

(a)

ionadaí amháin ainmnithe ag gach ceann díobh seo a leanas:

(i)

Parlaimint na hEorpa;

(ii)

an Chomhairle Eorpach;

(iii)

Comhairle an Aontais Eorpaigh;

(iv)

an Coimisiún;

(v)

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

(vi)

an Banc Ceannais Eorpach;

(vii)

an Chúirt Iniúchóirí;

(viii)

an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí;

(ix)

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa;

(x)

Coiste Eorpach na Réigiún;

(xi)

an Banc Eorpach Infheistíochta;

(xii)

an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála;

(xiii)

ENISA;

(xiv)

an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS);

(xv)

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

(b)

triúr ionadaithe arna n-ainmniú ag Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais (EUAN), ar bhonn moladh óna Choiste Comhairleach TFC, chun ionadaíocht a dhéanamh do leasanna na gcomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a reáchtálann a dtimpeallacht TFC féin, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i bpointe (a).

Beidh sé d’aidhm ag eintitis an Aontais a bhfuil ionadaíocht acu ar IICB cothromaíocht inscne a bhaint amach i measc na n-ionadaithe ainmnithe.

4.   Féadfaidh comhaltaí IICB cúnamh a fháil ó chomhalta malartach. Féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar ionadaithe eile ó eintitis an Aontais dá dtagraítear i mír 3 nó ó eintitis eile an Aontais freastal ar chruinnithe IICB, gan cearta vótála a bheith acu.

5.   Féadfaidh Ceann CERT-AE agus Cathaoirligh an Ghrúpa Comhair, líonra CSIRT agus EU-CyCLONe arna mbunú faoi seach, de bhun Airteagail 14, 15 agus 16 de Threoir (AE) 2022/2555, nó a gcomhaltaí malartacha, a bheith rannpháirteach i gcruinnithe IICB mar bhreathnóirí. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh IICB a mhalairt a chinneadh, i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB.

6.   Glacfaidh IICB a rialacha nós imeachta inmheánacha.

7.   Ainmneoidh IICB Cathaoirleach, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta inmheánacha, as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse 3 bliana. Beidh comhalta malartach an Chathaoirligh ina lánchomhalta de IICB ar feadh na tréimhse céanna.

8.   Tiocfaidh IICB le chéile ar a laghad trí huaire sa bhliain ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin do CERT-EU nó arna iarraidh sin d’aon cheann dá chomhaltaí.

9.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta de IICB. Glacfar cinntí IICB le tromlach simplí ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. Ní bheidh vóta ag Cathaoirleach IICB ach amháin i gcás comhionannas vótaí, féadfaidh an Cathaoirleach vóta réitigh a chaitheamh sa chás sin.

10.   Féadfaidh IICB gníomhú trí bhíthin nós imeachta simplithe i scríbhinn arna thionscnamh i gcomhréir le rialacha nós imeachta inmheánacha IICB. Faoin nós imeachta sin, measfar an cinneadh ábhartha a bheith formheasta laistigh den tréimhse ama arna socrú ag an gCathaoirleach, seachas i gcás ina gcuireann comhalta ina choinne.

11.   Is é an Coimisiún a chuirfidh an rúnaíocht ar fáil do IICB agus beidh sí cuntasach do Chathaoirleach IICB.

12.   Déanfaidh na hionadaithe arna n-ainmniú ag EUAN cinntí IICB a chur ar aghaidh chuig comhaltaí EUAN. Beidh aon chomhalta de EUAN i dteideal aon ábhar a tharraingt anuas leis na hionadaithe sin nó le Cathaoirleach IICB a measfaidh an comhalta ina leith gur cheart é a chur faoi bhráid IICB.

13.   Féadfaidh IICB coiste feidhmiúcháin a bhunú chun cúnamh a thabhairt dó ina chuid oibre agus féadfaidh sé roinnt dá chúraimí agus dá chumhachtaí a tharmligean chuige. Déanfaidh IICB rialacha nós imeachta an choiste feidhmiúcháin, lena n-áirítear a chúraimí agus a chumhachtaí agus téarmaí oifige a chomhaltaí a leagan síos.

14.   Faoin 8 Eanáir 2025 agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh IICB tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina sonrófar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus ina sonrófar go háirithe méid chomhar CERT-EU le contrapháirtithe ó na ballstáit i ngach ceann de na ballstáit. Beidh an tuarascáil sin ina hionchur sa tuarascáil dhébhliantúil ar staid na cibearshlándála san Aontas arna glacadh de bhun Airteagal 18 de Threoir (AE) 2022/2555.

Airteagal 12

Comhlíonadh

1.   Déanfaidh IICB, de bhun Airteagail 10(2) agus 11, faireachán éifeachtach ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus na dtreoirlínte, na moltaí agus na nglaonna ar ghníomhaíocht arna nglacadh ag eintitis an Aontais. Féadfaidh IICB an fhaisnéis nó an doiciméadacht is gá chun na críche sin a iarraidh ar eintitis an Aontais. Chun críche bearta comhlíontachta a ghlacadh faoin Airteagal seo, i gcás ina bhfuil ionadaíocht dhíreach ag eintiteas an Aontais lena mbaineann ar IICB, ní bheidh cearta vótála ag eintiteas sin an Aontais.

2.   I gcás ina bhfionnann IICB nach bhfuil an Rialachán seo, ná na treoirlínte, na moltaí ná na glaonna ar ghníomhaíocht arna n-eisiúint dá bhun curtha chun feidhme go héifeachtach ag eintiteas de chuid an Aontais, féadfaidh sé, gan dochar do nósanna imeachta inmheánacha eintiteas an Aontais lena mbaineann, agus tar éis dó an deis a thabhairt d'eintiteas an Aontais lena mbaineann a thuairimí a chur i láthair, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tuairim réasúnaithe a chur in iúl d'eintiteas an Aontais lena mbaineann atá bainteach le bearnaí atá breathnaithe i gcur chun feidhme an Rialacháin seo;

(b)

tar éis dul i gcomhairle le CERT-EU, treoirlínte a thabhairt d'eintiteas an Aontais lena mbaineann de chuid an Aontais chun a áirithiú go ndéanann a Chreat, a bhearta bainistíochta riosca cibearshlándála, a phleananna cibearshlándála agus a thuairisciú maidir leis an gcibearshlándáil an Rialachán seo a chomhlíonadh laistigh de thréimhse shonraithe;

(c)

rabhadh a eisiúint chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh shainaitheanta laistigh de thréimhse ama shonraithe, lena n-áirítear moltaí chun bearta arna nglacadh ag eintiteas an Aontais lena mbaineann de bhun an Rialacháin seo a leasú;

(d)

fógra réasúnaithe a eisiúint chuig eintiteas an Aontais lena mbaineann, i gcás nár tugadh aghaidh go leordhóthanach ar easnaimh shainaitheanta i rabhadh arna eisiúint de bhun pointe (c) laistigh den tréimhse shonraithe;

(e)

moladh a eisiúint:

(i)

go ndéanfaí iniúchadh a chur i gcrích; nó

(ii)

iarraidh a eisiúint go ndéanfadh seirbhís iniúchóireachta tríú páirtí iniúchadh;

(f)

más infheidhme, an Chúirt Iniúchóirí a chur ar an eolas, laistigh de réimse freagrachta a sainordaithe, faoin neamhchomhlíonadh líomhnaithe;

(g)

moladh a eisiúint go ndéanfadh na ballstáit agus eintitis uile an Aontais fionraí sealadach a chur i bhfeidhm ar shreabha sonraí chuig eintiteas an Aontais lena mbaineann.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), déanfar spriocphobal an rabhaidh a shrianadh go hiomchuí, i gcás inar gá i bhfianaise an riosca chibearshlándála.

Déanfar rabhaidh agus moltaí a eisítear de bhun na chéad fhomhíre a dhíriú chuig an leibhéal bainistíochta is airde in eintiteas an Aontais lena mbaineann.

3.   I gcás ina bhfuil bearta faoi mhír 2, an chéad fhomhír, pointí (a) go (g), glactha ag IICB, déanfaidh eintiteas an Aontais lena mbaineann mionsonraí na mbeart agus na ngníomhaíochtaí atá déanta a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh líomhnaithe arna sainaithint ag IICB. Déanfaidh an t-eintiteas de chuid an Aontais na mionsonraí sin a thíolacadh laistigh de thréimhse réasúnta a bheidh le comhaontú le IICB.

4.   I gcás ina measann IICB go bhfuil sárú leanúnach á dhéanamh ag eintiteas an Aontais ar an Rialachán seo a eascraíonn go díreach as gníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí oifigigh nó seirbhísigh eile an Aontais, lena n-áirítear ar an leibhéal bainistíochta is airde, iarrfaidh IICB go ndéanfaidh eintiteas an Aontais lena mbaineann gníomh iomchuí, lena n-áirítear a iarraidh air breithniú a dhéanamh i dtaobh gníomh de chineál araíonachta a dhéanamh, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sna Rialacháin Foirne agus le haon rialacha agus nósanna imeachta eile is infheidhme. Chuige sin, aistreoidh IICB an fhaisnéis is gá chuig eintiteas an Aontais lena mbaineann.

5.   I gcás ina dtugann eintitis an Aontais fógra nach bhfuil ar a gcumas na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagail 6(1) agus in Airteagal 8(1) a chomhlíonadh, féadfaidh IICB, i gcásanna a bhfuil bunús cuí leo, síneadh ama ar na sprioc-amanna sin a údarú agus méid eintiteas an Aontais á chur san áireamh.

CAIBIDIL IV

CERT-EU

Airteagal 17

Comhar CERT-EU le contrapháirtithe ó na ballstáit

1.   Oibreoidh CERT-EU, gan moill mhíchuí, i gcomhar le contrapháirtithe náisiúnta ó na ballstáit agus malartóidh sé faisnéis leo, go háirithe CSIRTanna arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 10 de Threoir (AE) 2022/2555, nó, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis inniúla agus na pointí teagmhála aonair atá ainmnithe nó bunaithe de bhun Airteagal 8 den Treoir sin, maidir le teagmhais, cibearbhagairtí, leochaileachtaí, neasteagmhais, frithbhearta féideartha chomh maith le dea-chleachtais agus maidir le gach ábhar is ábhartha chun feabhas a chur ar chosaint thimpeallachtaí TFC eintitis an Aontais, lena n-áirítear trí bhíthin líonra CSIRT arna bhunú de bhun Airteagal 15 de Threoir (AE) 2022/2555. Tacóidh CERT-AE leis an gCoimisiún in EU-CyCLONe arna bunú de bhun Airteagal 16 de Threoir (AE) 2022/2555 maidir leis an mbainistiú comhordaithe ar theagmhais mórscála chibearshlándála agus ar ghéarchéimeanna.

2.   I gcás ina bhfuil CERT-EU ar an eolas faoi theagmhais shuntasacha a tharlaíonn laistigh de chríoch ballstáit, déanfaidh CERT-EU, gan mhoill, fógra a thabhairt d’aon chontrapháirtí ábhartha ón mBallstát sin, i gcomhréir le mír 1.

3.   Ar choinníoll go gcosnófar sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme maidir le cosaint sonraí, déanfaidh CERT-EU, gan moill mhíchuí, faisnéis ábhartha a bhaineann go sonrach le teagmhas a mhalartú le contrapháirtithe ó na ballstáit, chun éascú a dhéanamh ar chibearbhagairtí nó ar chibeartheagmhais chomhchosúla a bhrath, nó chun rannchuidiú leis an anailís ar theagmhas, gan údarú a fháil ón eintiteas de chuid an Aontais dá ndéantar difear. Ní dhéanfaidh CERT-EU faisnéis teagmhas-sonrach a mhalartú lena nochtar céannacht an eintitis ar ar díríodh an teagmhas ach amháin i gcás ceann de na himthosca seo a leanas:

(a)

go dtugann eintiteas an Aontais dá ndéantar difear toiliú ina leith;

(b)

nach dtugann eintiteas an Aontais dá ndéantar difear toiliú ina leith mar a fhoráiltear i bpointe (a) ach le nochtadh chéannacht an eintitis sin an Aontais dá ndéantar difear go méadófaí an dóchúlacht go seachnófaí nó go maolófaí teagmhais in áit eile.

(c)

go bhfuil sé curtha ar fáil go poiblí cheana ag eintiteas an Aontais dá ndéantar difear go ndearnadh difear dó.

Déanfaidh Ceann CERT-EU cinntí maidir le faisnéis teagmhas-sonrach a mhalartú lena nochtar céannacht eintiteas an teagmhais de bhun na chéad fhomhíre, pointe (b), a fhormhuiniú. Sula n-eiseofar an cinneadh sin, rachaidh CERT-EU i dteagmháil i scríbhinn le heintiteas an Aontais dá ndéantar difear, agus míneoidh sé go soiléir conas a chabhródh nochtadh a chéannachta le teagmhais a sheachaint nó a mhaolú in áit eile. Cuirfidh Ceann CERT-EU an míniú ar fáil agus iarrfaidh Ceann CERT-EU go sainráite ar eintiteas an Aontais a chur in iúl cibé acu an dtugann Ceann CERT-EU toiliú ina leith nó nach dtugann laistigh de thréimhse shocraithe ama. Cuirfidh Ceann CERT-EU in iúl freisin d’eintiteas an Aontais, i bhfianaise an mhínithe atá curtha ar fáil, go bhforchoimeádann sé nó sí an ceart an fhaisnéis a nochtadh fiú in éagmais toilithe. Cuirfear eintiteas sin an Aontais dá ndéantar difear ar an eolas sula nochtfar an fhaisnéis.

Airteagal 18

Comhar CERT-EU le contrapháirtithe eile

1.   Féadfaidh CERT-EU oibriú i gcomhar le contrapháirtithe san Aontas cé is moite díobh siúd dá dtagraítear in Airteagal 17 atá faoi réir cheanglais chibearshlándála an Aontais, lena n-áirítear contrapháirtithe earnáilsonracha maidir le huirlisí agus modhanna, amhail teicnící, taicticí, nósanna imeachta agus dea-chleachtais agus maidir le cibearbhagairtí agus leochaileachtaí. I gcás gach comhair leis na comhpháirtithe sin, lorgóidh CERT-EU formheas roimh ré ó IICB de réir an cháis. I gcás ina ndéanann CERT-EU comhar a bhunú leis na contrapháirtithe sin, déanfaidh sé aon chontrapháirtí ábhartha ó na ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 17(1), sa Bhallstát ina bhfuil an contrapháirtí lonnaithe a chur ar an eolas. I gcás inarb infheidhme agus inarb iomchuí, déanfar an comhar sin agus na coinníollacha a ghabhann leis, lena n-áirítear maidir leis an gcibearshlándáil, cosaint sonraí agus láimhseáil faisnéise, a leagan síos i socruithe sonracha rúndachta amhail conarthaí nó socruithe riaracháin. Ní bheidh gá le formheas roimh ré ó IICB i leith na socruithe rúndachta, ach cuirfear Cathaoirleach IICB ar an eolas. I gcás ina bhfuil géarghá agus práinn le faisnéis chibearshlándála a mhalartú ar mhaithe le leas eintitis an Aontais nó páirtí eile, féadfaidh CERT-EU déanamh amhlaidh le heintiteas a bhfuil cúis mhaith leis an ngá atá lena inniúlacht, a chumas agus a shaineolas sonrach chun cuidiú leis an ngéarghá práinneach sin, fiú mura bhfuil socrú rúndachta i bhfeidhm ag CERT-EU leis an eintiteas sin. Sna cásanna sin, cuirfidh CERT-EU Cathaoirleach IICB ar an eolas láithreach bonn, agus tuairisceoidh sé don IICB trí bhíthin tuarascálacha nó cruinnithe rialta.

2.   Féadfaidh CERT-EU oibriú i gcomhar le comhpháirtithe eile, amhail eintitis tráchtála, lena n-áirítear eintitis a bhaineann go sonrach le hearnáil an tionscail, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eintitis náisiúnta nach eintitis an Aontais iad nó saineolaithe aonair, chun faisnéis a chruinniú ar chibearbhagairtí ginearálta agus sonracha, ar neasteagmhais, ar leochaileachtaí agus ar fhrithbhearta féideartha. Chun comhar níos leithne leis na comhpháirtithe sin a bheith ann, lorgóidh CERT-EU formheas roimh ré ó IICB de réir an cháis.

3.   Féadfaidh CERT-EU, le toiliú eintiteas an Aontais a ndéanann teagmhas difear dó agus ar choinníoll go bhfuil socrú nó conradh neamhnochta i bhfeidhm leis an gcontrapháirtí nó leis an gcomhpháirtí ábhartha, faisnéis a bhaineann leis an teagmhas sonrach a sholáthar do chontrapháirtithe nó do chomhpháirtithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 chun rannchuidiú lena anailís, agus chun na críche sin amháin.

CAIBIDIL V

OIBLEAGAIDI MAIDIR LE COMHAR AGUS TUAIRISCIU

Airteagal 19

Láimhseáil faisnéise

1.   Déanfaidh CERT-EU agus eintitis an Aontais an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil a urramú i gcomhréir le hAirteagal 339 CFAE nó le creataí coibhéiseacha is infheidhme.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid atá i seilbh CERT-EU, lena n-áirítear an oibleagáid faoin Rialachán sin dul i gcomhairle le heintitis eile an Aontais, nó, i gcás inarb ábhartha, leis na ballstáit, aon uair a bhaineann an iarraidh lena ndoiciméid.

3.   Beidh an láimhseáil faisnéise ag eintitis an Aontais agus ag CERT-EU i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le slándáil faisnéise.

Airteagal 21

Oibleagáidí tuairiscithe

1.   Measfar teagmhas a bheith suntasach más rud é gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

go bhfuil sé ina chúis nó gur féidir leis a bheith ina chúis le mórshuaitheadh oibríochtúil ar fheidhmiú an eintitis sin an Aontais lena mbaineann nó ina chúis le caillteanas airgeadais don eintiteas sin;

(b)

go bhfuil difear déanta aige do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile nó gur féidir leis difear a dhéanamh dóibh trí dhamáiste suntasach ábhartha nó neamhábhartha a dhéanamh.

2.   Cuirfidh eintitis an Aontais an méid seo a leanas faoi bhráid CERT-EU:

(a)

gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis dóibh teacht ar an eolas faoin teagmhas suntasach, luathrabhadh, ina léireofar, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil amhras ann gur tharla an teagmhas suntasach mar gheall ar ghníomhartha neamhdhleathacha nó mailíseacha nó an bhféadfadh tionchar tras-eintitis nó trasteorann a bheith aige;

(b)

gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis dóibh teacht ar an eolas faoin teagmhas suntasach, fógra teagmhais, lena ndéanfar, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a nuashonrú agus measúnú tosaigh ar an teagmhas suntasach, lena n-áirítear a dhéine agus a thionchar, agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, táscairí an chomhréitigh a léiriú;

(c)

arna iarraidh sin do CERT-EU, tuarascáil idirmheánach maidir le nuashonruithe ábhartha ar stádas;

(d)

tuarascáil chríochnaitheach tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an fógra teagmhais a thíolacadh faoi phointe (b), lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

tuairisc mhionsonraithe ar an teagmhas, lena n-áirítear a dhéine agus a thionchar;

(ii)

an cineál bagartha nó an bhunchúis ar dócha gur spreag sé an teagmhas;

(iii)

bearta maolaithe atá curtha i bhfeidhm agus bearta maolaithe leanúnacha;

(iv)

i gcás inarb infheidhme, tionchar trasteorann nó tras-eintitis an teagmhais;

(e)

i gcás teagmhas leanúnach tráth thíolacadh na tuarascála críochnaithí dá dtagraítear i bpointe (d), tuarascáil ar dhul chun cinn an tráth sin agus tuarascáil chríochnaitheach laistigh d’aon mhí amháin tar éis dóibh an teagmhas a láimhseáil.

3.   Déanfaidh eintiteas an Aontais, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis dó teacht ar an eolas faoi theagmhas suntasach, aon chontrapháirtí ábhartha ó na ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 17(1) sa Bhallstát ina bhfuil sé lonnaithe a chur ar an eolas gur tharla teagmhas suntasach.

4.   Tabharfaidh eintitis sin an Aontais fógra, inter alia, faoi aon fhaisnéis lena gcuirfear ar a chumas do CERT-EU aon tionchar tras-eintitis, aon tionchar ar an mBallstát óstach nó aon tionchar trasteorann a chinneadh tar éis teagmhas suntasach. Gan dochar d’Airteagal 12, trí fhógra a thabhairt ní fhágfar go mbeidh eintiteas an Aontais faoi réir dliteanas méadaithe.

5.   I gcás inarb infheidhme, cuirfidh eintitis an Aontais in iúl, gan moill mhíchuí, d’úsáideoirí na gcóras gréasán agus faisnéise dá ndéantar difear, nó na gcomhpháirteanna eile den timpeallacht TFC, a bhféadfadh teagmhas suntasach nó cibearbhagairt shuntasach difear a dhéanamh dóibh, agus, i gcás inarb iomchuí, go bhfuil gá le bearta maolaithe a chur i gcrích, aon bhearta nó leigheasanna is féidir leo a dhéanamh mar fhreagairt ar an teagmhas nó ar an mbagairt sin. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh eintitis an Aontais na húsáideoirí sin ar an eolas faoin gcibearbhagairt shuntasach féin.

6.   I gcás ina ndéanann teagmhas suntasach nó cibearbhagairt shuntasach difear do chóras gréasán agus faisnéise, nó do chomhpháirt de thimpeallacht TFC eintiteas an Aontais atá nasctha go feasach le timpeallacht TFC eintitis eile an Aontais, deanfaidh CERT-EU foláireamh ábhartha cibearshlándála a eisiúint.

7.   Déanfaidh eintitis an Aontais, arna iarraidh sin do CERT-EU, faisnéis dhigiteach a sholáthar do CERT-EU gan moill mhíchuí, ar faisnéis í a chruthaítear trí úsáid a bhaint as gairis leictreonacha a bhfuil baint acu lena dteagmhais faoi seach. Féadfaidh CERT-EU tuilleadh mionsonraí a chur ar fáil maidir le cineálacha na faisnéise a éilíonn sé le haghaidh feasacht staide agus freagairt ar theagmhais.

8.   Gach 3 mhí, cuirfidh CERT-EU tuarascáil achomair faoi bhráid IICB, ENISA, EU INTCEN agus líonra CSIRT, lena n-áirítear sonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe maidir le teagmhais shuntasacha, teagmhais, cibearbhagairtí, neasteagmhais agus leochaileachtaí de bhun Airteagal 20 agus teagmhais shuntasacha ar tugadh fógra fúthu de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Beidh an tuarascáil sin ina hionchur sa tuarascáil dhébhliantúil ar staid na cibearshlándála san Aontas arna glacadh de bhun Airteagal 18 de Threoir (AE) 2022/2555.

9.   Faoin 8 Iúil 2024, eiseoidh IICB treoirlínte nó moltaí ina sonrófar tuilleadh na socruithe le haghaidh an tuairiscithe agus formáid agus ábhar an tuairiscithe de bhun an Airteagail seo. Agus treoirlínte nó moltaí den sórt sin á n-ullmhú, cuirfidh IICB san áireamh aon ghníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 23(11) de Threoir (AE) 2022/2555 lena sonraítear an cineál faisnéise, an fhormáid agus an nós imeachta um fhógraí a thabhairt. Scaipfidh CERT-EU na mionsonraí ábhartha teicniúla chun a chur ar a gcumas d’eintitis an Aontais bearta braite réamhghníomhaí, bearta freagartha ar theagmhais nó bearta maolaitheacha a dhéanamh.

10.   Ní áireofar an méid seo a leanas ar na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos san Airteagal:

(a)

FRAE;

(b)

faisnéis a bhfuil a dáileadh breise eisiata trí bhíthin marcáil infheicthe, mura bhfuil comhroinnt na faisnéise sin le CERT-EU ceadaithe go sainráite.

Airteagal 23

Bainistiú ar mhórtheagmhais

1.   Chun tacú le bainistiú comhordaithe ar mhórtheagmhais ar an leibhéal oibríochtúil lena ndéantar difear d’eintitis an Aontais agus chun rannchuidiú le faisnéis ábhartha a mhalartú go rialta idir eintitis an Aontais agus leis na ballstáit, déanfaidh IICB, de bhun Airteagal 11, pointe (q), plean bainistithe cibirghéarchéime a bhunú a bheidh bunaithe ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 22(2), i ndlúthchomhar le CERT-EU agus ENISA. Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa phlean bainistithe cibirghéarchéime:

(a)

socruithe a bhaineann le comhordúchán agus sreabhadh faisnéise idir eintitis an Aontais chun mórtheagmhais a bhainistiú ar an leibhéal oibríochtúil;

(b)

nósanna imeachta oibríochta comhchaighdeánacha (SOPanna);

(c)

tacsanomaíocht chomhchoiteann maidir le déine mórtheagmhais agus pointí tionscanta géarchéime;

(d)

cleachtaí rialta;

(e)

bealaí cumarsáide slána atá le húsáid.

2.   Is é ionadaí an Choimisiúin in IICB, faoi réir an phlean bainistithe cibirghéarchéime a bhunaítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus gan dochar don chéad fhomhír d’Airteagal 16(2), de Threoir (AE) 2022/2555, a bheidh ina phointe teagmhála chun faisnéis ábhartha maidir le mórtheagmhais a chomhroinnt le EU-CyCLONe.

3.   Déanfaidh CERT-EU comhordú idir eintitis an Aontais ar bhainistiú na mórtheagmhas. Déanfaidh sé fardal a choinneáil den saineolas teicniúil atá ar fáil agus a bheadh ag teastáil chun freagairt ar theagmhais i gcás mórtheagmhas agus cuideoidh sé le IICB comhordú a dhéanamh ar phleananna bainistithe cibirghéarchéime eintiteas an Aontais i gcás mórtheagmhas dá dtagraítear in Airteagal 9(2a).

4.   Rannchuideoidh eintitis an Aontais leis an bhfardal saineolais theicniúil trí bhíthin liosta a nuashonraítear go bliantúil a sholáthar de na saineolaithe atá ar fáil ina n-eagraíochtaí faoi seach lena mionsonraítear a scileanna sonracha teicniúla.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas









keyboard_arrow_down