search


keyboard_tab Cyber Resilience Act 2023/2841 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2841 GA cercato: 'áirithiú' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index áirithiú:


whereas áirithiú:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 397

 

Airteagal 6

Creat bainistíochta riosca, rialachais agus rialaithe cibearshlándála

1.   Faoin 8 Aibreán 2025, déanfaidh eintitis uile an Aontais, tar éis dó athbhreithniú tosaigh cibearshlándála a dhéanamh, amhail iniúchadh, creat inmheánach bainistíochta riosca, rialachais agus rialaithe cibearshlándála (‘an Creat’) a bhunú. Is é an leibhéal bainistíochta is airde atá ag gach eintiteas de chuid an Aontais a dhéanfaidh maoirseacht ar bhunú an Chreata agus is faoi fhreagracht an eintitis sin a dhéanfar é.

2.   Sa Chreat, cumhdófar timpeallacht TFC neamh-rúnaicmithe eintiteas an Aontais lena mbaineann ina hiomláine, lena n-áirítear aon timpeallacht TFC san áitreabh, líonra teicneolaíochta oibríochtúla san áitreamh, sócmhainní seachfhoinsithe agus seirbhísí i dtimpeallachtaí néalríomhaireachta nó atá á n-óstáil ag tríú páirtithe, gairis mhóibíleacha, líonraí corparáideacha, líonraí gnó nach bhfuil nasctha leis an idirlíon agus aon ghaireas atá nasctha leis na timpeallachtaí sin (‘timpeallacht TFC’). Beidh an Creat bunaithe ar chur chuige uile-ghuaise.

3.   Leis an gCreat, áiritheofar ardleibhéal cibearshlándála. Leis an gCreat, bunófar beartais inmheánacha chibearshlándála, lena n-áirítear cuspóirí agus tosaíochtaí, maidir le slándáil córas gréasán agus faisnéise, agus róil agus freagrachtaí fhoireann eintiteas an Aontais a mbeidh sé de chúram orthu cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú. Áireofar sa Chreat freisin sásraí chun éifeachtacht an chur chun feidhme a thomhas.

4.   Déanfar an creat a athbhreithniú ar bhonn rialta, i bhfianaise na n-athruithe atá ag teacht ar rioscaí cibearshlándála, agus gach 4 bliana ar a laghad. I gcás inarb iomchuí agus tar éis iarraidh ón mBord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil arna bhunú de bhun Airteagal 10, féadfar Creat eintitis de chuid an Aontais a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn treoir a fháil ó CERT-EU maidir le teagmhais arna sainaithint nó maidir le bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcur chun feidhme an Rialacháin seo.

5.   Beidh an leibhéal bainistíochta is airde i ngach eintiteas de chuid an Aontais freagrach as an Rialachán seo a chur chun feidhme agus déanfaidh sé maoirseacht ar chomhlíonadh a eagraíochta leis na hoibleagáidí a bhaineann leis an gCreat.

6.   I gcás inarb iomchuí agus gan dochar dá fhreagracht as cur chun feidhme an Rialacháin seo, féadfaidh an leibhéal bainistíochta is airde i ngach eintiteas de chuid an Aontais oibleagáidí sonracha faoin Rialachán seo a tharmligean chuig oifigigh shinsearacha de réir bhrí Airteagal 29(2) de na Rialacháin Foirne nó chuig oifigigh eile ar leibhéal coibhéiseach, laistigh d’eintiteas an Aontais lena mbaineann. Gan beann ar aon tarmligean den sórt sin, féadfaidh eintiteas an Aontais lena mbaineann an leibhéal bainistíochta is airde a chur faoi dhliteanas i leith sáruithe ar an Rialachán seo.

7.   Beidh sásraí éifeachtacha i bhfeidhm ag gach eintiteas de chuid an Aontais chun a áirithiú go gcaithfear céatadán leordhóthanach dá mbuiséad TFC ar chibearshlándáil. Tabharfar aird chuí ar an gCreat agus an céatadán sin á dheimhniú.

8.   Ceapfaidh gach eintiteas de chuid an Aontais oifigeach cibearshlándála áitiúil, nó feidhm choibhéiseach, a ghníomhóidh mar phointe aonair teagmhála maidir le gach gné den chibearshlándáil. Éascóidh an t-oifigeach cibearshlándála áitiúil cur chun feidhme an Rialacháin seo agus tuairisceoidh an t-oifigeach go díreach don leibhéal bainistíochta is airde ar bhonn rialta maidir le staid an chur chun feidhme. Gan dochar don oifigeach cibearshlándála áitiúil a bheith mar an bpointe teagmhála aonair in eintitis uile an Aontais, féadfaidh eintiteas de chuid an Aontais cúraimí áirithe den oifigeach cibearshlándála áitiúil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a tharmligean chuig CERT-EU ar bhonn comhaontú ar leibhéal seirbhíse arna thabhairt i gcrích idir an t-eintiteas sin de chuid an Aontais agus CERT-EU, nó féadfaidh roinnt eintiteas de chuid an Aontais na cúraimí sin a chomhroinnt. I gcás ina ndéanfar na cúraimí sin a tharmligean chuig CERT-EU, cinnfidh an Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil arna bhunú de bhun Airteagal 10 an mbeidh nó nach mbeidh soláthar na seirbhíse sin mar chuid de sheirbhísí bonnlíne CERT-EU, agus acmhainní daonna agus airgeadais eintiteas an Aontais lena mbaineann á gcur san áireamh. Tabharfaidh gach eintiteas de chuid an Aontais, gan moill mhíchuí, fógra do CERT-EU maidir le hoifigigh chibearshlándála áitiúla arna gceapadh, agus aon athrú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

Bunóidh CERT-EU liosta d’oifigigh chibearshlándála áitiúla arna gceapadh agus coinneoidh sé cothrom le dáta é.

9.   Na hoifigigh shinsearacha de réir bhrí Airteagal 29(2) de na Rialacháin Foirne nó oifigigh eile ar leibhéal coibhéiseach le gach eintiteas de chuid an Aontais, mar aon leis na baill foirne ábhartha uile a bhfuil sé de chúram orthu na bearta a leagtar síos sa Rialachán seo a chur chun feidhme agus na hoibleagáidí bainistíochta riosca cibearshlándála a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, leanfaidh siad cúrsa oiliúna sonrach, ar bhonn tráthrialta, d’fhonn eolas agus scileanna leordhóthanacha a fháil chun cleachtais bhainistíochta agus riosca cibearshlándála, chomh maith lena dtionchar ar oibríochtaí eintiteas an Aontais, a thabhairt chun grinnis agus measúnú a dhéanamh orthu.

Airteagal 12

Comhlíonadh

1.   Déanfaidh IICB, de bhun Airteagail 10(2) agus 11, faireachán éifeachtach ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus na dtreoirlínte, na moltaí agus na nglaonna ar ghníomhaíocht arna nglacadh ag eintitis an Aontais. Féadfaidh IICB an fhaisnéis nó an doiciméadacht is gá chun na críche sin a iarraidh ar eintitis an Aontais. Chun críche bearta comhlíontachta a ghlacadh faoin Airteagal seo, i gcás ina bhfuil ionadaíocht dhíreach ag eintiteas an Aontais lena mbaineann ar IICB, ní bheidh cearta vótála ag eintiteas sin an Aontais.

2.   I gcás ina bhfionnann IICB nach bhfuil an Rialachán seo, ná na treoirlínte, na moltaí ná na glaonna ar ghníomhaíocht arna n-eisiúint dá bhun curtha chun feidhme go héifeachtach ag eintiteas de chuid an Aontais, féadfaidh sé, gan dochar do nósanna imeachta inmheánacha eintiteas an Aontais lena mbaineann, agus tar éis dó an deis a thabhairt d'eintiteas an Aontais lena mbaineann a thuairimí a chur i láthair, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tuairim réasúnaithe a chur in iúl d'eintiteas an Aontais lena mbaineann atá bainteach le bearnaí atá breathnaithe i gcur chun feidhme an Rialacháin seo;

(b)

tar éis dul i gcomhairle le CERT-EU, treoirlínte a thabhairt d'eintiteas an Aontais lena mbaineann de chuid an Aontais chun a áirithiú go ndéanann a Chreat, a bhearta bainistíochta riosca cibearshlándála, a phleananna cibearshlándála agus a thuairisciú maidir leis an gcibearshlándáil an Rialachán seo a chomhlíonadh laistigh de thréimhse shonraithe;

(c)

rabhadh a eisiúint chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh shainaitheanta laistigh de thréimhse ama shonraithe, lena n-áirítear moltaí chun bearta arna nglacadh ag eintiteas an Aontais lena mbaineann de bhun an Rialacháin seo a leasú;

(d)

fógra réasúnaithe a eisiúint chuig eintiteas an Aontais lena mbaineann, i gcás nár tugadh aghaidh go leordhóthanach ar easnaimh shainaitheanta i rabhadh arna eisiúint de bhun pointe (c) laistigh den tréimhse shonraithe;

(e)

moladh a eisiúint:

(i)

go ndéanfaí iniúchadh a chur i gcrích; nó

(ii)

iarraidh a eisiúint go ndéanfadh seirbhís iniúchóireachta tríú páirtí iniúchadh;

(f)

más infheidhme, an Chúirt Iniúchóirí a chur ar an eolas, laistigh de réimse freagrachta a sainordaithe, faoin neamhchomhlíonadh líomhnaithe;

(g)

moladh a eisiúint go ndéanfadh na Ballstáit agus eintitis uile an Aontais fionraí sealadach a chur i bhfeidhm ar shreabha sonraí chuig eintiteas an Aontais lena mbaineann.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), déanfar spriocphobal an rabhaidh a shrianadh go hiomchuí, i gcás inar gá i bhfianaise an riosca chibearshlándála.

Déanfar rabhaidh agus moltaí a eisítear de bhun na chéad fhomhíre a dhíriú chuig an leibhéal bainistíochta is airde in eintiteas an Aontais lena mbaineann.

3.   I gcás ina bhfuil bearta faoi mhír 2, an chéad fhomhír, pointí (a) go (g), glactha ag IICB, déanfaidh eintiteas an Aontais lena mbaineann mionsonraí na mbeart agus na ngníomhaíochtaí atá déanta a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh líomhnaithe arna sainaithint ag IICB. Déanfaidh an t-eintiteas de chuid an Aontais na mionsonraí sin a thíolacadh laistigh de thréimhse réasúnta a bheidh le comhaontú le IICB.

4.   I gcás ina measann IICB go bhfuil sárú leanúnach á dhéanamh ag eintiteas an Aontais ar an Rialachán seo a eascraíonn go díreach as gníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí oifigigh nó seirbhísigh eile an Aontais, lena n-áirítear ar an leibhéal bainistíochta is airde, iarrfaidh IICB go ndéanfaidh eintiteas an Aontais lena mbaineann gníomh iomchuí, lena n-áirítear a iarraidh air breithniú a dhéanamh i dtaobh gníomh de chineál araíonachta a dhéanamh, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sna Rialacháin Foirne agus le haon rialacha agus nósanna imeachta eile is infheidhme. Chuige sin, aistreoidh IICB an fhaisnéis is gá chuig eintiteas an Aontais lena mbaineann.

5.   I gcás ina dtugann eintitis an Aontais fógra nach bhfuil ar a gcumas na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagail 6(1) agus in Airteagal 8(1) a chomhlíonadh, féadfaidh IICB, i gcásanna a bhfuil bunús cuí leo, síneadh ama ar na sprioc-amanna sin a údarú agus méid eintiteas an Aontais á chur san áireamh.

CAIBIDIL IV

CERT-EU

Airteagal 24

Ath-leithdháileadh an bhuiséid tosaigh

Chun feidhmiú cuí agus cobhsaí CERT-EU a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndéanfar baill foirne agus acmhainní airgeadais a ath-leithdháileadh ar bhuiséad an Choimisiúin lena n-úsáid in oibríochtaí CERT-EU. Beidh éifeacht ag an ath-leithdháileadh an tráth céanna a ghlacfar an chéad bhuiséad de chuid an Aontais tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.


whereas









keyboard_arrow_down