keyboard_tab Clausole e vendite online Direttiva EU 2019/2161 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
2019/2161 2011/83 2005/29 1998/6 1993/13
2019/2161 GA cercato: 'rinne' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl- agus 60
- trádálaí 29
- ballstáit 27
- maidir 25
- pionóis 23
- chun 19
- faoi 16
- cuirtear 15
- leanas 15
- bhfuil 15
- tomhaltóirí 15
- fáil 14
- arna 14
- lena 13
- airteagal 13
- mír 12
- gcás 12
- eile 12
- rialachán 12
- leanas: 12
- leis 11
- náisiúnta 11
- mbeidh 11
- atá 11
- fíneálacha 10
- tsáraithe 10
- fógra 10
- isteach 10
- siad 9
- faoin 9
- heorpa 9
- pharlaimint 9
- rialacha 9
- sáruithe 8
- gcuirfear 8
- méid 8
- infheidhme 8
- gcásanna 8
- fhorchur 8
- fhéidearthacht 7
- tabharfaidh 7
- thomhaltóirí 7
- ionad 7
- faisnéis 7
- leasaítear 7
- leith 6
- dtagraítear 6
- bhforchur 6
- áireamh 6
- léirmheasanna 6
“Airteagal 8b
1. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithear fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. Féadfaidh na Ballstáit pionóis den sórt sin a shrianadh i gcásanna ina sainmhínítear na téarmaíconarthacha go sainráite mar choinníollacha éagóracha i ngach imthosca sa dlí náisiúnta nó i gcás ina leanann díoltóir nó soláthraí ag úsáid téarmaí conartha a bhfuil sé faighte maidir leo i gcinneadh críochnaitheach a glacadh de réir le hAirteagal 7(2) gur téarmaí éagóracha iad.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:
(a) | nádúr, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe; |
(b) | aon ghníomh a dhéanann an díoltóir nó an soláthraí chun an damáiste a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas; |
(c) | aon sáruithe a rinne an díoltóir nó an soláthraí roimhe seo; |
(d) | na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé nó an soláthraí de bharr an tsáraithe, má tá na sonraí ábhartha ar fáil; |
(e) | pionóis a fhorchuirtear ar an díoltóir nó ar an soláthraí as an sárú céanna i mBallstáit eile i gcásanna trasteorann ina bhfuil faisnéis faoi na pionóis sin ar fáil tríd an sásra a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1); |
(f) | aon tosca géaraitheacha nó maolaitheacha eile is infheidhme maidir le himthosca an cháis. |
4. Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394, go n‐áirítear leo an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlí a thionscnamh chun fíneálacha a ghearradh, nó iad araon, agus is é uasmhéid na bhfíneálacha sin 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an díoltóra nó an tsoláthróra sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann.
5. I gcásanna ina bhfuil fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 4, ach nach bhfuil faisnéis maidir le láimhdeachas bliantúil an díoltóra nó an tsoláthróra ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a ghearradh, a mbeidh uasmhéid de EUR 2 milliún ar a laghad acu.
6. Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 28 Samhain 2021, fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
“Airteagal 8
1. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:
(a) | nádúr, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe; |
(b) | aon ghníomh a dhéanann an trádálaí chun an damáiste a bhaineann do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas; |
(c) | aon sáruithe a rinne an trádálaí roimhe sin; |
(d) | na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, má tá na sonraí ábhartha ar fáil; |
(e) | pionóis a fhorchuirtear ar an trádálaí as an sárú céanna i mBallstáit eile i gcásanna trasteorann ina bhfuil faisnéis faoi phionóis den sórt sin ar fáil tríd an sásra a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2); |
(f) | aon tosca géaraitheacha nó maolaitheacha eile a bhaineann le himthosca an cháis. |
3. Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 28 Samhain 2021, fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
(*2) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).”."
Airteagal 3
Leasuithe ar Threoir 2005/29/CE
Leasaítear Treoir 2005/29/CE mar a leanas:
(1) | leasaítear mír 1 d’Airteagal 2 mar a leanas:
|
(2) | in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6: “5. Leis an Treoir seo, ní chuirtear aon chosc ar na Ballstáit forálacha a ghlacadh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais arna n‐eagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo. Beidh forálacha den sórt sin comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí. 6. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon fhorálacha náisiúnta a nglacfar ar bhonn mhír 5 agus faoi aon athruithe ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil ar bhealach so-rochtana do thomhaltóirí agus do thrádálaithe ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.”; |
(3) | in Airteagal 6(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
(4) | leasaítear Airteagal 7 is mar a leanas:
|
(5) | cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas: “Airteagal 13 Pionóis 1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:
3. I gcás ina mbeidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2934, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar áireamh iontu an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir le fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud, a mbeidh uasmhéid na bhfíneálacha sin cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann. Gan dochar don Rialachán sin, ceadaítear do féadfaidh na Ballstáit, ar chúiseanna bunreachtúla náisiúnta, gan fíneálacha a fhorchur ach sna cásanna seo a leanas:
4. I gcásanna ina mbeidh fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 3, ach nach bhfuil faisnéis faoi láimhdeachas bliantúil an trádálaí ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur, a mbeidh an fhíneáil uasta díobh cothrom le EUR 2 mhilliún ar a laghad. 5. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 29 Samhain 2021 maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh. (*4) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12. 2017, lch. 1).”;" |
(7) | leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
“Airteagal 24
Pionóis
1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:
(a) | cineál, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe; |
(b) | aon ghníomhaíocht a rinne an trádálaí chun an damáiste a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas; |
(c) | aon sáruithe roimhe sin ag an trádálaí; |
(d) | na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, más rud é go bhfuil na sonraí ábhartha ar fáil; |
(e) | pionóis arna bhforchur ar an trádálaí i leith an tsáraithe chéanna sna Ballstáit eile i gcásanna trasteorann ina gcuirtear an fhaisnéis faoi phionóis den sórt sin ar fáil tríd an sásra a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8); |
(f) | aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis. |
3. I gcás ina mbeidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2934, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar áireamh iontu an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir le fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud, ina mbeidh uasmhéid na bhfíneálacha sin cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann.
4. I gcásanna ina mbeidh fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 3, ach nach bhfuil an fhaisnéis faoi láimhdeachas bliantúil an trádálaí ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur, a mbeidh an fhíneáil uasta díobh cothrom le EUR 2 mhilliún ar a laghad.
5. Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 28 Samhain 2021, fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh.
(*8) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12. 2017, lch. 1).”;"
(14) | in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. I gcás ina mbainfidh Ballstát leas as aon cheann de na roghanna rialála dá dtagraítear in Airteagal 3(4), Airteagal 6(7), Airteagal 6(8), Airteagal 7(4), Airteagal 8(6), Airteagal 9(1a), Airteagal 9(3) agus sa dara agus sa tríú mír d’Airteagal 16, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin faoin 28 Samhain 2021, agus faoi aon athruithe ina dhiaidh sin.”; |
(15) | leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
whereas